Bí linn ar facebook- Join us on Facebook
Cad a bheidh agat ar do charr-sa?
ÉIR in ionad IRL

Tosaíodh ar an bhfeachtas seo ag Máirtín Tom Seáinín, láiritheoir de chuid Raidío na Gaeltachta, sa bhfómhair.


Mar atá in Éirinn anois!

Pláta ón nGearmáin anois.

Is mian linn "ÉIR" a bheith ar na plátaí clárúcháin ar gach carr in ionad an "IRL" atá ann go hiondúil anois.

Is mian linn go mbeidh an dlí athraithe roimh deireadh 2009. Mar cuid den fheachtas seo tá greamán beag le 12 Réaltanna na hEorpa agus na litreacha ÉIR ar gur féidir é a greammiú ós cionn an "IRL" ar an bpláta chlárúcháin. Is féidir na greamáin seo a fháil díreach ó Mháirtín Tom Sheáinín ag an seoladh sa chéad colún eile ar dheis!


Nóta staire!

B'é "SE" (Saorstáit Éireann) mar phláta idirnáisiúnta ar charanna na hÉireann ó 1922 go 1938. Idir 1938 agus 1962 úsáidíodh "ÉIR" ar an bpláta. Sa bhliain 1950 mhol Bernard Commons TD sa Dáil go scrúdófar "the tourist identification plate bearing the letters EIR...with a view to the adoption of identification letters more readily associated with this country by foreigners". Faoi dheireadh athríodh an dlí i mí Mean Fomhair 1962 agus tá "IRL" air ó shin.

Tá na litreacha "EI" mar litreacha chláraithe ar eitileáin atá cláraithe in Éirinn ó 1947.

Úsáidtear "Éire" agus "Ireland" ar ainmchláir na tire ag cruinnithe den Aontas Eorpach ó glacadh leis an nGaeilge mar teanga oifigiúil ann.

Chun do ghreamán "ÉIR" féin fháil déan teangabháil le:

Máirtín Tom Sheáinín
Sruthán Buí
Leitir Caladh
Leitir Móir
Conamara
Co na Gaillimhe.

Apply above for your "ÉIR" stickers!

The campaign was launched two months ago by Radió na Gaeltachta presenter Máirtín Tom Sheáinín, who said yesterday: "Our aim is to have all Irish car registration plates changed, in order to display the name of the country in Irish, instead of the English version which is now in general use. We have begun the new year by having the new EIR stickers placed by our supporters on several vehicles, with the consent of the owners, and we hope to see EIR introduced officially, before the end of 2009."

He accepted there were some legislative avenues to be explored before such a change could be officially made.

Mr Sheáinín (sic) said some members of the group had been using the EIR sticker since the campaign was launched.
Irish Times (2/1/2009)



Days of IRL plate could be numbered (Irish Times 4/1/2009)