Má tá nuacht agatsa a bheadh oiriúnach - .i. sa, nó faoin, gceantair nó a bheadh tioncar aige ar an gceantair - chur chugainn ag eor@read-out.net é.
Níl na haicmhainí aistriú teangan againn dá bhrí sin níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!
Iml 03: Eag 20

Tearman
Smaoineamh don lá!

Visit the Widget Gallery

éire
An Aimsir


Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach

Stopamar á choimead seo ar siúl i mí Bealtaine 2009 de bharr easpa ama agus ganntanas airgid!
Nuacht faoin nGaeilge & an Ghaeltacht: Gaeltacht 21, agus
Smaointe fánacha as Chonamara: An Codú.

Beochraoladh ar Rás Chuan na Gaillimhe

27/5/2009: Tá an rás aigéin is cáiliúla ar domhan ag teacht go Gaillimh agus beochraolfaidh TG4 an dá rás cuain atá mar chuid de ar an Satharn 30 Bealtaine 11.55am-3pm. Beidh agallaimh, gnémhíreanna agus ceol ar fáil mar chuid de chlúdach an chainéil, a bheidh ar fáil freisin ar fud an domhain ar an Líonchraoladh.


Fir cheamara ag triall thar muir do Shiompóisiam Spóirt OÉG
Suíomh Rás Aigéin Volvo i nGaillimh (Béarla)

26/5/2009: Beidh fir cheamara atá ar thús cadhnaíochta i scannánú spóirt agus atá díreach tar éis an tAtlantach a thrasnú le foirne Rás Aigéin Volvo rannpháirteach i siompóisiam de chuid OÉ Gaillimh dar teideal 'Representing Sport: Europe, Tradition and Modernity'. Beidh an siompóisiam idirnáisiúnta ar bun ó 2-3 Meitheamh agus tabharfar lucht acadúil agus cleachtóirí ar spéis leo an léiriú a dhéantar ar an spórt sa stair agus sa saol comhaimseartha le chéile ann.
Tá an siompóisiam á eagrú ag Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston agus ag Scoil Teangacha OÉ Gaillimh, le tacaíocht ón gComhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta.
Suíomh Scoil Scannán & Meán Digiteach Huston (Béarla)


Ruaile buaile ag Rí Rá le €40000!

25/5/2009: Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €40,000 ceadaithe aige as Ciste na Gaeilge do Raidió Rí-Rí. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas an tionscnamh leanúint air aghaidh ag craoladh ar an idirlíon ar feadh bliana eile.
Is é Raidió Rí-Rí an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus é ag seinnt na n-amhrán is mó ó na cairteacha gan stad, trí Ghaeilge, ó seoladh é i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X. D'éirigh leo dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge 2009, agus gan ach bliain amháin aige ar an saol i mbliana.
Sa Phic: Miriam Maher (PopNuacht); Eoghan Mac Diarmada, láithreoir Rí-Rá agus pearsan teilfíse (Pop 4 agus sobaldhráma Seacht); agus Síne Nic an Ailí, Conradh na Gaeilge.


Gradaim cumarsáide
Breacadh ré nuaÉ.
Cén chomhlacht ar cheart tacú leo chun nuacht sheirbhís laethúil ar líne a chur ar fáil?
Léigh an alt seo agus caith do vóta!

23/5/2009: Aréir i bhFarmleigh, (Baile çtha Cliath), bhí bronnadh Gradaim Cumarsáide an Oireachtas. I measc na buateoirí tá Joe Steve (aisteoir is fearr), "In the name of the Fada" (clár teilifíse is fearr), Eoghan Ó Néill (iriseoir na bliana) agus Ronán Mac Aodha Bhuí (pearsa raidío na bliana).
A mbíochas do Conchubair "iGaeilge" Ó Liatháin as a t-eolas a roinnt linn ina alt Plus ça change, plus ça le meme chose.
Liosta níos iomláine ag An Druma Mór

Feachtas (amaideach) Guinness

Baill d'OÉG ina bhall Nua d'Acadamh Ríoga na hÉireann

Glacadh leis an Dr Nollaig Ó Muraíle ó Léachtóir Sinsearach i Scoil na Gaeilge in OÉ Gaillimh mar Bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) le déanaí. Glacadh leis an Dr Noel Dorr mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann freisin. Is é an Dr Dorr Cathaoirleach òdarás na hOllscoile in OÉ Gaillimh agus chaith sé na blianta idir 1987-1995 ag obair mar Ard-Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Is é seo an onóir acadúil is mó is féidir a bhronnadh ar scoláire atá i mbun oibre sa tír.
Suíomh Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) (Béarla)


Tosaíocht sna Toghcháin

19/5/2009: Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal tacú leis na polaiteoirí is mó atá ag gníomhú ar son na Gaeilge sna toghcháin áitiúla ar an 5 Meitheamh 2009.
Tá siad ag iarraidh ar dhaoine ceisteanna fiúntacha maidir le cur chun cinn na Gaeilge a chur ar na hiarrthóirí ar fad atá i mbun feachtasaíochta, go háirithe i dtaca le logainmneacha dúchais ar eastáit ina gceantair, i measc rudaí eile.
Na hÉilimh uilig! (pdf)
Breis faoi na toghcáin anseo!

Tacaíocht do Threvor!

19/5/2009: Tá Oiche Siamsaíochta dhá n-eagrú ag Craobh Chonamara Theas & Árainn do Shinn Féin ar an Aoine (22/5/09) ag Óstán an Dóilín ar an gCeathrú Rua. Ceol leis an mbanna 'An Chraic'. Tá fáilte roimh cách. Beidh fáilte faoi leith roimh amhranaithe, damhsóirí nó ealaíontóirí eile le cur leis an scléip chomh maith!
Sé Trevor Ó Clochartaigh iomathóir áitíuil Shinn Féin sa cheantair.

Bua ag Ros Muc

19/5/2009: Bhronn Mamie Ní Chualáin, Údarás na Gaeltachta, teastais agus duaiseanna ar na scoláirí a ghlac páirt sa Ghearrchúrsa ar Bhunscileanna Físeán do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta - Réigiún an Iarthair don scoilbhliain 2008/2009.
Is í Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc a bhuaigh an príomh dhuais d'Fhís Thaifeadán (urraithe ag TG4) as an gclár is fearr.

Moladh do mhic léinn meánscoile páirt a ghlacadh in obair phobail

19/5/2009: Ag Tithe an Rialtais le déanaí, lainseáil John Curran TD, an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Gnóthaí Pobail agus Comhtháthú, an Paca Gníomhaíochta Localise do Scoileanna, eolaí a d'fhorbair Cór Síochána Localise do mheánscoileanna d'fhonn an chéad Chlár Foghlama in Éirinn de chuid na Seirbhíse Pobail a chur i bhfeidhm. Agus é dírithe ar ranganna OSSP agus ar mhic léinn de chuid na hidirbhliana, ceanglaíonn an clár foghlaim an tseomra ranga le hobair bhríoch sa phobal agus ligeann sé do mhic léinn páirt a ghlacadh in obair theagmhálach phobail ina gcuid ceantar áitiúil féin.
Suíomh Localise (Béarla, Spáinis agus Polainnis amháin!)

FÁIGH T-LÉINE NÓS*!

18/5/2009: Agus an samhradh beagnach linn, cheap muintir nós* go mbeadh sé deas roinnt t-léinte fionnuara a dhearadh agus a chur ar fáil dár léitheoirí iontacha!
"Shíl muid chomh maith go bhféadfadh sibhse cabhrú linn ag an am céanna chun tuilleadh síntiús a thabhairt isteach agus chun cur leis an iris."
Deireann siad "An bealach chun ceann de na t-léinte snasta Gaelacha seo a fháil mar sin ná tú féin agus beirt chara leat a shíniú suas le haghaidh síntiúis."

Beo i gConamara!

18/5/2009: Tá maoiniú faighte ag Futa Fata ó Ealaín na Gaeltachta le seó beó stáitse do pháistí a fhorbairt agus a chur ar siúl in ionaid éagsúla i nGaeltacht Chonamara sa bhFomhair. Tá na mionsonraí agus na dátaí le cinntiú ach beidh gasúir agus daoine fásta ó cheantar Chonamara páirteach agus beidh ábhar an tseó bunaithe ar na dluthdhioscaí ceoil agus rannta atá eisithe acu le roinnt blianta anuas - Gugalaí Gug, Peigín Leitir Móir, Bliain na nAmhrán agus Ceol na Mara. Coinnigh súil ar a suíomh le haghaidh tuilleadh eolais sna míonna atá romhainn.

Feabhas ar do chuid Gaeilge?

18/5/2009: An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach? Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag reáchtáil dianchúrsaí d'Thosaitheóirí, Bunléibheál agus Meánleibhéal Gaeilge i mí Meithimh.

GoGaeilge @ Delphi
10-12 Iúil 2009


IRL nó ÉIR?
Cad a bheidh ar do charrsa?



GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!

Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach