Litreacha i Lá Nua
Gaelú bréagach na suímh idirlíon

A eagarthóir, a chara,

Thug mé suntas sa mhéid a dúirt John Walsh (Lá Nua 28 Márta 2007) faoin Ghaelú bhreagaach a rinne Fianna Fáil ar a shuíomh idirlín. Is cosúil gur aistríodh fráma an tsuímh go Gaeilge ach gur fágadh an príomhábhar féin i mBéarla - agus glaaoghtear "Leagan Gaeilge" ar sin anois!

Ar an drochuair, is cleas coitianta é seo - fiú ag eagraíochtaí stáit - chun an chuma bhréagach a chuthú go bhfuil leagan Gaeilge dá suíomh acu. Ní fheadair cé acu easpa eagair nó iarracht teacht timpeall ar dhualgais faoi Acht na Teangacha Oifigiúla atá ann, ach is cinnte gur droch-chleachtas é.

B'fhéidir gurbh fhiú feachtas a chur ar bun cun na dreamanna a dheanann seo a ainmniú agsu a náiriú. Nó b'fhéidir gurbh fhearr a mhailirt d'fheachtas a chur ar bun chun aitheantas a thabhairt do dhreamanna a bhfuil suímh mhaithe dhátheangacha acu, agus séala "Suíomh Dátheangach den Scoth" a bhronnadh orthu nó a leithéid. Éinne a bhfuil suim acu tabhairt faoina leithéid, taigaigí i dteangamháil liom!

Michal Boleslav Mechura
valselob@hotmail.com

Lá Nua 16/4/2007

Suíomh Polaitiúl

A eagarthóir, a chara,

Is maith an t-alt a scríobh Colm Ó Broin i Lá Nua 28 Márta 2007.

Ní féidir liom meon Fhiana Fáil a thuiscint ar an gceist seo na Gaeilge.

Agus san iarracht déanach seo ar an suíomh a "ghaelú" is cosúil nach féidir leo ainm an pháirtí féin a litriú. Nó an amhlaidh go bhfuil siad ag tabhairt teachtaireacht dúinn?

"Taoiseach addresses 71st Ard-Fheis Fianna F?il held its 71st Ard-Fheis last weekend in the Citywest...". Ansin tá nascanna chuig "Speeches at Fianna F?il Ard-=Fheis".

Agus ansin tá cuireadh dúinn: "N?OS MO NUACHT".

Ait go leor litrítear Fianna Fáil i gceart ar an leagan Béarla den suíomh!

Ag deireadh an tsaoil afach, is mithid go bhfuil iarracht déanta acu agus cé go bhfuil an tús lag seans go mbeidh an comhartha ceiste bainte de dearcadh an pháirtí ar an dteanga náisiúnta.

Tá súil agam go ndéanfaidh siad iniúcadh ar an obair atá á dhéanamh ag Plaid na Breataine Bige.

Agus ceard faoi na bpáirtithe eile?

Mise

Eoin Ó Riain
Caorán na gCearc,
Baile na hAbhann
Conamara

Lá Nua 16/4/2007

Suirbhé ar shuíomhanna na bpáirtithe (Feabh 2007)