No Gaeilge!

Meas ar an nGaeilge ag na Páirtithe Politiúla mar a léirítear ina suíomhanna idirlíon.

 

Agus muid ag druidim leis na toghcháin bheartaigh mé camchúirt a thabhairt chuig suíomhanna na páirtithe polatíochta an raibh aitheantas a thabhairt don teanga! Rinne mé é seo cheana sa bhliain 2003 agus tá na torthaí le fáil ar an suíomh anseo

 

Bhí sé spéisiúl an easpa Gaeilge a bhí léirithe ag na suíomhana seo. Seachas páirtí amháin is léir nach bhfuil spéis ná/nó cumas suíomh I nGaeilge a chur is láthair. Cad a léiríonn seo?

 

Don duine atá ina chonaí sa Ghaeltacht léiríonn sé nach fiú tada an teanga. Léiríonn sé fimínteacht na poiliteoirí I leith na Gaeilge agus i leith lucht laabhartha na teanga.

 

Alliance: www.allianceparty.org/: Tá roinnt tagairtí do teang ar an suíomh. Lorg an focal "language" ar an inneal cuardach ar an suíomh acu. Níor éirigh liom aon Ghaeilge a aimsiú ann afach.

 

An Comaontas Glas: www.greenparty.ie/: Cé go bhfuil an páirtí seo in ainm is a bheith báiúil don Gaeilge is beag atá ar an suíomh i nGaeilge agus tá sé deachair teacht air.

 

An Páirtí Daonlathach: www.progressivedemocrats.ie: Ní rabhas i ndán aon rud i nGaeilge nó faoin nGaeilge ar an suíomh seo.

Young Pds: www.ypds.org/: Arís tada!

 

Na hAontachta Daonlathach (DUP): www.dup.org.uk: Ní fhaca mé rud ar bith i nGaeilge nó faoin nGaeilge ar an suíomh seo!

 

Leathanach FF Fianna Fáil: www.fiannafail.ie: Suíomh go hiomlán tré Bhéarla, leathanach Éamoin Uí Chuív san áireamh. Tá cuid de na míreanna faoi " Gaeltacht Affairs" (sic) I nGaeilge.
Ógra Fiana Fáil: www.ogra.ie:  Suíomh go hiomlán I mBéarla seachas "Cúinne na Gaeilge" cuid den Fóram atá acu ach faraoir ní rabhas in ndán rud ar bith a aimsiú ann!
The Nation: www.thenation.ie: (Nuachtáin oifigiúil Fhianaa Fáil). Béarla ar fad.
Register to Vote: www.registertovote.ie: (leathanch urraithe ag Fianna Fáil). Béarla ar fad. Is cosúil nach bhfuil siad ag lorg vótaí na Gaeilgeoirí!

 

Fine Gael: www.finegael.ie: Gan focal Gaeilge! Tá na tagairtaí don Gaeilge agus don Ghaeltacht beagnach go léir as Béarla fiú! Cé go bhfuil suíomh ag Young Fine Gael (www.yfg.ie) níl rud ar bith ar i dteanga ar bith seachas ainm na heagraíochta ­ i mBéarla ar ndoigh!

 

Páirtí Sóisialach Poblachtaach na hÉireann (IRSP): irsm.org/irsp/: Béarla amháin.

 

Páirtí an Lucht Oibre: www.labour.ie/: Arís Béarla amháin. Níl muid "happy!"
Ach féch ar Chraoladh Phat Rabitte i rith Toghcháin 2007!

 

Páirtí na nOibrí: www.workers-party.org & workerspartyireland.net: Gan Gaeilge!

 

PUP: www.pup-ni.org.uk/: Níl mórán ann ach is i mBéarla atá sé.

 

An Páirtí Soisialach: www.socialistparty.net/: Gan Gaeilge!

 

SDLP: www.sdlp.ie/: Béarla amháin.

SDLP Youth: www.sdlpyouth.com/: Arís gan Gaeilge!

 

Leathanach SF Sinn Féin: www.sinnfein.ie/gaelic/: Faoi dheiradh suíomh a thugann aitheantas de shórt éigin don Gaeilge. Cé go bhfuil an cuid is mó de na ráitaisí 7rl I mBéarla is I bhfráma Gaeilge atá siad. Is mar sin atá an chuid is mó de na suíomhanna atá ag Sinn Féin mar atá:
Roinn an Chultúir: www.roinnanchultuir.ie: Gaeilge ar fad fiú vís téip de óráid a thug ceannaire an Pháirtí I mBéal Feiriste.
Ógra Sinn Féin: www.osf.pro.ie/: Dhá theangach arís.
GUE/NGL (an grúpa lena mbaineann SF I bPairlimint na hEorpa): www.sfguengl.com/gd/: Neart Gaeilge anseo freisin.

SWP ­ Páirtí Soisialch na nOibrí: www.swp.ie: Níl focal Gaaeilge ansin ach an oiread!

 

Páirtí Aontachtaí Uladh (UUP): www.uupforallofus.org/index.htm: Tá aitheantais ar an leathanach seo don Aireabais, Sínis, Lituánais, Polainis, Poirtingéilis agus Urdu ach níl aitheantais ar bith an don Ghaeilge.

 

Céard is féidir linn a rá i ndiaidh san. Níl ach Páirtí amháin, Sinn Féin,  sásta "beart de réir a mbriathar" a dhéanamh faoin dteanga ar an idirlíon. Ní deirim go bhfuil mé lán sásta leis an suíomh acu ach ní féidir le haon pháirtí eile teacht in aice leo. Is cosúil gur páirtithe atá lán sásta le Éire Béarlach iad!

 

Eoin Ó Riain ­ eor@read-out.net 27/2/2007

anghaeltaacht.net/ctg

Gealú bréagach na suímh idirlín
(Litreacha i Lá Nua 16/4/2007)

Amhras caite ar Ghaelú Suíomh Fhianna Fáil
(Lá Nua: 28/3/2007)

'Spiorad in easnamh ar na páirtithe'
Irish Times 28/2/2007

Rinne Gaelport camchuairt ar chuid de na suíomhanna polaitíochta ar an 16 Feabhra 2007 agus seo an tuairisc ar Ghaelbhlag!.
Suíomh na Gaeilge

Rinneamar an camchuairt seo sa bhliain 2003 agus seo ár dtuairisc!
Ar son nó i gcoinne ár dteanga!