Ar son
nó i gcoinne ár dteanga! Níl ach páirtí polataíochta beag amháin sásta omós a thabhairt don teanga.Le Eoin Ó Riain - 10 Bealtaine 2003 I rith seachtaine
na Gaeilge bheartaigh mé ar iniúchadh a dhéanamh ar
suíomhanna éagsúla ar an ngréasáin a
bheithfeá ag súil le Gaeilge ionta.
Cheap mé
go mbeadh sé sin ag gach roinn Rialtas ar a laghead, ach faraoir
ní mar a shíltear bítear! Déan comparáid
idir leathanaigh Rialtas na hÉireann, tír atá in anm is a
bheith neamhspleach, (www.irlgov.ie/ -
tabhair faoi dearadh go núsáideann an leagan béarla
d’aimn na tíre “irlgov.ie” in ionad bhfhéidir
“rialtas.ie”) agus suíomh Rialtas na Breataine Bige, nach
bhfuil neamh spleachas bainte amach acu, (www.cymru.gov.uk/
- ainm na tíre ina teanga féin). Rinne mé
smaoineamh ar an gceist mé fhéin agus thosaigh mé ag
breathnú ar suíomhanna na bpáirtithe poilitiúla mar
is iad siúd atá i mbun ríailiú na tíre. Cheap mé
go mbeadh suíomh breá Gaelach ag an páirtí is
mó sa tír, Fianna Fáil. Tá mé ag ceapadh go
bhfuil an-iarracht á dhéanamh ag Éamon Ó Cuív ar son
na teangan agus ar son muintir na Gaeltachta. Ach, mo léan is beag éifeacht atá aige
is cosúil má fhéachann duine ar suíomh a
pháirtí ar an idirlíon. Níl leathannach ar bith in
nGaeilge ar an suíomh - fiú curruculum vitae an Aire féin!. D’fhéach mé ar aidhmeanna an
pháirtí atá le fáil ar an suíomh (ach i
mBéarla amháin ar ndóigh!). Deireann an
chéad alt: “To secure in peace and agreement the unity of
Ireland and its people. To develop a distinctive national life in accordance
with the diverse traditions and ideals of the Irish people as part of a broader
European culture, and to restore and promote the Irish language as a living
language of the people.” N’fheadair
an gcreideann siad é seo? Tá an cosúileacht ann nach
gcreideann! Muna bhfuil Béarla agat is beag is fiú
breathnú ar seo. Breathnaigh
mé ansin ar Fhine Gael. Ní thugann an suíomh aon
aitheantas don Ghaeilge. Thugas faoi dearadh nach raibh aidhmeanna an
pháirtí i leith an Gaeilge – nó i leith rud ar bith
eile – le fáil ar an suíomh. Ní raibh
mé ag súil le mórán ó Pháirtí
an Lucht Oibre agus ní raibh díomá orm! Aisteach go leor
afach, má tá duine ag iarraidh bheith ina bhall den páirtí
is féidir clarú i nGaeilge nó i mBéarla! Níl aidhmeanna an
pháirtí le fáil ar an suíomh ach an oiread. Níl oiread
agus focal amháin Ghaeilge ar suíomh an Páirtí
Daonlathach seachas ainm an Pháirttí fhéin!
D’aimsigh mé
suíomh Shinn Féin a súil le rud maith ó
pháirtí atá in ainm is a bheith Gaelach. Ach faraoir níl
leathannach ar bith i nGaeilge ann. Tá tagairt ann di afach, preas
ráiteas i mBéarla a deireann “Irish Language central
concern in talks with Irish and British governments.” Is trua nach bhfuil an “concern” céanna le teaspáint ar a suíomh
idirlíon. Tá fhios agam go
ndéanann Ceannaire an Chomhaontas Glas iarracht Gaeilge a
úsáid ina chuid oireáidí sa Dáil agus taobh
amuigh di. Bhí mé ag súil le roinnt Gaeilge ar a
suíomh. Faraoir is cosúil gur chuma leo faoin Gaeilge an fhaid is
go ndumpáilfaí go glasach í! Ar leathannach an SDLP
níl focal Gaeile le fáil ach an oiread. Tá téacs
oráid a thug ceannaire an pháirtí i dteach na bPiarsach in
mBaile Átha Cliath. Cé gur raibh sé ag caint faoi oidhreacht
na clainne sin ní dhearna sé tagairt ar bith don oidhreacht
teangan. Rud atá deachair a creidiúint! Ós rud go bhfuil muid
sa tuaisceart ní nach ionadh nach bhfuil rud ar bith faoin teanga ar
leathannach an UUP, and DUP nó na pártaithe eile aontachta.
Thugas faoi deara nach raibh tagairt don teanga eile Éireannach,
Albainis-Ultach ach an oiread acu. Mar an gcéanna leis an
Alliance agus an NIWC. Fagann sin pártaithe
beaga sóisíolacha, An Páirtí Sóisialaigh,,
Socialist Workers Party, Pairtí na h-Oibrí, an IRSP agus Páirtí Cumannach na hÉireann.
Ní raibh mé ag súil le haon rud anseo. Baineadh geit asam
nuair a shriochas an Páirtí Cumannach afach. Ar deireadh
bhí páirtí ann a thug atheantas don teanga. Tá
neart Gaeilge sa suíomh agus tá suathantaí beaga a
theaspeánan gur Geelach an meon atá taobh thiar de. Tá ainmneach
na leathanaigh Gaelach. Tá sé dhá theangach ach ma
fhéachann tú ar an leathannach “polasaithe” tá
leathannach leis an URL / polasai.html agus ní
“policiesirish.html” mar atá ag a lán
leathannaigh. Fiú má
aimsítear ainm na iomhanna (pictiúrí) is ainm gaelach
atá ortha. Cuir i gcás an bratach agus ainm an
pháirtí ag an priomh leathannach glaotar “pce.gif”
agus ní “pci.gif” agus an brat ar na leathannach is
“bratach.gif” atá ann. Muna bhfuil leathannach ar an
suíomh i nGaeilge deirtear é .i. “Stair (Béarla)”.
Agus mar buille scoir ar leathanach na nascanna – chuig na
Páirtaithe Chumannacha ar fúd an domhain tá a n-aimneacha aistrithe go Gaeilge. (Páirtí
Cumannach na hIaráice, Páirtí Tudeh na hIaráine,
Páirtí an Athbhunaithe Chumannaigh [an Iodáil]). Ní Cumannach mé
ach molaim iad go mór mar sé Páirtí Cumannach na
hÉireann an t-aon pháirtí in Éireann atá
sasta beart de réir a bhriathar. A theaspeánan do na pairtaithe
conas a aidheamanna a chom líonadh i dtaobh na Gaeilge cé nach
bhfuil sé níos laige na aidhmeanna Fianna Fáil. Mar a
deireann sé in alt gearr ag bun i gcaipéis oifigiúl
atá foilsithe i mBéarla acu: “ Our aim is to develop a new, democratic culture aimed
at humanising relations between people, based on respect, equality, racial and
ethnic tolerance, social solidarity, and a recognition of the unique place of
the Irish language.” Cuir seo i
gcomparáid leis an gcéad alt ina gcuid aidhmeanna ag Fianna
Fáil “to restore and promote the Irish language as a living
language of the people.” Ní féidir a
rá go bhfuil Fianna Fáil ná aon pháirtí eile
sa Dáil, nó i gComhthionól an Tuaisceart ag obair ““to restore and promote the Irish language as a
living language of the people.”
Ní féidir liom a rá agus mé ag breathnú ar a
suíomhanna ghréasáin, go bhfuil siad dairíre
fiú aitheantas a thabhairt
don teanga ná an “the unique place” a thagann an
Páirtí Cummanach di. Is féidir
nascanna chuig an suíomhanna seo a fheiscint sa bhFrith Gaeltacht!
Chuireas
ríomh post chuig na páirtaithe ar an 4ú lá Feabhra “Tá mé ag déanamh suíomh nua
ar an idirlíon a déanann nascanna leis na leathannaigh agus na
suíomhanna a úsáideann Gaeilge mar meán
cumarsáide. Is oth liom nach bhfuil suíomh ag aon
pháirtí a chomhlíonann na conaíollacha atå
agam fiú dul isteach sa “Galltacht” Tá siad go léir istigh sa leathannach
"Náireach" agam. Abair liom má thagann aon feabhas ar an scál. Mise le meas:” Freagra ar bith ní fhuair mé! |