17 Feabhra 1922

"Cá bhfuil mo shíne fada?"

"Coccinella septempunctata"
níos fearr ná Bóín Dé?


Blian Eorpach um Dhaoine le míchumas
9 Bealtaine 2003


Ábhar Dhóchais? - Bealtaine 2004

Díspeagadh An Post

 

Litir sa nuachtán - 15 Bealtaine 2003

A chara

 

Thuigeas faoi deara an alt in eagrán na hAoine tagairt den bhrú béarla atá á dhéanamh ag An Post ar an nGaeltacht in mBearna.

 

"Díspeagadh", an focal a bhí agaibh ar droch-iompair an Rialtas i leit na Cúirte Uachtaraí. Níl seasamh an "PostOffice" aon phioc níos fearr ná san.

 

Tóg na stampaí mar shampla. Ó eisíodh an chéad stampa in 1922 (17 Feabhra) go dtí an 21 Samhain  1949 ní raibh Béarla ar bith ar stampa Éireannach. Ar an lá sin foilsíodh stampa "Poblacht na hÉireann" agus bhí aimn na poblachta in nGaeilge agus i mBéarla air.

 

Is i 1964 a thosaiodh ar úsáid an Bhéarla mar gnath teangan na stampaí. Bhí seastán ar Éire ag an Aonach Domhanda i Nua Eabhrach agus rinne an Post stampa nua ildaiteach - an chéad cheann ríamh in Éirinn - ach bhí "Irish Pavilion New York World's Fair.." scríofa air. Ó shin i leith, tá an Bhéarla ar stampaí na hÉireann..

 

Ach tharla rud éigin ait ansin leis. Rinneadar dearmad glan ar an síne fada ar ainm na tíre agus Eire a bhí ar gach stampa ó Lúnasa 1965 go dtí teacht an Pápa i 1979.

 

Idir tús 1995 agus Nollaig 2002 tá 336 stampaí sna bailiúcháin a foilsíonn an post. Pacáiste deas atá ann ach ar ndoigh in mBéarla amáin. Rine mé iniúcadh beag ortha.

 

5% acu nach bhfuil téacs ar bith leo.

26% a d'fhéadfái a rá go bhfuil siad i nGaeilge nó Gaeilge agus teanga éile -  tromlach stampaí na Nollag agus srath ag comóradh Rialtas na hÉireann agus stampái nach stampaí comórtha iad (4%).

1% Ainm agus sloinne in nGaeilge.

58% i mBéarla nó i mBéarla gus teanga eile.

6% Ainm agus Sloinne in mBéarla.

4% in dteanga eile nó i dtearmaí do-aistrithe.

 

Foilsíodh 46 stampaí i mBailiúchán 2002. 27 acu in mBéarla agus 8 gcinn in nGaeilge (4 chinn don Nollag agus 4 chinn Briain Ború (sic) – Gaeilge agus Laidin).

 

Léiríonn comóradh amháin an t-athrú atá tar éis teacht:

1944 Comórdh "Éamonn Iognáid Rís" agus 1994 "Edmond Ignatius Rice". Cad a tharla idir an dá linn?

 

Agus i mbliana níl cuma níos fearr ar an scéal agus gan “Bóín Dé” againn ar an stampae 41c ach an "seven-spotted Lady Bird". Is cosúil gur rara avis atá a dhéanamh acu den Ghaeilge!

 

Muna díspeagadh é seo níl fhios agam cén bhrí atá leis an bhfocal.

 

Mise le meas oraibh

 

Eoin Ó Riain