Cúrsaí Anuradh!



Pádraig as Gaeilge

"Cultúr na hÉireann?"

"Fuacht an Bhéarla!"

Peil Bhéarlach!

Casadh an taoide?

 

Litir sa nuachtán - 21 Bealtaine 2004

A chara

 




Scríobh mé  cheana faoin easpa Gaeilge a bhí ar stampaí na hÉireann.

 

Anois is mian liom a rá go bhfeicim feabhas ar an scéal. B'fhéidir go dteaspeánann sé cumhact an Act nua Teanga!

Ar 27 Feabhra chuireadar amach stampa ag comóradh Lá 'le Phadraigh. (Ar ndóigh chuireadar amach cártaí nach raibh ach Béarla ortha um an dtaca céanna!). Ar an lá céanna cuireadh stampa amach ag comóradh Amharclann na Mainistreach - i mBéarla amáin. An 19ú lá Márta comóradh Ernán Shackelton agus ag deireadh an mhí céanna,  ceann ag comóradh 100 bliain FIFA ("100 Years" scríofa air.)

 

Tugaim faoi dearadh go bhfuil athrú ar an scéal ón gcéad lá Bealtaine nuair a cuireadh stampa a chur fáilte roimh baill nua an AE. 

 

Éisíodh ceithre stampaí ar "Lachan"  (trí theangach) ar an 11ú lá agus dá cheann eile "Europa" (dhá theangach). An ceann deireannach atá curtha amach acu ná ceann nua ag comórach blian an teaghlaigh  agus arís´is stampaí dá theangach atá ionta.

 

Go maire siad mar sin.

 

Mise

 

Eoin Ó Riain

Caorán

Baile na hAbhann

Co na Gaillimhe