Llch Baile! An G-Fórsa

"Ní iontas naoi lá seo - tá muid reidh don troid!"

Bhí ós cionn 200 bean tí ó gach cuid de Thír Chonaill i láthair, oíche Mháirt, ag cruinniú i nGaoth Dobhair chun guth a thabhairt dá míshásamh faoi na ciorruithe atá á moladh i dtuarascáil Mhic Chartaigh.

Gráinne Nic Géidigh, ball d'Údarás na Gaeltachta, a thionóil an cruinniú agus ba í a bhí ina cathaoirleach ar an ocáid.

Agus í ag cur tús leis, mhaigh sí gur léirigh and tinreamh mór chomh feargach is atá pobal Dhún na nGall faoin scéal agus go bhfuil teachtaireacht shoiléir ann d'aon dream a bhfuil sé ar intinn acu gearradh siar ar na coláistí samhradidh.

Ag deireadh an chruinnithe, cuireadh coiste ar bun, a bhfuil ionadaí ó gach cean den 13 coláiste air, agus beidh an coiste sin ag bualadh le chéile go luath chun clár gníomhaíochta a leagan amach. Tá cruinniú leis an Taoiseach agus agóid ag Dáil Éireann ar na bearta atá faoi chaibidil.
Moltaí an Bord Snip i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta!

Dúirt Gerry Murphy ó Choláiste Bhríde, Rann na Feiriste, go raibh amhras faoina bhfuil i ndán do na coláistí samhraidh dá leanfaí le moltaí Mhic Charthaigh faoin nGaeilge.

"Tá mná tí a choinníonn scoláirí ag saothrú airgid as an scéim seo chun chur le hoideachas a bpáistí féin," ar seisean. "Ní airgead é seo le go dtiocfadh leo dul ar saoire. Tá an t-airgead seo ag dul ar ais isteach sa phobal.

"Ní thig linn fad a bhaint as an scéal seo. Chonaic muid cheana féin leis na cioouithe a rinne an Roinn Oideachais ar na coláistí samhraidh i mbliana go bhfuil scoláirí ann nach mbeidh in ann íoc as teacht ar ais anseo ar an bhliain seo chugainn. Is é sin an fíorthoradh a bheidh ar na cioruithe breise seo má leantar leo."

Bhí roinnt scoláirí, atá ag freastal faoi láthair ar chúrsaí samhraidh, bhí siad sin ortha siúd a labhair. Bhí siad uilig ar aon intinn nach mbeadh in ann íoch as filleadh ar choláistí ar an bhliain seo chugainn dá gcuirfí na ciorraithe i bhfeidhm.

Thaistil an tAthair Eddie Gallagher agus grúpa mná tí ó dheisceart an chontae le bheith i láthair ag an gcruinniú.

Dár leis gurb amhlaidh is measa a bheidh tionchar ciorraithe Mhic Chárthaigh sna ceantir bheaga Ghaeltachta agus gur bhaol go dtabhfaí póg a'bhás do roinnt ceantar.

"Níl aon chur amach gur fiú a lua ag lucht Mhic Charthaigh ar ceantair Dhún na nGall ar nós Ghleann Cholm Cille n Teileann nó a leithéid. Caithfimid a chur ina luí ar ár dTánaiste, Mary Coughlan, nach bhfuil muid chun glacadh leis seo."

Ba é glór na mban tí a ba mhó a chualathas ar an oíche.

"Ní iontas naoi lá é seo," arsa duine acu, "Táimid ar aon intinn faoi seo mar mhná tí. Nílimid chun ligean do dhuine ar bith slí beatha s'againne a bhaint ar shiúl. Rud é a théann chun socair ní amháin dúinne ach don Ghaeltacht ar fad."

Bhí Piaras Ó Dochartaigh, Seanadóir, agus na comhairleoirí Daithí Alcorn, Séamas Ó Dónalll agus Mrie Therese Gallagher orthu sin a bhí i láthair.

Gheall an comhairleoir Alcorn a thacaíocht iomlán d'fheachtas na mban tí ach chuimhnigh sé gur moltaí a bhí sa méid a bhí curtha chun tosaigh ag Mac Cárthaigh.

Cosainn sé an Tánaiste, Mary Coughlan, agus chuimhnigh go ndearna sí éacht nuair a d'fhoghlaim sí an teng taobh istigh de threimhse ghairid.

Thagair sé go sonrach fosta don tacaíocht a léirigh an Taoiseach Brian Cowen don Ghaeolge.

Agus ar seisean, "Mar bhall d'Fhianna Fáil, beidh mise ag tacú leis an ghrúpa ghnímh seo ar cibé slí a dtig liom. Ní mór cuimhneamh nach bhfuil ann, go dtí seo ach moltaí. Ach beidh mise ag tabhairt tacaíochta 110% do fheachtas seo agus don ghrúpa seo."

Dúirt Séamus Ó Dónaill go mbeadh lucht gnó orthu sin a bheadh thios leis dá mbainfí de thionscal ns gcoláistí samhraidh agus mar sin gur thábhachtach go seasfadh gach dream gualainn ar ghualainn.

Leag an Seanadóir Ó Dochartaigh béim ar chomh práinneach is a bhí sé grúpa gnímh a bhunú ar an oíche agus teachtaireacht shoiléir a sheoladh chuig na húdaráis.

"Thar aon rud eile, caithfidh an rialtas tuiscint go maith nach nglacfar le haon chur isteach ar na coláistí samhraidh."

Moladh do na mná tí dul i mbun stocaireacht le gach polaiteoir, go háirithe leis na polaiteoirí sinsearacha.

Chuir cainteoirí go leor ar a súile don lucht éisteachta an tabhacht a bhain le tionscal ne gcoláistí samhraidh do phobal na Gaeltachta, tionscal a thugann isteach na milliúin euro don cheantar.

Mar aon leis sin, bheadh an Ghaeltacht buailte go dona ag cealú Roinn na Gaeltachta agus ag gearradh scéimeanna Gaeltachta ar luach €20m.

Cuimhníodh gur tugadh buille mór do na coláistí cheana féin i mbliana nuair a bhain an Roinn Oideachais deontas €50 an duine ó dhaltaí na gcoláistí samhraidh.

Chuir Gráinne Nic Mhic Géidigh béim ar an ghá le gníomh agus le gníomh gásta.

"Ní mór dúinn tosú anocht," ar sise, "Caithfimid eagar a chur orainn féin, agus gníomhú, láithreach bonn"

Is iad na daoine a moladh mar ionadaithe sealadacha ar an choiste nua ná Mairéad Ní Bhrádaigh (Cill Charthaigh), Anna Ní Ghallchóir (Árainn Mhór), Annette Nic Pháidín (Bun an Inbhir), Rose McGinley (Machaire Rabhartaigh), Marie Nic Suibhne (Bun na Leaca), Máire Ní Choilm (Dún Lúiche), Caitlín Ní Dhubhcháin agus Áine Nic Eamharcaigh (Rann na Feiriste), Léanna Ní Bhaoill (Anagaire), Gráinne Nic Giolla Easpuig (Teileann), Máire Nic Gairbheith (Loch an Iúir), Bríd Ní Cholla agus Bella Ní Dhochartaigh (Gaoth Dobhair).

Tuairisc agus grianghrafanna le hEoin McGarvey in Nuacht24 7/8/2009


Borradh feirge faoi chiorruithe Gaeltachta (4/8/2009)


Caomhnú Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Leirigh do thacaíocht do Mhná Tigh na Gaeltachta!



Cruinniú ar an gCeathrú Rua
(5/8/2009)