Llch Baile! An G-Fórsa


CRÚINNIÚ EOLAIS POIBLÍ
5 Lúnasa 2009 Óstán an Dóilín, An Cheathrú Rua
PLÉADH MOLTAÍ AN BORD SNIP NUA I DTACA LEIS AN GHAEILGE & AN GHAELTACHT
Moltaí an Bord Snip i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta! Meeting Report in English

Rinne Painéal Saineolaithe cur i láthair faoí impleachtaí na moltaí:

Uinsionn Mac Dubhghaill, Treasa Uí Mhainnín, Trevor Ó Clochartaigh a d'eagraigh an cruinniú, Ann Irwin agus Seosamh Ó Curraoin.

SEOSAMH Ó CURRAOIN (Oifigeach Eolais Pobail le Cumas/MFG) Rinne Seosamh cur síos ar na gnéithe den tuarascáil a bhaineann le cúrsaí leasa shóisialaigh, talmhaíocht agus sláinte.

ANN IRWIN(Comhordaitheoir Conaidhm na nOibrithe Pobalbhunaithe) Phléigh Ann na gnéíthe den tuarascáil a bhaineann le cúrsaí pobail

TREASA UÍ MHAINNÍN (Príomhfheidhmeannach Eagraíocht Scoileanna Gaeltachta) Phléigh Treasa na gnéithe den tuairisc a bhaineann le oideachas bun & dara leibhéal.

UINSIONN MAC DUBHGHAILL (Léachtóir le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge) Dhírigh Uinsionn ar na gnéithe den tuairisc a bhaineann leis an nGaeilge & an Ghaeltacht

TREVOR Ó CLOCHARTAIGH (Cathaoirleach, Eagraí an Chruinnithe) D'oscail an Cathaoirleach an chruinniú don urlár ag an bpoinnte sin le deis a thabhairt don bpobal plé a dhéanamh ar na moltaí, ceisteanna a chur & tuairimí a thabhairt.

  • Caomhnú Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge
    Leirigh do thacaíocht do Mhná Tigh na Gaeltachta!
  • Seo leanas athchoimre gearr ar an bplé sin.

  • Céard atá muid dul a dhéanamh anois?
    Bhí an-phlé ar céard is féidir a dhéanamh ag an bpoinnte seo. Dúradh go raibh se fíor-thábhachtach ag daoine tuiscint agus eolas a fháil agus sin a scaipeadh ina bpobail féin.

  • Cé ar a bheidh an dualgas?
    Déanadh plé ar céard a dhéanfar le moltaí McCarthy. Dúradh nach bhfuil iontu seo ach moltaí. Ceistíodh ar cheart feachtas náisiúnta a thosnú ina n-aghaidh?

  • Colm McCarthy - Cé hé?
    Pléadh dearcadh an údair a rinne an tuairisc. Measadh go bhfuil sé frith Ghaeltachta, frith Ghaelach, frith tuaithe, frith pobail agus ag díriú ar na daoine is boichte agus is imeallaí inár sochaí ó thaobh ciorruithe de agus nach bhfuil sin ceart ná cóir. Tá na moltai ag iarraidh deiridh a chur leis an nGaeltacht, measadh.

  • Pobal áitiúil buailte
    Léirigh daoine áirithe nach bhfuil mórán chumhacht againn tada a dhéanamh faoi na moltaí seo. Tá daoine éadóchasach go maith. Meastar go bhfuil dí-mheas dhá thaispeáint ar mhuintir Chonamara ar cuid mhaith bealaí - fáil reidh le REPS, Mná Tí, Cárta Leigheas, Seirbhís Bus - gan trácht ar an mBord Snip fiú.

  • Daoine le airgid mór - an bhfuil snip dhá dhéanamh orthu sin?
    Fiafraíodh an bhfuil na ciorruithe ag cur isteach ar lucht an airgid chomh mór sin? Bhí tuairimaíocht láidir ann nach bhfuil. Ceistíodh an infheistíocht atá dhá dhéanamh sna bancanna agus an chiall a bhaineann le bunú NAMA. Measadh gur fearr gur mór fada stráitéis eile a bheith ann nach ndéanfaidh an oiread dochar do dhaoine bochta, cúrsaí pobail, tuaithe & Gaeltachta.
    Dúradh nach bhfuil i dtuarascáil McCarthy ach seift le faitíos a chur ar dhaoine agus nach bhfuil baol ar an Rialtas na ciorruithe seo a chur i bhfeidhm i ndáiríre. Dúirt daoine eile go gcaithfear an Rialtas a thógáil ar an méid a dheireann siad. Tá sé ráite go gcaithfear €3.4 billiún a ghearradh. Tá €5.3 billiún de chiorruithe léirithe ag McCarthy. Caithfear 2/3 a chuir i bhfeidhm. Dúradh nár mhór do phobal na Gaeilge/Gaeltachta a nglór a ardú ar an ábhar. Muna ndeireann muid aon cheo beidh an scéal go dona.

  • Caithfidh na Gaeltachtaí ar fad a theacht le chéile
    Cuireadh in iúl don chrúinniú nár tugadh aon chuireadh faoi leith d'aon duine chun freastal - polaiteoirí srl , gur cruinniú pobail a bhí ann.
    Dúradh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an pobal thré chéile aontaithe ar an ábhar seo agus go mbeadh comhghuallaíocht láidir ag teastáil idir na pobail Ghaeilge & Gaeltachta chun seo a throid. Cuireadh in iúl go bhfuil an chaidreamh seo tosnaithe cheana féin le Tír Chonaill agus cuid de na h-eagrais náisiúnta.

  • Cén scála ama atá againn?
    Cuireadh in iúl go bhfuil stráitéis níos leithne ag an Rialtas. Dúradh go mbeidh tuarascáil cánach ag an Rialtas an mhí seo agus go bhfuil súil le tuarascáil faoi chúrsaí pá sa Státseirbhís i mí Meán Fomhair. Meastar go gcuirfear athraithe bunaithe ar mholtaí an Bord Snip Nua i bhfeidhm i gcáináisnéis mhí na Samhna.

  • Tá an Ghaeltacht beo ó thaobh glór dhi.
    I gcomhthéacs an amscála dúradh go bhfuil sé tábhachtach cás a dhéanamh idir seo agus mí na Samhna.
      TÁ GLÓR AGAINN MAR DHAOINE
      TÁ GLÓR AGAINN MAR GHRÚPA
      TÁ GLÓR AGAINN MAR PHOBAL
    Is gá iad sin ar fad a úsáid ag gach leibhéal a dúradh.

  • Ar fiú Mór Shiúil a eagrú i mBaile Átha Cliath?
    Dúradh nach fiú mórshiúil ar bith a eagrú muna mbíonn slua ar fáil. Ní gá gur i mBaile Átha Cliath a bheadh sé ach an oiread ach go dtarraingeofaí áird air. Dúradh go bhfuil ceann dhá eagrú ag SIPTU ar an 30/9/09 agus gur fiú smaoineamh tacú leis sin. Tá sé tábhachtach go mbeadh Glór na Gaeltachta le cloisteáil ag na h-ócáidí seo a dúradh.

  • 2 Cluiche ag an Rialtas?
    Measadh go mbíonn dhá chluiche ag lucht ceannais leis an bpobal a choinneáil faoi smacht:
      1. Bread & Circuses- muid a choinneáil lán sásta (mar a tharla le linn ré an Tíogar Cheiltigh) & 2. Divide & Conquer - Grupaí ag cur a troid in aghaidh a chéile
    An dara ceann atá ar bun ag an mBord Snip meastar - na grúpaí éagsúla a chur a déanamh sciob sceab ar an ngannchuid agus ceapadh go bhfuil sé tábhachtach dúinn gan dul an bothar sin - ach tarraingt le chéile le grúpaí eile sa tír a bheadh ar chomhintinn linn. Ní mhór dúinn, le chéile ansin, teachtaireacht láidir a chur chuig an Rialtas nach iad moltaí McCarthy an treo le dul chun muid a thabhairt amach as an sáinn eacnamúil ina bhfuil muid.

  • Coláistí Gaeilge & Mná Tí? Céard a féidir a dhéanamh?
    Léiríodh an-imni faoi thodhchaí na gColáistí Samhradh agus cás na mna tí. Cuireadh in iúl go bhfuil CONCOS ag eagrú cruinniú ar an Aoine do Mhná Tí Chonamara agus go bhfuil feachtas ar siúl acu cheana féin go náisiúnta le díchéille na moltaí a léiriú.
    Dúradh ar bhealach níos leithne go gcaithfidh muintir Chonamara bheith ceannródaíoch ar an gceist seo faoi chiorruithe, mar a bhí go minic cheana. Caithfidh muintir Chonamara léiriú cén sort pobal ina bhfuil muid ag iarraidh maireachtáil, i gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíochta agus sin a chur in iúl go stuama & go soiléir don Rialtas.

  • Rialtas ag ullmhú plean 20 bliain don Ghaeilge
    Dúradh go bhfuil moltaí an Bord Snip ag teacht salach ar an méid a bheidh sa bPlean 20 Bliain don Ghaeilge atá ullmhaithe ag an Rialtas agus gur chóir brú a chur orthu sin a fhoilsiú láithreach le go bhféadfaí an dá rud a chur i gcomparáid le chéile.

  • Moltaí ag teacht ón gcruinniú: Dúradh go bhfuil gá le gníomhaíocht dearfach ag teacht as an gcruinniú seo.
      1. Moladh an cháipéis a bhí curtha os comhair na cruinnithe agus gur chóir é a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir agus dúradh go ndéanfar sin.
    • Cuirfear ar ríomhphost é chuig gach duine a d'fhreastal ar an gcruinniú agus go gcuirfidh siadsan ar aghaidhchuig daoine eile é.
    • Cuirfear é chuig eagrais agus grúpaí pobail leasmhara Gaeilge & Gaeltachta é chomh maith

      2. Moladh go réiteofaí cáipéis mar fhreagra ar thuairimí McCarthy & an Bord Snip Nua a thugann dearcadh phobal na Gaeilge & Gaeltachta

    • Iarradh ar dhaoine agus grúpaí an mbeadh eolas úsáideach acu don cháipéis sin é a chur ar aghaidh chuig Trevor Ó Clochartaigh le cur san áireamh.

      3. Moladh a thuilleadh cruinnithe a eagrú sna ceantair eile de Chonamara leis an oiread den phobal agus is féidir a chur ar an eolas faoi na moltaí. Dúradh go ndéanfar sin as seo go ceann coicíse nó tri seachtaine.

      4. Pléifear ina dhiaidh sin na céimeanna eile is ceart a thógáil.

      Moladh lucht eagraithe an chruinnithe agus ghabh an Cathaoirleach buíochas leis an óstán, na daoine a thug cúnamh le reachtáil an chruinnithe, na méáín a thug poiblíocht, an slua a d'fhreastal agus na h-aoícháinteoirí a spreag an díospóireacht.

      Scoir an chruinniú


  • G-Spóireacht ar facebook
    G-SPóIREACHT

    Bhí deis ag pobal Ghaeltacht Chonamara a dtuairimí faoi moltaí An Bord Nua Snip a thabhairt ag díospoíreacht poiblí abhí eagraithe faoin ábhar, 5 Lúnasa ar an gCeathrú Rua.

    "Tá sé fíor-thábhachtach go dtuigfeadh an pobal an tionchar a bheadh ag na moltaí seo ar shaol na Gaeltachta & na Gaeilge dá gcuirfí i bhfeidhm iad', a deir Trevor ó Clochartaigh a d'eagraigh an cruinniú. 'D'fhéadfaí saol na Gaeltachta a athrú ó bhonn ó thaobh cúrsaí sláinte, sóisialta, oideachais, cultúr, forbartha pobail agus eile di agus seo deis do dhaoine ceisteanna a chur agus a dtusicint féin a fháil ar a bhfuil molta sa tuairisc'.

    Tuilleadh Pictiúirí ar suíomh Facebook Trevor Uí Clochartaigh (Ní mór a bheith cláraithe le facebook len iad a fheiscint!)



    Tuairisc ar cruinniú na mban tí i dTír Chonail
    (4/8/2009) Is féidir do chuid tuairimí a nochtadh ar gaeltacht21.blogspot.com