Táimse féin agus tá an Comhaontas Glas síor-bhuíoch de mhuintir Ros Dubhach
agus den chúigear fear mar gheall ar an bhfód a sheasamh in aghaidh mí-iompair an Rialtais agus
Shell, den chuid is mó, ins an scéal ar fad. Ní raibh suim ag a lán daoine. Ní raibh suim ag na
meáin chumarsáide, den chuid is mó, sular cuireadh na fir seo i bpríosún. Ní nach ionadh, bhí
ceisteanna a n-ardú ag mo chomhghleacaí, Deputy Eamon Ryan, anseo, agus agamsa agus ag daoine eile
le blianta. Dob é an Comhaontas Glas an chéad pháirtí ag an am céanna a chuir an cheist in iúl do na
húdaráis pleanála i gceannas ar an píblíne ó Chraughwell go Bellanaboy chomh maith.
Trevor Sargent; Dáil Éireann 4/10/2005
Cuirim fáilte roimh shaoradh Chúigear Ros Dumhach ar an Aoine. Ba bhua é don chúigear agus dá
gclann as a gcrógacht agus an cur chuige a léirigh siad thar tréimhse 13 seachtain i ngéibheann. Ba
bhua é chomh maith do na mílte i Maigh Eo agus mórthimpeall na tíre seo a thacaigh leo agus a ghlac
páirt sna hagóidí, a chuir cártaí poist chuig an chúigear agus a léirigh i mbealaí difriúla a
dtacaíocht don fheachtas. B¹fheachtas seo a tharraing daoine le chéile le dearcaidh pholaitiúla
dhifriúla agus daoine gan dearcadh polaitiúil ar bith. Léirigh sé deighilt bhunúsach idir páirtithe
polaitiúla agus fiú laistigh díobh. Bhí léiriú air sin ag cinnirí na dtrí mhórpháirtithe sa Teach
seo faoin deighilt sin. Ba deighilt í idir iad siúd a sheas go hiomlán ar thaobh iad siúd a bhí
ag léiriú míbhuntáistí eacnamaíochta agus timpeallachta a bhí in ndán dúinn de thairbhe phíobán na
Coirbe agus ar an taobh eile iad siúd a bhí ag tabhairt tacaíochta agus tús áite go hiomlán do spéis
agus buntáistí Royal Dutch Shell.
Tá na T-Léinte seo le fáil ón Spailpín Fánach ar an Spidéal.
TACAÍOCHT: Scata d'fhearaibh an Oireachtais agus iad gan a bheith ag cur fiacal foclach ina dtuairimí faoi Shell Ireland. "Amach, Amach a Shliogáin!"
SAOL 10: Samhain 2006
Lá 8/11/2006
Conamara ag seasamh le muintir Ros Dumhach - Siúlóid i gCasla 22 Deireadh Fomhair 2006.
Thug dream as Chonamara chuairt ar Ros Dumhach ar an 19 Deire Fomhair 2006
"Cén áit ba ceart Shell caoi a cuir ar an gás?" Pobalbhreith
Déan vótáil anseo!
Suíom Shell faoi Thionscanaimh Ghás Aiceanta na Coiribe!
22-10-2006
Léirsiú i gConamara
19 - 10 - 2006 Muintir Chonamara i Ros Dumhach Fáilte ó Uinseann McGrath
An Comhairleoir agus Ball d'Údarás na Gaeltachta Seosamh Ó Cuaig i mBéal Átha na Buidhe.