Feadó Mór



Iml 01: Eag 03

Cartlann


Nuacht
TG4

Innéacs
Chonamara &
Árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

An Cúléisteoir!
Cé bheidh ag rith ar son Fhine Gaeil?

26/1/05: Deireann Caroline Uí Ráinne nach mbeidh sí ag lorg ainmniúchán ó Fhine Gael cun seasamh i dtoghcháin an Údaráis i mbliana. Beidh coinbhinsiún ag an bpáirtí sin ar an Luain. Toisc nach bhfuil Pól Ó Foighil san iomaíocht beidh sé spéisiúl cé ritheann ar son Fhine Ghael.


Aer stráiche á dheisiú.

26/1/05: Dúnadh aer stráiche Inis Mór inniú ón a naoi go dtí a ceathair a clog tránóthna chun é a dheisiú. Bhí eitilt amháin ann ar maidin sular dúnadh é.


Dúnadh an Posta i mBaile na hAbhann

25/1/05: Fógraíodh go bhfuil Oifig an Phioist i mBaile na hAbhann dúnta go sealadach ar chúis nach bhfuil smacht acu air. Ní mór d'éinne a úsáideann an oifig seo dul soir chuig an oifig in indreabhán nó siar go Casla.


Béile tacaíochta ag Connie

Connie Ní Fhatharta23/1/05: Bhí bricfeasta Chonnie Ní Fhatharta, ball tofa Údarás na Gaeltachta agus Comhairleoir de chuid Contae na Gauillimhe in ostán ag na Forbacha ar an Sathairn. i measc na haoieanna bhí Brian Cowan, Aire Gnóthaí Eachtracha, Éamon Ó Cuív, Aire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Seán Ó Neachtain, Feisire Eorpach don iar Thuaisceart. Dúirt Brian Cowan go mbeadh troid acu an ballraíocht céanna ar an Údarás a bheith acu i rith an toghchán ar an 2 Aibreán. Seo an dara uair a bhí bricfeasta ag an Comhairleoir Ní Fhatharta. Thosaigh sí an "traidisiún" seo anuireadh.
Cúrsaí polaitíochta ag téamh i gConamara!" - Foinse 23/1/05

€8milliún de dhith ag an Údarás
An mbeadh orthu "airgead na clainne" a dhíol?

25/1/05: Tá géarchéim eacnamíochta ag Údarás na Gaeltachta dá pleananna forbairt tionscalaíochta. Ní fé idir leo an fháisnéis caipitiú la a chomhlí ona gan €8milliún a aimsiú in áit éigin. Dár le Gearóid Breathnach beidh ar an Roinn 3 milliún a aistriú ón buiséid caipitiúl istig go dtí costaisí reatha rud a fágfaidh an ganntannas seo . D'fhéadfadh siad roinnt dá sochmainní eile a dhíol chun an bearna airgeadais a líonadh. is de bharr gearradh siar le blianta anuas atá a fadhb seo taghtha cun súil faoi dheireadh.
Dúirt an ball tofa Seosamh Ó Cuaig, inné gur ceart díospóireacht a thosú ar fúd na Gaeltachta ar fad. "Cuir ceist ar an mball áitiúil faoi na gearrtha atá pleanáilte in do cheantair féin!" a dúirt sé.


Triúr Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga le Gaeilge chun freastail ar an nGaeltacht

24/01/05:Tá sé fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil comh-mhaoiniú de €105,750 ceadaithe aige d'Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte chun cuidiú leo triúr teiripeoirí urlabhra agus teanga le Gaeilge a fhostú agus chun an scrúdú MMSE a aistriú. is comh-mhaoiniú ar bhonn 50:50 é seo, rud a chiallaíonn go gcaithfear €211,500 san iomlán ar an tseirbhís nua seo do mhuintir na Gaeltachta.
Breis Eolas (G); céard is MMSE ann?(B)

Príomhfheidhmineach nua Roghnaithe

21/1/05: Roghnaíodh Pádraigh Ó hAoláin mar príomhfheidhmineach ar Údarás na Gaeltachta inniú mar comharba ar Ruan Ó Bric a bhí sa phost le 15 bliain.
Beidh sé ag glachad an post go foirmeálta i mí Aibreáin.
idir an dá linn beidh toghachán Údarás na Gaeltachta ar an 2 Aibreán agus is dócha go mbeidh baint mór ag an mbord nua leis an chur chuige a bheidh aige amach anseo.
An scéal i Lá 24/1/04


Comóradh an Dá Chéad ar Bhrian Merriman
Bliain ar leith í an bhliain 2005 do dhaoine a bhfuil cion faoi leith acu ar Bhrian Merriman agus ar a mhórshaothar, 'Cúirt an Mheán Oíche'.
Foinse 23/1/05
Fadhb seirbhís leigheas i gCarna

22/1/05: Ta imní ar mhuintir iorras Aithneach ó rinne an Dr MacCormac (Ros Muc) deireadh a chur leis an comh-oibriú a bhíodh ar siúil idir na dochtiúirí i Ros Moc agus Ceantair Charna le fada agus dul isteach i ngrúpa dovchtúirí an Cheathrún Rua agus Ceantair na nOileán. Dúirt An Fóram do Phoball iorras Aithneach go rabhadar ar thoscaireacht chuig an Táiniste Mary Harney, atá mar Aire Sláinte faoin a laghad seirbhís sláinte atá sa comharsanacht agus go rabhadar ag súil le freagra uaithi roimh deireadh na míosa. Méadaíonn an cinneadh seo an chruachas atá acu in iarthar Chonamara.


Sos mí faighte

21/1/05: Bhí cruinniú ag an grúpa atá ag déanamh agóid i gcoinne an obair ag Vodafone ar chrann aeróga Raidio na Gaeltachta le Vodafone agus RTÉ Ghréasáin (gur leo an crannag RnaG) aréir. Socraíodh go ndéanfaí scrúdú neamh spleach ar an bhfadhb raidiolíochta agus nach dtosódh an obair arís go cheann míosa. Cé go mbeadh an scrúdú seo neamh spleach tá Vodafone agus RTÉ chun íoch as. Cloífear leis na caighdeáin chuí sabháltachta má bhíonnn obair le déanamh ar an aeróg a deireann RTÉ.


Athbhreithniú ar teora luais

25/1/05: Dúirt an Chomhleoir Seán Ó Tuairisc go raibh an Comhairle Chontae chun athbhreithniú a dhé anamh ar na teoranna luais ar Bhóthar Chois Fharraige go luath. teoireanacha luais


"Tóg é go bog é, tóg é go reidh!"

21/1/05": Tá méadú ag teacht ar mhéid ghearáin i dtaobh na comharthaí nua luais ar fúd Chonamara agus in Árainn. Dár len a lán daoine níl chiall ar bith le chuid de na comharthai. Mar shampla tá luas teora de 60km/u ar an chuid is mó de bhóthar Chois Fhairrige ach 80km/u ar an 140 fobhóthaire a théann isteach ann agus atá i bhfaid níos chúnga. Deireann Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil siad chun "breathnú isteach sa scéal in Árainn." Feicfimíd!

Ag feitheamh fós!

25/1/05: Bhí 24 othar ar shlionain san ionad timpiste nuair a thug an Tá naiste agus Aire Slá inte, Mary Harney, cúirt ar Oispidéal na hOllscoile. Dúirt sí gur ceadaíodh airgead do ionad radaíochta nua ann cé nach dúradh cathain a nosclófar é!


Raidió na nÓg?
Tacaíocht láidir ó 84% de na freagóirí a rinne an suirbhé le haghaidh cláir dhátheangacha

21/1/05: Sheol Coimisiún Craolacháin na hÉireann torthaí inné (20 Eanáir) ó shuirbhé náisiúnta a rinne iniúchadh ar thuairimí agus dearcaí i leith cláir raidió trí mheán na Gaeilge in Éirinn. Dúirt an tAire Ó Cuív agus an taighde á sheoladh aige: "Tugann an staidéar seo eolas eolaíoch dúinn ar an lucht éisteachta atá ann do chláracha raidió Gaeilge agus dhá-theangach. Níos tabhachtaí ná sin fiú, tugann sé léargas dúinn ar na mianta atá ag daoine faoi bhun 35 bliain d'aois maidir le seirbhísí craolacháin raidió trí Ghaeilge. Tá mé sásta go mbeidh an obair riachtanach seo atá déanta ag an BCi agus ag MORi thar a bheith úsáideach domsa agus dóibh siúd a bheas ag déanamh cinnithe bunúsacha maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge don aos óg."


Bóthar nua anois ar an bpleán
"Tá muid cun líne a chuir ar an léarscáil!"

20/1/04: Dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig go bhfuil an bóthar nua ó Gaillimh go iarthar Chonamara go hoifigiúil ar pholasaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe anois. Tár éis cruinniú den Choiste Bóithre agus iompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe tá tús le cuir leis an réamh obair phleanála don bóthar. is cuid de pholasaí an Chomghualaiocht Teichniúla ach d'aontaigh na poilitéoirí eile a bhí ag an gcruinniú ar an gCéadaoin mar aon le oifigí an Chomhairle Chontae. Beadh an bóthar nua seo ag tabhairt faoiseamh don bóthar Chois Fhairrige agus an bóthar tré Maigh Chuilleann agus uachtar Árd. Tá súil ag an Chomhairleoir go gcabhródh an bóthar nua seo le forbairt chalaphoirt Ros a Mhíl leis.
"Tá muid cun líne a chuir ar an léarscáil anois!" a dúirt Seosamh Ó Cuaig atá mar Cathaoirleach ar an gCoiste Bóithre agus iompair den Chomhairle.
Féach Foinse 23/1/2005.

Feile Choilin Sheain Dharach