Iml 01: Eag 13


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann


Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


rua teleafón

An Cúléisteoir!

Chóras aistriúchán ag Coiste Oideachais?
Masla eile don mhuintior na Ghaeltachta

19/4/2005: Is mór an náire ag Coiste Gairm Oideachas Contae na Gaillimhe nach bhfuil sé ar intinn acu córas aistriúchán a sholathar dá gcruinnithe dár leis an Comhleoir Seán Ó Tuairisc. Tá an coiste seo freagrach as cúsaí gairm oideachas sa ceantair is mó Gaeilge sa tír.
Ag breathnú ar suíomh idirlíon ag an gCoiste leantair leis seo. Cé go bhfuil nascanna chuig rudaí mar "Youth Reach", "Traveller Training/Education" agus eile tá na nascann chuig altanna Gaeilge luaite ann ("Colaistí samhraidh sa Ghaeltacht", "Forbairt na Gaeilge") marbh. Is cosúil go bhfuil siad leannúnach ina bpolasaithe agus ceantair den dara grad a dhéanamh den Gaeltacht.

Briogáid dTóiteáin ar an gCeathrú Rua?

18/4/2005: Tá an stáisiún nua atá á thógáil in oirthear Cathair na Gaillimhe mar lár ionad Chontae na Gaillimhe don seirbhís dtóiteán. Dúirt an aire stáit Frank Fahey go raibh súil aige go mbeadh stáisiún i gConamara Theas, bfhéidir ar an gCéathrú Rua..
Tá airgead ceadaithe do stáisiún ar an gClochán cheana.


Faoi ghlas!
18/4/2003: Na Cairdinéal istigh sa Séipéil Sistíneach chun Pápa nua a thoghadh. Beidh deatach le feiscint ar ag nóin agus ag a chúig sa trathnóna.
Uachtarán nua ag an gConradh

An Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag bronnadh Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge, Ghradam Alumni Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Dhaithí Mac Cárthaigh i mí Márta.
18/4/2005: Toghadh Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh ag an árd Fheis i rith na deireadh seachtaine. Tagann sé i comhairbeacht ar Nollaig Ó Gadhra a chaith bliain sa phost. Sé Daithí an 31ú Uachtarán ar an gConradh a bunaíodh i 1893.
Bhain sé amach B.A. sa Ghaeilge agus sa Dlí i 1989, M.A. i gCanúineolaíocht na Gaeilge i 1995 agus LL.B. sa Dlí i 1996. in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Glaodh chun an Bharra é i 1998 agus cleachtaionn se mar abhcoide i Leabharlann an Dlí. Bhí se mar Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge ó 2004. Mar Thánaiste agus mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge bhí baint lárnach aige leis an bhfeachas i dTeach Laighean agus sna meáin chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt chun cinn agus a laidriú agus san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach.
Eagraíonn sé i gcomhair le Gael-Linn Bréagchúirt Uí Dhálaigh, comórtas bréagchúirte Gaeilge bliantúil do mhic léinn dlí tríú leibhéil i ndilchuimheamh an Iar-Phríomhbhreithimh agus an IarUachtaráin ar Éirinn: Cearbhall Ó Dálaigh. Tá an comórtas seo ag dul ó neart go neart ó 1997 i leith.
Tá Conradh na Gaeilge ag lorg Príomh Fheidhmeannach leis.
Tír Trítheangach an scéal i Lá

Toghchán eile
16/4/2005: Beidh súile an domhain ar an similar seo sna laethanta romhainn. Beidh siad ag lorg deatach bán amach as mar comhartha go bhfuil Pápa nua again.
Athbreithnú ar teorannacha luais

16/4/05:Tá ag tosú ar athbhreithnú ar na luaiseanna i gcontae na Gaillimhe. Mar shampla tá luas teora 80 Km ar fud an Inis Mór seachas Cill Rónáin in a bhfuil 50Km mar treor luas.


Gradam Stáisiún Raidió na Bliana do Raidió na Gaeltachta

15/3/2005: "Mar gheall ar an tseirbhís chuimsitheach seo - nuacht, spórt, ceol agus idirphlé lena lucht éisteachta, tá an gradam seo ag dul go hÉirinn." Sin mar a fógraíodh go raibh gradam Stáisiún Raidió na Bliana á bhronnadh ar Raidió na Gaeltachta ag an bhFéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse 2005 a bhí ar siúl i gCaerdyth na Breataine Bige an tseachtain seo caite.
Bhí thart ar céad stáisiún raidió ó thíortha Ceilteacha san iomaíocht don ghradam nua seo, Stáisiún Raidió na Bliana, a fógraíodh den chéad uair riamh i mbliana.


Ocras ort i mBaile átha Cliath?

15/3/2005: Bhí díomá ar go leor daoine nuair a dhún caife Ghael Linn i mBaile átha Cliath an mhí seo caite. Ar an dea-uair, áfach, d'oscail caife Gaeilge eile i lár na cathrach i dtrátha an ama chéanna.
Má bhíonn rud beag sócúil ag teastáil uait, in áit atá compordach agus suaimhneach ach i ndeas d'achan rud fosta, is fiú go mór duit cuairt a thabhairt ar Chaife Úna, caife nua Gaeilge a d'oscail in íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag bun Shráid Chill Dara i mBaile átha Cliath le linn na míosa seo caite.
An scéal iomlán i mBeo


Cead pleanála diúltaithe

14/3/2005: Tá cead pleanála dúilteathe le ag Aquagael le feirm éisc a thógáil i gceantair na nOileán. D'fhéadfaí 500 Tonna turbairt a sholathar ann agus suas le 30 duine fa fhostú ann.


Ar dheis Dé! 15/4/2005: Cuireadh Eoin Pól II ar an Aoine seo caite agus inniú cuireadh Rainier III, Prionsa Mhonaco in Ard Eaglais San Nioclás ann. Seo pictiúr a tógadh i rith na seachtaine istig san Airdeaglais a theaspáineann pictiúir den Phrionsa agus den Phápa ann. Sé Monaco an tárna stáit Is lú ar domhain agus Cathair na Vaticeáine an stáit is lú. Bhí Máire Mhic Ghiolla Íosa a bhí ann ar son na hÉireann.

"Lár Sráide" sa Galway Advertiser
"Beo go deo" sa Connacht Telegraph
"Beo" na míosa seo

Méadú 127% ar chaiteachas poiblí poiblí ar leithroinnt phoiblí phoiblí do bhóithre náisiúnta TLTI ó 2000 agus méadú 62% ó anuraidh - Ó Cuív

14/4/2005: Dhearbhaigh an tUasal Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go dtaispeánann anailís a rinneadh ina oifig ar chaiteachas Feabhsúchán agus leithroinnt Feabhsúchán an Údaráis um Bóithre Náisiúnta gur mhéadaigh an caiteachas Poiblí ar bhóithre náisiúnta/an leithroinnt Phoiblí do bhóithre náisiúnta i Réigiún na Teorann, Lár-Tíre agus an Iarthair (TLTI) faoi dhó le cúig bliana anuas.
An scéal iomlán


Taispeántas nua le Seán Ó Flaithearta

14/4/2005: Deora Sáile is teideal do thaispeántas de shaothair nua ealaíne le Seán Ó Flaithearta. Beidh Deora Sáile ar taispeáint i nGailearaí Norman Villa i mBóthar na Trá i nGaillimh idir 7 agus 23 Aibreán 2005. "Tá plé in Deora Sáile idir leibhéil éagsúla an tsaoil. Iarrann Ó Flaithearta orainn tochailt faoi dhromchla an radhairc tíre chun teacht ar dhomhain fholaithe na scéalaíochta, na comharthaíochta agus an mhínithe."
Léig an scéal san Galway Independent.


An grian ag taitneamh in árainn

13/4/2005: Ghlach 120 i leath mharathon Inis Mhóir ar son Oispidéil an Bhean Tiarna i mBaile átha Cliath ar an domhnach seo caite. Bhunaigh Pádraig Ó Céidigh, Aer árann an rás roinnt bliainta ó shin. Bhí an bua ag Mairtín Ó Domhnaill In uair agus 21 neomaid
Suíomh Aer árann (Ait go leor i mBéarla amháin!)
"Caithfimíd a admháil go bhfuil tabhacht faoi leith i stair agus traidisiún i gcúrsaí pleanáil."

13/4/2004:Bhí Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais áitiúil ag cuir treoiracha nua i dtaobh chursaí pleanáil inniú.
Seo tuairisc ar suíomh na ranna - nach bhfuil Gaeilge ar bith ann!


Iarrann Ahern iarratais faoin Scéim Tacaíochta Pobail 2005 do Dhaoine Scothaosta

13/4/2005: D'fhógair Noel Ahern, T.D., Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur féidir le grúpaí deonacha agus pobail iarratais a chur isteach anois faoi Scéim Tacaíochta Pobail 2005 do Dhaoine Scothaosta. Foilsíodh fógraí faoin Scéim sna nuachtáin náisiúnta ar an luain.
An scéal iomlán


Deireadh le Gaeilge san ollscoil?

13/4/2005: Tá an-díospóireacht ar siúl mar gheall ar dlí nua chun deireadh a chur leis an coinneal teanga d'éinne atá a lorg post in Ollscoil Náisiúnta i nGaillimh. Tá an coinneal sin ann ó 1929. Seo na focail "To repeal the provision in the University College Galway Act 1929 which requires the college to give preference to Irish speakers in the making of appointments". Deireann an suíomh leis "Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós."
Clár Reachtaíochta an Rialtais


Scaradh RTÉ agus TG4

12/4/2005: Tá an aire Cumarsáid, Noel Dempsey ag lorg saineolaithe a bheidh sásta comhairle a thabhairt dó ar scaradh TG4 agus RTÉ.