|
Bíodh an t-ainm ceart ar do cheantair!
Airgead do Spleodar
25/4/2005: Tá €20,000 ceadaithe ag Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do Spleodar le cúnamh a thabhairt dóibh leanacht leis an obair iarchúraim a dhéanann siad leis na scoláirí a fhreastalaíonn ar Chólaiste Spleodar i nGaeltacht Chonamara gach bliain.
|
23/4/2005: Bhronn an tAire Ó Cuív cóipeanna den Órdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 ar ionadaithe na gComharchumann Ghaeltachta agus na gComhairlí Contae ag ócáid eagraithe ag Glór na nGael in Óstán na Páirce sa Spidéal.
Soiléarú ar choiníollacha teangan
Cinneadh stairiúil déanta ag an mBórd Pleanála
23/4/2005: Ceadaítear seacht dteach cónaithe déag, Bóthúna Thoir, sa Spidéal, gan coiníol teanga seachas go mbeadh ainm agus comhairthaí sa bhfoirbairt i nGaeilge) San dara chás cuireadh coinníoll teanga le 14 tithe cónaithe, sé árásáin, sé aonaid miondíola agus dhá oifig, Cnocán an Bhodaigh, sna Forbacha. Bíodh Gaeilge ag 60% de na tithe anseo.
Ceadaíodh scór tithe i Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Duibhne leis agus tá coinníol teanga (75%) le chur i bhfeidhm anseo leis.
Forbairt an Spidéil
Forbairt na Forbacha
|
Sceitimíní ort faoi na Scéimeanna? Bí foighneach go fóill!
23/4/2005: Ag deireadh Mheán Fómhair seo caite d'iarr an tAire Éamon Ó Cuív TD, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ar 25 comhlacht poiblí agus ar 12 Comhairle Baile dréacht-scéimeanna a ullmhú, faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bhí sé mhí acu chun an próiseas a chur i gcrích.
Tá an Roinn anois ag déanamh mionscrúdú ar na dréacht-scéimeanna, sula ndéanann an tAire iad a dhaingniú. Cé go bhfuil saincheisteanna fós le plé le comhlachtaí áirithe, dúirt urlabhraí ón Roinn go bhfuil siad sásta ag an bpointe seo le torthaí an chéad bhabhta agus gur dócha go ndéanfar a bhformhór a fhaomhadh roimh dheireadh na míosa.
Liosta de na comhlachtaí poiblí.
Neart Scéalta eile ar Ghaelport
Molann cáipéis RTÉ 'féinriail' do TG4
22/4/2005: Féinriail seachas neamhspleáchas atá á mholadh ag RTÉ do TG4 agus táthar ag iarraidh go gcuirfí ceadúnas teilifíse nua ar bun le híoc as.
I bplécháipéis rúnda a cuireadh le chéile faoin ábhar ar 30ú Márta, 2005, agus a cuireadh faoi bhráid an Roinn Cumarsáide, moltar gur cheart do TG4 bheith ina sheirbhís craoltóireachta féinrialach.
An scéal iomlán as an Irish Times
|
Cathaoirleach an Údaráis athceapaithe
21/4/2005: "Is duine fuinniúil, dúthrachtach é Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil dílseacht ar leith aige do shaol na Gaeltachta agus tuiscint domhain aige ar an gcur chuige a theastaíonn chun dul i ngleic leis na dushláin mhóra atá roimh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge araon. i rith a thréimhse mar chathaoirleach ar an Údarás go dáta, tá a chumas taispeánta aige agus meas dá réir tuillte aige." Aire na Gaeltachta. Breis faoi Liam Ó Cuinneagáin
|
Duine ar iarraidh ó Dhún Aonghus.
21/4/2005: Tá na Gardaí agus na seirbhísí slándála ag cuairtú an fhairge amach ó Dhún Aonghus do dhuine éigin tar éis eadaigh fháil ann aréir.
Cuireadh deireadh leis an gcuardach nuair a fuairthas ar míniú ar an scéal.
Cinneadh déanta
21/4/2005: Deirtear go bhfuil cinneadh déanta ag an mBórd Pleanála i dtaobh dhá iarratas sa cheantair sna bhForbacha agus sa Spidéal. Foilsítear iad chomh luath agus atá na coinníolacha scríobha amach acu.
Méadú ar airgead Bhóird na Leabhair Gaeilge
21/4/2005: Tá sé fógartha ag an Aire Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil maoiniú de €1,120,000 ceadaithe aige do Bhord na Leabhar Gaeilge i mbliana. Is méadú suntasach é seo ar an mbundeontas de €950,000 a cuireadh ar fáil do Bhord na Leabhar Gaeilge in 2004.
|
"Áthas Mór!"
Beinedict XVI 20/4/2005: Is é an Cairdinéal Joseph Ratzinger na Gearmáine atá ceaptha mar Phápa nua ar an Eaglais. Tá sé tar éis an t-ainm Beinedict XVI a thógáil. Thóig sé níos lú ná cheithre huaire fichead ar na cairdinéil an Pápa nua a thogh. An scéal i Lá
|
Caint faoin Bhánda Leathan arís
Ó Cuaig chun an cheist a árdú ag cruinnithe
20/4/2004: Tá an Comherleoir Seosamh Ó Cuaig chun ceist an Bhanda Leathan a árdú ag dhá cruinnithe amach anseo. Tá an t-ábhar curtha síos aige ar chláracha na chéad cruinnithe eile den Chomhairle Chontae agus de Bhórd an Údarás na Gaeltachta. Tá an chomhlacht Com1 ag obair ar bun stáisiún ar Sliabh Eilbhe i dtuaisceart. Is cosúil go mbeidh sé seo i ndán seirbhís leathan bhánda raidío a thabhairt d'éinne gCois Fhairrige agus i gCeantair na nÓileán gur féidir amarch soléir fháil ar an gcrann chraolta ar an sliabh. Cé go mbeidh sé daoir go leor do duine aonarach d'fhéadhfadh grúpaí beaga phoball teacht le chéile agus scéim a eagrú chun an chomhartha a úsáid. Suíomh COM1 (Béarla amháin).
An beagán ag bóithre Chonamara
20/4/2005: Ní chaithfear i gConamara ach 6.8% den chiste atá curtha ar fáil do bhóithre "Náisiúnta" sa chontae ar fad.
Ní chaithfear i gConamara ach 6.8% den chiste atá curtha ar fáil do bhóithre "Náisiúnta" i gContae na Gaillimhe aríst i mbliana.
An scéal i bhFoinse
Pleanáil sa Ghaeltacht ina phríomhábhar Ardfheise ag an gConradh
19/4/2005: I measc na bpríomhábhar atá á bplé ag Ard-Fheis bhliantúil Chonradh na Gaeilge, atá ar siúl i gCorcaigh an deireadh seachtaine beag seo, tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Tá moltaí déanta ag Craobhacha éagsúla de chuid an Chonradh go mba chóir do na húdaráis áitiúla, a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram, ráiteas tionchar teanga a éileamh ar gach iarratas pleanála sa Ghaeltacht.
An scéal i bhFoinse
Seán Ó Neachtain mar Eorpach na bliana?
19/4/2005: Tá ainm Sheáin Uí Neachtain luaite don bhliain seo. Tá an gradam seo reachtaithe ag Gluaiseacht na hEorpa. i measc dóibh siúd a fuair an t-ainm seo cheana tá Pat Cox, agus Adi Roche. Suíomh Uí Neachtain (an cuid is mó i mBéarla)
€560,000 do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann
19/4/2005: D'fhógair an t-Aire Éamon Ó Cuív T.D. ar an Luain go bhfuil €560,000 d'airgead reatha ceadaithe do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann don bhlian 2005. Is bun-mhaoiniú do Chomhaltas an t-airgead seo ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn taobh istigh den eagraíocht. Cinntíonn an maoiniú seo freisin go bhfuil airgead ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann le bun-riaracháin a dhéanamh agus leis an gceannáras a rith. An scéal iomlán
|
|