Iml 01: Eag 16


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

rua teleafón

An Cúléisteoir!

Bainimís úsáid as na seirbhísí trí Ghaeilge - An Comisinéir Teanga
11/5/2005: Ag cruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an 5 Bealtaine thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, tuairisc ar a ról agus ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Ghabh sé buíochas leis an gComhdháil as an obair atá déanta aici chun aird an phobail a tharraingt ar fheidhmiú an Achta agus mhol sé di leanacht lena feachtas chun a chinntiú go mbainfí leas as seirbhísí trí Ghaeilge.
Suíomh an Choimisinéara
Gaelport.com
Ag déanamh Pápa nua!
11/5/2005: Tá alt spéisiúl i gConnaught Telegraph na seachtaine seo ag Pádraig Standún faoi Chardinéal Meiriceánach a glach páirt in gConclave 1903 agus atá á gcomóradh in dTuar Mhic Chéidaigh.
An alt iomlán (Béarla)
Cainteanna á lorg ag na hoibrí
11/5/2005: Tá Seán Ó Droighneáin Ceard Chumannaí san an Údarás ag lorg cruinniú le Príomhfheidhnmeaneach leis an mBeartais Forbartha 2006/10 a phlé ó thaobh na hoibrithe de.
Tine i gColáiste Chonnacht
10/5/2005: Tháinig briogáid dóiteán chuig Coláiste Chonnacht ar an Spidéal. Is cosúil gur imigh scálán ríomhaire tré thine. Rinne deatach an-chuid damáiste don fhoirgneamh agus tógadh se roinnt mhaith ama sula mbeidh sé reidh le dul isteach ann arís.
Vóta mór ar son deireadh leis an chóras Réamh Eolais.
"Droch lá do Chonamara!" - Breathnach

10/5/2005: Is droch lá do Chonamara a dúirt an Comhairleoir Séamus Walsh (ar chlé)) nach féidir leis na comhairleoirí chontae dul agus troid ar son an phobal i gcúrsaí pleanála. Cinneadh ar socraithe eile seachas Réamh Eolas (Prior Notice) ag cruinniú den Chomhairle Chontae aréir.
Tá an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig (ar dheis) ar mhalairt tuairaimí faoi seo afach. Deireann sé go sabháladh sé airgead ortha siúd atá ag lorg cead pleanála sa cheantair.
Cheist "Cheol na Mara" le sochrú fós
10/5/2005: Dúltaíodh cead pleanála don athfhorbairt ar suíomh "Ceol na Mara" ar an Spidéal. Duradh go raibh an fhorbairt le bheith ró mór don láthair agus gan a bheith ag teacht le riailacha an Chomhairle Chontae i leith na Gaeilge. Bhí sé beartaithe ostán, arasáin agus carr chlós faoi talamh a thógáil ar an suíomh.
10/5/2002:
Eagrán na Bealtaine

5/5/2005:
Lár na Sráide
(Galway Advertiser)
Cabhair ón nGréig do na hOileán
9/5/2004: Le linn do Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bheith ag caint ag CCB Chomhdháil Oileáin na hÉireann in Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe ar an Aoine thug sé le fios go bhfuil sé socraithe aige oibriú le Aire Pholasaí Oileánda agus Aegean na Gréige, An tUasal Aristotelis Pavlidis ar mheon aontaithe san idirbheartaíocht ar pholasaí AE d'oileáin mara.
Leath bhadóirí ag cabhrú le hÁrainn?
9/5/2005: Agus ag caint faoin Aire Ó Cuív bhí argóint poiblí aige le Frank Fahey ar Raidío na Gaeltachta ar maidin. Is faoi chóras farantóireachta Árann agus costas breise a bhíonn ar muintir na hoileán chun breosla agus riachtanaisí eile fháil a bhí an argóint agus bhí sé deachair a dhéanamh amach cé aige a bhí an bua. Cinnte is beag cabhair a fuair muintir na noileán as!
Míol Mór Bhaile na hAbhann?
6/5/2005: Seo radharc nua atá le fail ó bhóthar na fharraige siar ó Bhaile na hAbhann go Ros a'Mhíl.

Moladh don Údarás ó Dhonncha!
9/5/2005: is minic a bhíonn gearáin ag Donncha Ó hÉalaithe i dtaobh chursaí teanga sa Ghaeltacht. Ar an eagrán deireannach d'Fhoinse tá litir mholaidh aige i dtaobh "Beartas Forbartha 2005-2010" a d'éisigh pr´iomhfheidhmeannach nua an Údaráis an seachtain seo caite.
"Tá macántacht sa doiciméad nach mbíodh le aithint roimhe seo i ráitis an Údaráis maidir le ceist chasta na Gaeilge. Tá an chuma ar an doiciméad go bhfuil an tÚdarás le dul i muinín saineolais agus éiri as an amaitéarachas chomh fada is a bhaineann sé le buanú na Gaeilge mar theanga pobail. Más mall is mithid."
Litir Dhonncha!
Coirp oideachas i mbaol
6/5/2005: Cé gur ceadaíodh €80,000 in aghaidh na bliana ceadaithe ag an Roinn PTG don ghrúpa Seirbhís Spóirt Chonamara anuireadh níl pingin de feicthe acu go dtí seo de bharr aighneas idir iad féin agus an Roinn mar gheall ar choiníollacha na roinne. Tá beirt fostaithe ag an ghrúpa seo ag tabhairt ranga choirp oideachas sna scoileanna i gConamara. Muna bhfaigeann siad an tairgead go luat tá baol ann go gcuirfear deireadh leis an obair seo ar fad agus beidh ar na scoileanna dul chuig dream éigin as an gceantair chun an seirbhís seoi a sholáthar dóibh.
An scéal i bhFoinse
Fógra an deontais i 2004
Siopa díolta
6/5/2005: Tá Siopa an Phobail in indreabhán díolta ag Seán Ó Foigheal agus a bhean Mairéad.
Anocht FM
3/5/2005: Cuireadh tús aréir le seirbhís nua don óige, Anocht FM, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Don chéad uair ó thosaigh an stáisiún ag craoladh, cloistear liricí i mBéarla ar an tseirbhís nua.