Litir chuig an Aire

'Éamoin, a chara
Gura maith agat as do litir 8/8/2006 a fuair mé inniú - feabhas ag teacht ar an bPost?.
Sa phoist céanna fuair mé mo bhille teileafón. Chaith me €153 (€155 san tréimhse roimhe sin) ar an idirlíon. Dá mbeinn ceangailte leis an idirlíon ní bheadh ach timpeall a leat de sin le n-íoch agam agus bheadh seirbhís 100% níos áisiúla agam.
Maidir leis an méid a dúirt mé faoi Seosamh Ó Cuaig admhaím go raibh mé beagáinín "díobhálach" agus mé á rá agus tuigim go bhfuil daoine mar thú fhéin ag obair go chrua ar son muintir na tíre cé nach ndeireann sibh mórán faoi!
Mar a dúirt mé chuir mé breis is 25 litreacha nó ríomh-phostanna amach agus fuair mé freagra uait-se, Seán Ó Neachtain agus Seosamh Ó Cuaig in nGaeilge (mar a scríobh mé). Fuair mé freagra i nGaeilge leis ó Jim Higgins agus Pádraig McCormack ach d'athraíodar go Béarla in dhiaidh sin. Agus fuair mé freagra i mBéarla amháin ó Noel Grealish.
Ní fhuair mé fhreagra ar bith ó éinne eile ach léigh mé litir ó do chom-theachta Frank Fahy sa Churadh Chonnachtach (Fahey Lashes out at critics on Broadband: 2/6/2006)  ag rá go raibh rudaí ag dul ar aghaidh go maith agus a thagraíonn don méid daoine a bhí "cláraithe". Ach ní féidir dul chun chinn a thabhairt ar an méid daoine atá cláraithe. Is ceart dul chun chinn a mheas trén méad daoine gur féidir leo a bheith ceangailte leis an gcóras. Tá 100% mar sprioch anseo - rud atá aimsithe sa tuaisceart.
Fuair mé é seo ó Oifig an Aire Cumarsáide ar an "Thar ceann an Aire Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádútha admhaím go bhfuathas do liter le déanaí. Cuifear a bhfuil ann in iúl don Aire " (9 Már 2006 10:13:37 -0000). Faic níor chualadh mé uatha ó shin. Ní nach ionadh nach bhfuil an t-uafás muinín as an roinn sin!
Tuigim go bhfuil na rothaí ag gluaiseacht istigh sa Rialtas mar a deireann tú. Ní thuigim cén fáth go bhfuil siad comh damanta mall.
Cosnaíonn sé i bhfad níos mó airgead bóthar a thógáil, nó iarnród, ach níl muid ag caint faoi mórán airgead anseo. I bfhad níos lú ná na milliúin a cathadh ar chóras ríomhaireachta nach n-oibríonn don Roinn Sláinte, nó ar na hinnil vótaíochta!
Bíonn duine éigin ag caint faoin easpa bhanda leathan ar Raidío na Gaeltachta - duine bocht as Chúil Aodha ar maidin - agus ní thuigeann sé, agus ní thuigim féin cén fath nach chinneann an Rialtas an beagáinín airgead seo a caitheamh.
Tá súil agam go bhfuil tusa agus an comhaireacht chun cinneadh a dhéanamh ar seo go luath.
Mise le meas ort

Litir ón Aire 31/8/2006
Eoin, a chara

Tagraím don r-phost a chuir tú chugam dar dáta 10 Lúnasa 2006. Is oth liom nár fhreagair mé roimhe seo é ach bhí mé ar saoire ó shin.

Ba mhaith liom a shoiléiriú nach costas an fhadhb is measa ach rialacha na hEorpa maidir le State Aids. Phlé mé an cheist arís leis an Aire Cumarsáide agus tá mé sásta go dtuigeann sé an phráinn a bhaineann leis. Tá fhios agam freisin go bhfuil an Taoiseach ar an eolas faoi na fadhbanna.

Tuigim go bhfuil baint éigin leis an moill maidir le "unbundling the local loop" leis an bhfadhb ar an taobh seo den teorainn agus tá céimeanna a ghlacadh leis seo a réiteach.

Arís ba mhaith liom dearbhú nach fadhb airgid é agus dá mba rud é go raibh sé chomh simplí sin go mbeadh an fhadhb leigheasta i bhfad ó shin.

Má theastaíonn uait teacht ag ceann de mo chlinicí leis an gcás a phlé liom tuilleadh, ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh le m'oifig ag 091-562846 le coinne a dhéanamh.

Is mise, le meas

Éamon Ó Cuív, T.D.
Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta

Freagra ar litir an Aire
1/9/2006

A Aire,

Gura maith agat as an litir a sheol tú chugam.

Sé an moill atá ag chur isteach ormsa níos mó ná rud ar bith eile.

Le seachtain anuas tá mé ceangailte le chóras deonach gan sreang agus is cosúil go bhfuil sé ag obair go maith. Tá sé á sholáthar ag grúpa díograsóirí agus táid láidir go leor in Co an Chláir, Luimneach agus i nDeisceart na Gaillimhe. Ar ámhairí an tsaoil bhí nód acu ar an gCaorán Beag agus bhí mé i ndán teagabháil leis an nód sin. Anois tá nód agam féin anseo ar an gCaorán agus is féidir le daoine sa cheantair seo - agus comh fada ó dheas le hInis Mór teagabháil a dhéanamh liomsa gan mórán costas insealbhú agus gan costas ar bith ina dhiaidh sin.

An taon míbhuntáiste atá ann ná go bhfuil an córas ag brath ar deathoil na daoine gur leo na nódanna. Tá an teolaas go léir le fáil ar www.irishwan.ie.

Tá súil agam go leaanadh tú ar aghaidh le do chuid oibre agus go n-éireóidh leis an "unbundling" seo, agus go mbeadh sibh i ndán córas leathan bhanda ceart a thabhairt gan mhoill chuig chuile aird den tír.

Gura maith agat as an obair atá idir lamha agat dúinn.

Mise le meas ort

Eoin Ó Riain

Litir ón Aire Éamon Ó Cuív - Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
8/8/2006

Eoin, a chara

Tagraím don r-phost a chuir tú chugam le gairid maidir le cúrsai Ieathanbhanda.

Tuigim an phráinn agus an tábhacht a bhaineann leis an obair seo agus tá plé Ieanúnach ar bun idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta faoi. Ar ndóigh, nil an fhadhb seo amháin sa Ghaeltacht agus is de bharr sin tú plé á dhéanamh ar an gceist ag Ieibhéal Roinne agus leibhéal Rialtais. Is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil obair dhian ar bun fúachaint cén bealach is fearr déanamh cinnte go bhfuil Ieathanbhanda ar fáil trasna an Stáit ar fad.

Ni thiocfainn leat ar chor ar bith nach bhfuil éinne seachas Seosamh Ó Cuaig ag déanamh aon rud faoi. Ar ndóigh, mar Chomhairleoir Contae áitiúil, tá an ceart ag Seosamh Ó Cuaig a bheith ag caint faoin gceist agus á thógáil sna fóraim a bhfuil sé páirteach iontu. Ar ndóigh domsa mar Aire Rialtais, tá an scéal beagúinin difriúil. Tú sé de phribhléid agam a bheith mar bhall den chomhaireacht áit go mbíonn deis agam labhairt le mo chomh-airí agus a bheith páirteach i gcinnithe. Le dul i bhfeidhm orthu ar ndóigh, ní gá dom ráitis poiblí a dhéanamh ag tathant orthu rudaí a dhéanamh mar go bhfuil sé i bhfad nios éifeachtaí an rud a phlé go hinmheánach. Tuigeann siad, mar Aire Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil mé thar a bheith buartha faoin gceist seo agus go gcreidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach.
Litir 12 Aibreán 2006 Eoin, a chara

Tagraím d'fhiosrúcháin a rinne mé ar do shon maidir le seirbhis leathanbhanda i ndeisceart Chonamara.

Leis seo tá cóip de fhreagra a fuair mé 6 Údarás na Gaeltachta maidir legs an gceist seo, a mhíníonn an cás go mion.

Is mise, le meas

Éamon Ó Cuív, T.D. Aire Gnóthai Pobail, Tuaithe & Gaeltachta

Ar ndóigh, is é an chaoi a bhfuil sé leis an Rialtas ná, nuair a bheidh cinnithe tógtha, fógrófar iad. Go minic tarlaíonn sé mar sin go gceapann daoine nach bhfuil rud ar bith á dhéanamh faoi ábhar agus go tobann tagann rúiteach nó dul chun cinn suntasach. Is fúidir leat a bheith cinnte go bhfuil súil agam gurb amhlaidh a bheas sa chás seo.

Is mise, le meas


Litir 1 Márta 2006
Eoin, a chara
Tagraím don r-phost a chur tú chugam dar dáta 10 Feabhra 2006.
Tá a bhfuil sa litir seo maidir le cúrsaí leathanbhanda nótáilte agam agus tá mé ag iarraidh eolas cuimsitheach maidir le na pleananna atá ann seirbhís leathanbhanda a chur ar fáil do dheisceart Chonamara.
Ar ndóigh le sin a dhéanamh ní mór dom, ní hamháin eolas a fháil ar na ceantair ginearálta go mbeidh seirbhís ann, ach an córas faoin a scaipfear an comhartha. Mar is eol duit le córas DSL, níl sé ar fáil ach taobh istigh de raon gairid don mhalartán.
Chomh luath agus a bheidh tuilleadh eolais agam faoin gceist seo, beidh mé i dteagmháil leat arís.
Is mise, le meas
Éamon Ó Cuív, T.D.
Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta