A Chara,

'Bagraíonn tuismitheoirí Chonamara a gcuid gasúir a choinneáil ón scoil' (15/6/2005)

Cáineadh Láidir! (11/6/2005)

 

Tá Feachtas tosnaithe againn anseo mar gheall ar athruithe atá á dhéanamh ar an soláthar Oideachas Speisialta ar fud na tíre. Tá postanna ag imeacht, agus lagú á dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.

 

Táimid ag iarraidh brú a chur ar an Aire Oideachas, Máire Ní Ainiféin T.D., bualadh linn lenár imni a léiriú. D'fhéadfá tacú linn ins an bhfeachtas tré an litir seo thíos a chóipeáil agus a chur chuici ag:

 

mary.hanafin@education.gov.ie

 

Ansin, d'fhéadfá an ríomhphost a chur ar aghaidh chuig daoine eile a bheadh in ann tacú linn.

 

Tá muid thar a bheith buíoch duit.

 

Trevor Ó Clochartaigh

An Feachtas Oideachais Speisialta

F/ch: Comhairle Ceantar na nOileán

Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe

Fón: 091-551922 Faics: 091-551921

Fón póca: 087-9110672

Ríomhphost: ceantarnanoilean@eircom.net

 


Tag: Bunscoileanna Chonamara

 

A Aire,

 

Bhí cruinniú práinne De Céadaoin seo caite, an 15ú Meitheamh, i mBéal a'Daingean, i gConamara, faoin gcinneadh atá tógtha ag an Roinn Oideachais athrú a chur ar na socruithe maidir le múinteoirí do dhaltaí le riachtanaisí speisialta.

 

Tá go leor mí-shástacht sa bpobal maidir leis na h-athruithe agus ceapann muid go mbeidh daltaí ó formhór scoileanna Chonamara thíos leis má leantar ar aghaidh leis na socruithe. Tá postanna le cailleadh agus daoine a bhfuil blianta seirbhíse sa réimse seo tugtha acu, á n-aistriú go jabanna eile. Beidh daltaí sna scoileanna tuaithe, a dteastaíonn na seirbhísí riachtanacha seo uathu, thíos leis na h-athruithe. Beidh brú breise ar na múinteoirí agus príomhoidí. Tá na h-athruithe seo á dhéanamh faoi dheifir gan aon phlé oscailte leis an bpobal ná na múinteoirí agus beidh impleachtaí tromchúiseacha acu ar chaighdeán oideachais sna scoileanna Gaeltachta agus ar fud na tíre má ghlactar leo ceapann muid.

 

Ní fheileann an córas nua seo na scoileanna bheaga ar bhealach ar bith. Tá an fhadhb níos casta arís nuair is scoileanna, gurb í an Ghaeilge an teanga múinte inti, atá i gceist.

 

Tá deire na scoilbhliana buailte linn agus gan aon soiléireacht faoi cá seasann na daltaí ná na scoileanna sa réigiúin seo don chéad scoilbhliain eile. Iarrann muid ort athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás do scoileanna Chonamara mar ábhar phráinne ar mhaithe leis na gasúir agus na múinteoirí. Tá muid ag iarraidh na postanna sa réimse seo inár gceantar a choinneáil buan don scoilbhliain seo chugainn ar a laghad le gur féidir aon athrú a dhéanfar a mheas i gceart.

 

Le Gach Deá Mhéin,