Dea-shampla idirlín de dhíth ar na páirtithe;
Sinn Féin agus na Glasaigh chun tosaigh
An Alt seo i bhfoirm pdf!

Ian Cussen - Lá Nua 11/1/2008

Fianna Fáil
Agus mé ag amharc ar shuíomh idirlín Fhianna Fáil, chuir sé ionadh agus áthas orm go raibh leagan dá suíomh ar fáil acu i nGaeilge. Nó sin a bhí le tuiscint. A leithéid de chur-i-gcéill. Bhrúigh mé an nasc agus cé go raibh na teidil uile i nGaeilge, is i mBéarla a bhí an t-eolas uile (seachas dhá leathanach i bPolainnis!).
B'amhlaidh ar leathanach an Aire Uí Chuív, seachas dhá ábhar bheaga nuachta i nGaeilge.
Shílfeá freisin go mbeadh Fianna Fáil, an páirtí a reachtaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla, in ann an dea-shampla a thabhairt maidir leis an leagan ceart Gaeilge a thabhairt ar bhailte na Gaeltachta, de réir ordú a rinne an tAire Éamon Ó Cuív faoin reachtaíocht sin. Ar an drochuair, áfach, tá na 'Aran Islands' againn i nGaillimh Thiar (seachas Oileáin Árann), Belmullet i Maigh Eo seachas Béal a' Mhuirthead agus, i gCiarraí Theas, áit a raibh go leor clampair faoi, tá Dingle seachas An Daingean. Mura feidir le Fianna Fáil, atá ag maíomh as Acht na dTeangacha Oifigiúla a reachtú, an dea-shampla a thabhairt, cé a thabharfaidh é?
Fine Gael
Oiread agus focal (seachas ainm an pháirtí) cé gur Gaeilgeoir atá i gceannas. Chuir mé glao orthu is dúirt leo gur beag iontaoibh a bheadh ag Éirinn na Gaeilge astu. 'Ach,' ar sé, 'tá Gaeilge ar an suíomh.' Bhrúigh mé na cnaipí uile gur tháinig mé ar an Ghaeilge: iomlán de shé abairtí, agus b'shin a bpolasaí i leith na Gaeilge. Fine(cur-i-)gCéill?

Na PDanna
Faic na fríde - cé go bhfuil Gaeilge ar a thoil ag an iar-cheannaire. Dúirt a nurlabhraí liom nach raibh aon phleananna acu Gaeilge a chur ar an suíomh. Is féidir go mbeidh na PDanna 'nua' níos báúla leis an Ghaeilge agus, ar ndóigh, le dlí na tíre.

Páirtí an Lucht Oibre
Ar nós Fhine Gael, is follas go bhfuil a gcúl tugtha ag Labour don Gaeilge. Is dócha gur shíl siad nár ghnóthaigh siad dóthain vótaí ó aos na Gaeilge tar éis do Mhicheál D TG4 a thabhairt ar an saol.

An Comhaontas Glas
Cé gur caomhnú na timpeallachta is glaineacht aeráide atá sa treis acu, tá raidhse Gaeilge ar a suíomh ar nós: sonraí na bpolaiteoirí, a bpolasaithe, seoltaí na dteachtaí dála agus mórchuid eile. Tá Gaeilge gan amhras ag an iar-cheannaire agus níl Gormley bodhar uirthi ach an oiread. Tá níos mó Gaeilge ag na Greens ná an chuid eile uile de na páirtithe uile thuas.

Sinn Féin
Sinn Féin, an páirtí is lú sa Dáil nua agus an páirtí is lú acmhainní fosta, an t-aon pháirtí a thugann comhionannas don Ghaeilge ar a suíomh idirlín agus iad ag cur leis uile sheachtain. Cé gur i mBéarla atá teidil na noifigeach, dúirt a n-urlabhraí go gceartódh siad sin go luath. Nach ábhar iontais é go dtugann na páirtithe leis an méid is lú acmhainní an méid is mó airde ar an Ghaeilge.

Más léiriú iad suímh na mór-pháirtithe ar a ndearcadh ar an Ghaeilge, is beag dóchas a bheidh fágtha ag an 1.65 milliún le Gaeilge sa stát. Tá sé in am brú a chur ar na Teachtaí Dála a thaispeáint dúinn cad é an deathionchar a bheidh acu ar úsáid na Gaeilge. Caith do vóta leis an dream is treise ar a son, sa chéad toghchán eile.
Bhfuil feabhas ar bith ann? (2007)

Bhfuil Fianna Fáil dairíre faoin nGaeilge? (23/3/2014)