Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 18

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann
Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
€3m d'otharcharranna deonacha i limistéir CLÁR

30/3/2007: Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, scéim nua de chuid CLÁR chun otharcharranna a chur ar fáil do sheirbhísí deonacha otharchairr Chumann na Croise Deirge agus Ord Mhálta i limistéir CLÁR.


30/3/2007: Na Beanna Beola ó Loch Fada inné!
Baill Chonamara sna Connaught Rangers 29/3/2007Craolfar clár spéisiúil ar Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh seo chugainn, 1 Aibreán, faoi ghrúpa fear óg ó Chonamara a bhí ag troid sa chéad chogadh domhanda i Reisimint na Connaught Rangers. Bunaithe ar cháipéisí cartlainne Arm na Breataine, insíonn an clár seo scéal na bhfear óg as Conamara a liostáil ar an Rinn Mhór, Gaillimh, le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
Is é an t-iarcheannfort airm Frank Reidy agus Mairéad Uí Chuaig a rinne taighde ar an gclár agus is í Mairéad Uí Chuaig a láithrigh agus a léirigh. Beidh an clár le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh (1/4/2007 ! Iar nóin)
Laghdú beag i gcéatadán na gcainteoirí Gaeilge

29/3/2007: Foilsíodh príomh príomhthorthaí déimeagrafacha Daonáireamh 2006 inné.
Bunaithe ar thorthaí an daonáirimh, dúirt níos mó daoine sa bhliain 2006 go raibh Gaeilge acu (1.66 milliún) i gcomparáid le 2002 (1.57 milliún). Ach, ó thaobh céatadáin bhí laghdú beag ann ó 42.8% sa bhliain 2002 go 41.9% sa bhliain 2006. Thit céatadán na nGaeilgeoirí i ngach ceantar Gaeltachta ach amháin i gCo na Mí agus i gCo Phort Láirge-an dá Ghaeltacht is lú.
Preas Ráiteas ón Oifig Staidreamh - Ait go leor níl na torthaí le fáil ach i mBéarla amháin!
30/3/2007: Ráiteas ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi seo!


Seirbhís ShaorChomhairle Dlí

27/3/2007: Seolfar seirbhís nua do lucht na Gaeilge i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn nuair a chuirfidh Abhcóidí agus Aturnaetha le Gaeilge Seirbhís ShaorChomhairle Dlí ar fáil i gcathair na Gaillimhe i gcomhar le Coradh na Gaeilge. Cuirfear tús leis an tseirbhís nua Dé Céadaoin seo chugainn 4 Aibreán, in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic. Beidh foireann ullmhaithe ansin chun comhairle a chur ar aon duine ar mian leo é ó 5.30i.n. go dtí 7.00i.n. Cuirfear comhairle ar fáil faoi gach gné den dlí agus cuirfear comhairle ar fáil freisin más mian le daoine leanúint ar aghaidh agus gníomhú de réir na comhairle sin.
Beidh an tseirbhís nua seo ar fáil ar bhonn píolótach ag Conradh na Gaeilge, ar an gcéad Chéadaoin de mhí Aibreáin, Bealtaine, Meithimh agus Iúil chun éileamh agus dul chun cinn na seirbhíse a mheas.


Triúr ag Fianna Fáil, ceann an duine ag na Glasaigh agus Michael D!

Dianchúrsa do Bhéaltriail na hArdTeistiméireachta
26/3/2007: Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag reáchtáil Dianchúrsa do Dhaltaí na hArd Teistiméireachta 2007. Tá an Dianchúrsa seo ann chun daltaí a ullmhú do Bhéaltriail na Gaeilge.
Beidh sé ar siúl ar an gCéadaoin 4 Aibreán ón 10.00r.n-4.00 i.n, agus ar an Déardaoin 5 Aibreán ón 10.00r.n-1.00i.n. Tá 25% de mharcanna iomlána an scrúdú Gaeilge ag dul don Bhéaltriail. Tá costas €100 agus spás teoranta do 14 ar an Dianchúrsa seo.
Is féidir foirmeacha Iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, Fón (091) 567824.
26/3/2007: Sin an cosúlacht atá ar an scéal do réir suirbhé den Dáil cheaantair (Gaillimh Thiar) atá déanta ag an MRBI do Raidío na Gaeltachta a foilsíodh ar maidin. Bhí Éamon Ó Cuímh (27%) agus Frank Fahey (13%) ar bharr agus ansin bhí Niall Ó Brolcháin agus Michael D O'Higgins le 11%. Is cosúil go mbeidh troid uafásach ann don cúigiú suíochán idir Michael Crowe, Noela Grealish agus Pádraig MacCormack.
Cé bheidh ag lorg do vóta?
An scéal seo i Lá Nua 27/3/2007


Uisce gan mhaitheas!

24/3/2007: Tá cuardú dian ar siúl ag na húdaráis áitiúl chun foinse an truailliú atá san uisce sa chontae agus sa cathair le breis is dhá seachtain anuas. Glaoghtar cryptosporidiosis ar an truailliú seo. Tá úsáid a bhaint as eitileáin chun an foinse seo a lorg.
Ni féidir an tuisce a úsáid sna ceantracha, Maigh Chuileann agus An Acréidh san áireamh, gan é a fiuchadh.

Na Crosáin ag léiriú Chekhov

23/3/2007: Cuireadh tús aréir le léiriú na Crosáin ar trí dhráma de chuid Chekhov (ar dhheis). Tá na drámaí, faoi stiúir Mharc Mhic Lochlainn, ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe go dtí oíche amárach.
Thosaigh Na Crosáin ‹ aisteoirí óga na Taibhdheirce ‹ ar an togra dúshlánach seo i mí na Samhna seo caite. Is iad na haisteoirí agus stiúrthóirí féin a d'aistrigh na drámaí go Gaeilge agus is iad na baill iad féin atá á stiúradh.

Ceardlann Scríbhneoirí

23/3/2007: Cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar shaothrú litríocht na Gaeilge le glúin no dho anuas, tá saothrú an phrois sách lag i gconaí, go háirithe i measc scríbhneoirí oga. Tá go leor filí oga i mbun filíochta, ach tá dua agus deacracht bhreise ag baint le saothrú an phrois. Chuige sin tá Clo Iar-Chonnachta, i gcomhar le Bord na Leabhar Gaeilge, ag reáchtáil ceardlann náisiúnta do scríbhneoirí prois i nGaeltacht Chonamara thar dhá dheireadh seachtaine, i mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fomhair 2007. (Galway Independent)

Saorscaipeadh Lá Nua sa Ghaillimh

22/3/2007:Tá tús curtha ag Lá Nua le saorscaipeadh an nuachtáin i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe. I measc na n-áiteanna agus na n-eagras éagsúil ina bhfuil nuachtán laethúil na Gaeilge anois ar fáil saor in aisce tá Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Taibhdhearc, Raidió na Gaeltachta agus TG4. (Lá Nua)


Breis is €13m Ceadaithe ag Ó Cuív do Ché an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin

Aon phleán acu?

21/3/2007: D'iarr an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig ar an Roinn Cumarsáide a pholasaí i leith chóras bhanda leathan ó chuireadar deireadh leis an córas grúp scéimeanna. Thagair sé don scéim atá ag Tuaisceart Éirinn ina bhfuil an chóras bhanda leathan le fáil ar fúd an limistéir sin.

22/3/2007: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil deontas €13.005m ceadaithe aige chun Cé an Chalaidh Mhóir a fhorbairt ar Inis Meáin. Costas iomlán de €13.195m atá i gceist agus beidh €190,000 ag teacht ó Chomhairle Contae na Gaillimhe.
Mar chuid den obair a bheidh á déanamh beidh tógáil tonnchoisc, dreideáil an chalafoirt agus síneadh leis an gcé. Tógfar bóthar agus áit tiontaithe chomh maith. Tá cead tugtha ag an Aire freisin do Chomhairle Chontae na Gaillimhe an conraitheoir SIAC a fhostú chun an obair a dhéanamh.


Ranganna le fáil

21/3/2007: An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach?
Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh an Earrach seo agus beidh daoine in ann cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge.
Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith, tráthnóna amháin sa tseachtain ar feadh 8 seachtaine. Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 091 567 824 nó conradh@bradan.io.ie.