Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 25

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Bonn óir RnaG

23/7/2007: Bhronn Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, Bonn Óir RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ócáid in Oifig an Uachtaráin, ONÉG inniú. Tá an duais seo buaite ag Daráine Ní Mhaoilmhichíl, as an gcaighdeán is airde a bhaint amach ar an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2006.

Nancy Bhán seolta!

Bhí os cionn trí chéad duine i láthair nuair a sheol Seosamh Ó Cuaig dlúthdhiosca úr Bheairtle Uf Dhomhnaill, Nancy Bhán ar an Droim i Leitir Mór. Tháinig go leor de mhuintir na háite, agus bhl an tatmaisféar go hiontach. Tháinig Mick Kane agus a bheirt deirfiúr anall as Boston don ocáid, daoine eue as Chicago agus Sasann

Seolfar seoid álainn an amhránaí sean-nóis
An méid atá fagtha den droichead ag an Líonáin! (Cúradh Chonnachta)

20/9/2007: Ó na chéad nótaí cairdín amach, beireann an t-albam Má Bhíonn Tú Liom Bí Liom greim ort, obair chleasach chorrach uirlise, dreas ealaíne ar chuir cairde ceoil críoch air. Dónal Lunny an léiritheoir ar cheithre rian déag ríoga a chuireann cíocras chun ceoil ort; agus siúd arís an bosca a chur áilleachta leis an phléisiúr ar blaiseadh de. Tá fréamh phríomha Chonamara i Róisín Elsafty, agus le blas na hÉigipte, tá rud eile ansin. (Lá Nua)
Foilsithe ag Cló Iarchonnachta

Toscaireacht chuig Aire nua!

20/9/2007: Mhol an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig go gcuirfear toscaireacht ó Údarás Réigiúin an Iarthair chug an Aire nua Cumarsáide, Éamon Ryan, chun deimniú go mbeadh choras ceart bhanda leathan i gConamara agus ar fud an Iarthar ag cruinniú den Údarás le déanaí. Glacadh leis an rún.
Suíomh na Ranna Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmhuinní Nádúrtha (Béarla) Is cosúil nach bhfuil suíomh ag Údarás Réigiún an Iarthair!

Droichead an Líonáin gafa ag tuilte!
18/7/2007: Leagadh an droichead ar an Líonáin um thráthnóna. Bhí titim mór bháisteadh agus tóg na tuilte an droichead ar a raibh an N59 - bóthar ón gClochán go Cathair na Mairt - isteach sa bhfairrge. Níor gortaíodh éinne. Tógadh an droichead 180 bliain ó shin. Tá na bóthar féin dúnta agus tá ar carranaí dul as a mbealach nios mó na céad fiche KM chun an turas a dhéanamh anois.
Deineadh an scannáin cáiliúil "The Field" le Richard Harris agus John Hurt ar an Líonáin agus thar timpeall an droichead i 1990.
Siamsa Choilm de Bhailís

19/7/2007: Tionólfar Siamsa Choilm de Bhailís na bliana seo ón 21 ­ 22 Iúil i gCeantar na nOileán agus an ceantar máguaird. Tá an deireadh seachtaine seo á eagrú ón bhliain 1995 mar chuimhneachán ar an bhfile agus an cumadóir amhrán Colm de Bhailís. Rugadh Colm sa bhliain 1796 agus bhain sé cáil amach dó féin mar chumadóir ar chuid d¹amhráin mhóra Chonamara ar nós Amhrán an Tae agus Cúirt an tSrutháin Bhuí.
Suíomh Choilm de Bhailís

Níl imeacht na Gaeltachta dosheachanta - Conradh na Gaeilge

17/7/2007: Níl bás na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht dosheachanta má dhéantar bearta daingne cinnte anois chun an scéal a leigheas dar le Conradh na Gaeilge. "Is ceist thábhachtach í todhchaí na Gaeltachta don náisiún go léir" a dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha, a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Ráth Chairn, agus é ag trácht ar thuairisc Ollscoil na hÉireann Má Nuat a sceitheadh agus a deir go bhféadfaí go n-éagfaidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht faoi 2025 má leanann cúrsaí mar atá.
An scéal seo i Lá Nua

Fógraíocht Gaeilge de dhíth

18/7/2007: I litir a sheol an tAire Éamon Ó Cuív T.D. chuig Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cúpla lá ó shin dúirt an tAire go raibh súil aige na Rialacháin faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla a dheimhniú go fíorluath. Measadh go raibh na dréachtrialacháin a foilsíodh sa bhFomhair, lochtach sa mhéid is nár chlúdaigh siad na réimsí uile atá ceadaithe faoi Alt 9. I measc réimsí a bhí fágtha ar lár bhí réimse na fógraíochta agus is í an tuairim choitianta go bhfuil cúlú ar siúl ag na comhlachtaí poiblí sin, a bhí ag feidhmiú de réir spiorad an Achta, ó bheith ag cur fógraí dátheangacha sna nuachtáin. Áitíonn an Chomhdháil ar an Aire, arís, a chinntiú go mbainfidh sé leas iomlán as a chumhachtaí faoin Acht agus Rialacháin a dheimhniú a chlúdóidh na réimsí uile a cheadaíonn Alt sin.
Barúil i Lá Nua faoi seo!

Cuma breá nua ar líon-chraoltóir

13/7/2007: Tá dul chun cinn ar an leagan úr don líon-chraoltóir lán Gaeilge Raidió Idirlíon ag éirí thar barr, de réir bunaitheoir an stáisiúin Seán Ó Maoldúin. Is líon-chraoltóir lán-Gaeilge é Raidió Idirlíon. Tá dhá chainéil ann: rac-cheol agus ceol traidisiúnta. Athríonn an liosta casaidh chuile lá i rith na seachtaine.
"Tá cuma breá nua ag an suíomh anois. Tá sé i bhfad níos dathúla ná mar a bhí. Táim an sásta leis an obair go dtí seo agus beidh níos mó le féachaint fós," a dúirt Ó Maoldúin.
"Tá i bhfad níos mó eolais le fáil anois faoi na ceoltóirí atá le cloisteáil ar an raidió. Tá naisc ar ais go dtí a leathanaigh féin. Tá go leor naisc freisin go dtí na siopaí leictreonacha ina bhfuil a n-amhráin le fáil."

Tuairisc Ghaeltacht Mhaigh Cuilinn Seolta

12/7/2007: Tá Craobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gníomhú láithreach chun maoiniú a chur ar fáil le plean Gaeilge a ullmhú don pharóiste agus chun foireann lánaimseartha a chur ar fáil chun an pobal a chumasú chun an plean sin a chur i gcrích. Dúirt an Chraobh gur beag ionchur atá ag na háisíneachtaí stáit atá freagrach as cúrsaí Gaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge i Maigh Cuilinn, go raibh gá é seo a athrú agus go raibh gá gníomhú go práinneach lena chinntiú go leanfaidh an Ghaeilge mar theanga bheo i Maigh Cuilinn. (Galway Advertiser)
18/7/2007: Teachtaireacht Láidir O Mhaigh Cuilinn (Galway Independent)

Dúshlán Aclaíochta do Chernobyl

12/7/2007: Rinne Gemma Ní Chionnaith, Raidió na Gaeltachta, agus an peileadóir Paul Clancy an tríú Dúshlán Rothaíochta agus Dreapadóireachta a sheoladh le déanaí ar mhaithe leis an gcarthanacht Tacaíocht Chernobyl Éireann. Beidh an ócáid í féin ar siúl ar Dé Domhnaigh 22 Iúil i gcomhar le Safety Direct agus rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar i dtreo obair na carthanachta chun teacht i gcabhair ar dhílleachtaí sa Bhealarús. (Galway Advertiser)
Suíomhanna: Safety Direct agus Chernobyl Idirnáisiúnta (Béarla)

Cré na Cille sa bhFéile Scannánaíochta

11/7/2007: Beidh an gné-scannán lánfhada Cré na Cille á thaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe Dé Sathairn seo chugainn an 12ú Iúil san Omniplex i nGaillimh.
Is ghné scannán lánfhada atá inti, bunaithe ar an úrscéal clúiteach Cré na Cille. Tá an léiriú déanta ag ROSG mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair Máirtín O Cadhain. (Galway Independent)
Fleadh Scannán na Gaillimhe (Béarla)


An Chéad Chéim

11/7/2007: Beidh Branar Drámaíochta ag crochadh brat na Gaeilge go h-ard i rith seachtaine na Féile Ealaíne i mbliana le seo nua do pháistí atá lán de spleodar agus spraoi, a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc ar an 27ú, 28ú agus 29ú Iúil, ag 3.00i.n gach lá.
Suíomh Bhranair


Ceapachán nua i réimse na nealaíon déanta ag an Acadamh

10/7/2007: D'fogair Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go bhfuil Marianne Ní Chinnéide ceaptha mar Riarthóir na dTaibh-Ealaíon.
Tá breis agus 10 mbliana caite ag Marianne Ní Chinnéide ag plé leis na healaíona agus na meáin agus tá sí ag súil le líon na gcúrsaí atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i réimse na drámaíochta agus na haisteoireachta a fhorbairt amach anseo.
Cluichí móra ar na bacáin

10/7/2007: Rinneadh an tarraingt do na cluichí cáilíochta peile agus iománaíochta ag deireadh na seachtaine. Tá an Clár, Gaillimh agus Aontroim san iomaíocht do Ghrúpa 1A san iomáint. (Lá Nua)


Daingníonn acht nua cumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí an Aire Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

9/7/2007: Rith Dáil Éireann An Bille um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2007 ar an 3 Iúil 2007, tar éis gur rith Seanad Éireann é ar an 1 Bealtaine 2007. Ina óráid chun na Dála, rinne Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cur síos ar phríomhfhorálacha an Bhille, a dhaingníonn cumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí an Aire agus a fhorálann do roinnt leasuithe teicniúla ar an reachtaíocht reatha.