Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!


16-20 Iúl 2007
Iml 02:Eag 24

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Beirt marbh ag Aerfort na Minna

6/7/2007: Tuairiscítear go bhfuil ar a laghad beirt marbh agus ceathrar eile gortaithe go dona i ndiaidh timpiste eitleáin ag Aerfort na Minna inné. Níl na sonraí uile ar fáil agus muid ag dul chuig an chlólann ach is cosúil gur eitleán beag d'ochtar paisinéirí a bhí i gceist agus nach eitleán de chuid Aer Árann a bhí ann, cé go n-úsáideann an comhlacht an t-aerfort le heitilt amach chuig na hOileáin Árann. (Lá Nua)
Caileadh an píolóta Matt Masterson as Baile Átah Claith mar aon le Paul McNamee, cúntasóir as Baile Locha Riach. Ar dheis Dé go raibh siad.

Siamsa Choilm de Bhailís

5/7/2007: Tionólfar Siamsa Choilm de Bhailís na bliana seo ón 21 - 22 Iúil i gCeantar na nOileán agus an ceantar máguaird. Tá an deireadh seachtaine seo á eagrú ón bhliain 1995 mar chuimhneachán ar an bhfile agus an cumadóir amhrán Colm de Bhailís. Rugadh Colm sa bhliain 1796 agus bhain sé cáil amach do féin mar chumadóir ar chuid d¹amhráin mhóra Chonamara ar nós Amhrán an Tae agus Cúirt an tSrutháin Bhuí. (Galway Advertiser)
Leathannach Choilm de Bhailís

Clár seimineár ag an Tionól Gaeltachta foilsithe

5/7/2007: Beidh Seimineár Chonradh na Gaeilge ar siúl ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar Inis Meáin ar an Aoine, 6 Iúil, ar 8.00 in Halla Naomh Eoin. Is é 'Cearta Phobal na Gaeltachta sa Chóras Pleanála' ainm an tseimineáir seo. Tagann sé ag am an-tábhachtach, ach go háirithe agus an t-ábhar seo sna meáin náisiúnta le gairid de bharr bhagairtí an Choimisiúin Eorpaigh an stát a thabhairt chun na cúirte mar gheall ar an gcoinníoll teanga a bhaineann le ceantair Ghaeltachta. Is é Urlabhraí Gaeltachta an Chonartha, Fionn Mac Giolla Chuda, a bheidh mar chainteoir ag an seimineár agus beidh deis ag lucht freastail an chruinnithe moltaí a chur ar aghaidh ag an gcruinniú.
Suíomh an Chonartha

Dúshlán aclaíochta do Chernobyl

5/7/2007: Rinne Gemma Ní Chionnaith, Raidió na Gaeltachta, agus an peileadóir Paul Clancy an tríú dúshlán rothaíochta agus dreapadóireachta a sheoladh an tseachtain seo caite ar mhaithe leis an gcarthanacht Tacaíocht Chernobyl Éireann.
Beidh an ócáid í féin ar siúl ar Dé Domhnaigh 22 Iúil i gcomhar le Safety Direct agus rachaidh an t-airgead ar fad a bhailítear i dtreo obair na carthanachta. Bunaíodh Tacaíocht Chernobyl Éireann chun teacht i gcabhair ar dhílleachtaí sa Bhealarús i ndiaidh pléascadh núicléach Chernobyl sa bhliain 1996. (Galway Advertiser)

Slán sabháilte in Árainn

De bharr an droch-aimsir d'fhil an Naomh Bairbre ar Chill Rónáin tár éis tosú ar a turas thar n-ais go Boston ag deireadh na seachtaine seo caite.
Scéal an Naomh Bairbre


Lá gailf in Eanach Mheán!

4/7/2007: Tá Oireachtas na Gaeilge ag eagrú Lá Gailf ar an triú lá déag den mhí ar Ghalfchúrsa Eanach Mheáin. Is ócáid bhliantúil í seo a reáchtálann an tOireachtas mar chuid dá fheachtas bailithe airgid. (Irish Times)

Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge BEO!

4/7/2007: Tá ag éirí go h-iontach le Eolaire Gno Ghaillimh le Gaeilge, a seoladh i mbliana. Séard atá san 'Eolaire Gno' ná liosta de dhaoine atá ag obair i gCathair na Gaillimhe agus a bhfuil ar a gcumas agus a bhfuil toilteanach seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí na Gaillimhe.(Galway Independent)


Pósadh Figaro sa Taidhbhearc!

4/7/2007: Beidh an ceoldráma cáiliúil de chuid WA Mozart, Pósadh Figaro, á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ar ardán na Taibhdheirce, 16-20 Iúil 2007. Aistrithe go Gaeilge ag Máire Stafford, is é seo an chéad léiriú proifisiúnta a rinneadh ar an gceoldráma trí mheán na Gaeilge. (Lá Nua)
Taidhbhearc na Gaillimhe


Leabhar Nua Béaloidis o An Sagart

4/7/2007: Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne is teideal do leabhar nua béaloidis atá foilsithe ag An Sagart. Curtha in eagar ag Pádraig O Héalaí agus Lochlainn O Tuairisg, meascra ilchineálach béaloidis é ina ndéantar trácht ar réimse leathan tuiscintí traidisiúnta faoin tuath in Éirinn sa seanreacht. Le Cois Fharraige, an Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán agus Carna is mo a bhaineann an t-eolas. (Galway Independent)


Tóstal 2008

3/7/2007: Tá dátaí Thóstal 2008 beartaithe againn anseo i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Beidh mór-imeacht na bliana ar siúl in Óstán Galway Bay, Dé hAoine Feabhra 22 - Dé Sathairn Feabhra 23 2008.
Tóstal na Gaeilge 2006

Ceannaire nua!

3/7/2007: Tá Pádraig Mac Criostail ceaptha mar Stiúrthóir ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lár-chomhairle phobal na Gaeilge ar a bhfuil 23 balleagraíocht.
Tagann sé i gcomharbacht ar an Dr Peadar Ó Flatharta atá anois ag saothrú mar Stiúrthóir na scoile Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.


Gaillimh ró mhaith!
Gaillimh 3-20 Laois 1-14

2/7/2007: Cosúil leis an trí chluiche cáilithe iomána eile Dé Sathairn, thug na híochtarán sa chluiche idir Laois agus Gaillimh dúshlán rogha na coitianta, ach sa deireadh theip orthu na pointí a ghnóthú. (Lá Nua)


Ag bronnadh na gCeimeanna Oinigh (ó chlé): an tArd-Bhreitheamh Pius Langa; Eithne Ní Bhraonáin (Enya); Bill Walsh; Niall FitzGerald, KBE; Dr Jane O Leary agus Nicholas Carolan.
Céimeanna Oinigh bronnta

3/7/2007: Fuair seisear den scoth ó shaol an ghnó, an daonchairdis, an cheartais, an cheol agus na n-ealaíon céimeanna oinigh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an aoine seo caite. B'iad san Bill Walsh, Jane O'Leary, An tArd-Bhreitheamh Pius Langa, Nicholas Carolan, Niall Fitzgerald, KBE agus Eithne Ní Bhraonáin (Enya).
Léiríonn an bronnadh na héachtaí agus an obair náisiúnta agus idirnáisiúnta atá bainte amach ag na daoine seo sna réimsí lena mbaineann siad. Bronnadh céim oinigh an tseachtain seo caite ar an mbéaloideasaí Tom Munnelly, a bhfuil cáil dhomhanda air (Féach ar an eagrán deireannach!).


Tionól Inis Meáin: deireadh seachtaine saíochta a mbeidh cuimhne air

29/06/2007: Fód fá leith atá ann, áit a bhfuil tábhacht mhór le gach gné den tsaíocht dhúchais agus thig leat blaiseadh de thraidisiúin Inis Meáin thar an deireadh seachtaine, Déardaoin go Domhnach, 5-8 Iúil, á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge - Tionól Gaeltachta, lomlán le ceol, amhráin agus damhsa, finscéalta Chonamara, gasúir an oileáin, aíonna ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ráth Cairn Glas na Mí. (Lá Nua)


Siopa Leabhair Nua ar Oscailt

29/6/2007: Tá siopa leabhair nua ar oscailt i Músaem Cathrach na Gaillimhe, atá lonnaithe taobh thiar Phoirse Caoch, le taobh na duganna i nGaillimhe. Beidh an siopa leabhair lonnaithe laistigh d'fhoirgnimh an Mhúsaem, taobh thiar den bhínse fáiltithe ar an gcéad urlár. (Galway Independent)


Daithí don Seanad!

22/6/2007: Tá toghchán Seanad Éireann faoi lánseol faoi láthair. Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag seasamh ar phainéal Ollscoil na hÉireann. Tá ardán láidir polasaithe aige. Seoltar páipéir bhallóide tríd an bpost chuig céimithe na hOllscoile náisiúnta. Ní mór iad a bheith ar ais roimh meánlae an 24ú Iúil.


Frank le Mamo Barack!

21/6/2007: Chuaigh Frank Reidy, an t-iar-cheannfort in Óglaigh na hÉireann, chun na hAfraice ar na mallaibh ar son Adhmhaidin Raidió na Gaeltachta (Éis leis an agallamh ar chlár Dé Chéadaoin!). Agus le linn dó a bheith ann, cé a d'aimsigh sé ach Sarah Hussein Obama, máthair mhór nó mamó Barack Obama, duine den bhuíon bheag iarrthóiri Daonlathacha a d'fhéadfadh a bheith ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheirceá tar éis thoghchán na bliana seo chugainn. (Lá Nua)


Comhghairdeas leis an Rialtas agus Aire Oideachas

21/6/2007: Gabhann Gaelscoileanna Teo comhghairdeas leis an Rialtas nua agus leis na hAirí nuacheaptha. Comhghairdeas ar leith leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD as an athcheapachán dóibh beirt. Ag tagairt do chlár an Rialtais dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta "Moladh chun tairbhe na gaelscolaíochta agus na Gaeilge is ea bunú grúpa sinsearach d'fheidhmeannaigh idir an dá Roinn seo chomh maith le h-ath-ordú Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge agus fáiltítear go mór roimh an chomhoibriú tras-rannach agus as na deiseanna comhoibrithe a eascróidh as don earnáil".


Tír na nÓg aimsithe

Amanna, is leor an blurba le mo shuim a mhúscailt i leabhar; munar leor sin, léim leathanach 123 mar, muna bhfuil fiúntas éigin le brath sa scríbhneoireacht faoin leathanach sin, is dócha nach mbeidh sa leabhar iomlán. (Lá Nua)
An Tionscadal, Tomás Mac Síomóin Coiscéim, 208lch, e7.50 (2007-10)


Trevor ag éirí as Chumas

Trevor Ó Clochartaigh21/6/2007: Tá Trevor Ó Clochartaigh ag eirí as mar Bhainisteoir ar Chumas Teo. ag deire mí Lúnasa, ar chúinsí pearsanta. Beidh sé ag obair go neamhspleách i réimsí na forbartha pobail agus na meáin ina dhiaidh sin. Tá sé socraithe ag Bord Chumas an post a fhógairt go h-oscailte. Fiafraíodh do dhaoine an mbeadh suim acu ann teangbháil a dhéanamh le eolas@cumas.ie.
Forbairt na fostaíochta pobail Alt Threvor i Lá Nua (21/6/2007)

Bainisteoir Tograí - An Cheathrú Rua Fógra

21/6/2007: Tá Grúpa Oibre bunaithe ar an gCeathrú Rua ag a bhfuil sé mar aidhm tograí forbartha pobail a chur chun cinn sa cheantar feidhme. Tá an grúpa oibre déanta suas de ionadaithe ó Choiste Pobail na Ceathrú Rua, an Meitheal Acmhainní Spóirt agus Cumann Húicéirí na Gaillimhe agus beidh an té a cheapfar fostaithe ag Cumann Húicéirí na Gaillimhe.


Post ar bith!

21/6/2007: Níor fhuair Frank Fahey, an TD as Iarrthar Gaillimh, ainmniúchán mar Aire Shoisearach nuair a roghnaigh Bertie a fhoireann inné. Seo an chéad uair le breis is 18 blian ná bfhuair sé post mar aire nó mar aire soisearach.
Suíomh Frank Fahey (Béarla amháin!)

Bairbiciú Ghaillimh le Gaeilge ar an lá is faide sa Bhliain

21/6/2007: Beidh Bairbiciú Ghaillimh le Gaeilge ar siúl i Kelehans i bPáirc na Sceach anocht. I láthair ag an mBairbiciú, beidh Stiúrthoirí, Cairde agus Foireann, Ghaillimh le Gaeilge le sult a bhaint as an lá is faide sa bhliain!.
Seo an séú Bairbiciú bliantúil eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge le tacaíocht o Údarás na Gaeltachta agus JSL Group (Stewart) Ltd. Tugann an ocáid seo deis do Ghaillimh le Gaeilge buíochas a ghlacadh le gach duine a thugann tacaíocht don ghluaiseacht le Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar Phríomhchathair Dhátheangach na Tíre. (Galway Independent)