Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 23

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Céim Dhochtúireachta Oinigh bronnta ar Bhéaloideasaí aitheanta

19/6/2007: Tá Céim Dhochtúireachta Oinigh sa Litríocht bronnta ag OÉ Gaillimh ar an mbealoideasaí aitheanta, an tUasal Tom Munnelly mar chomhartha aitheantais ar na blianta fada dá shaol atá caite aige ag bailiú agus ag foilsiú idir amhráin tíre agus béaloideas in Éirinn. Bronnadh an chéim oinigh ar an Uasal Munnelly ag searmanas bronnta an tsamhraidh san ollscoil ar an Máirt (19 Meith).


€133,075 do Pháirc Spraoi ar Inis Oírr

19/6/2007: Tá fógartha ag an Aire Ó Cuív, go bhfuil deontas de €133,075 ceadaithe aige do Chomhar Chaomhán Teo mar chabhair dóibh páirc spraoi a fhorbairt taobh amuigh den Ionad Cúram Leanaí in Inis Oírr.

Deontas €290,000 faoi Scéim na mBóithre Áise

19/6/2007: Tá deontais de €291,250 ceadaithe Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi Scéim na mBóithre Áise i nGaeltacht na Gaillimhe. 19 bhóthar ar fad atá i gceist.


Gaeltacht na hEorpa!

19/6/2007: Bunaíodh líonra de ghrúpa Gaeilge ar an Mhór-Roinn, Gaeltacht Europe, ag comhdháil in Frankfurt na Gearmáine an Satharn beag seo.


Rúnaí oifige á lorg ag Seirbhísí Spóirt Chonamara

18/6/2007: Cuireann Seirbhísí Spóirt Chonamara seirbhís corpoideachais ar fáil i gConamara, i bpáirt le Cumas teo., agus faoi choimirce an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta.
Táid ag lorg rúnaí oifige chun a bheith freagrach as seirbhís céad teangbhála, rúnaíochta agus cléireachais a sholáthar don tseirbhís mar aon le bheith ag oibriú go dlúth leis an bhfoireann agus an pobal chun deá-chumarsáid a chinntiú maidir le riachtanaisí riarachán agus fáisneise na h-eagraíochta.
Tuileadh eolas ó eolas@cumas.ie
€273,000 do CUMAS Teo. chun forbairt a dhéanamh ar Seirbhísí Spóirt Chonamara


Cuairteoirí chuig Chonamara

16/2/2007: Bhí an long "Black Prince" le 400 paisnéirí ar chuairt ar Chuan Chasla i rith na seachtaine. Seo an bád ag imeacht inné agus bád farantóireachta Árainn in aice leis.
Tá an long ón Airgintín "Frigate Libertad" ar chuairt ar Gaillimh i rith na Deireaadh Seachtaine mar chuid de chomoradh William Brown, fear as Muigheó, Bunaitheor Cabhlach na hAirgintíne.


Emmy ag Telegael arís

15/6/2007: Fuair Telegael an gradam is airde ag searmas bliantúil Emmy i Los Angeles aréir. Is gradam "Oscar" na teilifíse e an Emmy. Is don srath Tutenstein a fuaireadar an gradam. Fuair an céad srath gradam Emmy dhá bhliain ó shin leis.

Éamó thar n-ais sa Ghaeltacht!

15/6/2007: Nuair a roghnaigh an Taoiseach a fhoireannn aréir bhí Éamon Ó Cuív fós i bhfeidhil na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Sé an taon aire rialtas ó Chuige Chonnacht é!
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte is fiche roimh an athcheapachán agus táthar ag súil go leanfaí leis an obair mhór atá ar bun aige le cúig bliana anuas.
An Rialtas Nua ar shuíomh an Oireachtais! (Béarla)
Scéal an Rialtais nua i Lá Nua

Nábac i gClub Áras na nGael

14/6/2007: Tá an grúpa óg ildánach Nábac ag filleadh ar Chlub Áras na nGael oíche Chéadaoin seo chugainn (20 Meitheamh 2007) agus tá súil le oíche spleodrach sa Chlub. Is grúpa iad Nábac atá ag cruthú a cháil féin le blianta beaga anuas agus tá lucht leanúnach dílis acu in iarthar na tíre ach go háirithe.


Beidh Bairbiciú Ghaillimh le Gaeilge ar siúl i Kelehans i bPáirc na Sceach ar an Déardaoin 21 Meitheamh 2007 ag 6.30 i.n. I láthair ag an mBairbiciú, beidh Stiúrthóirí, Cairde agus Foireann, Ghaillimh le Gaeilge le sult a bhaint as an lá is faide sa bhliain!.


25 blian ag dul go hÁrann!
6/6/2007: Ba iad Paddy agus Sally O'Brien as an gCeathrú Rua a bhunaigh Island Ferries in 1982 agus is ó neart go neart atá an comhlacht ag dul ó shin i leith. Baineann thart ar 120,000 paisinéir úsáid as an tseirbhís gach bliain.
Suíomh Island Ferries (Béarla)

Faoi scrudú!

6/6/2007: Tá na scrúdaithe stáit ag tosnú inniú. Cuirfear tús inniu leis an scrúdú Béarla, páipéar a haon ar maidin agus páipéar a dó san iarnóin. Beidh an chéad pháipéar sa Ghaeilge á dhéanamh amárach agus an dara páipéar Gaeilge ar an Aoine, ar maidin.


Scéim soisialta aontaithe

6/6/2006: Tá an tAire Éamonn Ó Cuív, tar éis an chéad scéim teanga de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh a dheimhniú faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Dianchúrsa Gaeilge i gCathair na Gaillimhe i lár an tSamhraidh!

6/6/2007: Má tá tú ag foghlaim Gaeilge ní bheidh ort fanacht go dtí Meán Fómhair mar beidh dianchúrsa Gaeilge ar siúl i lár chathair na Gaillimhe an samhradh seo! Tá áthas ar Chonradh na Gaeilge go mbeidh dianchúrsa á reáchtáil acu in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, i mí an Mheithimh agus i mí Iúil. Beidh an cúrsa seo dírithe ar 3 leibhéal éagsúla- tosaitheoirí, bunleibhéal agus meánleibhéal. Beidh sé ar siúl ón 26ú Meitheamh - 12ú Iúil agus beidh dhá rang sa tseachtain ó 7.00i.n -9.30i.n. Beidh costas €125.00 ar an gcúrsa.
r-phost chuig phoist conradh@bradan.iol.ie le haghaidh bhreis eolais.

€273,000 do CUMAS Teo. chun forbairt a dhéanamh ar Seirbhísí Spóirt Chonamara
Brat Gorm ar 5 tránna anseo
Seo hiad na tránna ar a bronfaí an Bhrat gorm i mblianna.
  • Céibh An Spidéil
  • Trá Mhór, Coill Rua
  • Trá an Dóilin
  • Cill Mhuirbhigh
  • An Trá Gheal (Bearna)
    Bronntar an Brat Gorm ar tránna atá glan ag an Taisce.
  • 5/6/2007: Tá deontas de € 273,000 (sin € 91,000 in aghaidh na bliana thar thréimhse trí bhliana) ceadaithe ag Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do CUMAS Teo. Ceadaíodh an deontas seo mar chabhair dóibh chun struchtúr oibre buan lánaimseartha a bhunú do Seirbhísí Spóirt Chonamara.


    Fiontraíocht Ghaeilge á ceiliúradh ag Gradaim Bharr 50 Lá Nua

    Duaiseanna margaíochta do Rí na Mara

    5/6/2007: Bhain an comhlacht áilleachta Rí na Mara duais 'Connacht Marketing Champion 2007' sna All Ireland Marketing Awards in Óstán an Burlington i mBaile Átha Cliath le déanaí. Bhunaigh Deirdre Uí Chathmhaoil Rí na Mara sa Spidéal in 2004 agus baineann an comhlacht úsáid as feamainn ón gceantar ina lán dá gcuid earraí.
    Suíomh Rí na Mara

    5/6/2007: Bronnadh an gradam 'Fiontraí na Bliana' ar Europus, ón gCeathrú Rua, a oibríonn go dátheangach le TG4 chun cuid dá príomhchláir a sholáthar le fotheidil Bhéarla. Faoi stiúir Áine Ní Chonghaile, tá raon leathan seirbhísí aistriúcháin agus comhairleacht teanga forbartha ag an gcuideachta le haghaidh cliant sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon.
    Suíomh Europus