Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 22

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!

Cuidigh leis an Acht Teanga ó thuaidh!

Scríobh chuig:
Margaret O'Keeffe
Foireann Bille na Gaeilge
An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta
3ú Urlár, Interpoint
20-24 Sráid Eabhrac
Béal Feirste BT15 1AQ Nó is féidir rphost a sheoladh chuig
margaret.okeeffe@dcalni.gov.uk

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Comórtas peile na Gaeltachta Amantaí ar Raidió na Gaeltachta
Dé Sathairn 2 Meitheamh ag 11.02rn, 1.20in, agus 6.15in.
Dé Domhnaigh 3 Meitheamh ag 2.00in agus 6.15in.
Dé Luain 4 Meitheamh ag 12.05in agus 1.40in.
Aisteoirí an Spidéil sa Taibhdhearc

1/6/2007: Tá Cumann Drámaíochta an Spidéil ag fáil faoi réir don dá oíche dhrámaíochta a bheidh acu ar stáitse na Taibhdheirce ar an Aoine agus Satharn 8/9 Meitheamh leis an dráma Tórramh san Iarthar, dráma le Michael Jon McGinneely atá aistrithe go Gaeilge ag Bride Ní Churraoin agus Seán Ó Raighne. (Galway Advertiser)
An Taidhbhearc


Leabhar nua ar Bhéaloidis Chonamara agus Corca Duibhne

31/5/2007: Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne is teideal do leabhar nua béaloidis atá foilsithe ag An Sagart. Curtha in eagar ag Pádraig O Héalaí agus Lochlainn O Tuairisg, meascra ilchineálach béaloidis é ina ndéantar trácht ar réimse leathan tuiscintí traidisiúnta faoin tuath in Éirinn sa seanreacht. Le Cois Fharraige, an Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán agus Carna is mo a bhaineann an t-eolas.
Tá an leabhar seo le ceannach ó shiopaí leabhar agus ó Chló Iar-Chonnachta.(Galway Independent)


Cré na Cille i Shang Hai

30/5/2007: Ní fada go mbeidh aos scannáin na Síne in ann sult a bhaint as an mhór- scannán Gaeilge, Cré na Cille, nó tá ainmniúchán faighte ag an saothar le bheith in iomaíocht ag an fhéile scannáin is mó san Áis, Féile Shang Hai. (Lá Nua)

Eitileán nua ag Aer Árann

30/5/2007: Tá an eitileán nua, an ATR 72-500 ó Toulouse na Fraince, ag Aer Árann i bhfad nios "glaise" ná na scaird eitileán mar ní cuirtear níos lú dé-ocsaíd charbóin (CO2) amach san aer agus úsáideann siad i bhfad níos lú breosla ná an-chuid eile.
Tá déaradh nua ar an eitileán nua leis. Ar dheis tá Pádraigh Ó Céidigh úinéir Aer Árann le Garry Cullen,Stiúrthóir Banastaíochta leis an eitileán nua.
Pic: Aengus McMahon
Suíomhanna: Aer Árann (Bearla); ATR (Béarla)


€28 milliún le hinfheistiú i dturasóireacht an iarthair, agus 90 post le cruthú dá bhar

29/5/2007: Tá an grúpa turasóireachta Atlantis Holiday Group tar éis a fhógairt go bhfuil plean acu €28 milliún a infheistiú in iarthar na hÉireann, agus 90 post le cruthú de bharr na hinfheistíochta i nGaillimh agus i gContae an Chláir.
Thug siad le fios go bhfuil siad chun óstán cúig-réalta a fhorbairt i gContae an Chláir ar chostas €20 milliún, agus forbairt turasóireachta, ar fiú €8 milliún í, a thógáil an dTeach Dóite, áit ar cheannaigh siad Tí Pheacock le déanaí. (Lá Nua)

Crann fóin sa Spidéal

29/5/2007: Tá daoine sa Spidéal glan in aghaidh Crann Fón ag an fostáisiún 58KV an BSL ann. Fuair an BSL cead an crann a choimeád le déanaí agsu breis treallamh, miasa, aeródgaí agus eile a chuir thuas air. Tá an ceist le hiniucadh ag an mBóird Pleanála.

Athbhreithniú ar phlean forbartha an chontae le hullmhú

29/5/2007: Tá sé i gceist ag Comhairle Contae na Gaillimhe athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Forbartha an Chontae 2003-2009 agus Plean nua Forbartha Contae a chur le chéile. Iarrtar aighneachtaí nó tuairimí i leith an phróisis seo agus is féidir iad a dhéanamh i scríbhinn chuig Comhairle Contae na Gaillimhe roimh an Aoine 29 Meitheamh 2007.

Seoladh oifigiúil don chéad MA sa Phleanáil Teanga san Eoraip ag OÉ Gaillimh

28/5/2007: Inniu in OÉ Gaillimh, sheol an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán, OÉ Gaillimh an chéad MA sa Phleanáil Teanga san Eoraip. Is iad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, coláiste lán-Ghaeilge de chuid OÉ Gaillimh atá ag tairiscint an chúrsa iarchéime sa réimse nuálach léinn seo.

Scéim uisce Chasla

28/5/2007: Foilsíodh liosta nó sceideal "fáil éigeantach talún" sna ceantreacha Camus, Cill Chuimín, An Crompán, An Turlach, agus Leitir Móir ar an Aoine. Is ceart aon agóid i gcoinne na sceidil seo a bheith istig ag an Bórd Pleanála roimh 16.00 ar an 13 Iúl 2007. Tá cóipeanna den ordú agus na léarscáileanna le fáil in Oifig an Chomhairle agus san Leabharlann ar an gCeathrú Rua mar aon le Áras an Chontae sa chathair.

Seirbhís shaorchomhairle dlí

28/5/2007: Chuirfidh Abhcóidí agus Aturnaetha le Gaeilge Seirbhís ShaorChomhairle Dlí ar fáil i gcathair na Gaillimhe ar an gCéadaoin 6 Meitheamh, in Áras na nGael, i nGaillimh. Beidh foireann ullmhaithe ansin chun comhairle a chur ar aon duine ar mian leo é ó 5.30i.n. go dtí 7.00i.n. Cuirfear comhairle ar fáil faoi gach gné den dlí agus cuirfear comhairle ar fáil freisin más mian le daoine leanúint ar aghaidh agus gníomhú de réir na comhairle sin.
Scríobh le haghaidh bhreis eolais.

Na torthaí


Céad chomhaireamh

Deichiú Comhaireamh

Dara chomhaireamh déag

Triú chomhaireamh déag
gan cuóta

Triú chomhaireamh déag
gan cuóta
An Comhaireamh! Déanfaimíd iarracht na figiúirí a thabhairt da réir mar a faighfimíd iad! Eamó tofa ar an gcéad chomhaireamh
13 comhaireamh ar fad!

26/1/2007: Tógadh Éamon Ó Cuív, ag an gcéad chómhaireamh um thráthnóna le 9645 vótaí, 17.5% den iomlán. Méad a rinne vótáil: 64.2%. Bhí 86,602 i dtideal vótála agus caitheadh 55,096 vótaí dlistineacha. Bé 9,183 mar cuóta ann.

  • 1 Éamon Ó Cuív FF
  • 2 Micael D Higgins LO
  • 3 Pádraig McCormack FG
  • 4 Noel Grealish PD
  • 5 Frank Fahey FF

  • Lá Gailf an Oireachtais in Eanach Mheáin

    25/5/2007: Tá Oireachtas na Gaeilge ag eagrú lá mór gailf i nGaeltacht Chonamara an samhradh seo ar a n-imreofar comórtas gailf an Oireachtais. Is ar Ghalfchúrsa Eanach Mheáin i mBéal an Daingin a bheidh an lá gailf ar siúl ar an Déardaoin 12 Iúil. (Galway Advertiser)


    Seirbhís nua nuachta ag an gCúradh Chonnachtach

    25/5/2007: Tá áit nua le nuacht áitiúil na Gaillimhe le fháil idir cathair agus contae. Tá an Cúradh Chonnachtach agus Galway Bay FM, a stáisiún áitiúl Raidío sa cathair. Ait go leor níl aon focal Gaeilge ar an suíomh.
    www.galwaynews.ie (Béarla amháin)


    Vótaí caite in Árann

    24/5/2007: Bhí ar muintir Árann (agus Inis Bó Finne) a chuid vótaí a catheamh roimh an chuid eile de Chonamara. Seo an céatadán a chaith vótaí sna hoileán Gaeltachta; Inis Móir: 61.6%; Inis Meáin: 61.5%; Inis Oírr: 67.5%.


    Naomh Bairbre le seoladh ar ais go Meiriceá

    24/5/2007: Tá sé ar intinn ag Stiofán Ó Maolchiaráin a bhád Naomh Bairbre a sheoladh ar ais go Chicago ag tosú ar an céad lá de Iúl i mBliana. Táid chun dul chuig Talamh an Éisc agus uaidh sin go Nua Eabhrach agus go Chicago ansin.

    Fáilte Naomh Bairbre chuig an Máimín anuireadh

    24 Bealtaine 2007
    Déan Vótáil
    Lá na Vótála!