Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 21

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach

Céimeanna Oinigh le bronnadh ar sheisear

23/5/2007: Tá sé fógartha go bhfaighidh seisear den scoth ó shaol an ghnó, an daonchairdis, an cheartais, an cheoil agus na n-ealaíon céimeanna dochtúireachta oinigh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2007 agus beidh sáramhránaí na hÉireann - Enya - ina measc, duine de na n-amhránaithe ban is cáiliúla ar domhan anois.
Le hEnya beidh Bill Walsh, fear atá ag tacú le fada leis an American Ireland Fund chomh maith lena bheith ina stiúrthóir air agus fuair sé an Gradam Ceannaireachta uathu i 1997; ear gnó idirnáisiúnta agus cathaoirleach Reuters, Niall Fitzgerald KBE; Ard-Bhreitheamh Pius Langa, an chéad Ard-Bhreitheamh Afracach san Afraic Theas; Nicholas Carolan, a bhunaigh Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann agus an Dr Jane O Leary (ar dheis), cumadóir, ceoltóir, duine de lucht bunaithe Aosdána agus bunaitheoir agus cathaoirleach Music for Galway.


Mairtín Ó Cadhain i dTír Chonaill

23/5/2007: Seoladh "Ó Cadhain i dTír Chonaill- Béaloideas na Gaeltachta" ag Coiscéim le déanaí. Séard atá sa saothar ná cnuasach dhá scór agus ceithre scéal a thaifead Máirtín Ó Cadhain agus Pádraig Ó Baoighill i nGaeltacht Thír Chonaill i 1957, a bhfuil athscríobh agus eagar curtha orthu ag Pádraig. Cloistear na scéalta á n-aithris ag na scéalaithe iad féin ar dhá dhlúthdhiosca atá ag gabháil leis an leabhar.
An scéal seo i Lá Nua


Níor fhoilsíomar aon nuacht i dtaobh aon iarrthóir nó páirtí i nGaillimh Thiar nár chuir an nuacht sin as Gaeilge chugainn nó go raibh sé le fáil i nGaeilge ar an eangach!

Bileoga gallda!

22/5/2007: Cuirtear bileoga tríd an bpost ag aimsir toghcháin. "Litir um Thoghchán" a ghlaotar orthu agus i roinnt acu, níl focal ar bith i nGaeilge.
Eoin Ó Riain i Lá Nua

Ionad fiontraíochta nua Árann oscailte

22/5/2006: D'oscail an tAire Éamon Ó Cuív, TD, Ionad Fiontair Cholm Uí hIarnáin in Árainn go hoifigiúil, inné. Is foirgneamh dhá stór d'ardchaighdeán an tIonad Fiontair seo, atá suite taobh le hIonad Árann i gCill Rónáin.
Dónall Mac Giolla Chóill i Lá Nua

Céim níos gaire do Stádas Dhátheangach

21/5/2007: Ar Chlé: Clé go Deas: Méara na Gaillimhe, Niall Ó Brolcháin, Caitlín Nic an Ultaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, An t-Aire Éamon Ó Cuív, An Roinn Gnóthaí Tuaithe Pobail agus Gaeltachta ag seoladh Staidéar Taiscéalaíoch sa Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe, i Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Ar Dheis: Clé go Deas: Pádraig Ó Ceithearnaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, , Peadar Ó Maoláin, Údarás na Gaeltachta,, An Comhairleoir Catherine Connolly ag seoladh leis.

Gaillimh Thiar
Daonra 118,370
Tuar Choncubhair Uí Liatháin

21/5/2007: Cúig shuíochán le baint anseo - agus bainfidh FF ceann amháin. Ó Cuív a bhainfidh agus fágfar Fahey agus Crowe ar an dtrá folamh. Beidh suíochán ag Pádraig McCormack agus ag Niall Ó Brollcháin do Fhine Gael agus don Chomhaontas Ghlas faoi seach. Beidh suíocháin fosta ag Michael D. Higgins agus, cá bhfios, ach go n-éireodh le Catherine Connolly teacht aniar aduaidh ar na dtráchtairí.
Tuar: FF 1, LO 1, CG 1, FG 1, Neamhspleach 1
Eagarthóir ar Lá Nua é Concubhair Ó Liatháin. Seo an alt ar fad!.

Tuar Eoghan Uí Néill

21/5/2007: Cúig shuíochán ar fáil - Éamon Ó Cuív an t-aon duine de na teachtaí atá ann faoi láthair a d'fhéadfadh a bheith cinnte de go mbainfidh sé suíochán an iarraidh seo.
Ba cheart go mbeadh Frank Fahy ina chuideachta.
Bhí suíochán ag Fine Gael i nGaillimh Thiar le fada agus, ainneoin na n-ainneoin, ba chóir go mbeadh an páirtí in ann sin a choinneáil.
Beidh Michael D Higgins faoi bhrú fosta mar gheall ar easaontas idir an páirtí agus Catherine Connolly, ach ba cheart go mbeadh go leor aistriúchán ag Michael D lena shuíochán a choinneáil.
Tá Noel Grelish, PD, faoi bhrú, go háirithe ó Niall Ó Brolacháin, Comhaontas Glas, agus beidh obair ag Grelish an suíochán a choinneáil. Beidh cuid mhór ag brath ar an tionchar a bhí ag truailliú uisce na Gaillimhe agus an rírá faoi bhóithre ar vóta Niall Ó Brollacháin ach gach seans go mbeidh suíochán ag na Glasaigh seachas ag an PD.
Tuar - FF 3 - FG 1- Comhaontas Glas 1
Iriseoir de chuid Lá Nua é Eoghan Ó Néill. Seo an alt ar fad!

€1.4m do Bhóithre Straitéiseacha Ghaeltacht na Gaillimhe

21/5/2007: Tá deontas de €1,400,000 ceadaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, chun oibreacha a dhéanamh ar bhóithre straitéiseacha i nGaeltacht na Gaillimhe.


Beartas Shinn Féin i leith na Ghaeilge

21/5/2007: Sheol Sinn Féin á mbeartas Ghaeilge ar an Sathairn i nCluain Dolcáin, BÁC. Bhí Bairbre de Brún FPE agus Aengus Ó Snodaigh TD i láthair. Bhí Bairbre agus Sinn Féin ag camchuairt thart ar na ceantracha gaeltachta roimh an olltoghchán ar 24ú Bealtaine. Ba í Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin ag eagrú camchuairt den chineál sin dírithe ar na nGaeltachtaí ach go háirithe.


"Fianna Fáil amháin atá ag tabhairt tosaíochta don phinsean stáit!"

21/5/2007: Is é Fianna Fáil an t-aon pháirtí atá ag cur méaduithe pinsin san áireamh ina phríomhchláir. Bhí an tAire Brennan ag deimhniú go mbeidh Fianna Fáil ag cur faoi deara go gcuirfí i bhfeidhm a sprioc de €300 ar a laghad in aghaidh na seachtaine má chuirtear ar ais i mbun rialtais iad.

Staid na bpóstaer olltoghcháin i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar

18/5/2007: Ar thuras idir Cathair an Gaillimhe agus Casla, tá neart póstaer greamaithe de na cuaillí aibhléise.
Ceard is féidir a rá futhu? Mar dhuine a tháinig anuas ó Mhars, is féidir liom an méid seo a dhíorthú ó na póstaeir amháin.
Tuigeann na Glasaigh, Sinn Féin, Catherine Connelly agus Michael D gur ceantar Gaeltachta í Cois Fharraige.
Tá tuiscint ar thábhacht na teanga ag Fianna Fáil ach chun a bheith dáiríre, níl mórán seans aici agus dá bhrí sin, is ceart béim níos mó a chur ar an mBéarla.
Tá noidín beag á thabhairt don Ghaeilge ag Margaret Cox.
Tuiscint "ar nós cuma leo" maidir leis an nGaeilge atá ag Fine Gael, agus ag na Daonlathaigh.
Eoin Ó Riain i Lá Nua


"Conradh Kenny Bainte As A Chéile"

18/5/2007: Rinne an Taoiseach Conradh Enda Kenny a bhaint as a chéile go cuimsitheach aréir agus léirigh sé go bhfuil na scileanna agus an diongbháilteacht aige chun ceannasaíocht a thabhairt chun an tír seo a stiúradh chun cinn de réir an Aire Airgeadais Brian Cowen.

Teorannacha na Gaeltachta le ceartú ag Sinn Féin

18/7/2007: I measc na moltaí i bhforógra Shinn Féin, molann sé go ndéanfaí athbhreithniú gach deich mbliana ar mhionteorainneacha na Gaeltachta a cheartú agus le deis a thabhairt do cheantair nua ina bhfuil 10%-30% a labhrann Gaeilge gach lá a bheith aitheanta mar Bhreac Ghaeltachtaí agus go mbeadh an Ghaeilge riachtanach mar ábhar ag gach dalta go leibhéal na hArdteistiméireachta. Agus mar focal scor gur chóir go múinfí ábhair éagsúla i nGaeilge in achan scoil in Éirinn, m.sh., corpoideachas nó spórt.

Coláiste oiliúna don Cheathrú Rua?

17/5/2007: I ráiteas atá eisithe ag Niall Ó Brolcháin, iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, i nGaillimh Thiar deir sé go mbeadh sé i gceist ag na Glasaigh i Rialtas, Coláiste Oiliúna a bhunú le bunmhúinteoirí a oiliúint le dul ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna. "Má bhíonn mé i mo Theachta Dála do Ghaillimh Thiar agus na Glasaigh sa Rialtas, beidh mise ag brú go láidir go mbeadh an Coláiste Oiliúna lonnaithe sa Cheathrú Rua." (Galway Advertiser)
18/7/2007: An scéal seo i Lá Nua


Deontas de bhreis is €800,000 d'Áras Uí Chadhain

17/5/2007: Tá deontas substaintiúil de €840,000 ceadaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun cur ar a gcumas foirgneamh réamhdhéanta a chur ar fáil ag Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Corn na dtrí náisiún
17/5/2007: Daltaí ó Rang 2 i Scoil Mhic Dara ar an Cheathrú Rua le Corn na dTrí Náisiún. Tháinig an corn clúiteach rugbaí, ar bhuaigh Éire é i mbliana, ar cuairt chuig an scoil le déanaí. (Pic i Lá Nua)
Gaeilge ar suíomh an Chomhairle

17/5/2007: Tá tosú ar leagan Gaeilge de shuíomh Chomhairle Chontae na Gaillimhe le feiscint anois. Níl mórán chuma ar an suíomh seo i mBéarla nó i nGaeilge má deintear comparáid le suiomhanna eile rialtais áitiul ar fúd an domhain ach mar sin féin is céim chun cinn é a bheith ar fáil i dteanga na ndaoine!
Gaillimh.ie

Polasaithe i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta
Na polasaithe!

Rialtas áitiúil agus an Ghaeltacht
An Ghaeilge sa Chóras Oideachais
Pleanáil Teanga
Stádas na Gaeilge
Craolacháin
Na hEalaíona Traidisiúnta

Iarrathóirí i nGaillimh Thiar

16/5/2007: Tá iniúcadh déanta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar forógraí nó cáipéisí ar leith ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht a d'fhoilsigh cuid de na páirtithe sa bhreis ar na forógraí a chlúdaíonn gach ábhar. Tá na gealltanais eagraithe in earnálacha ar leith bunaithe ar na héilimh a chuir siad ós comhair na bpáirtithe thar ceann phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Is iad forógraí Fhianna Fáil, Fhine Gael, Pháirtí an Lucht Oibre, An Chomhaontais Ghlais, An Pháirtí Dhaonlathaigh agus forógra Shinn Féin na forógraí a tógadh san áireamh. Is gá a shoiléiriú go bhfuil an t-ábhar thíos bunaithe ar ábhar a raibh teacht acu air. Sa chás go bhfuil ábhar breise i dtaobh na Gaeilge ann beidh siad breá sásta sin a chlúdach amach anseo.

Árainn dearmadta!

16/5/2007: Cháin an Iarrathóir don Pháirtí Glas, Niall Ó Brolcháin, an cinneadh a rinne Éircom na malartáin i Rosmuc, Leitir Móir agus áiteann eile i nGaeltacht na Gaillimhe a ullmhú don chóras bhanda leathan agus Árainn a fhágáil ar lár.
Ag cruinniú de chuid Comhairle an Iarthair glacadh le moladh ón gComhleoir Seosamh Ó Cuaig go gcuirtear tús a luath agus is féidir an bhanda leathan a sholathar do chuile áird den tír díreach mar atá sé i dTuaisceart Éireann.

Staidéar stádais teanga ó GleG

16/5/2007: Léiríonn an Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe, atá coimisiúnaithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Cathrach agus leis an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus le tacaíocht Bord Forbartha na Cathrach agus Foram Pobail Chathair na Gaillimhe go bhfuil sé soiléir go bhfuil dea-thoil agus díograis don smaoineamh go dtabharfaí stádas dhátheangach do Chathair na Gaillimhe. (Galway Independent)

An bhfuil leabhar agat do Mhúsaem na Cathrach?

16/5/2007: Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar an bpobal leabhra a bhronnadh orthu chun cur isteach i gcaifé an Mhúsaem, áit a gcoinneofar sábháilte iad ar feadh na mblianta. Teastaíonn on Músaem freisin go mbeadh nota pearsanta scríofa ag an bronntoir ar an leathnach taobh istigh. (Galway Independent)

"Fianna Fáil thar aon pháirtí eile ag tacú le pobail na nOileán Mhara!" Inis Meáin

16/5/2007: Tá aitheantas tugtha i gcónaí ag Fianna Fáil thar aon pháirtí eile don luach agus do na cearta speisialta atá ag pobail ár n-oileáin amach ón gcósta. B'shin an teachtaireacht ó Éamon Ó Cuív in Inis Meáin nuair a rinne sé "Na hOileáin Mhara, Na Chéad Chéimeanna Eile Chun Cinn" a seoladh inné.
Tá aitheantas tugtha i gcónaí ag Fianna Fáil thar aon pháirtí eile don luach agus do na cearta speisialta atá ag pobail ár n-oileáin amach ón gcósta ­ agus freagracht don limistéar sin tugtha d'Aire sinsearach don chéad uair riamh. Tá pobail ar n-oileáin ina bhfoinsí luachmhara agus ina gcaomhnóirí ar ár n-oidhreacht, ar ár gcultúr agus ar ár dteanga Ghaeilge.


Cinneadh tromchúiseach an Aire Oideachas do caomhnú na teanga
Ar oscailt! 15/5/2007: Osclaíodh Peacock's ar an dTeach Dóite inné. Bhí sé dúnta le fada.

Céim ar Chúl
15/5/2007: Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh a bhfuil súil leis go luath, a dhéanann neamhaird ar cheithre réiteach ghearrthéarmacha Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, maidir le múineadh an Bhéarla i nGaelscoileanna ag leibhéal na naíonán sóisir. Ba cheart agus ba chóir saoirse a thabhairt do scoileanna tosú ag múineadh an Bhéarla go foirmiúil ag leibhéal na naíonán sinsir agus ag leibhéal rang a haon.
Sinn Féin i gcoinne cinneadh Hanafin
15/5/2007: "Táimid i gcoinne an cinneadh seo, cinneadh atá in aghaidh moltaí an NCCA. Tá torthaí iontach ag gaelscoileanna, torthaí níos fearr ná an meán. Is céim siar í don Ghaeilge agus céim siar don dhul chun cinn atá déanta ó thaobh gaelscoileanna," a duirt Iarrthóir Shinn Féin i nDún na nGall Thiar theas, Pearse Doherty.
15/5/2007: Ábhar uafáis agus alltachta é do GAELSCOILEANNA TEO. agus do gaelscoileanna na tíre seo cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta a léamh sna meáin inniu, 14 Bealtaine 2007 i dtaobh cleachtais an tumoideachais i ngaelscoileanna na tíre seo. Is é an cinneadh tromchúiseach atá á ghlacadh ag an Aire ná go gcuirfear iallach ar na gaelscoileanna teagasc an Bhéarla a thosú go foirmeálta ar a dhéanaí ag tús an dara théarma sna naíonáin shóisearacha. I bhfocail an Ardfheidhmeannaigh, Bláthnaid ní Ghréacháin, "Gníomh éigríonna a bheadh sa chinneadh seo, nach bhfuil aon bhunús oideachasúil, saineolach ná teangeolaíoch leis". An scéal seo i Lá Nua (16/5/2007)

Pobal dátheangach agus Gaeltacht bhríomhar
"Rogha an phobail: pobal dátheangach agus Gaeltacht bhríomhar a fhorbairt nó filleadh ar ísle brí na n-ochtaidí"

14/5/2007: Creideann Fianna Fáil go bhfuil todhchaí ár dteanga naisiúnta lárnach sa toghchán seo. Tá rogha shoiléir os comhair na ndaoine anois: leanúint le fás na teanga nó filleadh ar an easpa muiníne a bhí sa teanga sna 1980í. Is é sin a deir Airí Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív agus Mary Hanafin agus an páirtí ag seoladh An Ghaeilge agus an Ghaeltacht, Na Chéad Chéimeanna Eile ar an nDomhnach.

Conspóid na bpóstaer Béarla toghcháin

14/5/2007: Tá póstaeir thoghcháin atá i mBéarla amháin ag cothú conspóide i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Thug Glór na nGael le fios gur cúis díomá í don eagras gur i mBéarla amháin atá tromlach na bpóstaer polaitiúil sa Ghaeltacht, agus iarrann siad ar na páirtithe ar fad na póstaeir Bhéarla a thógáil anuas agus cinn Ghaeilge a chrochadh ina n-áit. (Lá Nua)

Tosaíochtaí Shinn Féin don Ghaeilge 2007-2012

14/5/2007: Bairbre de Brún FPE, agus Ann-Marie Carroll Iarrthóir Shinn Féin do Ghaillimh Thiar ag lansáil tosaíochtaí Shinn Féin don Ghaeilge 2007-2012 maidir leis an Ghaeilge i nGaillimh inniu.
Chomh maith le sin bhí Bairbre de Brún FPE agus Sinn Féin ag camchuairt thart ar ceantar Gaillimh roimh an olltoghchán ar 24ú Bealtaine. Is í Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin ata ag eagrú camchuairt den chineál sin dírithe ar na ceantracha gaeltachta ach go háirithe.

Gearáin faoi leabhráin Bhéarla sna Gaeltachtaí diúltaithe ag Fine Gael
"Is fearr le Muintir na Gaeltachta litríocht i mBéarla!"

12/5/2007: Dhiúltaigh Teachta Dála Fhine Gael i nGaillimh Thiar, Pádraic McCormack, inné , do gheará n faoi leabhrá n a dháil sé ar fud na Gaeltachta a raibh formhór an téacs ann i mBéarla. Sheol an Teachta McCormack an leabhrá n 12 leathanach, 'County Galway - Guide to Pension Rights and Benefits', timpeall thoghcheantar Ghaillimh Thiar ach ní l ach píosa gairid i nGaeilge, ar an leathanach cúil. Dhiú ltaigh sé gearán faoi na leabhráin, á fach, ag rá nach bhféadfadh sé bileog dhá theangach a scaipeadh agus gurbh é an taithí a bhí aige ná go mb'fhearr le muintir na Gaeltachta litríocht a léamh i mBéarla. (Lá Nua)

Cartlann Bhunaitheoir CLG bronnta ar OÉ Gaillimh

11/5/2007: Ag searmanas speisialta san Ollscoil, bronnadh Cartlann Mhíchíl Chíosóig, cartlann ina bhfuil ábhar oifigiúil agus pearsanta a bhaineann le bunaitheoir CLG, Mícheál Cíosóg agus a theaghlach, ar Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ Gaillimh.
B'iarleabharlannaí de chuid OÉ Gaillimh, Patricia O'Connell nach maireann, neacht chéile le Mícheál Cíosóg, a thug an chartlann don Leabharlann.

Taighdeoir á Lorg ag Cló Iar-Chonnacht

11/5/2007: Tá folúntas spéisiúil fógraithe ag Cló Iar-Chonnachta, an na foilsitheoirí in Indreabhán. Is post páirtaimseartha mar thaighdeoir ar dhíol cearta leabhar atá i gceist, post a mhairfidh ó Mheitheamh­Samhain 2007. Beidh an té atá ceaptha freagrach as: Taighde a dhéanamh ar an éileamh atá ar litríocht na Gaeilge thar lear, aistrithe go teangacha eile seachas an Béarla; Iarrachtaí a dhéanamh cearta ar leabhair Ghaeilge a dhíol le foilsitheoirí thar lear; Próifíl na scríbhneoirí/leabhair Ghaeilge a ardú thar lear; Eolas a bhailiú faoi aistritheoirí.

Scéal siúlach i mBaile na hAbhann!

11/5/2006: Deireann an Comhairle Chontae nach bhfuil airgead acu chun an cosán a dhéanamh ó scoil na Tulaí siar go dtí an Bháinreach. Is cosúil nár tugadh an airgead dóibh ón Roinn Chomhsaol nó ón Roinn Gnothaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta. €350míle a cosnóidh sé agus baineadh siar an Aire Ó Cuív nuair a dúradh leis cé mhéid a chosnódh sé. Dúirt sé go bhféacfadh sé go toghfaí an cosán má tá sé sa chéad rialtas eile!


Fógraí de chuid Fhine Gael i gCois Fhairrge
Gaeilge len bhúr dtoil!

10/5/2007: Rinne Pleanáil Teanga, eagraíocht faoi scáth Chomharchumann Shailearna, achainí ar na heagraíochtaí agus iarrathóirí atá ag iomaíocht sa cheantair a chuid poistéirí i mBéarla agus a chuid bolscaireacht a dhéanamh i nGaeilge sa ceantair mar chuirtéis do muintir na Gaeiltachta atá siad ag lorg a chuid votaí uatha!

Feachtas Bhéarla Fhine Gael!

10/5/2007: Seoladh leabhrán dhá leathanach déag, "County Galway - Guide to Pension Rights and Benefits," sa phost ón iarrthoir Fhine Gael Padraic McCormack. Is i mBéarla amháin atá sé le ceithre líne i nGaeilge ag a chúl.
Sa phost céanna bhí billeog beag "The Contract for a Better Ireland" sínithe ag Enda Kenny ag iarraidh vótaí don triúir atá ag seasamh anseo agus arís is i mBéarla amháin atá sé.
Mar aon leis seo tá an dá chineál poistéirí atá thuas thar timpeal Chonamara ag an iarrathóir Seán Kyne i mBéarla amháin.


Tá pictiúirí de na poistéirí sa cheantair le feiscint ar ár leathanach a speánann na hIomathóirí i nGaillimh Thiar

Sargent le teacht!

10/5/2007: Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent, le cuairt a thabhairt ar Chonamara innú. Sé Niall Ó Brolcháin an taon iarrathóir atá ag an bpáirtí seo agus deirtear go bhfuil an-seans aige suíochán a gnóthú. Tá sé chun a thuras a thosnú le cuairt ar Ceanceathrú Chonradh na Gaeilge i Sr Dominic sa chathair.
Suíomh Niall Uí Bhrolcháin (Béarla)


Tionscnamh Mór do Shaoráidí Pobail

9/5/2007: Teastaíonn ó Fhianna Fáil tionscnamh mór nua chun saoráidí pobail a fhorbairt ar fud na tíre, de réir an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív. Dár teideal an Plean Forbartha Pobail, beidh sé seo maoinithe trí chiste €150milliún ar leith.


Gliondar i Stormont!

9/5/2007: Tionóladh cruinniú inné inar ceapadh an Dr Ian Paisley agus Martin McGuinness mar céad airí ar Thuaisceart Éireann. Is beag a chreid go bhféadfadh a leithéid a tharlúint. Cé go raibh áthas ann bhí cineál brón ann leis agus muid ag smaaoineaamh ar na mílte a fuair bás ó na seascaidí ar aghaidh.
An scéal seo i Lá Nua


Lucht Oibre an Bhéarla?
9/5/2007: Cuiradh billeog thar timpeall an Dháilcheantair inné that ceann Michael D. Is i mBéarla a bhí an chuid is mó de seachas mírín beag ag deireadh a theachtaireacht pearsanta.
Anois ar theacht na bhforógraí

9/5/2007: Leanann cúrsaí an olltoghcháin ar aghaidh agus tá na páirtithe ag foilsiú a gcuid forógraí diaidh ar ndiaidh agus cur síos iontu ar a gcuid polasaithe i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge. (Irish Times)


Forógra Fine Gael

8/5/200: "Is í an Ghaeltacht tobar agus foinse na Gaeilge. Is chuige sin atá gá le polasaí dearfach lena caomhnú agus lena forbairt go heacnamaíoch, go sóisialta agus go cultúrtha." Is mar seo a thosnaíonn tuairisc i Lá Nua ar Forógra Fhine Gael, ach ní rabhamar i ndán aon rud faoi seo a fháil ar shuíomh Fine Gael.
Suíomh Fhine Gael (Béarla amháin)

3 Réalt ag Ostán Árainn

7/5/2007: Tá gradam 3 Réalt bronnta ar Ostán Oileáin Árainn i gCill Rónáin. Tá 22 seomraí en suite san Ostán seo de chuid PJ Ó Flathearta agus tá cáil thar na blainta bainte amach ag an proinnteach "Aran Fisherman". Táthar chun dh&a seomra dáag a chur leis an ostán le bheith críochnaithe don bhliain seo chugainn.
Suíomh an Ostáin (Béarla)

Peil na Gaeltachta

7/5/2007: Beidh an Ceathrú rua ag dul ar son Gaeltachta na Gaillimhe ag comortas sínsear Peile na Gaeltachta i mbliana. Sé foireann Árainn a bheidh ann sa chomortas soisear.
Tá an comórtas le bheith i mBeal Átha'n Ghaorthaidh i gCorcaigh ag deireadh seachtaine Cincíse.


4/5/2007: Seo fógra a cuireadh amach le déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi uisce na Gaillimhe. Tá an fógra éisithe in nGaeilge agus Pólainnis.
Tithe níos glaise, iompar glas agus barra glasa

5/5/2007: Ag caint inniu ag stáisiún peitril áit gur féidir le tiomáinithe a gcuid dabhcha a líonadh le breosla glas, dúirt an Aire Noel Dempsey go ndeimhneoidh Fianna Fáil go mbeidh gréasán seachadadh náisiúnta do bhithbreosla ann.
Dallamullóg soiléir Kenny faoi Ghardaí

5/5/2007: D'iarr an tAire Cosanta Willie O'Dea ar Fhine Gael ar maidin chun a mhíniú cén fáth go bhfuil 2,000 Garda breise geallta acu, nuair nach bhfuil an maoiniú curtha san áireamh acu ach i gcomhair 1,000. Is cuid bhunúsach de Chonradh Enda Kenny é seo agus ní sheasann sé an scrúdú is simplí fiú.

Tús curtha le camchuairt Sinn Féin ar ceantracha Gaeltachta don olltoghchán

5/5/2007: Tá tús curtha ag Bairbre de Brún FPE agus ag Sinn Féin le camchuairt thart ar na ceantracha gaeltachta roimh an olltoghchán ar 24ú Bealtaine. Is í Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin ata ag eagrú camchuairt den chineál sin dírithe ar na ceantracha gaeltachta ach go háirithe. Ag labhairt léi agus í amuigh ag stocaireacht dúirt an feisire Bairbre de Brún: "Tá mé thar a bheith sásta camchuairt a dhéanamh thart ar na ceantrachta gaeltachta thar ceann Sinn Féin. Thaispeáin Sinn Féin ceannasaíocht láidir sna ceantracha sin agus in Údarás na Gaeltachta chomh maith.
"Sna seachtainí atá romhainn beidh mé ag tabhairt cuairt ar ceantracha gaeltachta i gCo na Midhe, i nDún na nGall, i nGailleamh, i gCiarraí agus i bPort Lairge. Beimid ag cur béim ar riachtanais na gceantair sin agus ag obair ar son na n-iarrthóirí de ard chaighdeán atá againn.

Gaillimh Thiar - na hIarratheoirí!