Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 20

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann
Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Cóiríocht chóir anois - éileamh Ghaelscoileanna!

4/5/2007: Sheol Gaelscoileanna Teo. Feachtas Náisiúnta Olltoghcháin inniu - 'CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! - AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN' ag freagairt do pholasaí na heagraíochta ar son réitigh a éileamh ar dhrochstaid cóiríochta scoileanna lán-Ghaeilge na tíre seo, ach go háirithe ag an mbunleibhéal. Tarraingaíonn an feachtas aird na bpolaiteoirí, na bpáirtithe agus an Rialtais ar an ngéarchéim chóiríochta atá ar siúl i scoileanna Lán-Ghaeilge na tíre seo le blianta fada anuas.

Ag Comóradh Joe Éinniú i gCarna

4/5/2007: Cuirfear tús anocht le Féile Joe Éinniú i gCarna, féile a dhéanann comóradh ar an amhránaí sean-nóis Seosamh Ó hÉanaigh. Is é Des Geraghty a dhéanfaidh an Fhéile a oscailt ag 8.00i.n. agus ó sin go tráthnóna Dhomhnaigh beidh féasta amhrán i mbaile dúchais Joe Éinniú.


Músaem na Cathrach ar Oscailt Arís

3/5/2007: Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe ar oscailt arís don phobal, tar éis roinnt míosa ina raibh réiteach á dhéanamh ar thaispeántas úr nua a chur isteach ann. Beidh an Músaem ar oscailt o Mháirt go Satharn, 10i.n - 5.00i.n o Dheireadh Fomhair go Bealtaine, agus seacht lá na seachtaine sa samhraidh. (Galway Independent)

Tionól Gaeltachta in Inis Meáin

4/5/2007: Is ón 5-8 Iúil a thionólfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus is in Inis Meáin a bheidh an Tionól i mbliana. Tá an Tionól ag filleadh ar Inis Meáin, áit a raibh Tionól na bliana 2005 ar siúl. Tá pacáiste curtha le chéile a chlúdaíonn imeachtaí uilig an Tionóil, idir an turas báid ó Ros an Mhíl, lóistín in Inis Meáin, béile tráthnóna, turais ar an oileán, ceardlanna ceardaíochta, seisiún tumadóireachta nó turas chuig Inis Oírr, seimineár ar chúrsaí pleanála, ceolchoirm agus seisiúin cheoil.
Tá foirmeacha eolais agus clárúcháin le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824.


Coláiste Samhraidh nua sa Tuairín

3/5/2007:Tá Coláiste Gaeilge nua le h-oscailt ar an dTuairín an samhraidh seo, a bheidh ar mhúnla iomlán nua o aon Choláiste eile sa tír.
Ní hamháin go bhfuil Coláiste Aodáin ag díriú ar na modhanna is nua-aimseartha chun an teanga labhartha a mhúineadh, ach freisin beidh an coláiste ag díriú ar fhorbairt phearsanta na mac léinn le gairmthreoir, scileanna staidéir, agus scileanna phearsanta mar chuid lárnach dá gclár. (Galway Independent)

Chlaí na Muice Duibhe i nGaillimh!

2/5/2007: Tá dráma le léiriú ag Aisteoirí Bulfin (Baile Áthat Cliath) ag an dTaibhdhearc ar an Satharn 26 Bealtaine agus i Halla an Phobail, Inis Meáin ar an Satharn 7ú Iúil. Tá an dráma suite i gceantar Chlaí na Muice Duibhe ar an teorainn idir Liatroim agus Fear Manach agus baintear leas as traidisiún áitiúil na gcleamairí chun an scéal a chuir i láthair. Scéal grá atá ann agus an toradh tragóideach a thiteann amach de bharr an teannais agus an amhrais a luíonn ar mhuintir na háite. Dráma dubh é seo atá lomlán le fuath, grá, spleodar, foréigean, fuinneamh, ceol, damhsa agus greann.
Dráma de chuid Vincent Woods é 'At the Black Pig's Dyke' a léiríodh den chéad uair sa Gate Theatre, Baile Átha Cliath sa bhliain 1992. Is aistriúchán le Séamas Ó Scolaí an léiriú seo.


Margaret Cox - Neamhspleach!

2/5/2007: D'fhógair an Seanadóir Margaret Cox go mbeidh sí ag iomaíocht san toghchán don dáil ar an 24ú lá. D'éirigh sí as Fianna Fáil le déanaí. Cuireadh sé seo isteach ar iarrachtaí Fiana Fáil trí suíochán a bhaint amach!
Suíomh Mhargaret Cox (Béarla amháin)

Breith lá liosta Gaelic-L

1/5/2007: Cothrom ag tús mí Bealtaine 1989 a bunaíodh GAELIC-L@LISTSERV.HEANET.IE, an chéad liosta - agus is dócha an chéad ceann i nGaeilge - de scata liostaí gaolmhara ar HEANET (nó IRLEARN mar a bhí an uair sin) chun freastal ar dhreamanna éagsúla sainspéise (mar shampla, GAEILGE-A, OLD-IRISH-L, GAELG, GAIDHLIG-B, WELSH-L, GAEILGE-B, GAIDHLIG-B, GAIDHLIG-A agus mar sin de). Go maire siad!


24.05.2007
An Dáta faoi dheireadh!

30/4/2007: D'fhógair an Taoiseach go mbeidh an toghchán do Dáil ar an 24 Bealtaine 2007.
Déanfhaimíd iarracht ar chúrsaí a thuairisciú anseo i nGaillimh Thiar agus cuirfar fáilte roimh ráitaisí i nGaeilge ó na hiarrathóirí éagsúla sa Dáilcheantair. (Pic: Lá Nua)

Is fiú éan sa láimh...

30/4/2007: Tá suíomh nua idirlín láinseáilte ag Faire Éanlaith Éireann a thabharfaidh eolas do shaineolaithe ar na héin a thig ar cuairt chun na tíre seo gach bliain. Iarrann an suíomh, atá ar fáil i nGaeilge chomh maith le teangach eile na hEorpa, ar dhaoine eolas a chur chucu faoi cén uair a fheiceann siad éin áirithe agus cá háit a bhfeiceann siad iad.

Pic: Photocall i Lá Nua An cac ar bharr uisce na Gaillimhe le fada an lá

24/4/2007: I ndeireadh na dála, tar éis a bhfuil de chac i mbarr uisce na Gaillimhe, agus a bhfuil de bhuidéil uisce á ndáileadh saor in aisce, ní cosúil go bhfuil éinne beo, go sonrach, freagrach as an uafás seo. Tá an t-Aire Comhshaoil, Dick Roche go breá cróga ag teacht anuas go Gaillimh, agus é á chur i leith lucht bainisteoireachta na Gaillimhe go bhfuil a lán mórbhotún déanta acu "thar na blianta". (Seán Ó Tuairisg Lá Nua)


Nuachtlitir an Tionscnaimh Pleanála Teanga foilsithe

23/4/2007: Mar cuid dá chuid sheirbhísí comhairleacha agus tacaíochta teanga tá an céad eagrán de Nuachtlitir Tionscnaimh Pleánála Teanga i gCois Fhairge. Deireann an mBainisteoir, Patricia Ní Chonghaile, "San eagrán seo, táimíd ag caitheaamh súil ag ghníomhaíochtaí an Tionscnaímh...comh maith le scéalta beaga éagsúla as an gceantar."
Tá an TPT bliain go leith ar an bhfód anois agus tá neart gníomhachtaí éagsúla ar bun acu.


Patricia Ní Chonghaile

Féach ar shuíomh An Tionscnaimh Pleanála Teanga.
Muileann gaoithe in Árainn?

23/4/2007: Dúirt an Aire Stáit Frank Fahey go mbeadh muileaann gaoithe an-cabhradh chun praghais aibhléise a coimead comh íseal agus atá siad sa chuid eile den dtír. Mhol se freiseann go mbeadh ciall le cumhacht na tonntracha a úsáid chun aibhléise a ginneadh agus bhféidir amach anseo go mbeidh an leictreachas á chuir isteach ó Árainn go dtí an chuid eile den dtír.

Suíomh Frank Fahey (Béarla amháin)!

Seolta
21/4/2007: Seoladh dhá leabhair de chuid Andrias Ó Cathasaigh i nGaillimh aréir. Dúirt Seosamh Ó Cuaig go raibh an-míthuiscint i dtaobh "Sean" Phadraic Uí Chonaire agus go gcabhródh an taighde atá déanta ag an údar dearcadh agus meoin an ceannródaí seo i litríocht agus i saol na hÉireann.

"Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire" €15.00

"An t-Athrú Mór - scríbhínní sóisialta le Pádraic Ó Chonaire" €12.00

Tá na leabhair seo foilsithe ag Coiscéim.

Scéim Teanga aontaithe leis an Údarás Clárúcháin Maoine

20/4/2007: Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis an chéad scéim teanga de chuid an Údaráis Clárúcháin Maoine a dheimhniú faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ghabh an tÚdarás Clárúcháin Maoine ionad Chláraitheoir na nGníomhas agus na dTeideal i mí na Samhna 2006.
Tá gach scéim a aontaíodh agus a foilsíodh ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga

Oideachas na Gaeltachta ina chnámh spairne

20/4/2007: Chuir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tús le comhdháil 'I dTreo Pholasaí Oideachais Ghaeltachta' ar an gCéadaoin ar na Forbacha.
Dúirt príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin: 'Tá stáid na Gaeilge i scoileanna na Gaeltachta ina hábhar imní le tamall maith agus cuireann torthaí phíosaí éagsúla taighde a rinneadh le blianta beaga anuas leis an imní.' (Irish Times)


Deontais do thionscadail phobail agus deonacha fógartha

20/4/2007: D'fhógair Noel Ahern T.D., an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, deontais bhreise de os cionn €3.8m d'eagraíochtaí pobail agus deonacha faoi Chlár na nDeontas d'Eagraíochtaí Áitiúla. Cuireann an Clár tábhachtach seo deontais aonuaire ar fáil do ghrúpaí pobail áitiúla chun áitribh a athfheistiú, chun trealamh a cheannach agus chun tionscadail oiliúna agus taighde a chur ar bun. Íocfaidh an maoiniú, atá fógartha ag an Aire inniu, as 500 tionscadal ar fad: 55 Deontas Athfheistithe, 267 Deontas Trealaimh agus 189 Deontas Oiliúna agus Taighde. Tá maoiniú á thabhairt do réimse leathan eagraíochtaí pobail agus deonacha ar fud na tíre, ach go háirithe iad sin a théann i ngleic leis an míbhuntáiste ina bpobal.


Paisean Faisean san Iomaíocht

19/4/2007:Tá clár clúiteach TG4, Paisean Faisean, ainmnithe ar an ghearrliosta don chlár Éireannach is fearr i ngradaim na hirise TV Now.
Is mór an rath ar an chlár, atá anois sa tríú sraith, agus tá aithne fhorleathan ar an láithreoir faiseanta í féin, Aoife Ní Thuairisg. Meánoíche anocht an spriocam don vótáil sa chomórtas, mar sin más mian libh bhur gcuid tacaíochta a léiriú don seó Gaeilge seol SENSATIONS 0607 chuig 53307 nó cuir glaoch ar an uimhir 1513 606101 agus brúigh isteach 0607. (Lá Nua)

Postaer nua foilsithe ag Glór na nGael

20/4/2007: I gcomhar le Colgate, tá Glór na nGael tar éis postaer nua, Ag an Fhiaclóir, a fhoilsiú. Ag fógairt an scéil, dúirt ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann: "Ta an-áthas orainn bheith ábalta dul i mbun obair ar an togra seo i gcomhar le Colgate."


Tús curtha le tóir vóta Gaeilge don Seanad
Suíomh Joe O'Toole (Béarla)

19/4/2007: Cé nach mbeidh toghchán an tSeanaid go ceann cúpla mí ar aon nós, ghéaraigh an feachtas ar son an vóta Gaeilge is Gaeltachta go mór inné. Sheol an Seanadóir Joe O'Toole (ar chlé) polasaí Gaeilge is Gaeltachta inné. Tá feachtas tréan ar bun ag an abhcóide agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Carthaigh, ar son suíocháin ar phainéal Ollscoil na hÉireann, an painéal céanna leis an Chiarraíoch. (Lá Nua)
Suíomh Dhaithí Mhic Charthaigh


Ag Taisteal le Tarlach

Beidh an leabhar Ag Taisteal le Tarlach, Sa t-Seapáin á sheoladh i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua ar an gCéadaoin an 25ú Aibreán. Leabhar taistil don aos og atá ann. Buailimid le Tarlach agus é ar a shlí chun na Seapáine, chun bualadh le cara cleite atá aige ann. Faighimid léargas breá anseo ar shibhialtacht eile. (Galway Independent)