Réabhlóid Sean-Phadraic cugainn!
18/4/2007: Tá dhá leabhair faoi Phádraic Ó Chonaire le seoladh i gcathair na Gaillimhe ar an Aoine. Siad seo "Réabhlóid Phadraic Uí Chonaire," beathaisnéis pholaitiúil, agus "An tAthrú Mór," bailiúchán de na scríbhínní sóisialta a tháinig ón a pheann tar éis réabhlóid na Rúise i 1917.
Tá an t-údar, Aindrias Ó Cathasaigh, tar éis teacht ar na céadta altanna ó Shean Phádraic nar tugadh faoi deara go dtí seo a chuireann len ár thuiscint ar an bhfathach seo i saol litríochta na tíre. Tá an dá leabhair foilsithe ag Coiscéim
Seolfar na leabhair seo ag Siopa Leabhair Charlie Byrne, ar an Aoine ag 6.30 i.n.
Siopa Charlie Byrne (Béarla)
|
Leabhar Nua Béaloidis ó An Sagart
18/4/2007: Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne is teideal do leabhar nua béaloidis atá foilsithe ag An Sagart. Curtha in eagar ag Pádraig Ó Héalaí agus Lochlainn Ó Tuairisg, meascra ilchineálach béaloidis é ina ndéantar trácht ar réimse leathan tuiscintí traidisiúnta faoin tuath in Éirinn sa seanreacht. Le Cois Fharraige, an Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán agus Carna is mo a bhaineann an t-eolas. (Galway Independent).
|
Bealach na Gaeltachta - Slí Chonamara oscailte
17/4/2007: D'oscail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, an cian-bhealach siúlóide, Bealach na Gaeltachta - Slí Chonamara, ag ócáid in Óstán Chósta Chonamara sna Forbacha.
Is bealach siúlóide é Slí Chonamara, atá 220km ar fad agus a shníonn amach as Cathair na Gaillimhe siar isteach i gcroí láir Chonamara. (Lá Nua)
Aiféal ar an Aire
16/4/2007: D'admhaigh an tAire Ó Cuív ar agalamh ar Raidío na Gaeltachta, go raibh aiféaltas air go raibh ceanncheathrú Fhianna Fáíl tar éis bileoga iomlán i mBéarla a scaipeadh ar fud na Gaeltachta.
Dheimhnigh sé gur go dátheangach a bheadh póstaeir is cáipéisiocht a bheadh á scaipeadh go háitiuil ag an eagras i dtoghcheantair Ghaillimh Thiar.
'Tá sé togtha le hArd-Oifig Fhianna Fáil mar cheist, tá sé raite ag duine éigin ar mo shon nach bhfuil sé seo sásúil,' duirt sé. (Lá Nua)
Ráiteas ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (24/4/2007)
|
Gaeilge ar bith ag Fianna Fáil?
12/4/2007: Cuireadh an billeog seo de chuid Fhianna Fáil thar timpeall an dúthaigh seo inné. Níl focal Gaeilge le feiscint ann agus má feictear ar an suíomh "The Next Steps" atá á fhoilsiú acu leis an mbileog seo níl Gaeilge ar bith ar an suíomh seo ach an oiread. Is cosúil gur céim ar chúl ó thaobh na teanga de an céad céim eile ag Fianna Fáil!
The Next Steps with Fianna Fáil (Béarla amháin!)
|
Polasaí Gaeltachta na Glasaigh
11/4/2007: Dúirt Trevor Sargent, Ceannaire an Chomhaontas Glas, (ar dheis), agus é ar chuairt anseo le déanaí go raibh an brú Bhéarla ar na ceantracha Gaeltachta ag meadú go mór agus gur ceart a rá gur géar chéim a tá ann anois. Luaigh sé seacht pointe i bplean a pháirtí. Ait go leor tá an ráiteas ar shuíomh a Pháirtí i mBéarla amháin. Agus níl an polasaí féin ar an liosta polasaithe ar an suíomh féin go fóill.
Polasaí Gaeltachta an Chomhaontas Glas (Béarla) 12/4/2007 Leagan Gaeilge ar Ghael port.com
|
Cartún na Casca!
|
Cuarbhóthar na Gaillimhe
5/4/2007: Tá suíomh nua seolta ag an Aire Stáit Frank Fahey TD ag lorg tacaíocht don gcuar bhóthar nua thar timpeall na cathrach. Deireann sé go bhfuil an-éileamh ar an mbóthar nua seo agus go bhfuil géar ghá leis chun deireadh a chur leis an mbrú tráchta uafásach atá ann anois.
An suíomh nua (Béarla amháin)
|
Postanna i réimse an aistriúcháin
5/4/2007: Tá postanna nua cruthaithe le déanaí i réimse an aistriúcháin, in Éirinn agus san Aontas Eorpach, nárbh fhéidir a líonadh mar nach bhfuil dóthain aistritheoirí cáilithe ann. Is féidir le mac léinn cáilíocht léinn atá ag teastáil le ceann de na postanna seo a fháil ach tabhairt faoi chúrsa iarchéime an Dioplóma Iarchéime / M.A. (Léann an Aistriúcháin) atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an bhliain acadúil seo chugainn.
|
Seoladh Oifigiúil Scéim OÉ Gaillimh faoin Acht Teanga
5/4/2007:
Sheol Uachtarán OÉ Gaillimh an Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh Scéim na hOllscoile ar an Aoine, Scéim a aontaíodh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhaidhm na chéad Scéime seo go gcuirfí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil i réimsí acadúla agus riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta. Tána Scéimeanna Comhaontaithe go dtí seo ar shuíomh an Choimisinéara Teanga
|
Beirt sheanadóir Hillery Clinton agus Margaret Cox!
|
Éiríonn Margaret Cox as Fianna Fáil
4/4/2007: Fógraíodh ag am lón inniú go bhfuil an Seanadóir Margaret Cox ag éirí as Páirtí Pairliminte Fhianna Fáil. Is léir le tamall go raibh sí an-mhí-shasta leis an dearmad a bhí á dhéanamh ag an Rialtas ar fhorbairt iarthar na tíre. Anois beidh gach éinne an mbeidh sé ag seasamh mar iarrathóir neamhspleach sa toghchán. Má seasann tá sé cinnte go gcuirfidh sí isteach ar Michael Crowe, iarrathóit an pháirtí sa chathair.
Suíomh Mhargaret Cox (Béarla)
Iomathóirí don toghchán
€1,390,000 Ceadaithe i gcomhair Monatóireacht agus Maoirseacht ar Chéanna Árann
4/4/2007: Tá curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe
& Gaeltachta, go bhfuil €1,390,000 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae
na Gaillimhe i leith oibreacha monatóireachta agus maoirseachta a
dhéanamh ar na forbairtí ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin agus ag Cé
Chill Rónáin, Árainn.
Baill Bhoird TG4
3/4/2007: D'ainmnigh an tAire Nollaig Ó Díomasaigh, T.D., baill an Bhoird nua ar Thelefís na Gaeilge inniu.
S'iad na baill ón taobh seo tíre ná:
Joe Connolly, iar-iománaí agus buaiteoir Chraobh Cheannais na hÉireann; Cathaoirleach Teasc-fhorsa an CLG i leith Mhí-úsáid Dheochanna Meisciúla agus Substaintí.
Eilís Ní Chongaile, Múinteoir na Gaeilge - tráth i mBrí Chualainn, Contae Chill Mhantáin agus anois i gConamara; Gníomhaí Phobail.
Bríd Ní Neachtain. Is aisteoir clúiteach í a ghlac príomh-pháirt i Ros na Rún agus ins an chéad fhoireann a bhain ghairm as Dancing at Lughnasa. Tá céim sa tSean-Ghaeilge á chríochnú aici faoi láthair i gColáiste na Trionóide; de bhonnaibh Chonamara, cónaíonn sí i mBÁC.
Tá Pádraig Mac Donnacha, Iar-Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta an Gaeilge; Iar-Chathaoirleach Radio na Gaeltachta; faoi láthair, Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn, ar an mboird leis.
Sé Iar Uachtarán Chumain Luath Chleas Gaeil, Peter Quinn ina cathaoirleach ar an mboird.
Siad Méabh Mhic Ghairbheith, Méadhbh Nic an Airchinnigh, Feargal Ó Sé, agus Regina Culliton na baill eile.
Thosnaigh TnaG ag craoladh ar an 31ú lá Deireadh Fómhair 1996 agus go dtí seo bhí sí mar chuid de chlann seirbhíse RTÉ.
5/4/2007:Cead cainte ar TG4 (Lá Nua)
|
"Go drogallach a chuirtear seirbhísí áirithe
"Ag tráth a bhfuil forbairt ag teacht go ginearálta ar raon agus ar chaighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge ó eagraíochtaí stáit, is léir go bhfuil sé riachtanach go mbeadh eagraíochtaí stáit i bhfad níos réamhghníomhaí ag cur a gcustaiméirí ar an eolas faoi na roghanna atá acu cuid dá ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Mura dtuigtear go bhfuil rogha teanga dáiríre á tairiscint do chustaiméir is léir gur deacair a bheith ag súil go dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
"Rómhinic a bhraitear gur in aghaidh a dtola, go mífhonnmhar nó go drogallach a chuirtear seirbhísí áirithe trí Ghaeilge ar fáil agus go mbaineann anró nó dua breise lena lorg. Ar an láimh eile, is minic a fhágann baill den phobal a mianta agus a gcearta chun gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge ar leataobh de bharr go mbraitheann siad go gcothóidh a leithéid d'éileamh míchompord, cantal nó míchaoithiúlacht.
"Ach níl aon amhras, má tá áit agus spás le cruthú do theanga dhúchais na tíre i gcúrsaí riaracháin phoiblí go gcaithfear a bheith níos réamhghníomhaí ag tairiscint seirbhísí trí Ghaeilge do chustaiméirí leis an éileamh ar na seirbhísí sin a threisiú i measc an phobail,"
|
trí Ghaeilge ar fáil"
3/4/2007: Ní i gcónaí a dhéantar beart de réir briathair i gcás gealltanas faoi sholáthar seirbhís stáit trí Ghaeilge, dar le Tuarascáil Bhliantúil 2006 an Choimisinéara Teanga, a seoladh le déanaí.
Cuireadh iomlán de 611 gearán nua i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2006 - ardú 47% ar an mbliain roimhe sin. Ón nGaeltacht a tháinig beagnach an tríú cuid (30%) de na gearáin seo agus tháinig os cionn aon triain eile (38%) ó Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh sé mar straitéis eatramhach ag a oifig go dtí go dtiocfadh éifeacht iomlán na reachtaíochta i bhfeidhm déileáil leis na fadhbanna agus gearáin seo de réir "spiorad" na reachtaíochta le hoiread cabhrach agus ab fhéidir a sholáthar don chuid sin den phobal a mheas go raibh cúis gearáin acu.
Ráiteas ó Oifig an Choimisinéara
Is féidir leat cóip de Thuarascáil Bhliantúil 2006 Oifig an Choimisinéara Teanga a íoslódáil anseo (i bhfoirm PDF).
An scéal seo i Lá Nua
Frithgníomhaíocht:
Eagarfhocal Lá Nua
Plus ça change, plus ça la même chose! - Daithí Mac Carthaigh, Uachtarán Conradh na Gaeilge.
|
|