Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 25

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
Rírá le Ruairí! Trí scéalta nua faoin gcarachtar is mó cáil sa Ghaeilge!
Leabhar uimhir a trí sa tsraith chlúiteach.
Bíonn rírá gach áit a dtéann Ruairí: bíodh sé ag spraoi sa sneachta, ar an bhfeirm nó ag iascach...
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
An Ghaeltacht - Stadéar Teangeolaíoch agus ainilís ar an Daonáireamh
Deireadh le nuacht ón nGaeltacht? Cinneadh go luath!

6/9/2007: Tá sé i gceist ag coiste feidhmeach RTÉ cinneadh a dhéanamh faoi shuíomh seirbhís nuachta TG4 go luath, taobh istigh de sheachtain. (Lá Nua)

Ro-Ro go hÁrainn!

6/9/2007: Tá sé fógartha ag an Aire Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil an staidéar a ullmhaíodh maidir le seirbhísí iompair rolladh air/rolladh de (róró) do na hOileáin Árainn ar fáil anois ar láithreán gréasáin a Roinne. Tá taithí leathan san earnáil iompair seo ag an gcomhlacht Albanach, Saltire Management Ltd., a rinne an staidéar.

Ceol na Farraige go hÁrainn

16/8/2007: 'Ceol na Farraige' is ainm do bhád farantóireachta a théann isteach ó ché Ros a' Mhíl go Inis Mór. Ach ní ceol na farraige a chluineann tú nuair a théann tú ar bord. 2FM a bhí ar siúil, ceol idirnáisiúnta an lae inniu. Seans go raibh grúpaí Éireannacha ann ach mura raibh cur amach agat orthu ní aithneofá iad thar an stuif eile. (Séamas Mac Anaidh- Lá Nua)

Údair agus eagarthóirí ar Camchuairt

16/8/2007: Tá sraith cainteanna eagraithe ag CLÉ, cumann na bhfoilsitheoirí, i leabharlanna ar fud na tíre leis an bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas maidir le obair foilsitheoirí na hÉireann. Beidh siad ar an Spidéal sa leabharlann oíche amárach. (Galway Advertiser)
Tuilleadh faoin dturas ar shuíomh Chlé (Béarla)

Críochnaithe 13/8/2007: D'Éirigh le Seá Bán an tarna áit a fháil aréir sa chomórtas "Charity Your a star!". Bhí sé ag glacadh páirt sa chomórtas ar son an Carers Assiociation of Ireland!
An rialtas míshásta leis an gcinneadh!

13/8/2007: Thug príomhfheidhmeannach Aer Lingus, Dermot Mannion, le fios inné nach gcreideann sé go rachaidh an comhlacht siar ar a gcinneadh deireadh a chur le seirbhís na Sionainne go Heathrow, Sasana. Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió 1 inné, d'admhaigh sé go raibh an rialtas míshásta leis an chinneadh seo.
Is féidir le Aer Lingus an dá thrá a fhreastal (Eagarfhocal)
Ná creid an bhladaráil pholaitiúil.... (Seán Ó Tuairisc)(Lá Nua)

Fáilte roimh €1.7m do Ros Muc

13/8/2007: Chuir an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaigh fáilt roimh an €1.7milliún atá a thabhaairt ag an Údarás d'fhoirbairt an ionad fiontair i Ros Muc. Tá géar ghá leis an obair seo agus beidh ionad den chéad scoth ann anois do chomhluchtaí a úsáidann é mar Cumas Teo agus Pléaracha Teo.

Bean ar iarraidh

10/8/2007: Tá Gardaí i nGaillimh ag iarraidh teacht ar bhean 26 bliain d'aois darbh ainm Bridget Hickey, nach bhfacthas ó bhí 3.30rn an Mháirt seo caite ann ar Shráid Dhoiminic sa chathair. Tá Bridget Hickey 5' 10'' ar airde, tanaí le gruaig fhada dhonn. Tá spéaclaí a chaitheamh aici, agus a cuid cluas pollte.

Bus gach uair ó Leitir Mealláin go Gaillimh?

9/8/2007: Tá litir scríofa ag Éamon Ó Cuív chuig Bus Éireann, bus a reachtáil gach uair a chlog ó Leitir Mealláin, trén gCeathrú Rua go Gaillimg agus thár n-ais ag tosú ar a seacht gach maaidin. Deireann sé gio mbeidh an-éileamh ar a leithéid de sheirbhís agus go laighdeoidh sé am]n méid carrannaí a bhíonn ag dul soir go Gaillimh ó Chonamara gach lá.

Éire 1968-2007 ag Merriman

9/8/2007: Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a thabharfaidh léacht oscailte Scoil Shamhraidh Mherriman na bliana seo. Cuirfidh sé seo tús le seachtain plé, le cur is cúiteamh, ceol, filíocht, rince seite, agus craic a leanfaidh ón 19 ­ 25 Lúnasa in Ionad an Spa Wells i Lios Dúin Bhearna, Co an Chláir.
Scoil Chumann Merriman

SBB ina sheasamh!
7/8/2007: Tá Seán Bán Breathnach fós san iomaíocht sa clár seo "Charity you're a star" ar RTÉ 1. Beidh an chéad léiriú den clár anocht ann. Tá sé sa chomórtas ar son an Carers Society.
An scéal seo i Lá Nua - An Clár féin (Béarla amháin!) An Carers Association (Béarla amháin)
Síneadh nua le hoifigí na Roinne Gaeltachta sna Forbacha

7/8/2007: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go gcuirfear tús leis an obair chun síneadh a chur le hoifigí a Roinne sna Forbacha ar an 14 Lúnasa 2007. Tá an conradh €2.678m bronnta ar an gcuideachta áitiúil Cordil Construction Ltd. Beidh méid 722m² sa síneadh nua agus beidh spás do 30 ball foirne ann. Tá go leor díobh siúd díláraithe as Baile Átha Cliath go dtí na Forbacha agus áiteanna eile ar fud na tíre agus iad i mbun oibre i bhfoirgnimh shealadacha i láthair na huaire.


Taispeántas ealaíonna ar an gClochán

6/8/2007: Osclaíodh "Na Críocha", taispeántas griangrafanna le hEilís Ní Dhúill ar an gClochán ar an Sathairn. Ag úsáid ceamara scannán 35mm agus solas an tráthnóna cruthaíonn Eilís Ní Dhúill ardán do tírdhreach na hÉireann, nádúr nach gcaithtear ach leathshúil ar go minic. Ceangailte leis an tírdhreach sin tá, ní hamháin radharc álainn, mealltach, stair sóisialta, polaitíochta agus cultúr na tíre ach nádúr an chinedaonna.

Ar an gcos eile!

26/7/2007: Bunófar Scoil Cosliachta den chéad uair riamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Cuirfidh an Scoil an chéad fhochéim chosliachta sa Stát ar bun agus beidh BSc (Onóracha) i gCosliacht le bronnadh ar chéimithe an chúrsa. Féadfaidh mic léinn iarratas a dhéanamh ar áit ar an gcúrsa ceithre bliana don bhliain acadúil 2008-9 ar aghaidh agus tá sé i gceist glacadh le 25 mac léinn gach bliain.


Más tomhaltóir thú!
26/7/2007: Théis dianoibre bliana, tá suíomh gréasáin eagraíochta nua-bhunaithe, Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge, beo ar an idirlíon. Tá leagan sealadach den togra ar fáil ag www.tomhaltoir.com faoi láthair agus tá eagarthóirí an chumainn ag lorg moltaí ón bpobal ar bhealaí chun snas a chur ar an suíomh.
Is beirt fhear óg atá taobh thiar den fhiontar seo, Seanán Ó Coistín ó Chill Choca i gCill Dara agus Domhnaill Ó Muirí ó Leamhcán i mBaile Átha Cliath. (Lá Nua)
Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge
€32m d'Inis Mór
26/7/2007: Do réir tuairisce tá an Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív chun €32 milliún deontas a thabhairt chun obair feabhasúcháin a maoiniú ag céibh Chill Rónáin. Sé an deontas is mó a sholathar Rialtas na hÉireann d'aon fhorbairt ar oileán ar chósta na tíre riamh. Úsáideann ceathrú milliún daoine an céibh seo gach bhliain.
Cabhródh obair nua seo le fobairt Árainn agus táthar ag súil go mbeidh báid mór turasóireachta dul i dtír ann chun cúr leis an turasóireact ann.
An scéal seo ar shuíomh na Roinne!
Albam nua le Charlie Lennon

26/7/2007: Turning the Tune (CIC) is teideal do dhlúthdhiosca dúbailte nua de cheol fidle ó Charlie Lennon atá eisithe ar lipéad CIC. "Tá dlúthdhiosca amháin ag breathnú siar, tá an ceann eile ag breathnú chun cinn," an cur síos a rinne Charlie Lennon ar Turning the Tune.

Teip Chonnie!

24/7/2007: Níor éirigh leis an Comhairleoir Connie Ní Fhatherta ina íaracht a bheith tofa don tSeanad aréir. Bhí sí ag lorg suíocháin ar an bpainéal chúltúir agus oideachais.
Seanad Éireann - fóram mí- dhaonlathach róchostasach? (Máirín Ní Ghadhra - Lá Nua)

Bóthar le bheith oscailte go luath

24/7/2007: Ag caint dó ar RnaG ar maidin dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig, cathaoirleach Coiste na Bóithre an Comhairle Chontae, go mbeidh an bóthar thar an droichead ar oscailt roimh deireadh na seachtaine muna dtárlaíonn aon rud nach bhfuil súil aicu leis. Tógadh sé bliain sula mbeidh droichead nua seasta ann afách.