Smaoineamh don lá!
An Aimsir
Clár RnaG Inniú
Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!
|
|
An Eagrán Deireannach
Easpa cosanta don Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta!
19/8/2008: Tá sé ráite ag an Roinn Oideachais nach bhfuil dualgas reachtaíochta ar scoileanna Gaeltachta múineadh a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge.
Tháinig an ráiteas sna sála ar an gcomhréiteach ar Oileán Árainn Mhór go gcuirfí tús le sruth Gaeilge san iarbhunscoil ar an oileán Gaeltachta, Gairmscoil Mhic Dhiarmada, i Meán Fómhair 2009, de bharr éilimh ó thuismitheoirí.
(Lá Nua)
|
Ar ais san Árus don aon oíche amháin!
19/8/2008: Filleann Ná Bac ar Chlub Árus na nGael ar an 21ú Lúnasa le
haghaidh oíche amháin mar chuid dá dturas abhaile. Níl ach dhá bhliain ann ó tháinig NáBac le chéile
agus tá cáil mór orthu cheana féin as ucht a gcuid taispeántaisí bríomhara nádúrtha. Tarraingíonn a
CD is déanaí "Siar Anoir" ar an gCeol Traidisiúnta Tíre Éireannach, ach glacann sé inspioráid
freisin ó amhráin tíre as foinsí éagsúla agus measctar iad le phíosaí nua-chumtha uirlise a thugann
scáth raon éagsúil fhoinsí an bhanna. Tá an ceol seo nuálach, ilchineálach agus croíúil ach ag an am
céanna fanann sé dílis d'fhuaim Cheoil Thraidisiúnta na hÉireann.
|
Leagan Gaeilge den suíomh ag Aer Árann
16/8/2008: Tá leathnannach Gaeilge ar shuíomh Aer Árann anois. Tá an suíomh
fhéin sna dá theanga, Fraincís agus Béarla ach tá leathanaigh ann i Spáinis, Ollanais agus
Portingéilis.
Tá os cionn 600 eitilt sa tseachtain á n-oibriú ag Aer Árann sna tíortha seo a leanas: Éire, an
Bhreatain Mhóir, An Fhrainc, An Spáinn, An Phortaingéil agus An Isiltír. D'fhás líon na bpaisinéirí
ó 12,000 sa bhliain 1999 go dtí an 1.3 milliún atá tuartha do 2008 ar os cionn 40 aerbhealach. Is í
Aer Árann an aerlíne réigiúnach is mó in Éirinn anois, agus an tríú aerlíne is mó a eitlíonn isteach
in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Níl leathannach i nGaeilge ar suíomh Aer Árann Islands faraoir!. Tá an-chuid teangacha ag Aer Lingus seachas Gaeilge ar ndóigh. Agus maidir le Ryanair "Ireland (English)" atá acu siúd!
Naíonra Chonnacht ag méadú
15/8/2008: Tá seirbhísí Naíonra
Chonnacht, naíonra atá
lonnaithe i gColáiste
Chonnacht sa Spidéal ag
méadú agus tá sé fógraithe
ag Coiste an Naíonra go
mbeidh an dara seisiúin á
chur ar fáil acu ó mhí
Mheán Fómhair seo
chugainn.
Is é seo an chéad uair go
mbeidh an dara sheisiúin á
thairiscint ag an naíonra
agus beidh se ar siúl 12.00
meán lae go dtí 2.30in. (Galway Advertiser)
|
Diarmuid de Faoite ceaptha ina fheidhmeannach dramaíochta
15/8/2008: Tá an t-aisteoir cáiliúil, Diarmuid de Faoite, ceaptha ina fheidhmeannach drámaíochta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
Bhain Diarmuid cáil amach lena pháirt 'Jack' sa sobalchlár Ros na Rún, ar TG4, chomh maith le
tréimhsí fada a bheith caite aige le RTÉ, STV (Albain), Amharclann na Cathrach, Gaillimh,
Taibhdhearc na Gaillimhe agus lena chomhlacht féin, POC Productions. Go deimhin, shílfeá gur beag
comhlacht drámaíochta in Éirinn nár chaith Diarmuid seal ina dteannta agus é ag plé leis an
aisteoireacht ghairmiúil ó 1988 i leith.
|
Nollaig Ó Gadhra 1943-2008
Bás Nollaig Uí Ghadhra (Lá Nua)
Ráiteas ón dTaoiseach
|
Deiseanna
Fostaíochta san Eoraip
15/8/2008: Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe
agus Gaeltachta do chúrsa nua, MA Ateangaireacht Chomhdhála, cúrsa a bheidh á reáchtáil ag Acadamh
na hOllscolaíochta, an chéad chúrsa dá shórt in Éirinn. (Galway Advertiser)
Laoch eile ar lár
14/8/2008: Fuair Nollaig Ó Gadhra, Iriseoir, léachtóir, staraí
agus gníomhaire teangan bás aréir. Bhí cónaí air sna Forbacha, Conamara, le fada an lá. Chaith sé a shaol proifisiúnta mar
léachtóir iriseoireachta in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. D'éirigh sé as a phost
i 2002. I 2004 toghadh é mar an 30ú uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Tá a iníon, Máirín Ní Ghadhra,
ina hiriseoir le Raidió na Gaeltachta. Rugadh é i bhFíonach, Co. Luimnigh agus cuirfear amárach é i
Reilig an Chnoc amárach tar éis aifreann i séipéal na Forbacha.
|
Ó glún go glún!
14/8/2008: Dlúth diosca nua ó Chló Iarchonnachta is ea "Up and Coming" le beirt óg fhear Oisín agus Coilín Ó
hÍarnáin. Is as Árainn don bheirt cheoltóirí óga seo, deartháireacha nach bhfuil ach sé bliana déag
agus trí bliana déag d'aois ach gur léir óna gcuid ceoil go bhfuil saibhreas agus tuiscint thar na
bearta acu ar a gceird. Is leis an bhfeadóg stáin a thosaíodar beirt amach ach níor mhoilligh siad
rófhada leis sin nó gur thosaigh Oisín ar an gcnaipchairdín in aois a sé bliana, agus gur thosaigh
Conal ar an mbainseó agus é naoi mbliana d'aois.
|
Chrib na nÓg ar an gCeathrú Rua
14/8/2008: Tá deontas de O23,502 thar tréimhse ceithre mhí ceadaithe ag
Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do Chrib na nÓg ar an gCeathrú
Rua chun cuidiú leo duine lánaimseartha agus beirt páirtaimseartha a fhostú san ionad.
|
€25m déanta ag geall ghacadóirí ag na rásaí
6/8/2008: D'éirigh go maith le féile Rásaí na Gaillimhe i mbliana in aineoin droch-chaoi na heacnamaíochta, and droch haimsir agus easpa phoball Fhianna Fáil. Bhí na hingearáin ag teacht is teach go tiubh gach lá mar is gnath agus cé go raibh teacht isteach beagáinín thíos ar 2007 bhailigh na gealghlacadóirí timpeall €25m i rith na seachtaine.
Suíomh Rásaí na Gaillimhe (Béarla)
€255,000 d'Institúid Teicneolaiochta na Gaillimhe-Maigh Eo
Tá deontas €255,000 thar tréimhse trí bliana ceadaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus
Gaeltachta Éamon Ó Cuív T.D. d'Institúid Teicneolaiochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) mar chúnamh
dóibh chun forbairt a dhéanamh ar an gCúrsa Céime B.A. sa Ghnó agus Cumarsáid trí Ghaeilge atá á
reáchtáil acu. Cuireadh an cúrsa seo ar fáil ar dtús in 1999 agus tá 121 mic léinn - cuid mhaith acu
sin ón nGaeltacht - tar éis páirt a ghlacadh ann ó shin. Teastaíonn ón GMIT tuilleadh forbartha a
dhéanamh ar an gcúrsa anois.
|
Conspóid ÚnaG maidir le
dúnadh gnó taighde
Timpist ar an gCeathrú Rua
4/8/2008: Maríodh fear 40 bliain d'aois ag timpist bóithre taobh amuigh
d'Ostán an Dóilín go much maidin Domhnach. Níor gortaíodh éinne eile san eachtra. Gabhadh duine ag an láthar agus táthar á
gceistiú ag an nGárda i mBóthar na Trá é. Ní as an ceantair an fear a maraíodh.
Bualadh bos do Bhus Éireann
1/8/2008:An tseachtain seo caite
sheol an tAire Éamon Ó
Cuív TD scéim nua, Duais
Pobal Gaeilge na
Gaillimhe, scéim atá á
reáchtáil ag Bus Éireann.
Tá Duais Ghaeilge Bus
Éireann do Phobal na
Gaillimhe 2008 dírithe ar
chuidiú airgid a thabhairt
do ghrúpaí pobal a
oibríonn leis an nGaeilge
a chur chun cinn i
gCathair na Gaillimhe.
Cuireadh an comórtas úr
seo le chéile mar chuid de
Scéim Ghaeilge Bhus
Éireann faoi réir Acht na
dTeangacha Oifigiúla
2003. (Galway Advertiser)
|
4/8/2008: Tuigtear gur iarr Údarás na Gaeltachta cead ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív le triúr a
fhostú leis an obair a bhi ar bun ag comhlacht Thaighde Mara Teo a choinneáll ag imeacht istigh sa Rannóg Mara in Údarás na Gaeltachta ach nár ceadaíodh sin. Tá an cheist seo ina hábhar conspóide anois agus an Comhalta Boird Seosamh
Ó Cuaig agus Priomh Fheidhmeannach an Udaráis Pádraig Ó hAoláin ar mhalairt tuairime faoin chás Thaighde Mara
Teo.
Fógraiodh an tseachtain seo caite go raibh deireadh le cur le Taighde Mara Teo - fochomhlacht de chuid Udarás na
Gaeltachta a bhí ag déanamh staidéir agus taighde ar chúrsaí iascaireachta, cladaigh agus mara. Thug Foinse eolas beagnach bliain ó shin go raibh an beart seo ar intinn ag Odarás na Gacitaclita ach níor dhúirt an tUdarás aon bhlas faoin tuairisc sin go poiblí san am sin. Ach, chuir an bhainistíocht moladh faoi bhráid an chruinnithe Boird is deireanaí a bhí san
Údarás agus beidh Taighde Mara ag
dúnadh go gairid. (Foinse).
Scéal scoir Taghde Mara ar suíomh an Údaráis
Nós nua ag Nós!
1/8/2008: Tar éis an tús iontach atá curtha le nós* ar líne tá an-ghliondar ortha a fhógairt gur féidir
síntiús bliana do leagan clóite na hirise a cheannach ón tseachtain seo ar aghaidh.
Is foilseachán deonach é nós* mar sin tá cabhair ón a gcuid bpobal léitheoireachta
ag teastáil chun an fhorbairt shuntasach seo a chur i gcrích agus chun an iris a chur ar fáil do
shaol na Gaeilge.
| |