Spailpí Fánach

Iml 01: Eag 05



Cartlann


Nuacht
TG4


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
Árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


An Cúléisteoir!
Botún mór i mBearna
Cáineadh ar shean Chomhairle Chonamara

10/5/2005: Dúirt Trevor Ó Clochairtaigh aréir gur mór an botún a bhí déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus go mór mhór Comhairle Chonamara faoi cheannasaíocht Sheáin Uí Neachtain a athraigh an limistéar nach raibh cead forbartha air i mBearna ó 92 méadair go tríocha méadair ó bhruach na fairrige..
Tá suíomh idirlíon ag Pobal Bhearna ag www.pobalbearna.com. Is i mBéarla amháin atá sé. Is iarrathóir i dtoghchán don Údarás i mí Aibreáin é Trevor.


Lá amháin fagtha ag Árainn
Séamus Jamesie ag dul sa tseans!

9/2/2005: Sé an 10ú lá Feabhra an lá deireannach le clárú mar iarrathóir don toghchán do áit ar Comhairle na nOileán an Comhairle Chontae. Dúirt Séamus Jamsie Ó Flatharta ar Raidío na Gaeltachta inné go bhfuil sé chun seasamh ann.


Áine Ní DhroighneáinBeo ar an líon

9/2/2005: In eagrán na Feabhra de Bheo tá agallamh le Áine Ní Dhroighneáin as an Spidéal i gConamara atá díreach ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is iris idirlíon í Beo do lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne. Féach www.beo.ie


Meas craobhscaoileadh raidíochta ag tosnú

9/2/2005: Tá suirbhé neamhspleach raidíochta á thosnú ag Raidio na Gaeltachta de bhar an agóid a bhí ann roinnt seachtain ó shin ag muintir na háite, Bhíodar imníoch faoi aeróg Vodafone a bhí le cuir suas ar aeróg mór Raidio na Gaeltachta i gCasla. Is cosúil go mbeidh siad ag glacadh tomhasanna comh fada le deich mile ón stáisiún.


Triúir ainmnithe ag Fine Ghael
8/2/2005: Tionóladh conbhinsin Fhine Ghael sa Chistin ar an Ceathrú Rua aréir. D;'fhreastail timpeall 50 ag an gcruinniú. Toghadh triúir iarrathóirí chun tabhairt faoi comortas toghannaíochta do Údarás na Gaeltachta.
S'iad Aine Ní Chiarragáin Duiche Seogheach), Seosamh Ó Laoi, (Na hOileáin), Éamon Ó Méalóid (Carna) na hiarthéoirí
Beidh sé deacair ar éinne acu a bheith ina chomarba ó thaobh vótaíochta de le Pól Ó Foigheal, a d'éirigh as an Údarás agus as an Comhairle Chontae anuireadh. Ach tá súil acu síochán Uí Fhoigheail a bhaint amach agus síochán eile a bhaint amach.
Níl tagairt do seo ar suímh idirlíon Fine Gael! (Níl fiú leagan Gaeilge den suíomh ann fiú!)
Iarrathóir eile san iomaíocht

6/2/05: "Níos mó cumhacht ag an Údarás: Sláinte, bóithre, pleanáil 7rl." A deireann an iarrathóir ag Sinn Féin, Colm Ó Ceannabháin, "Muintir na Gaeltachta ar an méar fhada i gcónaí." Bhí coinbhinsin ag an bPáirtí ar an nTeach Dóite ar an Domnach.
Ní raibh focail faoi seo ar suíomh idirlíon Sinn Féin (www.sinnfein.ie/gaelic/) inniú


A gcearta vótála ag muintir Árann?

4/2/05: Rinne Trevor Ó Clochartaigh éileamh ar son muintir Árann go mbeidh siad ag caitheamh vótaí do bhaill ar Údarás na Gaeltachta ar an lá céanna le muintir Chonamara i gcoitinne. Deireann sé nach bhfuil aon socrú déanta ag an gComhairle Chontae go fóill. De gnath caitheann muintir Árann vótaí dhá nó trí lá roimh éinne eile agus dar le an-chuid daoine is chóras nach bhfuiol gá claoí leis anois le chóras iompair mar atá siad anois.


Méadú ar Chonamara?

4/2/05: Tá muintir Thuar Mhic Éadaigh ag iarraidh bheith istigh le Chonamara agus Árainn don toghchán don Údarás i mbliana. Cé go bhfuil siad istigh le Gaeltacht Mhuigheó tá i bhfad níos mó teangabháil le Chor na Móna ná le haon ceantair Gaeltachta i Muigheó.


Iar-Uachtarán an Chonartha le seasamh i dtoghchán an Údaráis

3/2/05: Fógartha ag Séagh Mac Siúrdáin, iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge as Doire Choill, Casla, tá go mbeidh sé ag seasamh i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta. Ar cheann de na cúiseanna a bhfuil sé á chur féin chun tosaigh tá an neamhaird atá á tabhairt ar chúrsaí pobail, pleanála, oideachais agus sláinte i saol na Gaeltachta maraon le heaspa polasaithe maidir leis na Gaeltachtaí laga soir ó chathair na Gaillimhe agus na riachtanais éagsúla a bhaineann le Gaeltachtaí láidre agus Gaeltachtaí laga. Tá sé i ina bhall de Choistí Náisiúnta SIPTU, Choiste Leasa SIPTU agus Coiste Sláinte SIPTU.
Scéal i Lá 3/2/04

Cúrsaí Spóirt

Bua ag Éirinn (Socair)

9/2/2005: Éire: 1, An Phoirtingéil: 0 Seolta i dtír

8/2/2005: D'éirigh le Ellen MacArthur seol thar timpeall an domhain lei féin níos tapúla ná éinne eile inné. Thóg sé 71lá 14uair 18neom. 33siocand ag 22.29 am na hÉireann aréir.

6/2/2005: Patriots seampíní san Super Bowl. D'éirigh leis na New England Patriots an bua fháil ar Iolair Philadelphia i Super Bowl XXXIX inniú. 24-24 an scór.

Rugbaí: Éire 28 an Iodáil 17 Tá Éire ar bhárr tábla na sé náisiúin.


Beannacht ón bPápa
6/2/2005: Thug an Pápa Eoin Pól II a bheannacht ag deireadh Teachtaireacht an Aingil ar maidin. Bhí slócht ina ghuth aige. Ach tháinig sé chuig fhuinneoig a sheomra in Oispidéal Gemelli sa Róimh.
Chuireann muid fáilte roimh preas ráitaisí (Gaeilge led thoil) ar an idirlíon mar aon le griangrafanna i bhfoirm jpeg chuig readout@iol.ie.

Nó is féidir iad a chuir

trén poist chuig:

    Foilseacháin Read-out.
    An Caorán
    Baile na hAbhann
    Conamara
Nó ar faics chuig
091 506872
Teip ar Éircom i gConamra

8/2/2005: Bhí fadhb éigin ag an malartán i gCasla inné a dfhág muintir Chasla, (muid féin san áireamh!) na Ceathrún Rua agus Ceantair na nOileáin, Ros Muc agus Úachtar Árd gan teileafón - agus idirlíon, olc agus atá sé- tráthnóna inné. Bhí an bua ar ndóigh orthu siúd a bhí chóras saitilíte leathan bhanda agus acu siúd le fón phócaí. Tá an chóras teileafón i Conamara ag dul in olcas le scaitheamh aníos.
Is cosúil gur de bharr briseadh line ag suíomh tógála thart ar Uachtar Árd faoi dearadh an cliseadh seo.


Ag tomáint go hÁrainn

8/2/2005: Tá seans go mbeidh an céibh i gCill Rónáin oiriúnach do charrannaí a thiomáin i dtír. Bheadh áis mar seo an-úsáideach do mhuintir an oileáin agus iad a tógaint lastais i dtír ó Éirinn.


Uisce ceart i gCasla

4/2/05: Deireann an Comhairleoir Connie Ní Fhartha,atá ina ball tofa den Údarás leis, go bhfuil an scéim uisce do cheantair Chasla ag dul faoi bhráid na roinne Chomshaoil agus gur ceart go dtosnódh an obair air in gcionn dhá nó trí mhí.


Córas leathan Bhanda: céim eile...

3/2/05: Dúirt an Comhleoir Seosamh Ó Cuaig go bhfuil Comhairle Údarás Réigiúnach an íarthar, (Gaillimh, Muigheó agus Ros Comáin) chun duine a fhostú chun cabhair a thabhairt do ghrúpaí áitiúil córas leathan bhanda a eagrú dá gceantair. Fuair sé gealltannais go mbeadh an duine seo sásta labhairt le haon ghrúpa i Conamara chun cabhair a thabhairt dóibh. Tá an an gnath seirbhís sa ceantair an-mhall agus tá gear ghá le coras ceart leathan bhanda ann do éinne atá ag brath ar an idirlíon.

Cláraigh anois!

4/2/05: Oscailte inniú ar suíomh idirlíon an Comhairle Chontae tá bealach len do cuid suime sa leathan bhanda sa contae a chlarú. Nuair a chuamar chuig an suíomh ar maidin ní raibh sé le fáil ach i mBéarla amhá. Teir anseo agus líon isteach an ceistnéir.

Cos in airde!
Patrica Ní Fhatharta
5/2/05: Patrica Ní Fhatharta, Barr Róisín, Ros A' Mhíl; buaiteoir Comórtas Chóilín Sheáin Dharach 2005 ag deireadh na míosa seo caite.
An scéal iomlán
Gearr liosta roghnaithe

4/2/05: i measc na comhlachtaí atá ar ghear liosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógairtaigh i mbliana tá dhá phroinnteach, Bialann Indiach Kashmir - a bhfuil sé mar maoimh acu gur an taon bialann Indiach ar domhain a bhfuil biachlár Gaeilge/Béarla acu - agus Café Banaphoblacht. Siad an trí chinn eile atá ar an liosta ná Hewlett Packard (Galway) Ltd, Pobal Simon na Gaillimhe agus Collette Kelly Optomitrist. Tugann an gradam seo aitheantas do chomhlachtaí agus eagraíochtaí eile a bhaineann úsáid laethúil as an nGaeilge ina chuid ghnó agus dá bharr san gluaiseacht chun cur chun cinn na cathrach mar "Príomhchathair Dhátheangach na Tíre."
Tá an comortas seo eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge
Foilseofar na torthaí níos déanaí sa mhí.


Marks & Sparks ag teacht

4/2/05: Tá an comhlucht mór Sasanach, Marks and Spencer le craobh a oscailt i gCathair na Gaillimhe. Beidh sé lonnaithe csan áit a bhfuil Roches Stores faoi láthair in aice leis an Faiche Mór.


Raidió trí mheán na Gaeilge sa 21ú hAois

3/2/05:D'fháiltigh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tomás Mac Con íomaire roimh thorthaí an tsuirbhé a d'fhoilsigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann ar an Déardaoin 20 Eanáir 2005, a rinne iniúchadh ar thuairimí agus ar dhearcadh dhaoine i leith cláracha raidió trí mheán na Gaeilge in Éirinn.
Suíomh Raidió na Gaeltachta


Scrudú ar siúl

31/1/05: Deireann an Comhairleoir Seán Ó Tuairisc go bhfuil deontas staidéar féidearachta ceadaithe le gá atá le seirbhís "broadband" (sic) a scrudú, "chun na féidearachtaí a scrudú!"

Smaointe agat?

Córas Leathan Bhanda in Iarthar na Gaillimhe?
ón Acréidh go Iorras Aithneach
ó Tuair Mhic Éadaigh go hInis Oírr!
Céard is féidir linn a dhéanamh?
Déan Teangabháil le Eoin Ó Riain: admin@anghaeltacht.net
nó 087 2663282
Agus
Cláraigh le an gCo Co