Ceol na Mara

Iml 01: Eag 07


Nuacht
TG4


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
Árann


Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


Cl. le CC na G don Leathanbhanda

An Cúléisteoir!
Cuairteoirí
Cuairteoirí aduaidh chugainn ar Loch an tSean Bhaile ar an gCaorán i rith na seachtaine!
Má tá pictiúr deas agat chuir chugainn é ag rá céard tá ann agus cén fáth gur coir dúinn é fhoilsiú! i fearr linn pictiúirí i bhfoirm jpeg. Chuir chuig eor@read-out.net iad.
Cruinniú árd leibhéil faoin mbóthar nua.
An gcabhródh sé?

18/2/2005: Tá Éamon Ó Cuív chun cruinniú a eagrú idir é fhéin, agus feisirí tofa Chonamara agus an NRA (Údarás na Bóithre Náisiúnta) chun an bóthar nua ó Iarthar Chonamara a phlé. Níl aon amhras ach go bhfuil gear ghá leis an bóthar nua seo ach tógfaidh ama tá seans go mbeidh daoine ón taobh amuigh mar aon le muintir na háite imníoch faoin bealach is cirte tabhairt faoi.

Bertie Ahern"Sceanairt" mhór ar airgead an Údaráis
"Chabhraigh linn a Thaoisigh!"

19/2/2005: Ar mholadh ón ball tofa Seosamh Ó Cuaig ritheadh rún ag an gcruinniú de bhórd Údarás na Gaeltachta impí a chuir chuig an Taoiseach Bertie Ahern, agus an Rialtas, an éagóir, an scanairt, ar an Údarás a laigheas. Tá an teaspa airgead seo ag chuir isteach ar dul chun chin ar na forbartha atá beartaithe amach anseo. Beidh an céad cruinniú ag an Údarás ar an 4ú lá Márta agus is cosúil go mbeidh an tAire i láthair.

Scéal irisí ar leith!
16/2/2005:Ar léigh tú "Focus" riamh? Nó "Reform"?
Tharlódh nár léigh. Daichead bliain ó shin a bhí siad ann. Ach ba spéisiúil, is spéisiúil, a scéal. Óir, i dtír a bhí deighilte, rinne siad sin iarracht ar dhaoine a thuiscint ní ba dhoimhne.
Risteárd Ó Glaisne a bhí ina eagarthóir ar na páipéar úd. Páipéir liobrálacha ab ea iad. Bhí tuairimí den uile shórt iontu - tuairimí ar an pholaitíocht, ar an chreideamh, ar an nuascríbhneoireacht agus ar go leor leor eile.
Tá scéal ar chur le chéile idir Éireannaigh de chineálacha éagsúla anseo. Ní raibh irisí dá leithéidí sa tír riamh roimhe sin, ná ó shin.
Is geal le léargas ar stair na linne iad agus is ábhar nach beag as dírbheathaisnéid Risteáird féin anois iad, anois ach go háirithe is gan an Corcaíoch lách ildánach oll-leabhrach farainn feasta, monuar, le cur leo.

Eagarthóir: Risteárd Ó Glaisne: Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2005. € 15.00. [Coiscéim 2005-03]

Amhránaí óg as Saile Thúa

19/2/2005: Bhí an bua ag Daithí Ó Loidean as Saile Thúa comortas amhráin Jacobs/RTÉ Raidio 2 i mBaile Átha Cliath (Sr Vicar) aréir. Tá sé 16 mbliana d'aois. Bhuaigh sé lena amhrán ""Drives Home". Bhí deichniúir istigh sa gcomortas sa deireadh.


Monarca le dúnadh i gCasla

19/2/2005: Tá seisear oibrí lena bpostanna a chailiúnt nuair a dúnfaí Tenco ar an eastáit i gCasla. Tá Údarás na Gaeltachta le buaileadh leis an mbainastaíocht ar an Luain. Tógadh an cinneadh san nGearmáin de bhar ardú choistaisí de réir tuairiscí.


Freagra ó WestDoc - Neamh ciontach!

18/2/2005: Shéan WestDock go raibh na gearáin a fuaireadar le déanaí tuilte acu. Tá gearán a dhéanamh faoin seirbhís a dhéanamh tar timpeall Contae na Gaillimhe ar fad agus ní hamháin i gConamara


Fáilte roimh uisce

16/2/2005: Dúirt an Aire Chomhshaol nuair a bhí sé ar chúairt ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil airgead ceadaithe le feabhsú chóras uisce Chill Chiaráin agus Carna. Chuir Fóram Iorrais Aithneach an-fháilte roimh an bhfógairt. Tá airgead a thabhart aige i gcóir na Ceathrún Rua leis.


Bhfuil tusa páirteach san athbhreithniú seo?

16/2/2005: Tá fáilte curtha ag Jimí Ó Lorcáin roimh an ath-bhreithú ar cumhacht agus fheidhmeanna an Údaráis.
Ná déan dearmad go bhfuil athbhreithniú cuimsitheach ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta ar siúl faoi láthair agus go bhfuil fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal roimh 5 i.n. Dé hAoine 25 Feabhra 2005.

Seol aighneachtaí chuig:
Helena O'Brien,
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe hobrien@pobail.ie

Breis Eolas: Údarás na Gaeltachta An Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta

Ochtar déag san iomaíocht
Rás don
Údarás san Iarthar!

Dhá shíocháin á lorg

17/2/05: Beidh dhá shíocháin i nGaeltacht na Gaillimhe á lorg ag Fine Gael i dtoghán Údarás na Gaeltachta. dár le ceannaire an pháirtí sin Enda Kenny. Bhí duine amháin ann ar an mbórd deireannach, Pól Ó Foigheall ach d'éirigh sé as anuraidh. Tá triúr in iomaíocht i mbliana