Chuireann muid fáilte roimh preas ráitaisí
(Gaeilge led thoil) ar an idirlíon
mar aon le griangrafanna i bhfoirm jpeg.
Chuig: readout@iol.ie

Nó is féidir iad a chuir trén poist chuig:

Foilseacháin Read-out.
An Caorán
Baile na hAbhann
Conamara.

Nó ar faics chuig

091 506872


Cóipceart © 2005
Foilsicháin Read-out


Toghchán 2005: 2 Aibreáin

Gaeltacht na Gaillimhe


    Iarrathóirí don Bhórd
    i gConamara agus Árainn. 10/3/2005
    Abair do chuid-sa anois sa bhForum Poltaíochta

    Pádraig Ó	Biadha Pádraig Ó Biadha
    Fianna Fáil (Comhleoir Chontae) *
    Colm Ó	Ceannabháin Colm Ó Ceannabháin
    Sinn Féin
    Breis eolais
    Aine Ní	Chiarragáin Aine Ní Chiarragáin
    Fine Gael
    Trevor Ó	Clochartaigh Trevor Ó Clochartaigh
    Neamh Spleách
    Ráiteas
    Seán 'ac Coistealbha Seán 'ac Coistealbha
    Neamh Spleách
    John Bhaba Jeaic
    John Bhaba Jeaic Ó Conghaile
    Neamh Spleách
    Ráiteas
    Seán	Creavan
    Seán Creavan
    Páirtí Daonlathach *
    Seosamh Ó Cuaig
    Seosamh Ó Cuaig
    Neamh Spleach *
    Suíomh Idirlín
    Ráiteas
    Tomás Ó	Curraoin Tomás Ó Curraoin
    Sinn Féin Poblachtach
    Suíomh Idirlín
    Connie Ní	Fhatharta Connie Ní Fhatharta
    Fianna Fáil (Comhleoir Chontae) *
    Val Hanley Val Hanley
    Fianna Fáil
    Seosamh Ó	Laoi Seosamh Ó Laoi
    Fine Gael
    Jimí Ó	Lorcháin
    Jimí Ó Lorcháin
    Páirtí Daonlathach
    Diarmaid Mulcahy
    Diarmaid Ó Mulcahy
    Comhaontas Ghlas
    Éamon Ó 	Méalóid Éamon Ó Méalóid
    Fine Gael
    Sinéad Ní	Neachtain Sinéad Ní Neachtain
    Fianna Fáil
    Mossie Joyce
    Mossie Joyce
    Neamh Spleách
    Séagh Mac	Siúrdáin
    Séagh Mac Siúrdáin
    Neamh Spleách
    Seán Ó	Tuairisc Seán Ó Tuairisc
    Fianna Fáil (Comhleoir Chontae) *
    Séamus	Walsh Séamus Walsh
    Fianna Fáil (Comhleoir Chontae)

      * Baill reatha ar Bhórd an Údaráis a toghadh i 1999
Plé faoin dtoghcháin

    Baill an Údarás don cheantair.

    Pádhraic Ó Biadha
    Seosamh Ó Cuaig
    Connie Ní Fhátharta
    Seán Ó Neachtain
    Seán Ó Tuairisg
    Seán Creavan (Ball ainmnithe ag an Aire).

    D'éirigh Pól Ó Foighil as in 2004.

    Rinne Breandá Delap léirmheas in eagrán na Márta de Bheó ar ghníomhaíocth gach ball den Údarás ó 1999 i leith:

    Na torthaí iomlán!
    Conas ar éirigh leo?

    Fiche isteach in 6, ní féidir

    Is i Gaeltacht na Gaillimhe an toghlach is mó i dtoghchán Údarás na Gaeltachta agus an ceann is neamhgháthaí a deir Áine Ní Chiaráin a chaitheann súil ar sheansanna an 20 iomaitheoir atá ag seasamh ann.

     

    Cé go bhfuil bailte móra sna ceantair eile ar fad nil aon cheann eile inchurtha le Gaillimh áit a bhfuil eastáit mhóra  tithiochta ar imeall na cathrach sa nGaeltacht. Só shuiochán atá i gceist agus cead vótála ag 33,046, ardCi de thart ar  4000 ó 1Ó9. An uair dheiridh bhi ceathrar déag san iomaíocht, ghnóthaigh Fianna Fáil ceithre shuíochán, Fine Gael  ceann agus neamhspleách ceann. Le seisear iarrthóiri sa bhreis i gceist an iarraidh seo (20, an lion cóanna a sheas don Chomhairle Contae) nil éinne ag súil le toradh luath sa lá agus tá sé níos deacra an toradh a thuar

    Fianna Fail

    Tá triúr den cheathrar a bhuaigh cheana, Seán Ó Tuairise, Connie Ní Fhatharta, agus Pádraig Ó Biadha ag seasamh arís. Ba é Seán Ó Neachtain atá anois ina Fheisire Eorpach a bhuaigh an ceathrú suiochán d'Fhianna Fáil agus tá a iníon Sinéad ag súil an suiochán a bhuachaint an uair seo ach beidh dianchoimhlint i gceist laistigh den Pháirti óir tá beirt eile, Séamus Breathnach as Uachtar Ard. agus Val Hanley i gCnoc na Cathrach sa tóir ar an suíochán freisin. Deirtear go bhfuil feachtas crua ar siúl ag Hanley agus an bhagairt á húsáid mar bhata ag Fianna Fáil go mbainfear na ceantracha uirbeacha amach as an nGaeltacht muna gcaitheann daoine vóta.

    Ní sa chathair amháin a bheidh súil ar an lion a chaitheann vóta féachaint cén suim atá á Iéiriú sa Ghaeltacht. Síltear go mbeidh Seán Ó Tuairisc sa chéad áit mar a bhi cheana ach ina dhiaidh sin éirionn na huiscí nios suaite. Sheas Séamus Breathnach mar Neamhspleách sna Toghcháin áitiúla agus ansin chuaigh sé le Fianna Fail. Fuair sé tacaíocht mhaith i gceantar na Ceathrún Rua agus ceaptar go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh ansin do Connie Ni Fhatharta agus do Phádraig Ó Biadha. Maidir le Ni Neachtain is mór an chontúirt di Val Hanley.

    Fine GaeI

    Fathach polaitiúil agus gniomhai pobail a d'óag an tseachtain seo, PóI Ó Foighil go ndéana Dia trócaire air, a bhi ag

    Fine GaeI anseo ach d'éirigh sé as an suíochán anuraidh. Bhí cur agus cúiteamh faoi cén chaoi a líonfaí an suíochán sin agus is bail d'fhoireann an Údaráis a fuair ó ar deireadh, md a fhágann go bhfuil Fine Gael ag dul isteach san toghchán seo gan bail tofa.

    Nil éinne den triúr atá ag seasamh, Áine Ni Chiarragáin, Seosamh Ó Laoi agus Eamonn O Méalóid a bhfuil an cháil céanna orthu is a bhi ar Ó Foighil. Sheas O Méalóid  cúpla uair cheana ach dáirire ni fiú comparáid a dhéanamh le  haon fhigiúiri seachas cinn 1999. San toghchán sin, fiú le hainm chomh múr le Ó Foighil sa rása ni raibh ag Fine Gael ach beagán le cois cuóta.

    Tá an triúr atá acu an iarraidh seo scaipthe go maith ar fud an cheantair agus is acu atá an t-aon iarrthóir as Dúiche Sheoigheach rud a chuideoidh leo beagáinin. Ar ndóigh, is ó sin dúiche baile an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus beidh seisean ag obair go tréan ar son sheisear Fhianna Fail agus ag iarraidh a chinntiú go gcuirfidh siad leis an lion atá acu

    An Lucht Oibre

    Tá cead an uair seo ag iarrthóiri ainm a bPáirti a chur ar an bpáipéar ballóide ach bheartaigh Trevor Ó Clochartaigh a sheas don Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla gan ainm an Pháirti a chur ar a pháipéar ballóide ach Gniomhai Pobail a thabhairt air fóin. Ina ainneoin sin tá móruaisie a pháirti ag canbhasáil dó agus súil fiú leis an gCeannaire an deireadh seachtaine seo chugainn.

    Bhí cur i gcóill maidir leis an ábhar seo riamh anail sna toghcháin seo agus bhí súil nach mbeadh a leithóid i gceist an iarraidh seo.

    D'fhéadfaí breathnú air mar ghalamaisíoct ach is pearsa tarraingteach é Ó Clochartaigh a bhfuil aithne cuíosach forleathan air. D'fhéadfadh nach leor sin an iarraidh seo.

    An Pairtí Daonlathach

    Beirt iarrthoiri ata ag An bPairtí Daonlathach, Seán Creaven i Mionlach taobh thoir de Ghaillimh agus Jimí Ó Lorcáin as Ros a'Mhil. Rinne Creaven go maith anseo i 1999 le 666 vóta aige sa chéad chuntas agus é fós sa rása go dti an deireadh. 577 vóta a fuair Jimí Ó Lorcáin sna toghcháin áitiúla tar éis feachtais tréan. Má chomhoibríonn siad lena chéile tá seans maith acu ar shuiochán.

     

    An Comhaontas Glas

    Diarmuid Mulcahy atá ag seasamh don Chomhaontas Glas agus cónaí air in aice le Maigh Cuilinn. Sheas sé anuraidh don Chomhairle Contae agus fuair sé 387 Vóta ach ni léir go bhfuil mórán de sheans aige aistriúcháin a thájl.

     

    Sinn Féin

    Iarrthóir amháin atá ag an bPáirtí, Colm Ó Ceannabháin as Ros Muc. Nior sheas sé cheana agus nil an oiread sin aithne air. Má éiríonn chomh maith le Tomás Ó Curraoin agus a rinne an uair dheiridh b'fhéidir go n-aistreodh vóta Uí Cheannabhain chuige.

     

    Sinn Féin Poblachtach

    Nil ainm an Pháirtí luaite le Tomás Ó Curraoin ar an bpáipéar ballóide a foilsíodh ach is dóibh atá sé ag seasamh.  Rinne sé go maith an uair dheiridh le 629 vóta agus é aon vóta amháin chun tosaigh ar Creaven ag an deireadh. Nil sé gan dochas

     

    Neamhspleaigh

    Cúigear neamhspleách atá san iomaiocht. Is bail tofa ar an Údarás agus Comhairleoir Contae é Seosamh Ó Cuaig agus gan ambras, den chúigear Neamhspleách is air is fearr atá aithne de bharr na mblianta ar an Údarás, a obair mar chraoltóir agus na blianta feachtasaiochta le Cearta Sibhialta na Gaeltachta.

    Tá mishásamh áirithe leis inar gheall ar an seasamh a thóg sé maidir leis an gcoinnioll teanga le haghaidh cead pleanála. Mar sin is deacair é a fheiceáil gan suiochán.

    Ar an gceathrar eile ta Seán 'Ac Coistealbha, Príomh-fheidhmeannach Muintearas a sheas do Shinn Féin in Olltoghchán 2002, Séagh Mac Siurdáin a bhfuil aithne air i gConamara mar gheall ar a chuid oibre leis an gConradh, Seán Ó Conghaola, lascaire as Leitir Mealláin agus Mossie Joyce as Árainn. Sheas Joyce cheana agus fuair sé ós cionn 400 vóta. Tá seisean agus Jimi Ó Lorcáin PD ag áiteamh gur cheart ceann de shé shuíochán na Gaillimhe a chur ar leataobh go speisialta d'iarrthóir as Árainn ach an iarraidh seo ar aon nós tá sé fós sa phota céanna le gach duine elle.

     

    Tuar:

    FF (4),

    PD (1),

    Neamhspleach (1)

     

    Foinse 27 Márta 2005