|
An Eagrán Deireannach
Feachtas Margaíochta Gaelsaoire
19/5/2004: Tá feachtas maragaíochta ag Gaelsaoire chun breis turasóirí ón tír seo a mhealladh chuig na hoileán Ghaeltachta. Tá tús curtha le feachtas fógraíochta agus tá suíomh nua idirlín bunaithe mar chuid den fheachtas. Ach is gá anois a deir Comhdháil Oileáin na hÉireann cabhrú le oileáin nach bhfuil sa Ghaeltacht turasóirí a mhealladh chomh maith.
Post i mBaile na hÁbhann!
18/5/2005: Tá an Post ag lorg Máistir Phoist nua i mBaile na hAbhann. Bhí orthu stop a chur leis an seirbhís "ar chúiseanna nach raibh neart acu air" cupla mí ó shin. Idir an dá linn tá muintir na háite (An Tulaigh, Baile na hÁbhann go Ros a'Mhíl) ag fáil seirbhíse phoist ó na oifigí i gCasla agus in Indreabhán.
Comhairle Ceantar i bhfábhar Linn snámha i gCasla
17/5/2005: Ag cruinniú de chuid Comhairle Ceantar na nOileán an tseachtain seo caite, ritheadh rún ag tabhairt tacaíocht do lonnú linn snámha do Chonamara, i gCasla. Dúradh go mba bhreá leis an gComhairle Ceantar a leithéad a bheith lonnaithe i gCeantar na nOileán ach le bheith réadúil gurb é Casla an áit is feiliúnaí de bharr chomh lárnach is atá sé do phobal Chonamara thré chéile. Dúradh ag an gcruinniú freisin gurb é Casla an áit is feiliúnaí d'aonad den Bhriogáid Dóiteáin a bheith lonnaithe, dár leis an gComhairle Ceantar. Suíomh Comhairle na n-Oileán
|
Acht na dTeangacha Oifigiúla á shárú? -
19/5/2005: Tá trí chomhlacht phoiblí ar tí an dlí a bhriseadh arís i mbliana mar nach mbeidh siad ag comhlíonadh a ndualgaisí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. An scéal i bhFoinse
An bhfuil deireadh le ré na dtinte cnámh?
19/5/2005: Tá na tinte cnámh atá mar pháirt de thraidisiún na tuaithe sa tír seo i mbaol a múchta. Tá iarrachtaí á ndéanamh faoi láthair sna seachtainí amach romhainn, roimh Oíche Fhéile Eoin, féachaint chuige nach lasfar tine ar bith, gníomh a bheadh, de réir reachtaíochta atá leagtha síos ag an Roinn Comhshaoil, mídleathach.
Tá achainí déanta ag Oifigeach Folláine Chomh-shaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall, Suzanne Tinney, orthu siud a bheas ag eagrú tinte cnámh chun Oíche Fhéile Eoin a cheiliúradh, smaoineamh in athuair sula lasfar aon tine ar an oíche. An scéal i Lá
Iachaill ar Éircom tabhairt faoin Bhánda Leathan
Bailte móra gan baicaint leis na háiteanna lú phobal.
7/5/2005: Deireann na comhlachtaí, Éircom agus a leithéid nach bhfuil an éileamh ann. Sna "cheantreacha iargúlta". Tá sé tabhachtach an éileamh a cuir i niúil do na comhlachtaí sin agus tá dualgas ar an Rialtas brú a chur ortha leis. B'shin an teachtaireacht ó Seán Ó Neachtain BPE inné. Tá an rialtos agus an Údarás ag déanamh a dhicheall a duirt sé agus diaidh ar ndiaidh tiochfaidh sé chuig chuile áit.
|
14/5/2005: Tomás Mac Ruairí, Uachtarán Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó
Ceithearnaigh, Stiúrthóir Gníomhach Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Adelaide
Nic Chárthaigh, Leas-Stiúrthóir Gníomhach Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
agus Séan Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga ar ocáid cuirt an Choimisinéara ar an Comhdháil (féach tuairisc san Cúléisteoir! Iml 01: Eag 16)
|
Taighde reilige
16/5/2005: Tá taighde dhá dhéanamh faoi láthair ar Reilg an Chnoic ag Gaeltacht i gCéin. Tá lá oscailte eagraithe i Seanscoil Sailearna ar an nDomhnach beag seo (22 Bealtaine) ón 11.00 go 15.00 chun gur féidir le gaolta na mairbh atá curtha sa Reilig a theacht, agus eolas a thabhairt, (ainm, sloinne roimh phósadh, Baile Dúchas 7rl). Fáilteofar roimh pictiúir na marbh chomh maith le cur sa leabhair. Gaeltacht i gCéin, Tír an Fhia, Leitir Móir, Conamara Fón: +091 551386
Aitheasc Aire na Gaeltachta ag seoladh leabhar Reilig Bharr a'Doire i 2002
Iarainnród don Iarthar faoi dheireadh?
14/5/2005: Moltar i dtuarascáil a réitigh sainghrúpa oibre faoi bhealach iarnróid an iarthair gur cheart an líne a athoscailt. Síneann an líne ó Shligeach go Luimneach. Ainneoin go mbeadh an-chostas ag baint leis an líne, deirtear sa tuarascáil go rachadh sé chun leasa eacnamúil an Iarthair go mbeadh ceangal iarnróid ag síneadh ó Shligeach go Corcaigh. Bhí an tuarascáil le foilsiú nuair a labhair an tAire Iompair, Martin Cullen, ag comhdháil West on Track i Maigh Eo. Sa pictiúr ar chlé tá an Ath Micheál Mac Gréil ag stáisiún Clar Clainne Mhuiris! Cé go bhfuil na ceantracha Gaeltachta is mó san iarthair níl morán aitheantas dár dteanga ar suíomh "Iarainn Ród don Iarthair"
|
Gradam Oireachtais Mhic an Iomaire
14/4/2005: Bronnadh Gradam speisialta Oireachtais ar an ar Pheadar Mac an Iomaire ag Féile na Bealtaine den Oireachtas atá ar siúl i Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Is é an tAire Éamon Ó Cuív a rinne an bronnadh. Níos luaithe sa tráthnóna b'é Peadar Mac an Iomaire, atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Acadamh na hOllscolaíochta, a thug léacht an Oireachtais, 'Straitéis Nua donOllscolaíochta Gaeilge'. Mar chuid den léacht rinne sé cur síos ar phleananna an Acadaimh, Acadamh, a seoladh go hoifigiúil an tseachtain seo caite.
Túr Uisce á thosú in Inis Oírr
12/5.2005: Tá conratheoirí ag tosú obair ar taisceadán mór uisce in Inis oirr. Beidh an taisce timpeall ocht meadair ar aired. Tá gantannas uisce ag chuir isteach ar saol muintir an oileáin le fada go mór mhór sa tsamhraidh nuair a thagann an tuafás cuairteorí istig ann.
|
Ag feithimh ar an Aire!
14/5/2005: Bhí an amharclann lán go doras aréir sa Taidhbhearc aréir nuair a léiríodh an drama seo le Breandán Ó hEaghra, don chéad uair. Dráma nimhneach, greannmhar, is ea "Gaeilgeoir Deireanach Charna" a dhéanann ceap magadh den chaidreamh éadmhar agus bruidiúil atá idir na gcarachtair a mhaireann sa mbaile seo - baile atá i bhfad ó réalachas Charna mar atá!
Tá an dráma bunaithe ar scéal Tommy Ó Flatharta as Roisín na Maineach atá i dteideal gradam speisialta a fháil ó Aire na Gaeltachta i ngeall ar gurb é an Gaeilgeoir deireanach atá fágtha sa gceantar tar éis bás a bhean chéile Bridget "a tháinig second sa gcompetition". Tá corr nó dhó sa scéal, áfach, agus is iomaí eachtra a tharlaíonn i gCarna agus do Tommy agus é ag fanacht ar theacht an Aire!
Is iad Diarmuid de Faoite, Peadar Ó Treasaigh, Mícheál Mac Donncha agus Morgan Cooke atá i gcliar an dráma faoi stiúir Dharach Uí Dhubháin agus rinneadar jab an-shlachtmhar de. Beidh sé ar siúl anocht leis agus is fiú dul ann.
Bhain an dráma seo duais aitheantais amach i nGradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín, comórtas script scríbhneoireachta a cuireadh ar bun mar chuid lárnach de cheiliúradh 75 bliain na Taibhdheirce mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.
Portáin á bplé i nGaillimh
12/5/2005: D'oscail an Aire Pat the Cope Ó Gallchóir comhdháil eagraithe ag Bórd Iascaigh Mhara, ar tionscail na bportáin in Éirinn. Tá níos mó portáin á sholathar in Éirinn ná aon tír eile san Eoraip seachas an Bhreatain Mhór le 13000 tonne. Ach tá fadhbanna ann leis mar tá praghas an íseal ann. Ait go leor níl focal Gaeilge le fail ar suíomh na Ranna Mhara nó ar suíomh Bhórd Iascaigh Mhara
|
|