Iml 01: Eag 18


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Ceannaigh Fáinne!

An Cúléisteoir!

An Eagrán Deireannach
Banda leathan ar strae?
Geallúntaí le comhlíonadh

27/5/2005:Bhí an cruinniú cuíosach teasaí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an Luain seo caite nuair a thóg an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaigh ábhar an bhanda leathan suas. Is cosúil gur socraíodh go mbeadh cruinniú poiblí ar an ábhar ag an cruinniú deireannach ach ní raibh aon socrú déanta go foil. Dúirt Seosamh Ó Cuaig le Stiurthóir Seirbhísí Gnóthaí Chomhphobal an Chomhairle, Frank Dawson, nach raibh sé "sach maith" nach raibh aon data acu go fóill. Deineadh plé ar an gceist seo ag an comhairle agus ag cruinniú den Údarás agus bhí gear ghá leis an gcruinniú seo.
Roimh deireadh an chruinniú thánaig Frank Dawson thar n-ais ag rá go raibh data socraithe aige ar an dTeach Dóite ar an 8ú lá Meitheamh.
Dúirt an tUas Ó Cuaig gur bhfuil sé tabhachtach go bfhreastalóidh an méid gur féidir leo ag an gcruinniú sin chun a theaspáint an méid spéise atá sa cheantair a léiriú dó "na húdaráis".
Táillí iompair ar lastas go hÁrann
27/5/2005: Ní mó ná sásta atá muintir Árann faoi na táillí iompair a chaithfidh siad a íoc as lastas isteach go dtí na hoiléan. Deir siad go bhfuil siad ag cur go mór leis an gcostas ard maireachtála atá ar oiléanaigh. Tá siad ag iarraidh ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ath-bhreithniú a dhéanamh ar na táillí. (TG4)
Tionól Gaeltachta in Inis Meáin 26/5/2005: Is ón 7 - 10 Iúil a thionólfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus is in Inis Meáin a bheidh an Tionól i mbliana. Tá foirmeacha eolais agus clárúcháin le fáil ó Chonradh na Gaeilge in nGaillimh, conradh@bradan.iol.ie I measc imeachtaí an Tionóil tabharfar cuairt ar Mhonarcha Cniotála an oileáin, monarcha atá ag dul in aghaidh na taoide a fheiceann monarchana éadaí á ndúnadh ar fud na tíre, ach, sa chás seo tá gnó bríomhar acu ag easpórtáil éadaí ar fud an domhain.
Breis san Galway Advertiser
Caighdeán uisce ar thrá an Spidéil
Pictiúr den trá ar an Spidéal le Derek Biddulph ar suíomh siopa leabhair Kenny in nGaillimh

27/5/2005: Tá sé i gceist ag Comhairle Paróiste an Spidéil i gContae na Gaillimhe a gcuid tástálacha neamhspéacha féin a iarraidh ar chaighdeán uisce Thrá na mBan ansin mar go bhfuil amhras orthu faoi chruinneas thástálacha Chomhairle na Contae. Léiríonn tuarascáil bhliantúil Choimisiún na hEorpa ar chaighdeán uisce gur shásaigh 97 faoin gcéad d'áiteacha a tástáladh na caighdeáin glainíneachta agus go raibh trá an Spidéil ina measc. Ní raibh ach trí thrá sa tír nár shásaigh an caighdeán, dhá thrá i mBaile Átha Cliath agus ceann i bPort Láirge.
Deontas €450,000 do Thaibhdhearc na Gaillimhe
26.05.05: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu, go bhfuil deontas €450,000 ceadaithe aige do Thaibhdhearc na Gaillimhe don bhliain 2005. Is ardú suntasach de 50% é seo ar an maoiniú a tugadh don Taibhdhearc i 2004.
Breis faoi seo
Easpag nua ar Ghaillimh
25/5/2005: Ainmníodh and Dr Máirtín Ó Droighneán mar Easpag na Gaillimhe ag an bPápa Beinidict XVI. Is as Cill Coinnigh é agus bhí sé mar easpag cúnta i mBaile Átha Cliath é go dtí seo.
Súil ar an Údarás
24/5/2005: Is iad an Ghaeilge agus Bord Stiúrtha na heagraíochta na téamaí is coitianta atá le feiceáil sna haighneachtaí atá curtha faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le athbhreithniú cumhachtaí agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta.
An scéal i bhFoinse
Oideachas Tríú Leibhéal trí Ghaeilge
23/5/2005: I measc na bpointí a rinne Peadar Mac an Iomaire, Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh agus é ag tabhairt léacht an Oireachtais i Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite bhí "Tá teipthe go mór ar institiúidí oideachais tríú leibhéal ach go háirithe freastal sásúil a dhéanamh trí Ghaeilge ar phobal na Gaeltachta. Tá a rian le mothú sa Ghaeltacht agus tá ganntanas mór de dhaoine le cáilíochtaí gairmiúla atá ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge."
Tuilleadh Eolais
Campaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge
19/5/2005: Beidh rogha níos leithne de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge ar siúl i gContae na Gaillimhe i mbliana! Beidh na campaí lonnaithe in Anach Cuain, Leacagh, Baile Locha Riach, Gort Inse Guaire agus Cora Finne ón 4ú-15ú Iúil; i Maigh Cuilinn ón 6ú-22ú Iúil; i mBearna agus in Ard Rathain ón 18ú-29ú Iúil agus i mBéal Átha na Sluaighe ón 11ú-15ú Iúil.
An scéal san Galway Independant
An Traonach le cloisint i Maighnis
23/5/2005: Cualathas an traonach thar timpeall Charna i rith na seachtaine. Is comhartha maith é seo mar is beag ná go bhfuil an éan seo imithe as Éirinn le fada de bharr coras nua feirimeoireachta.
Port eile ag na Gaeil
24/4/2005: Sheol lárchomhairle phobal na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, suíomh athdheartha - www.gaelport.com - an tseachtain seo caite.
Dúirt David Leydon gur aithin an t-eagras go raibh sé tábhachtach go mbeadh "láithreacht láidir ag an nGaeilge ar an Idirlíon agus a bhuí sin bíonn www.gaelport.com á fhorbairt i gcónaí.
An scéal iomlán
Cathaoirleach nua ag Gaillimh le Gaeilge
23/5/2005: D'fhógair Gaillimh le Gaeilge gur toghadh Caitlín Nic an Ultaigh mar Chathaoirleach nua ar an eagraíocht ar an 16 Bealtaine 2005. Tagann Caitlín mar chomharba ar An Dr. Peadar Ó Flatharta, Iar-Chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge.