' Nuacht Chonamara

Iml 01: Eag 19


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Cruinniú Bhanda Leathan

8/6/2005 - 21.30 Tigh Pheacock
An Teach Dóite.
Bí ann gan teip!


An Cúléisteoir!

An Eagrán Deireannach
Comórtas Peile na Gaeltachta 2005
CILL NA MARTRA - 2005
Clár na Deireadh Seachtaine ar suíomh TG4 - Níl sé ar suíomh Chumann Luathchleas Gael
Ceapachán ina ábhar aighnis
COMHAIRLE CONTAE NA GAILLIMHE
GRÚPSCÉIM LEATHANBHANDA
OÍCHE EOLAIS, DÉ CÉADAOIN

8 Meitheamh 2005 ar 8pm in Óstán Peacocks, An Teach Dóite

Is mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe uchtach agus tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun leas a bhaint as na deiseanna a chuireann Scéim Leathanbhanda an Chontae agus Grúpscéim Leathanbhanda ar fáil. D’fhonn aird an phobail a tharraingt ar an Scéim seo, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, I gcomhar le hÚdarás Réigiúin an Iarthair, Údarás na Gaeltachta agus Forám Pobal Chontae na Gaillimhe ag eagrú Oíche Eolais an 8 Meitheamh 2005 ar 8pm I Óstán Peacocks, an Teach Dóite. Deis a bheidh ann do dhaoine tuiscint a fháil ar Scéim Leathanbhanda an Chontae agus Grúpscéim Leathanbhanda agus ar an bpróiseas iarratais sula bhfógrófar an Tríú Glaoch ar Mhaoiniú.

Tugtar cuireadh do Lucht Gnó, do Ghrúpaí Pobail, d'Ionadaithe Poiblí agus do Leasanna Earnála agus Oideachais bheith I láthair. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin oíche déan teagmháil le Alan Farrell, An tAonad Forbartha Pobail, Fiontraíochta agus Eacnamaíochta I gComhairle Chontae na Gaillimhe ag 091 -746860.

3/6/2005: Tuigtear go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag iarraidh anois go n-íocfadh comhlacht mhuintir Uí Lorcáin na costaisí uilig a bhain le cás dlí a bhagair siad ar Údarás na Gaeltachta. Is é seo an cor is déanaí san gconspóid faoi cheapachán Threasa Uí Mhaoileoin ar Bhord Údarás na Gaeltachta, conspóid atá anois ina hábhar scoilte ag an gComhrialtas. Sí Treasa Ní Mhaoileoin bean chéile Jimí Uí Lorcáin, duine de stiúrthóirí an chomhlachta sin. Sheas an Lorcánach é féin mar iarrthóir don Pháirtí Daonlathach I dtoghchán deireannach an Údaráis.
An scéal I bhFoinse
Comhairleoirí gan cuireadh go cruinniú faoi bhóthar
3/6/2005: Tá conspóid tarraingthe ag cruinniú a tionóladh le Údarás na mBóithre Náisiúnta faoi bhóthar nua go Conamara an tseachtain seo caite, mar nár tugadh cuireadh ann do Chomhairleoirí Contae Chonamara. Bhí scéala tugtha ceithre mhí ó shin ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív go raibh sé ag iarraidh go mbeadh na Comhairleoirí Contae ag an gcruinniú seo le Údarás na mBóithre Náisiúnta. Ní mar sin a tharla.
An scéal I bhFoinse
Bláthfhleasc I gCiarraéi
3/6/2005: Alt ag Trevor Ó Clochartaigh ar Rósanna Gaelacha Thrá Lí . . .a scéal faoi cruinniú an Luch Oibre I gCiarraí. Leitear radharc difriúil ar an deireadh seachtaine seo.
An scéal I Lá
Triathlon Chonamara
3/6/2005:Ar an 17 Meán Fómhair 2004 bhuail tragóid uafásach Ceantar Charna I gConamara. Báthadh ceathrar fear den trálaer An St. Oliver agus í ar a bealach as Leitir Ard go Ros a' Mhíl, nuair a caitheadh I dtír í ar Oileán Lachan amach de Chósta Mhuighinse. Ní ar Charna amháin a ghoill an tragóid seo ach ar phobal an chósta fré chéile Conamara agus Árainn.
Tháinig Coiste Bhád Tarrthála Charna & na nOileán le chéile ar an 9ú Deireadh Fómhair 2004 agus chuir siad rompu €250,000 a bhailiú le bád tarrthála dá gcuid fhéin a bhunú I gCarna. Mar a thuigfeá is mór an lear airgid é seo do phobal beag ach mar sin fhéin tá an t-airgead ag teacht isteach go tréan. An Trá Bhuí ar an Aird Mhóir.
Le cuidiú leis an iarracht mhór seo, tá sé I gceist againn, an chéad Triathlon a riamh a eagrú I gConamara I dtús mí Iúl.
Tá gach eolas faoi ar an idirlíon anseo!
Cé hé Donncha Ó hÉallaithe?
3/6/2005: Deireann Rónán Mac Con Iomaire gur duine é Donncha Ó hÉallaithe a bhfuil blianta caite aige I mbun feachtas chun an Ghaeilge a chosaint mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Bhí baint mhór aige le bunú Theilifís na Gaeilge agus tá sé ar a dhícheall faoi láthair ag iarraidh a chinntiú nach féidir le daoine gan Ghaeilge cead pleanála a fháil sna ceantair Ghaeltachta. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis faoin saol atá caite aige agus faoi chuid de na ceisteanna atá ag dó na geirbe aige.
Léigh an agallamh iomlán I mBeo na míosa seo.
Cuid de na páipéirí atá ag Donncha
Tionchar timpleachta de dhith.
2/6/2005: Cuireadh I n-iúl don Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig go bhfuil tuairisc tionchar timpealeachta don scéim uisce atá beartaithe I gCasla.
Cabhair san aer!
Laghdú ar dheontas gan laghdú ar sheirbhís

Eit. Aer Árann

31/5/2005: Chuir an Aire, Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., fáilte roimh ráiteas an Aire Iompair, Martin Cullen T.D. go bhfuil na conarthaí chun sheirbhísi aeir a sholáthar sna sé réigiún a bhfuil scéim na nDualgaisí Seirbhís Phoiblí ag feidhmiú ionnta faighte ag Aer Arann agus ag Loganair. "Tá aer thaisteal chuig Gaillimh, Cnoc Mhuire, Ciarraí, Tír Conaill, Sligeach agus Doire, tábhachtach d'fhorbairt leanúnach na gceantar tuaithe in Éirinn. Cuireann sé áthas faoi leith ormsa go mbeidh na seirbhísí nua seo ag freastal ar lucht gnó a bhfuil fonn orthu an gnó a lonnú in Iarthair na tíre, an fhaid is go mbíonn siad in ann dul go Baile Átha Cliath gan stró. Is cruthú iad na seirbhísí nua seo, go bhfuil na ranna éagsula rialtais, lán dáiríre faoi fhorbairt na tuaithe ."
Cé go bhfuil líon na n-eitiltí faoin scéim idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath á n-isliú ó cheithre eitilt sa lá go dtí trí cinn , tuigtear nach bhfuil sé I gceist ag Aer Árann aon laghdú a dhéanamh ar an líon eitiltí a dhéanann siad , agus nach mbeidh aon athrú a dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil.
(Cuireadh leagan Bhéarla den ráiteas ar a bhfuil an scéal bunaithe amach I rith na seachtaine seo caite. D'iaramar ortha leagan Gaeilge uaithe aagus fuaireamar é leis an nóta seo: "Tá sé mar pholasaí againn gach preasráiteas a eisiúnt go dhá-theangach. Sa chás seo, áfach, bhí orainn an fógra a chur amach láithreach. Tá an leagan Gaeilge faighte ar ais ón aistritheoir againn anois - tá sé leis an ríomhphost seo mar iatán."
Ní thuigeann muid tuige nach cumtar I nGaeilge ar dtús iad agus ansin an bun leagan Gaeilge a aistriú go Béarla - más gá!)
Féile I dTuar Mhic Éadaigh
30/5/2005: Beidh Ceol na Locha ar siúl I dTuar Mhic Éadaigh idir an 8ú agus an 19ú lá Lúnasa. Scoil cheoil, cultúrtha agus teanga atá I gceist anseo agus tá sí ag dul ó neart go neart gach uile bhliain. Beidh clárú do ranganna ar siúl ar an 8ú lá Lúnasa ag leath uair tar éis a naoi. Bíonn ranganna ar siúl gach lá idir a deich a chlog ar maidin agus leath uair tar éis a h-aon san iarnóin. Ag a trí a chlog gach lá bíonn cleachtadh uirlísí ceoil agus bíonn seisiúin gach oíche ag a deich a chlog. Beidh sár mhúinteoirí ag teagasc ansin. Ina measc: Máire Standúin, Gary Hastings, Róisín Ní Mhainín agus Ruairí Ó Broin.
Gach eolas ó Shíle Ní Thuathail, Ceol na Locha, Tuar Mhic Éadaigh
Cnuasach nua gearrscéalta
Foireann peile Gaelaí na Gaillimhe
2/6/2005: Tá Breandán Ó hEaghra ag eagrí foireann peile Aifracach I gCathar na Gaillimhe. "Tá Aifracaigh ina gcónaí anseo sa gcathair ar suim leo cumann spóirt a bhuní ionas a mbeadh nasc acu le cultír na háite", a deireann sé. Má tá aithne agat ar aon Aifracach atá ina chonaí I nGaillimh agus a mbeadh spies aige sa tógra seo is féidir teangabmáil a dhéanamh le Breandán ag breandan@galwaycity.ie.
An scéal seo san Galway Independent agus i Lá
2/6/2005: Is é Ingne Dearga Dheaideo an cnuasach nua gearrscéalta ó Phádraic Breathnach a bheidh á fhoilsiú sa samhradh. Sa chnuasach seo tugann an t-údar athchuairt at théamaí éagsúla, ina measc uaigneas, an nádúr, iontais an domhain trí shúile pháiste agus an choimhlint idir traidisiún agus an nua-aois. Bronnadh duais aitheantais I gcomórtas litríochta Chló Iar-Chonnachta 2003 ar an gcnuasach seo. Thug na moltóirí sa chomórtas ardmholadh don saibhreas teanga sa chnuasach, agus do scóip agus fairsinge an ábhar.
Siopa an Phobal díolta
1/6/2005: D'fhogair Seán Ó Foigheal go bhfuil Siopa an Phoball díolta aige ag Derek & Helen Uí Ciaragáin. Bhí sé féin agus Mairéad a bhean ann le thart is scór bliana. Coimeadtear an foireann céanna agus faoi scath Supervalu é.
Oifig Posta nua ag Baile na hAbahnn
1/6/2005: Tá An Post ag scrudú iad siúd le suim Oifig an Poist a reachtáil I mBaile na hAbahnn. Dúnadh sean-oifig an phoist trí no ceithre mhí ó shin.
Uisce Chill Chiarán conradh shínithe
31/5/2005: Tá an conradh sínithe ag an Comhairle Chontae don scéim is mó riamh thiar Loch na Coiribe. Tá súil acu go dtosódh an obair go luath.
Moill ar an bPost
31/5/2005: Deireann An Post go bhfuil siad ag déanamh a seacht dhícheall feabhas a chuir ar an moill sa bpost sna ceantreacha Baile na hAbhann, Indreabhán agus na Forbacha. Deireann siad go bhfuil tinneas ag chuir isteach ar chursaí agus nach féidir leo daoine le eolas ar na ceantreacha phoist nó le Gaeilge.
Currach Rus Muc
31/5/2005: Deirtear linn gur éirigh go híontach le bhFéile D'éirigh go híontach le bhFéile na gCurachaí I Rus Muc ag an deireadh seachtaine.
Laoch eile ar láir
30/5/2005: Cailleadh Pádraic Ó Concheanainn as Sáile Thúna an seachtain seo caite. Fear cineálta seimh a bhí ann. Bhí sé páirteach I nGluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta, go mór mór in Oireactas na nGael I Ros Muc agus I gCeantair na n-Oileán sna seascóidí. Bhí baint aige le Saor Raidió Chonamara agus níos déanaí I Raidió na Gaeltachta. Ba leis an chomhlucht ábhar oifige SOCAS.
Ar dheis Dé go raibh sé!
Bainistéoir Teanga
30/5/2005: Tá Patricia Ní Chonghaile, a bhí le Glór na nGael, ceaptha mar Bhainisteor Teanga ag Chomharchumann Shailearna.