Iml 01: Eag 23


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Triathlon Chonamara


An Cúléisteoir!
An Eagrán Deireannach
"Landáilte!"
4/7/2005: D'eitil Vickers Vimy aniar ó Thalamh an Éisc, thar an Atlantac sa bhlian 1919 leis an mbeirt Alcock agus Brown. Tháinig sé anuas sa bportach in aice leis an gClochán. Sa bhlian 2005 thiurling beirt eile aniar. Ach thainig siad siúd anuas ar fhéir bhog Gailf Chumann an gClochán in aice le Baile Uí Chonghaile.
Féile mór atá le bheith ann le Damhsa mór a bheith ann anocht agus máirseál trén gClochán ar an Máirt. Táid beirt chun imeacht arís ar an gCéadaoin.
Insealbhú Easpaig nua
4/7/2005: Ghlach easpag nua na Gaillimhe Mairtín Ó Drioighneán seilbh ar a Árdeaglais inné. Bé an Cairdinéal Connell a bhí mar Uachtarán ar an searmanais mar aon le hIarEaspag MacLochlainn, Árdeaspaig Neary agus Nuntius an Phapa.
Grúpscéim Uisce Coill Sáile, Cill Chiaráin
"Dialann Val"
Seo srath atá á fhoilsiú ag "Ar Son na Cúise" i bhFoinse gach seachtain!

2/7/2005: Tá fógraithe ag Éamon Ó Cuív T.D. Aire Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil deontas de €3,810 ceadaithe aige chun forbairt a dhéanamh ar Ghrúpscéim Uisce Coill Sáile, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.

Neamhspleáchas do TG4
2/7/2005: D'fhógair an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey T.D. inné go bhfuil Deloitte and Touche in éineacht le William Fry Solicitors ceaptha chun cuidiú leis an Roinn Plean Feidhmithe a ullmhú chun TG4 a athbhúnú mar chuideachta phoiblí neamhspleách.
"Tá an Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt d'fhorbairt an chraolacháin Ghaeilge agus TG4 a bhunú mar chuideachta phoiblí ar leith mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais agus mar a foráladh san Acht um Chraolacháin, 2001" a dúirt an tAire Dempsey.
Tá an Samhradh linn! Ná déanaigí dearmad mar sin go bhfuil na himeachtaí ar fad ar fáil ar Fhéilire Gaelport.com
Rás an Phortaigh
Dornálaí cliúteach chun deireadh seachtaine a thosú thiar
1/7/2005:Osclóidh an dornálaí Kevin McBride cúrsaí féile Triathlon Chonamara i gCarna anocht. Tá cáil air ó fuair sé an lámh in uachtair ar Mike Tyson roinnt seachtaine ó shin. Beidh agallamh á chuir air ag SBB ar a seacht a clog. Is as comhbhrón, comhbhá, agus comhoibriú an phobail le linn an chuardaithe do choirp na bhfear sna laethanta fada i ndiaidh tragóid an St.Oliver a tháinig an smaoineamh gur theastaigh seirbhís thárrthála farraige go géar sa gceantar agus beartaíodh ar an Triathlon seo a reachtáil.
Beidh 750m snámh sa rása i dtosach ar an Aird Mhóir agus ansin 40km Rothaíocht ón Aird Mhóir soir tré Chill Chiarian, suas timpeall Bhóthar na Scrathóg agus anuas go Carna, áit a mbeidh 8km rith le déanamh siar go Muighros agus ar ais go Carna arís. Beidh neart craic agus ceol ann I rith na deireadh seachtaine.
Gach eolas faoin bhFéile
Aigneachtaí á lorg Ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe
1/7/2005: Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
As scéal seo san Galway Independent
Amhras phairtí an Lucht Oibre faoin Gaeilge
1/7/2005: Tá an Comhairleoir Seosamh Ó Tuairisc ag lorg soiléiriú ar an méid a dúirt ubhlabhairí Gaeltachta Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil (Brian Ó Sé TD) ar an gCaodaoin sa caite. Dúirt sé go raibh amhras air go raibh seirbhís i nGaeilge ó mhuintir na Gaeltachta agus narbh bhfiú an t-airgead an Acht Teanga. Dár leis an gComhairleoir is athrú polasaí ag an Lucht Oibre dearcadh an Uas Uí Shé agus ní mór miniú a fháil ó Uachtarán an Phairtí Micheál D Ó Higgins atá mar TD sa cheantair seo.
Uisce i ndeisceart Ros Muc
1/7/2005: Dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig go bhfuil scéim uisce á bpleanáil i ndeisceart Ros Muc. Tosóidh ar an obair i mí Meán Fomhair.
Foinse nuachta eile
  • Stadas faoi dheireadh sa Connaught Telegraph
  • Tá eolas faoir cúrsaí poball na Gaeilge I nGaillimh agus siar uaidh sa Galway Advertiser ar leathanach Lár Sráide (Lch pdf)
  • Dea-scéal ag Inis Meáin
    30/6/2005:Tuigtear go bhfuil an Roinn Oideachas chun an dá mhuinteoir a fhágáil ag bunscoil Inis Meáin agus Inis Tuirc, do bhliain seo chugainn. Fógraíodh le déanaí nach rabhadar ach múinteoir amháin le bheith ann toisc laghdú dáltaí ann.
    Cúigear Mhuigheó i ngéibhinn
    30/6/2005:Cuireadh cúigear as Ros Dumhach i dtuaisceart Mhuigheó i bpriosún inné mar nach raibh siad sásta fanacht ciúin agus an gcomhlucht Shell ag cuir píopa gháis nadúrtha ina chuid talún agus gan fhios acu an raibh sé sabhálta nó nach bhfuil. Tá an-fhearg ar muintir an iarthair dá bharr.
    Forbairt tionscail fheiliméireachta éisc
    29/6/2005: Tá infheistiú le déanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtionscail na mbradáin. Bhí thart ar 230 fostaithe san earnáil seo trath ach tá sé seo laghdaithe go mór ó shin.
    Tadhg agus ....

    27/6/2005: Bhí Taoiseach Éireann i gConamara ar an Aoine agus thug sé cúart ar Ros na Rú. Seo pictiúir a bhí in eagrán an lae seo de Lá ag comóradh ar a chúirt. Bhí sé i nGaillimh don gcruinniú inar foilsíodh tuairisc Uí Chonchubhair ar staid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar.
    Faiche Mór tréigthe!
    28/6/2005: Tá na conraitheoirí Samual Kingston Construction tár éis an Fhaiche Mhóir a thréigint gan coinne. Ní raibh fhios ag Comhairle na Cathrach fiú. Is cosúil go tharraing sé a chuid treallamh as an suíomh ar oíche Domhnaigh agus glaodar ar innealtóir na Cathrach go luath ar maaidin dé Luain ag rá nach raibh sé chun an swcéim a chríochniú. Bhí súil ag Comhairle na Cathrach go mbeadh an obair go léir críochnaithe i mí na Samhna.
    Tine cnámh eile
    28/6/2004: Sheol Louis de Paor, mórléiriú Samhraidh na Taibhdheirce, Tine Chnámh le Liam Ó Muirthile, ag preasócáid oifigiúil ar an Luan Lasadh tine chnámh ceiliúrtha ar an gCladach i nGaillimh áit ina raibh cliar agus foireann an léirithe seo bailithe agus ag cur sliochtanna ón dráma chumasach seo faoi bhráid na meáin agus pobal Chathair na Gaillimhe.
    Neart le déanamh - Seán Ó Neachtain
    Neart gearán faoi "thionchar Bhaile Átha Cliath" ar chursaí

    27/6/2005: Tá neart le déanamh in eagrú Fhianna Fáil i nGaillimh, go mór mór sa Chathair a dúirt an Feisire Seán Ó Neachtain ag foilsiú tuairisc ar chrot an pháirtí leis an iar-sheanadóir Níoclás Ó Conchubhair. Cé go bhfuil roint mhaith mícheart i mBaile Átha Cliath tá feabhas le chuir go háitiúl leis. Dúirt Éamon Ó Cuív go bhfuil sé indéanta triúr teachtaí fháilgceantair Gaillimh Thiar agus gur bshin an sprioch atá rompu.