Iml 01: Eag 22


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Feachtas Oideachas Speisialta


An Cúléisteoir!
An Eagrán Deireannach
Luach €447,832 do Thionscadail na mBóithre Áitiúla 25/6/2005: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus Dick Roche T.D., An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, tionscadail na mbóithre áitiúla i gceantair CLÁR a bheidh á maoiniú sa bhliain 2005 i gContae na Gaillimhe. Is clár infheistíochta é CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais) atá saincheaptha le dul i ngleic le fadhb an bhánaithe, an mheathlaithe agus easpa seirbhísí i gceantair thuaithe.
Faoin scéim seo, is féidir le Comhairle Contae na Gaillimhe rogha a dhéanamh idir maoiniú a chur ar fáil do thionscadail na mbóithre tánaisteacha agus treasacha agus soilse sábháilteachta buí a chur ar fáil do scoileanna. Is é €30,000 an t-uaschostas atá ar an tionscadal bóthair agus is é €7,000 an t-uaschostas atá ar shoilse sábháilteachta. Is ar na scoileanna sin atá suite ar bhóithre réigiúnacha atá lasmuigh de chrios teorainn luais 50 ciliméadar san uair agus nach bhfuil aon soilse tráchta acu, a dhíreofar ar dtús.
Liosta na mbóthaire
Oíche Fhéil' tSin Seáin
24/6/2004: Bhí na tinte cnamha ar lasadh thar Chonamara agus Árainn aréir aríst. Dúirt an Comhairle Chontae nach raibh siad le cuir isteach oraibh mar thuigeadar an tradisiún. Mhol siad don bpobal a bheith cúramach afach
Oifig an Phoist nua ag Baile na hAbhann
23/6/2005: Tá Eoin Ó Durcháin as Baile na hAbhann ainmnithe mar Mháistir Phoist sa cheantair. Dúnadh an oifig deireannach go tobann níos luaithe sa bhlian. Is cosúil go mbeidh an oifig phoist nua sa foirginimh cheanna leis an siopa Tí Dick soir ó chros na Tulaigh.
Atheagrú Fhianna Fáil
23/6/2005: Tá An Taoiseach cun chuairt a tabhairt ar Bhóthar na Trá ar an Aoine ag cruinniú a Pháirtí. Tá an cruinniu le brathnú ar atheagrú an Páirtí sa dáil cheantair Gaillimh Thiar. Tá Fianna Fáil láidir sa cheantair le beirt teachtaí Dála, Éamon Ó Cuív agus Frank Fahey agus cúigear as seisear Chomhairleoirí Chontae ach dár lena a lán tá an tríú síochan Dála ann ach chuir chuige i geart.
Cumadóir agallamh bheirte caillte
23/6/2005: Cailleadh Pádraic Ó Conaire, cumadóir agallamh bheirte, ar an Máirt seo caite. Bás gan conne a bhí ann. Tá ceithre agallamh foilsithe ag An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta sa leabhair Agallamh na hÉigse (2001). Ba leas phríomhoide I nGairmscoil Chorr na Móna é. Ba gharmhac ar Pádraigh Óg Ó Conaire é. Ní raibh sé ach 55 bliain d'aois.
Poball na Gaeilge ag léamh
22/6/2005: Tá leabhair nua Joe Steve Ó Neachtain Lámh Láidir, a foilsíodh I mí Márta imithe as cló. Tá na foilsitheoirí Cló Iarchonnachta chun an tarna cló a fhoilsiú. Dúirt Joe Steve go gcuireann sé áthas air mar chruthaíonn go bhfuil poball na Gaeilge ag léamh leabhair Gaeilge. Tá sé ag dul go Meiriceá chun "léitheoireacht" a thabhart i láthair éagsúla, Dorchester agus Harvard ina measc.
Sean agus Nua - isteach go hÁrainn!
22/6/2005: Bád seol le feiscint ón mbád nua farantóireachta a bheidh ag dul isteach go hÁrainn ó Ros a'Mhíl. Is le Bád Árann Teo an Clan Eagle I agus spas ann do bhreis is 200 paisnéirí. Tá an criú á thréanáil faoi láthair. Beidh an chomhlucht seo ag freastal ar Árainn i rith na bliana leis an bád nua seo agus le dhá cheann eile atá á thógáil faoi láthair.
Fógra Béarla
21/6/2005: Tá an Coimisinéar Teanga chun foisrú a dhéanamh ar chén fáth a chuireadh fógra faoi giorriú fóirne i mbunscoil Inis Meán i mBéarla chuig an scoil seo. Bhí seo ag fógairt nach mbeidh ach múinteoir amáin sa scoil seo ó mí Mean Fomhair.
Tuairisc ar stáid na Gaeilge sna scoileanna Ghaeltachta
20/6/2005: Is achoimre é seo ar thaighde a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhpháirt leis an Díseart (An Daingean, Co. Chiarraí) a bunaíodh an tuarascáil seo. Staidéar staitistiúil, cainníochtúil atá ann a chuireann pictiúr soiléar ar fáil de staid reatha na scoileanna Gaeltachta, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de. Is é Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na Gaeilge, Gaillimh, a stiúraigh an taighde. Choimisiúnaigh, mhaoinigh agus d'fhoilsigh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta an taighde- an chomhairle a bunaíodh i 2002 faoi fhorálacha an Acht Oideachais 1998.
Téar chuig suíomh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaôchta agus tá comhad pdf ag bun an leathanaigh.
Fáilte roimh Stádás na Gaeilge san Aontas Eorpach
Beidh cóisir Gaelach/Eorpach I gClub Áras na nGael, Sr Dominic, Cathair na Gaillimhe ar an Sathairn an 25 Meithimh ag 21.30.

18/6/2005: Tá sé spéisiúl a méad atá le feiscint sna ráitaisí fáilte don nuacht ón mBruiséal le déanaí:
Fianna Fáil (G)
Fianna Fáil (B)
Fine Gael (B)
Lucht Oibre (B)
Sinn Féin (B)
Sinn Féin(G)
An Comhaontas Glas(B)
Foras na Gaeilge(G)
Conradh na Gaeilge (G)
Conradh na Gaeilge (G)
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (Gaelport) (G)
Cruinniú na mBád urraithe
20/6/2005: Tá Cruinniú na mBád i gCeann Mhara anois urraithe ag Cityjet - cuid de Air France - don bhliain seo. Beidh an fíle tabhachtach ar siúl i mí Iúil. Tá ceangal idir Ceann Mhara agus an Fhrainc le fada siar.
Toghchán Mhéara Chontae na Gaillimhe
Míshástacht san Chomhairle

19/6/2005: San eagrán reatha de Foinse tá alt scríofa ag Mairtín Ó Catháin a deireann go bhfuil tuairaimíocht ann nach bhfuil Seosamh Ó Cuaig ró shásta leis an Cohmaontas sa Chomhairle Chontae. Ag tagairt don toghchán don Méara nua (Padraic Hynes) i rith na seachtaine seo caite. "Sa ráiteas a rinne sé direaclh sular toghadh an Méara nua - ráiteas a bhain geit as cuid de bhaill an Chomhaontais Theicniúil de réir a gcuid "geáitsi" - dúirt Ó Cuaig gur theastaigh tacaiocht le bóthar nua a chur as iarthar Chonamara go Gaillimh agus le linn snámha phoibli a chur i gConamara, agus rudai eile lena chois sin. In agallamh ina dhiaidh sin, dúirt Ó Cuaig nach bhféadfai a dhul i mbannaí go mbeadh sé dilis don "Chomhaontas Teicniúil" ar feadh tréimhse cúig bliana na Comhairle Contae. Ach, cá ngabhfadh sé?"
Léigh an alt iomlán ar shuíomh Uí Chuaigh
Feachtas Oideachas Speisialta

9/6/2005: Tá An Feachtas Oideachais Speisialta tosnaithe mar gheall ar athruithe atá á dhéanamh ar an soláthar Oideachas Speisialta ar fud na tíre. Tá postanna ag imeacht, agus lagú á dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha. Táid ag iarraidh brú a chur ar an Aire Oideachas, Máire Ní Ainiféin T.D., bualadh leo lena n-imni a léiriú. D'fhéadfá tacú leo ins an bhfeachtas tré an litir seo a chóipeáil agus a chuir chuici.


Scoil Inis Meán ag cailliúnt muinteoir
9/6/2005: Theip ar an Aire Ó Cuív dul isteach go hInis Meán chun cainte le Bórd banaistíochta agus tuismitheoirí na scoile ansin de bharr na haimsire. Labhair sé leo ar an bhfón áfach agus dúirt go raibh sé ag scrúdú ceiste chailiúnt muinteora leis an Aire Oideachas, Máire Ní Ainiféin T.D., agus go mbeadh freagra ar an bhfadhb acu in gcionn roinnt seachtaine. Dúirt na tuismitheoirí go rabadhadar sásta fanacht an fhaid is go mbeadh freagra dearfach acu.
As láthair!
Baineadh geit as muintir Fhianna Fáil ag an gcruinniú céanna mar ní raibh comhairleoir dá gcuid, Seán Ó Tuairisg as Indreabhán ann. Dúirt sé go raibh ceangal air de bharr feitheoireachta scrúdaithe agus nach raibh an fón ag obair san áit ina raibh sé. Tuigtear go dtarranngeofar an scéal seo aníos arís ag an céad cruinniú eile de Chomhleoirí Fhianna Fáil.
Másla d'Amharclann Náisiúnta na Gaeilge
19/6/2005: Tá an drama atá á léiriú ag an Taidhbhearc mar chuid de Sheachtain Ealaíona na Gaillimhe liostaithe mar léiriú imealach i gclár oifigiúl na féile. Mórléiriú atá i gceist, "Tine Cnámh" le Liam Ó Muirthile ach is cosúil, cé go ndearnadh lucht na hAmharclainne an-iarracht a bheith mar chuid den bhFéile níor glachadh leo. Mar sin níl páirt ar bith ag ag an nGaeilge I bhFéile Ealaíona "chathair dhátheangach na tire." Ar ndóigh beidh an drama ag dul ar aghaidh sa Taidhbhearc ón 11-21 Iúil 2005. Bí ann gan teip!
An Taibhdhearc Faoi Thine!
Supermac in Árainn
19/6/2005: D'oscail bialann de chuid Supermac's i gceartlár Inis Mór, Oileáin Árainn, Dé hAoine 17 Meitheamh. Tá sé suite os cionn na céibhe i gCill Rónáin agus is é seo an seasca haonú bialann de chuid Supermac's in úirinn. Cruthóidh sé 10 bpost nua ar an Oileán. Is é seo an chéad bhialann de chuid Supermac's ar na hOileáin agus an dara ceann i gceantar Gaeltachta - tá an ceann eile ag déanamh go maith sa Spidéal le 3 bliana anuas.