Iml 01: Eag 21


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

COMHAIRLE CONTAE NA GAILLIMHE
Léirigh do spéis sa
LEATHANBHANDA


An Cúléisteoir!
An Eagrán Deireannach
Múinteoirí feabhais
..agus i nDuiche Seoigheach
17/6/2005: Moladh ag cruinniú i gCor na Móna scríobh chuig na Airí Mary Hanifin agus Éamon Ó Cuív ag leiriú an imní atá ag an bpobal faoin polasaí nua ag an Roin Oideachas faoi muinteoirí feabhais. Thug an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig tuairisc ar a tharla ag an gcruinniú i mBeal a'Daingin faoin ábhar chéanna.
Bagraíonn tuismitheoirí Chonamara a gcuid gasúir a choinneáil ón scoil.
17/6/2005: Ag cruinniú teasaí i mBéal a' Daingean, i gConamara aréir (De Céadaoin) bhagair tuismitheoirí as Conamara go gcoinneófaí siar a gcuid gasúir ón scoil an bhliain seo chugainn muna n-aistharraingeofaí na socruithe atá déanta ag an Roinn Oideachas do dhaltaí le riachtanaisí speisialta. Tá idir tuismitheoirí, múinteoirí agus eagraíochtaí pobail an-bhuartha go bhfuil postanna buan dhá gcailleadh ar fud Chonamara nuair atá an Rialtas taréis 660 post breise a fhógairt sa réimse oideachais seo. Tá siad ag iarraidh go dtacódh an tAire Éamon Ó Cuív leo, le cruinniú práinne a eagrú leis an Aire Oideachais Máire Ní Ainiféin agus beidh siad ag iarraidh na socruithe atá ann faoi láthair a fhágáil in áit go dtí go ndéanfar plé iomlán leis na scoileanna agus na tuismitheoirí faoi impleachtaí an phlean nua do scoileanna beaga tuaithe.
An scéal iomlán (Tá faoin scéal seo thíos)
Teip fiaclóireachta sna scoileanna
17/6/2005: Tá cursaí fiaclóireachta go dona sna scoileanna sa cheantair siar ó Indreabhán, Ceantair na n-Oileán agus Camus/Ros Muc ó 2003. Deirtear nach féidir duine a aimsiú chun freastal ar na scoileanna sa cheantair agus mar sin bíonn ar tuismitheoirí na háite a shocraithe féin a dhéanamh chun aire ceart fiaclóireaacta dá bpáistí.
An mairfidh obair tógála?
17/6/2005: Tá dáonra Thuar Mhic Éadaigh ag titim de bharr nach bhfuil obair le fail sa cheantair agus na scoileanna faoi bhrú. Ag brath ar Obair thógala sna bailte thar timpeall agus má thiteann an éileamh ar obair nua thógála beidh baol mór ann sa cheantair.
16/5/2005:
Lár Sráide (PDF) (Galway Advertiser)
Beo go deo (Connaught Telegraph)

Síantús d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Banc na hÉireann ag tachú le forbairt inmharthana i gceantair Ghaeltachta

16/5/2005: Ta trí fhoirgnimh le tógáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), ar shíomhanna ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaillimh le deontas €2.5 milliún ón Banc na hÉireann. Sé seo an sintiús corporáideach is mó a fuair ollscoil ar bith ó chomhlucht in Éirinn go dtí seo.
An scéal iomlán
Buille marfach d'Inis Meáin!
16/6/2005: Tár éis muid bheith ag caint faoin praisech atá a dhéanamh ag an Roinn Oideachas ar chúrsaí Oideachas do pháistí le riachtanaisí speisíalta chualathas go raibh buille mór in aghaidh muintir Inis Mheáin á imirt ag an Roinn céanna i mí Meán Fomhair. Tá deire curtha acu leis an tárna muinteoir ann - "suppressed" an focal a úsáidtear sa bhfógra!
Bróisiúir eolais cearta teanga
14/6/2005: Sheol an Coimisinéar Teanga, Seán Ó Curraoin bróisiúir nua eolais do dhaoine óga ar an gCeathrú Rua inné. Chuir sé fáilte roimh an nuacht faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ach dúirt sé go raibh dualgas ar mhuintir na Gaeilge a cearta a chleachta faoin Acht Teanga sa bhaile agus faoin gcóras nua sa Eoraip.
Is féidir í a íoslódáil ar Shuíomh an Choimisinéara
STÁDAS san Eoraip
13/6/2005: Cinneadh ag cruinniú de na hairí eachtrannacha den Aontas Eorpach stádas a thabhart don teanga faoi dheireadh mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas. Anois beidh gach saoránach sa tír cothram faoin dlí agus ceart ag cach bheith ina fhostaí san AE. Tá buíochas faoi leith tuilte ag an Fhionnlannach, Panu Petteri Hoeglund (a d'eagraigh feachtas na síniúcháin ar an idirlíon - ar chúl sa pichtiúir), agus an Éireannach Dr Padraig Ó Laighin (ar dheis sa pic) athnaithe ag Éirinn agus muintir na Gaeltachta ach go hairithe.
Dúirt an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., "Lá mór don Ghaeilge é seo, a chuireann go mór le stádas na teanga. Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ní raibh stádas oifigiúil ar bith ag an nGaeilge. Is iontach an dul chun cinn atá déanta ó shin. Tá stádas ag an nGaeilge mar an chéad teanga oifigiúil den Stát ó 1937 i leith. Le deich mbliana anuas, tá dul chun cinn iontach déanta le tógáil ar an stádas sin, tríd an Acht Teanga, Comhaontú Aoine an Chéasta agus anois, le barrslacht a chuir ar chúrsaí, stádas oifigiúil agus oibre ag leibhéal Eorpach."
An scéal ar suíomh Roinn na Gaeltachta.
Ráiteas ó Dermot Ahern (Gaeilge ar shuímh Fhianna Fáil)
Liosta de na mórimpleachtaí dearfacha ar suíomh Chonradh na Gaeilge
An scéal i Lá
(Sa pictiúir leis tá Seán Ó Neachtain, Feisire i bPairlimint na hEorpa, agus Aoife Ní Scolaí, Stiúirtheoir Chonradh na Gaeilge).
Seans duit dul ar theilifís
15/6/2005: Tá "Paisean Faisean" an seó a raibh an-tóir air, chun filleadh ar TG4 i Mí Mheán Fómhair. Tá iomaitheoirí uatha, agus beidh éisteachtaí ar suil an tseachtain seo i nGaillimh, ar Déardaoin an 16ú Meitheamh i Magma Films, agus arís i mBaile Áth Cliath ar an Luan an 20ú Meitheamh san IFI
Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch a chuir ar Fiona Teil: 091 569142 nó 086 3894583 seoladh ríomhphoist fiona@magmaworld.com
Brát Glas go hárd ar Inis Mór
Ardaíodh an bhrat glas ar dhá scoil in Árainn inniú. B'iad Scoil Rónáin agus Scoil Eoghnachta a thuil an onóir seo as an obair ar son na timpealachta.
Feachtas náisiúnta le tosú
Leabhródh Éamon leis an Aire Oideachas.
14/6/2005: Cuir muintir Cheantair na nOileán a imní faoi na socruithe nua atá beartaithe ag an Roinn Pideachas ós comhair Éamon Ó Cuív aréir agus dúirt seiseann go labhródh sé leis an Aire Oideachas (Mary Hannafin) faoin scéal.
15/6/2005: Bhí cruinniú faoi seo i mBéal a'Daingin agus iarann siad ar phobal Chonamara tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas tabhachtach seo agus socraíodh ar feachtas náisiúnta a eagrú. Tá Muintearas ag tabhairt lán tacaíochta dó.
Breis faoi seo
Éileamh ar Bhanda Leathan sa cheantair
Seo an léarscáil a bhí á theaspáint ag an gcruinniú ar an 8ú lá ar an dTeach Dóite.
An Roinn Oideachas ag teip ar cheantair na n-Oileán
Ní aithnítear na daltaí speisialta
11/6/2005: Tá cáineadh láidir déanta ag Comhairle Ceantar na nOileán teo. ar na socruithe nua atá beartaithe ag an Roinn Oideachais do dhaltaí le riachtanaisí speisialta sna bunscoileanna. D'fhágfadh na socruithe seo go mbeadh trí phost caillte i mbunscoileanna Ceantar na nOileán agus daoine á n-aistriú as jabanna a bhfuil na blianta taithí acu ag plé le obair den chineál seo.
An scéal iomlán
Comhlachtaí ceannródaíocha Gaeltachta le páirt a ghlacadh I Seó Aeir Pháras
11/6/2005: Nuair a nochtfar an t-eitleán nua 550 suíochán de chuid Airbus, an A-380, an tseachtain seo chugainn, ag Seó Aeir Pháras, beidh a gcuid féin déanta ag dhá chomhlacht Gaeltachta i bhforbairt an oll-eitleáin nua seo. Is ceannródaithe iad CTL Tástáil Teo agus Éirecomp-osites Teo, comhlachtaí atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe, sna hábhair nua éadroma as a ndéantar suas le 25% de struchtúr an "super-jumbo" nua seo.
An scéal iomlán
Gárda i Leitir Móir?
11/6/2005: Tá an Roinn Dlí agus Cirt ag lorg suíomh le Bairic nua Ghárda a thógáil i Leitir Móir. Tá sé breis is tríocha bliain ó bhí Gárda lonnaithe sa cheantair seo.
Moill ar Eitilt Vimy
11/6/2005: Tá cúsaí aimsire a chuir isteach ar an eitilt comóradh ar eachtra mó Alcock agus Brown. Anois táthar ag súil lena thurlaint anuas ar an 20ú lá den mhí. Tá an Vimy i dTalamh an Éisc ón 9ú lá ag feithimh le briseadh san aimsir.
Deontas ceadaithe le haghaidh clár píolóiteach pleanáil teanga
13/6/2005: Tá sé fógraithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil deontas €69,000 in aghaidh na bliana, thar tréimhse trí bliana ceadaithe aige don Togra Oideachais Ghaeltachta Muintearas chun clár píolóiteach trí bliana a reáchtáil - "Ar Leac an Teallaigh go Barr a'Bhaile" - lena gcuirfear réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl, chomh maith leis na cuairteanna baile
An ráiteas iomlán