Iml 01: Eag 20


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

COMHAIRLE CONTAE NA GAILLIMHE
Léirigh do spéis sa
LEATHANBHANDA


An Cúléisteoir!
An Eagrán Deireannach
Omós do Cholmcille
Lá an Tobar

9/6/2005: An tAth Colm Ó Ceannabháin ag beannú an poball le uisce beannaithe ón tobar ag an trá ar an mBaintreach ar Lá an Tobar, Féile Cholmcille. Bhí na hAithreacha Liam Durkin agus Pádraigh Ó Flatheartaigh mar chomhchéiliúraigh aige ag an Aifreann. Bhí slua mór ag an chéiliúradh mar is gnath, idir muintir na háite agus cuairteoirí.
Comórtas peile na Gaeltachta
10/6/2005: Rinne muid gearán leis an Chumann Luachleas Gael faoin easpa eolas faoin gComórtas seo a bhí eagraithe chomh maith san ag muintir Chill na Martra ag an deireadh seachtaine se caite. Seo an comhfhreagras go dtí seo!.
Tionól Gaeltachta in Inis Meáin
9/6/2005:Is ón 7 - 10 Iúil a thionólfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus is in Inis Meáin a bheidh an Tionól i mbliana.
Breis i mBéal an Phobail (Galway Independant)
Nuachtlitir 8/6/2005: Tá eagrán Meithimh den nuachtlitir "Deis" foilsithe ag Gaillimh le Gaeilge anois. Tá nuacht agus eolas faoi imeachtaí na gluaiseachta i rith na míosa san r-litir seo.
Gaillimh le Gaeilge ar an idirlíon
Tá Éire chun deireadh sa rás don bhanda leathan
10/6/2005: Deireann tuairisc ó Coimisiún na hEorpa go bhfuil Éire sa 19ú áit as 25 san AE ó thaobh an bhanda leathan de. Deirean an tuairisc is déanaí nach bhfuil ach 3% línte leathan bhanda sa tír seo i gcomparáid le 19% san Ísealtír (an tír is aired ar an liosta. Tá tíortha mar an Eastóin agus an Lithuáin níos aired ar an liosta ná mar atá Éire.
Slua mór ag cruinniú Bhanda Leathan
Má cheaptear go bhfuil sé indéanta an leathan bhanda a bheith in do cheantar-sa féach ar Suíomh West Net (Béarla!)
8/6/2005: Bhí breis is seasca ag an cruinniú ar an Teach Dóite ar oíche Céadaoine. Bhí an cruinniú eagraithe ag an gComhairle Chontae chun eolas faoi na scéimeanna éagsúla leathan bhanda. Thug Caitriona McQuillan ó Údarás Réigiúnach an Iarthar caint ar Scéimeanna Contae agus Grúpscéimeanna Leathanbhanda agus a cabhair a bheidh le fail nuair a thosnaíonn an triú glao ón Roinn Cumarsáide. Bhí ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ann leis, na Comhleoirí Ó Cuaig, Ó Tuairisc agus Breathnach.
Bhí díoma ag roinnt a bhí i láthar toisc nach raibh ach solárthoir amháin i láthar ach mínítear nach raibh ann ach cruinniú chun na féadaireachtaí eagrúcháin seachas teichniúla a mhiniú. Gealladh go mbeadh cruinniú eile ann sar i bhfad chun cúrsaí teichniúla a chioradh amach anseo.
Moladh do gach éinne an ceistneoir ag suíomh www.gallimh.ie a shiniú chun an spéis san leathan bhanda a léiriú.
"Inné bhí mé i Meiriceá. Is mé an chéad duine san Eoraip a dúirt é sin..." Lt Artúr de Brún 14 Meithimh 1905.
Trasna an Atlantach -
8/6/2005: Tá muintir an Chlocháin ag ceiliúradh teacht an chéad eitileán ó Mheiriceá céad blian ó shoin. Tháinig Alcock agus Brown i dtír taobh amuigh den gClochán i mí meithimh 1914. i mbliana tá beirt eile Steve Fosset agus Mark Rebholz chun an éacht céanna a dhéanamh agus tá súil go dtiochfaidh i dtír ag Galf Chumann an Chlocháin i mBaile Uí Chonghaile thar timpeall an ama chéanna.
Gach eolas faoin gcéiliúradh ar www.clifden.ie (Béarla).
Brat gorm ag ceithre tránna anseo
7/6/2005: D'fhógair an Aire Chomhshaol, Dick Roache go bhfuil an Brat Gorm faighte ag Trá na gCeann, Bearna agus An Trá Mór ar an Coill Rua i gCois Fhairrige i mbliana. Tá an gradam ag Trá an Doilín ar an gCeathrú Rua agus Trá Muirbhí ar Inis Mór arís ó anuireadh. Níor éirigh le trá an Spidéal an gradam fháil do tarna blian as a chéile.
Deireadh leis an mbradán?
7/6/2005: Ó thosaigh an tséasúr níor éirigh le hiascairí bhradáin i Conamara oiread agus iasc amháin i rith na seachtaine. Dúirt John Bhaba Jeaic gur cosúil go bhfuil siad "ag lorg rud nach bhfuil ann". Is ceart do Roinn na Mara é sinn a admáil agus beart a dhéanamh dá réir.
Bothar d'Iarthar Chonamara?
Ní le tachaíocht on NRA!
Comórtas Peile na Gaeltachta 2005
CILL NA MARTRA - 2005
Torthaí
Sinsear: Naomh Abán
Soisear: Lios Póil
Mná: Naomh Abán
Níl an comómortas seo luaite ar suíomh Chumann Luathchleas Gael
6/6/2005: Dár le tuairisc i bhFoinse na deireadh seachtaine tá an NRA ag diúltú do phlean do bhóthar nua ó Iarthar Chonamara go Gaillimh, mar nach mbeadh gá leis an mbóthar, mar go mbeadh só róchostasach é a thógaint agus mar go mbeadh cúrsai timpeallachta i gceist go láidir lena thógaint. Tá sé seo i litir a chuireadar chuig Aire na Gaeltachta le déanaí
Dúirt Seosamh Ó Cuaig Cathaoirleach Choiste Bóithre agus lompair Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach deireadh an scéal é seo. "Tá sé socraithe ag an gCoiste Bóithre agus lompair i gComhairle Chontae na Gaillimhe go dteastaionn bóthar nua go Conamara, si an chéad chóim eile ná airgead a fháil don mbóthar sin agus bealach a roghnú dó.
An scéal iomlán
Abelone i mBaile an tSléibhe
6/6/2005: Tá cead pleanála a lorg le forbairt feilme iasc Abilone a lionnú i mBaile an tSléibe. (Ros a'Mhíl). Táthar ag súil le monarcha a thóg áil taobh le Breizhon ann.
Féile an Mháimín 2005

4/6/2005: Níor chuir ceathanna láidir isteach ar thosú Féile an Mháimín agus rás na báid seoil. Beidh an féile ar siúl i rith na deireadh seachtaine fada.
€1,009,500 ceadaithe ag Ó Cuív do bhóithre anseo
6/6/2005: Agus ag caint faoi bhóithre...! Tá fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil €1,009,500 ceadaithe aige do bhóithre straitéiseacha i nGaeltacht na Gaillimhe faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha sa Ghaeltacht 2005/6.
Ar na príomh oibreacha atá i gceist, tá: Tír an Fhia, Leitir Móir, €105,000; Baile na Cille, Leitir Mealláin, €281,000; Corr na Móna - An Fháirce, €418,500; Acomhal Tóin na Gaoithe an Chloch Bhreac, €205,000. Maidir le ceantair Chamuis, Rosmuc, Chárna agus Cill Chiaráin, ceadófar airgead substaintúil d'obair sna ceantair seo de réir mar a bheidh obair ag dul ar aghaidh ar na scéíimeanna uisce.
Tionscnamh fógartha ag an gComhairle Ealaíon ar son ealaíon traidisiúnta
4/6/2005: Ag cruinniú den Chomhairle Ealaíon, shocraigh an Chomhairle tionscnamh nua trí bliana a chur i ngníomh maidir leis na healaíona traidisiúnta. Is iad aidhmeanna an tionscnaimh ná cur ar a gcumas do lucht na n-ealaíon traidisiúnta a gcuid gníomhaíochtaí a choimeád ar siúl agus a fhorbairt, chomh maith le maoiniú suntasach a infheistiú. Chomh maith leis sin, beidh plé níos doimhne ná riamh idir lucht na n-ealaíon traidisiúnta agus an Chomhairle Ealaíon.
An scéal iomlán
An bhfuil leanbh agat atá idir 12-15 mhí faoi láthair?
An bhfuil an leanbh ag sealbhú Gaeilge mar phríomhtheanga?

4/6/2005: Ba mhaith le taighdeoirí ó UCD, UCC, agus Ollscoil Manchain teagmháil a dhéanamh le beirt mháithreacha i nGaeltacht Chonamara chun páirt a ghlacadh i staidéar ar shealbhú teanga. Íocfar as am na máithreacha sa staidéar seo (ar ráta EUR30/cuairt). Cuirfear fáilte faoi leith roimh mháithreacha le leanbh aonair acu. i gcás máthar amháin bheadh taifeadadh le déanamh ar feadh uair an chloig dhá uair sa tseachtain agus an leanbh agus an mháthair i mbun ghnáthimeachtaí an lae sa bhaile, agus i gcás na máthar eile bheadh taifeadadh míosúil i gceist. Mairfidh an staidéar ar feadh bliana. Tá solúbthacht áirithe ann maidir le dáta tosaithe an staidéir, ach ní mór tosú roimh Mheán Fómhair 2005 ar a dhéanaí.
Tuilleadh eolais ó 01- 716 8432 (fág teachtaireacht agus glaofar ar ais ort) nó ó Tina.Hickey@ucd.ie. Iarratais le bheith istigh roimh 10ú Meitheamh.