Club Árus na nGael ar thuras do
''Tine Chnámh ''
Tá Tine Chnámh mar mhórléiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann
Náisiúnta na Gaeilge do Fhéile Ealaíon na Gaillimhe ón 11 - 21 Iúil ag
8.00i.n. gach oíche. Tá áthas ar Chlub Árus na nGael go mbeidh said mar
Chlub na Féile don Taibhdhearc agus go mbeidh Oíche Mhór na Taibhdheirce ar
siúl sa chlub ar an Déardaoin an 21 Iúil. Beireann Conradh na Gaeilge
cuireadh speisialta dá chairde agus go háirithe do lucht ranganna Rince ar
an Sean-Nós, lucht ranganna Amhránaíochta , cairde ó an chlub cheoil
dhomhanda, ceoltóirí an chlub, agus do chairde chlub Árus na nGael go
ginearálta turas a thabhairt ar an Taidhbhearc don oíche seo. Beidh na
ticéid ar fáil ar phraghas an -speisialta ó Conradh na Gaeilge, 45 Sráid
Doiminic, Gaillimh, 091 567824.
|
Iarratasóirí tearmainn i Magh Cuilinn
15/7/2005: I ráiteas ó Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge deireann sé go ndiúltaíonn Conradh na Gaeilge d'argóintí seafóideacha roinnt áitreabhóirí i gCluain na Binne, (Magh Cuilinn), go gcuirfeadh ionad cónaithe sealadach d'iarratasóirí tearmainn isteach ar úsáid na Gaeilge go
háitiúil.
"Cé gur chuir uirbiú tapaidh sa Ghaeltacht le hais Chathair na Gaillimhe isteach ar úsáid na Gaeilge go háitiúil "rud nach dtagann le pleanáil agus
forbairt chuí" seo ceist eile ar fad. "Diúltaíonn Conradh na Gaeilge don iarracht shoiniciúil seo mí-úsáid a bhaint
as an nGaeilge chun cos ar bolg a imirt ar na daoine seo atá sách buailte
cheana féin."
"Ní dúnadh na scoileanna beaga sa Ghaeltacht!"
An Aire Oideachas
15/7/2005:Dúirt Mary Hanifin, Aire Oideachas nach ndúnfar na scoileanna beaga Ghaeltachta agus nach nascfar le scoileanna eile iad mar a bhí ráite cheana ag a roinn. Is áis tabhachtach faoi leith iad na scoileanna sin a bheith ann don tír agus don gcultúr dár lei.
Cúrsaí pleanála i Maigh Chuilleann
15/7/2995: Bhí cruinniú aréir ag Poball Mhuigh Chuileann leis an dtógálaí Pádraig Rhatagan faoin a chuid pleananna ann. D'éist sé leis na pointe agus imní na daoine faoin fhorbairt atá siopaí, arasáin agus ionad páirceála do bhreis is 300 charranna. Dúirt sé go mbeidh sé ag smaoineamh ar na pointí sin. Cé nach socraíodh aon rud ag an gcruinniú dár le Diarmuid Mulcahy gníomhí poball sa cheantair.
Cúigear Ros Dumhach
14 Iúil, 2005
A Eagarthóir, a chara,
Ba mhaith linn ár dtacaíocht agus ár gcomhbhá a chur in iúl do Chúigear
Ros Dumhach atá faoi choinneáil i bPríosún Chnoic na Seimre faoi láthair.
Is breá an rud go bhfuil spiorad Michael Davitt agus Chumann na Talún
beo i gCo. Mhaigh Eo fós - agus tá súil againn go leanfaidh an chuid
eile den tír iad. Éilimíd go dtarraingeodh Shell siar ó Mhaigh Eo agus
go scaoilfear Cúigear Ros Dumhach saor ar an bpointe.
Is muide, le meas,
Máire Ní Bheaglaoich
Seán Mac Suibhne
Pádraig Breandán Ó Raghallaigh
Tadhg ÓConghaile
Tadhg Ó Cruadhlaoich
Eibhlín Ní Phríosáin
An tIonad Buail Isteach
|
"Ní ceadaítear duit teach nua a thógáil go 2009!"
14/7/2005: Ní bheidh cead ag muintir na háite tithe aonaracha a thógáil idir seo agus 2009. Sin an imní atá ag Údarás na Gaeltacta. I bpleán forbartha an Chontae tá an méid tithe atá le tógáil sa tréimhse idir 2003 go 2009 sáraithe cheana féin le scéimeanna tithíochta cosúil leis na cinn ar an Spidéal, i mBearna agus áiteacha eile. Ní mór athbhreathnú ar an bplean seo agus deireann an Comhairle go bhfuil sé chun an athnúcadh seo a dhéanamh ag deireadh na bliana. Idir an dá linn má tá an mead tithe atá leagtha síos do na ceantreacha éagsúla ní thuabhairfidh cead le haghaidh tithe nua sa ceantair.
€316,750 ceadaithe i nGaeltacht na Gaillimhe
12/7/2005: Tá fógartha ag an Aire Éamon Ó Cuív T.D. go bhfuil deontais de €316,750 ceadaithe aige faoi Scéim na mBóithre Áise i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe Contae na hoibreacha seo a dhéanamh thar tréimhse dhá bhliain. Íocann an Roinn deontas 100% faoin scéim seo agus déanann an Comhairle Chontae na hoibreacha ar na bóithre. Liosta na bóithre
|
Féile Mhic Dara
16/7/2005: Bhí na céadta ag an Oilthearacht bliantiïl chuig Inis Mhic Dara ar lá álainn grianmhar. Céiliúradh an Aifreann naofa ar on oileán timpeal mean lae. Bhí cruinniú báid ann leis agus bhí ceol agus craic ar an céibh ina dhiaidh.
'Praiseach' de chóras
Fógra an Aire Oideachais ag cruthú deacrachtaí do scoileanna
14/7/2005: Nuair a d'fhógair an tAire Oideachais, Máire Ni hAiniféin, i mí na Bealtaine, go bhfostófaí breis is 600 múinteoir riachtanas speisialta ar fud na tíre, níor shíl múinteoirí agus tuismitheoirí i gceantar na nOileán, Conamara, go bhfágfaí iad le seirbhís i bhfad Éireann níos laige ná mar a bhí acu go dtí sin. Tá an scéal iomlán i Lá
An séasúr is measa!
13/7/2005: Dúirt John Bhaba Jeaic Ó Conghaile gurb é seo an bliain is measa riamh d'iascaire bhradáin fhiain agus gur cosúil gur cuma leis an Aire na Mara Pat the Cope Ó Gallachóir agus an Rialtas faoi.
Aire do na Seandaoine
12/7/2005: Is minic a bhíodh pictiúir sna seanleabhair scoile, agus ar ndoigh tá siad fós ann, ina fheicfeá leanaí óga ina suí ar an urlár ag éisteacht le Daideo nó Mamó ag cur síos ar na laethanta a bhí. Is breá le daoine óga bheith ag éisteacht le Daideo agus Mamó cois tine agus is minic a dtéann siad chucu chun comhairle a fháil ar chúrsaí an tsaoil An Alt sa Connaght Telegraph
Teip phleanála ar 500 iarratas thithe aonair
12/7/2005: Cé gur éirigh le 86% de na hiarratais ar chead pleanála le haghaidh tithe aonair i gContae na Gaillimhe - sin taobh amuigh den chathair - sa mbliain 2004, fós féin bhí lear suntasach nár éirigh leo.
Moill ar an mbóthar mór
12/7/2005: Beidh moill ar an mbóthar nua le dul timpeall chathair na Gaillimhe mar nach bhfuil aon socrú déanta faoi droichead nua ag an Mionlach a deireann an Comhairleoir Connie Ní Fhatharta. Níl fiú iarratas pleanála curtha le chéile fós. Chuirfidh sé seo na blianta leis an tréimhse sul a mbeidh an bóthar nua a bhfuil gear ghá leis, ann.
|