An Eagrán Deireannach
Ómós dár marbh
11/7/2005: Dúirt an Iar-cheannfórt Frank Reidy atá in chónaí i Ros a'Mhíl, gur ceart leach cuimhneachán do na saighdiúrí as Chonamara a fuair bás ag tabhairt seirbhís faoi scath na Náisiún Aontaithe. Bhí sé ag caint i ndiaidh chomóradh bliantúil ómóis ag an Oispidéal Ríoga i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach.
Banda Leathan i gCois Fhairrige
Grúpa Pobail: Údarás na Gaeltachta
Soláthraí Seirbhíse: COM1 (Béarla)
Teicneolaíocht Leathanbhanda: FWA (Chóras Chraolacháin)
|
Tine mór ag chuir isteach ar sholathair aibhléise
11/7/2005: Bhí dhá bhriogáid dóiteáin as Gaillimh ag déanamh iarrachta tine sléibhe i gConamara a chur faoi smacht inné. Thosaigh an tine ar bhóthair Shean a' Phéistín i gCasla ar maidin ar láthair atá gar go maith don fhostáisiún leictreachais. Cuireadh an tine faoi smacht roimh am lóin ach timpeall a 4 a chloig tráthnóna tugadh foláireamh don bhriogáid dóiteáin go raibh an tine imithe as smacht arís, gar do choill. Bhí orthu an solathar chumhachta chuig &Aaacute;rainn, An Ceathrú Rua agus Ceantair na nOileÁn a gearadh ar feadh píosa.
Diabhlaíocht...Drabhlas...Damhsa...& Drúis
9/7/2005:Tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ag cur leagan nua den dráma Tine Chnámh le Liam Ó Muirthile ar stáitse le linn Fhéile Ealaíne na Gaillimhe i mí Iúil. Dráma Raibiléiseach é seo atá suite thimpeall tine chnámh i gCathair Chorcaigh ar Oíche Fhéile Eoin.
Cá bhfuil Camus?
9/7/2005: Agus tú i nDoire an Fhéich nó ar an dTeach Dóite nó i gCarna níl sé easca teachta ar comhartha bóthar ag theaspeáint an bealach go Camus duit. Agus nuair a d'iarr an Comhleoir Seán Ó Tuarisc go gcrochfaí na comharthaí so ag an gComhairle Chontae duradh leis nach bhfuil sé ar intinn acu comharthaí a chuir suas.
|
Is é Darach Mac Con Iomaire, ar bronnadh Gradam Stewart Parker air le gairid, atá i mbun léirithe ar an leagan nua seo do mhórshaothar Uí Mhuirthile, ina mbeidh cliar den scoth d'aisteoirí gairmiúla na Gaeilge páirteach. Ina measc tá, Diarmaid de Faoite, Lara Ní Chathmhaoil, Marc Mac Lochlainn, Ann Marie Horan agus Seán Ó Meallaigh.
Londain 7/7/2005
Ar dheis Dé go raibh na marbh.
|
Daoine 'DÁNA' ag teastáil!
Seans don aisteoir nua
8/7/2005: Má tá tú idir 18 agus 25 bliain d'aois, Gaeilge nó Gaidhlig na hAlban agat agus suim agat a bheith i d'aisteoir proifisiúnta, tá tú ag teastáil i Leitir Mealláin. Daoine 'DÁNA' atá de dhíth!
Tá Comhairle Ceantar na nOilean ag eagrú dianchúrsa aisteoireachta i gConamara ón 28ú Lúnasa go dtí 17ú MeŽán Fomhair i gcomhair leis an gcomplacht amharclainne 'TOSG' as Alban. Is tionscnamh é seo atá faoi scáth Iomairt Cholmcille (ICC), a bhfuil sé d'aidhm acu na Gaeil in Éirinn agus Alban a thabhairt níos gaire dá chéile. Beidh an grúpa, faoin ainm 'DÁNA', ag teacht le chéile ar feadh tri seachtaine i Leitir Meallain le barrfeabhais a chur ar scileanna aisteoireachta na rannpháirtithe agus blaiseadh a thabhairt dóibh den chineál saol a bheadh ag aisteoir gairmiúil agus iad i mbun oibre.
An scéal iomlán
|
Banda leathan i gCois Fharraige faoi dheireadh?
7/7/2005: D'fhógair Noel Dempsey, an Aire Cumarsáide, inné, cabhair do cheantrache éagsúla ar fud na tire faoin GBS (Scéimeann Ghrúpa). Ina measc tá "Cois Fharraige Gaelteacht, Co. Galway (includes Bearna, Na Forbacha, An Spidéal, Indreabhán, An Tullach and Baile na hAbhann)". Ráiteas na Roinne (Béarla amháin).
Dealbhóireacht le haghaidh Corp agus Balla
6/7/2005: Sé "An Duach" an tainm atá ar chomhlucht beag dealbhóireachta in Iorras Aithneach agus sa Chlocháin ag Ruairí Ó Néill.
Tá an Dealbhóireacht Balla déannta as umha agus iarrainn. Is obair teibí é , meascáin de clocha dúirling , sciathanna Ceilteach agus an fhairraige.
An Dealbhóireacht le haghaidh an Corp, is seodáireacht atá i gceist aige. Tá an seodáireacht déannta as airgead. Tá an innalú chéanna ag dul trén a chuid seodáireachta, cuid dá chuid oibri, is fisrúcáin agus spraoi atá ann.
Déantar an dealbhóireacht ulig i gCharna agus déantar an obair seodáireacht i stiúideo sa gClós ag an gClifden Station House sa Clocháin.
An Duach
Cúgear Rus Dumhach
5/7/2005: Bhailaigh os cionn triocha duine ag oifig an aire shóisirigh Frank Fahy i mBaile Bán, cathair na Gaillimhe maidin Dé Luain chun litir a thabhairt dó ag iarriadh ar éirí as a phost mar a gheall ar an mbaint lárnach a bhí aige le Shell Oil agus an éagóir atá déanta acu ar mhuintir Iorrais agus muintir na tíre seo. i measc na ndaoine a tháinig bhí Pádraig Cambell, Sinéad Ní Nuailláin, Bearna Máire Ní Ghabhainis, Camus, Mike Coneely, Bearna, Joe O Toole,An Spidéal, Tadhg Ó Curraidhin, An Spidéal, agus Catherine Connolly iar Mhéara Cathair na Gaillimhe.
Mí shastacht le ráitaisí Uí Shé
5/7/2005: Dúirt Trevor Ó Clochartaigh go raibh a thuairimí pearsanta a nochtadh ag Brian Ó Sé nuair a bhí sé ag caint sa Dáil i rith na seachtaine seo caite. Tá litir curtha aige cuige faoi seo. In agallamh inné dúirt sé go raibh polasaí a pháirtí ag tabhart lán tachaíochta do phobal na Gaeilge agus na Gaeiltachta. Luaigh sé TG4, bunaithe faoi Micheál D O'Higgins nuair a bhí sé ina Aire Gaeltachta; lán tacaíochta a phairtí d'fheachtas Stádas na Gaeilge san AE agus moladh Éamon Gilmore faoin gcoinneal teangan i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Dúirt Trevor leis nach raibh an Aire i ndan an freagra faoi chostas an Acht Teanga a fhreagairt áfach.
|
Club Thine Chnámh na féile!
7/7/2005: Beidh Tine Chnámh mar mhórléiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe, d'Fhéile Ealaíon na Gaillimhe ón 11 - 21 Iúil. Tá Chlub Árus na Gaeilge mar
Chlub na Féile don Taidhbhearc agus beidh Oíche Mhór na Taibhdheirce ar
siúl sa chlub ar an Déardaoin an 21 Iúil.
Fidléireacht!
Beidh Liz agus Yvonne Kane i mbun Cheardlann fhidléireachta in Árus na nGael, Gaillimh ag deireadh na míosa.
Cúig Stór i Maigh Chuillean
5/7/2005: Tá amhras ag muintir Mhuigh Chuillean faoi pleannanana Rattigan Developments sa mbaile foirgnimh cúig stór a thógáil i Muigh Chuillean.
Gramadach na Gaeilge le Conradh na Gaeilge!
5/7/2005: Beidh Dianchúrsa Gramadaí á eagrú ag Conradh na Gaeilge go luath i mí Iúil. Is dianchúrsa speisialta é seo atá dírithe ar dhaoine ar spéis leo eolas agus cur amach níos fearr a bheith acu ar ghramadach na Gaeilge.
An scéal iomlán
|
|