€25

Iml 01: Eag 30


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Pléaracha Chonamara 2005
Clár Imeachtaí
30 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair


An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Foireann Charna-CaisealCarna - Caiseal
8/10/2005: Tá cluiche ceannais an chontae sa pheil ar siúl ar an nDomnach beag seo. Don chéad uair tá foireann ó Charna-Caiseal ag iomaíocht leis an Goliath atá i bhfoireann Bhothar na Trá. Tá muintir na Gaeltachta leo!
Up Charna!

Cogar - seirbhís nua eolais ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann
7/10/2005: Tá seirbhís nua eolais le seoladh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhpháirt le Coimisiún Craolacháin na hÉireann (CCÉ) an tseachtain seo chugainn. Scaipfear nuachtlitir leictreonach mhíosúil faoin nGaeilge ar na láithreoirí Cláracha Raidió Gaeilge fud fad na tíre. Is iad príomhaidhmeanna na seirbhíse seo ná ábhar reatha áitiúil a sheoladh díreach chucu siúd atá á lorg, agus úsáid na Gaeilge ar an raidió a fhorbairt.
obair ar siúl i Ros a'MhílImní faoi Ros a'Mhíl
6/10/2005: Tá muintir Ros a'Mhíl buartha nach bhfuil spies ag Roinn na Mara an obair ar an gcalafort a chríochnú. Bhí sé beartaithe calafart doimhin a dhéanaamh ann ach anois is cosúil nach bfuil fhois ag muintir na háite an bhfuil nó nach bhfuil an obair chun dul ar aghaidh go mór mór tar éis cinneadh Roinn na Gaeltachta i dtaobh seirbhís lastais níos luath sa tseachtain. Tá obair ar siúl ar an gcéad chuid den tógra i gconaí.
Comórtas lastais na nOileán Árann curtha ar ceal
5/10/2005: Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil an próiseas tairisceana don tseirbhís fharantóireachta lastais ó Ros an Mhíl chuig na hOileáin Árann don tréimhse 1 Eanáir 2007 go dtí 31 Nollaig 2011 curtha ar ceal.
Dúradh linn gur tógadh an cinneadh seo i bhfianaise chúinsí athraithe a tháinig chun cinn ó fógraíodh an comórtas seo níos túisce i mbliana.
Treasa Treasa Uí Lorcáin ceaptha ag Ó Cuív
4/10/2005: Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív Uasal, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil Treasa Uí Lorcáin ceaptha aige mar bhall de bhord Údarás na Gaeltachta.
Tá Treasa Uí Lorcáin mar Riarthóir faoi láthair ar Áras Mháirtín Uí Chadhain, Acadamh na hOllscolaíochta, An Ceathrú Rua. Bhí sí mar oide bhunscoile roimhe in Ard Thoir, Carna. Tá Bn Uí Lorcáin mar bhall freisin de Bhord Stiúrtha agus Bord Acadúil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ar bhord Mheitheal Forbartha na Gaeltachta. Is Rúnaí ar Chomharchumann Shailearna Teo. í agus tá sí gníomhach i roinnt grúpaí pobal-bhunaithe.
Banda leathan arís
4/10/2005: Tá borradh ag teacht arís ar an éileamh ar an bhanda leathan i gConamara. Tá brú á chur ag grúpa i nDúthaigh Seoighe go leanfaí ar aghaidh leis an bhfeachtas i gConamara, Cois Fhairrge, Ceantair na n-Oileán, Iorras Aithneach agus Iarthar Chonamara.
Bhí sé fógraithe ag an Roinn Chomhshaol go bhuil scéim ghrúpa anois i nGaeltacht na Gaillimhe mar Grúpa Pobail faoi Údarás na Gaeltachta leis na soláthraí seirbhíse: COM1 ag úsáid an teicneolaíocht leathanbhanda: FWA ("Wireless"). Ach is beag atá cloiste ó shin.
Féile an Phléaráca Seolta
1/10/2005: Cuireadh tús le Féile an Phléaráca ar an Aoine. Rinne Mick Lally (ar dheis) an Fhéile a oscailt i gColáiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh (an Coláiste Tin), Ros Muc. I ndiaidh na hoscailte bhí hoíche cheoil leis an ngrúpa traidisiúnta Téada as Baile Átha Cliath; Crasdant ón mBreatain Bheag agus Ceoltóirí Oileán Nis, Albain.
Clár na Féile
Socraigh an bord anois - Ó Clochartaigh
30/9/05: "Baothchaint chun an bhuncheist a sheachaint," a bhí sa méid a bhí le rá ag an Aire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ar Adhmhaidin arú inné, arsa urlabhraí Páirtí an Lucht Oibre i gConamara, Trevor Ó Clochartaigh.
"Gníomh, seachas mear-fhadachas, a theastaíonn ón Aire agus ón Pháirtí Daon-lathach chun an folúntas deiridh ar bhord an Údaráis a líonadh," arsa sé.
An scéal iomlán i Lá
Crua earraí i gCasla
3/10/2005: Tá beartaithe ag Nioclás Ó Conchubhair oll siopa chrua earraî a oscailt ar eastáit Údarás na Gaeltachta i gCasla. Is do na hearraí trom, bricí, adhmad agusrl atá sé. Beidh suas le 25 ag obair ann. Leanfar leis an gnó atá aige i Leitir Móir ach is cosúil go mbeidh an stóras mór aistraithe go Casla.
Proinnteach Síneach ar an gCeathrú Rua
3/10/2005: Tá an chéad proinnteach Síneach i gConamara oscailte ar an gCeathrú Rua. Tá sé suite i dTí an Táiliúra agus beidh sé ar oscailt ag am lón agus am dinéar gach lá.
Saor tar éis 94 lá i ngéibhin!
29/9/2005:Saoradh cúigear Ros Dumhach inniú tar éis 94 lá i bpriosún. Leanann an troid in aghaidh pleannanna Shell sa cheantair afach.
Drochcháil ar Chalafort Ros a'Mhíl
28/9/2005: Tá calafort Ros a'Mhíl i gCo. na Gaillimhe ar an gcuan iascaireachta is measa sa tír ó thaobh táillí bainistíochta a íoc le Roinn na Mara. Léiríonn tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a foilsíodh inné nach bhfuair an Roinn ach an cúigiú cuid de na táillí a bhí dlite di ón gucan.
'Stoirm' Cheilteach i Leitir Meallain!
19/9/2005: Bhí slua maith i láthair i halla phobail Leitir Mealláin nuair a cuireadh deire spleodrach leis an dianchúrsa idirnáisiúnta aisteoireachta 'DÁNA' ar an Satharn seo caite le léiriú de dhráma nua-chumtha, 'Stoirm'. Bhí aon aisteoir déag as Éire, Thuaidh agus Theas agus as Alban ag glacadh páirt sa seó, a bhí eagraithe le tacaíocht ó Iomairt Cholmcille agus MFG. Le trí seachtaine roimhe bhí na h-ógánaithe, atá idir 18 agus 25 bliana d'aois ag foghlaim faoi ceird na h-aisteoireachta, úsáid an choirp, gluaiseacht, cumadóireacht agus smacht ar an nglór faoi stiúr na teagascóirí Simon McKenzie, Brendan Murray agus Bernadette Connolly. Is iad na rannpháirtithe féin a chum agus a cheap an dráma 'Stoirm' abhí ag déileáil leis an chaoi an bhfuil muidne mar chine daonna ag glacadh le tragóidí idirnáisiúnta ar nós an tSunami, New Orleans, agus deacrachtaí an triú domhan.
Breis cabhair do na bóithre straitéiseacha
19/9/2005: Tá €979,150 breise ceadaithe aige do bhóithre straitéiseacha na Gaillimhe ag Aire na Gaeltachta.
Tá €100,000 á chéadú le tosnú ar an réamh-dhearadh de bhóthar nua siar ón áit a chríochnóidh an cuarbhóthar nua atá molta do Ghaillimh, chomh fada le Ros a' Mhíl. Sa bhfad téarm, tá fíor-thábhacht go dtógfar an bóthar nua seo siar trí Chois Fharraige de bharr an méid tráchta atá ar an R336 atá ann faoi láthair. Maidir leis na bóithre eile, tá:
  • €422,900 ceadaithe don bhóthar idir Scríb agus an sean stáisiún cumhachta, píosa bóthair a bhfuil droch chaoi air faoi láthair;
  • €229,500 le leanúint leis an obair idir Leitir Mealláin agus Leitir Móir agus
  • €104,000 don bhóthar idir Ardán agus An Fhairche i dtuaisceart Chonamara.
    Chomh maith leis sin, tá tús á chur le hobair idir Béal an Daingin agus Eanach Mheáin.
    Cheadaigh sé deontas de €1,759,500 faoin Scéim seo i nGaeltacht na Gaillimhe níos túisce i mbliana. Mar sin, tá €2,738,650 ceadaithe san iomlán leis an deontas breise seo inniu.
  • Máire Geoghegan Quinn athcheapaithe.
    29/9/2005:Tá an t-iar Aire Rialtais Máire Geoghegan Quinn ceaptha arís chuig Cúirt na nIniúchóirí san Eoraip. Ceapadh i dtosach sa phost sin san Luxembourg í i 1999.
    Cruinniú Bhothar Chonamara!
    16/9/2005:Tá cruinniú faoi cheist an bhóthar ó Ghaillimh siar go hiarthar Chonamra ag polaiteoirí Ghaillimh Thiar agus feidhmeannaigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe le Príomh Fheidhmeannaigh Údarás na mBóithre Náisiúnta le bheith ann ar an 10 Deireadh Fomhair sna Forbacha.
    Gael thiar i N'Awlins
    Danny O'Flatherty16/9/2005: Is eol do chach an úafás a tharla in Louisiana sna Státaí. Ina measc siúd tá Danny O Flaherty a bhfuil teach tabhairne i gCeantair na bhFrancach i gCathair Nua Orleans. Buíochas le Dia tá sé fhéin agus a chlann ceart go leor cé go bhfuil damáiste déanta ag a teach fhéin ach níl an damáiste i gceantair na bhFrancach chomh dona mar níor tháinig na tuilte comh fada leis. Bhí muid go léir ag éisteacht ar na hagallaimh a thug sé ar Raidío na Gaeltachta nuair a bhí an scéal seo ar bharr na nuachta.
    Suíomh Dhanny (Béarla)
    Deireadh ré ar na h-oileán
    15/9/2005: Cailleadh Cóilín Ó Domhnail (Cóilín Mhaidhcil Úna) as Tír an Fhia i ritb na seachtaine. Caith sé 40 blian mar fear an phoist sa cheantair agus bhí aithne air thar timpeall na áite agus mar bhádóir bhí aithe air in Árainn agus i gContae an Chlár. Cailleadh é in aois dhá bhlian déag agus trí scór. Fagann sé a bhean Máire mar aon lena mhac Colmáin agus a iníon Mary Anne.
    Conradh nua lastais d'Árann
    14/9/2005: Tá sé fógartha ag an Aire Éamon Ó Cuív, go bhfuil an conradh chun seirbhís lastais a chur ar fáil do na hOileán Árainn don tréimhse go 31 Nollaig 2006 le bronnadh ar an gcomhlacht Lasta Mara Teo. Tá siad i mbun na seirbhíse seo ó 1 Eanáir 2005 ach b'éigean deireadh a chur leis an gconradh a bhí i bhfeidhm mar nár éirigh leis an gcomhlacht coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Bhain na coinníollacha seo le bád nua-thógtha a chur ar an tseirbhís.
    D'fhógair an tAire chomh maith go bhfuil laghdú de 50% le cur i bhfeidhm ar na táillí lastais sa chonradh nua seo. Dúirt an tAire gur laghdú an-substaintiúil é seo do na hOileánaigh agus go raibh sé thar a bheith sásta go raibh sé ar a chumas é seo a dhéanamh.
    Comhlacht teileachumarsáide náisiúnta in Indreabhán
    14/9/2004: Tá Rua Telecom aistraithe anois go hIndreabhán. Seirbhís Ghaelach teilecumarsáide atá I Rua a thugann sabháil 20% ar ghlaotháillí Eircom - áitiúil, náisiúnta, idirlíon, fón phóca, agus glaonna idirnáisiúnta. Mar a deireann siad fhéin "Beir bua le Rua! - tabharfaimid aire duit."

    Oscailt oifigiúil Oifig an Choimisinéara Teanga
    14/9/2005: D'oscail Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, Oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal, Co na Gaillimhe go hoifigiúil inné an 13 Meán Fómhair 2005.
    I bhfoirgneamh nua de chuid Údarás na Gaeltachta, a bhfuil cuid de ar léas ag Oifig na nOibreacha Poiblí, atá an oifig nua neamhspleách reachtúil lonnaithe.
    Chuir páistí ó rang 2 i Scoil Éinne, An Spidéal, faoi stiúir an phríomhoide, Máirín Uí Neachtain, garda onóra ar fáil le fáiltiú roimh an Uachtarán agus chas an grúpa aitheanta Dordán ón Spidéal ceol le haghaidh na hócáide.
    (Pic: Andrew Downes); An scéal iomlán - An scéal i Lá
    €19000 maoiniú do Chloch na Rón
    14/9/2005:Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D sonraí agus láithreacha na n-eastát tithíochta i gCloch na Rón a bheas á maoiniú faoi Scéim CLÁR um Fheabhsú Eastát Tithíochta Údaráis Áitiúil do 2005/2007. Tá cúig thionscadail fheabsaithe dár luach €40000 i gceist agus is fiú €19000 and deontas seo.
    Is é atá i gceist le CLÁR ná clár atá saincheaptha le dul i ngleic le fadhb an bhánaithe, an mheathlaithe agus easpa seirbhísí i gceantair thuaithe.