Cuireadh
Tugtar cuireadh dhuit teacht chuig léiriú den dráma
'Stoirm'
atá á chur i láthair ag na rannpháirtithe ar an Dianchúrsa Aisteoireachta 'DÁNA', in
Ionad Pobail Leitir Mealláin
17/9/2005 ag 8.30 i.n.
Ní dhéanfar ach léiriú amháin den seó seo, mar sin , ná caill é!
Tuilleadh eolais: Caroline Uí Ráinne ag 091-551553

Iml 01: Eag 29


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Pléaracha Chonamara 2005

30 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair


An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Ranganna Rince ar an Sean-Nós
13/9/2005: Beidh Ranganna Rince ar an Sean-Nós Chlub Árus na nGael ag tosú arís Dé Luain 3 Deireadh Fómhair agus beidh Pádraig Ó hOibicín á múineadh.arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le trí bliana anuas anois agus an rath orthu. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin!
Conradh na Gaeilge ag 091 567824
Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil ón gConradh i nGaillimh
12/9/2005: An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach?
An scéal iomlán
Praghas níos airde ar thithe gan choinneal teanga!
12/9/2005: Tá praghas an-ard á iarraidh ar na tithe san eastát tithíochta deireanach sa nGaeltacht nach bhfuil coinníoll teangan ag gabhail leis. Tuigtear do Nuacht TG4 go bhfuil trí ceathrú milliún euro á iarraidh ar theach scoite san eastát nua Hyberg i mBothúna ar an Spidéal i gConamara. Deir ceantálaíithe san áit nach mbeadh praghas chomh h-árd á néileamh dá mbeadh coinníoll teangan luaite leis an eastát.
M.Sc. san Aistriúchán tosaithe i gConamara
9/9/2005: Beidh an-ráchairt ar aistritheoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu sna blianta atá amach romhainn, mar a mhíníonn Áine Ní Chonghaile, stiúrthóir an chomhlachta Europus Teoranta atá ag tairiscint trí chúrsa dóibh siúd ar mian leo an cheird a fhoghlaim.
An scéal iomlán i mBeo
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
9/9/2005:San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
An scéal iomlán i mBeo
Toghchán Comhairle Ceantar na nOileán Fógraithe
8/9/2005: Tá sé fógraithe ag Comhairle Ceantar na nOileán teo. go reachtáilfear toghchán le Comhairle nua a thoghadh, ar an 15ú Deireadh Fomhair, 2005. Is comhlucht pobalbhunaithe é an Comhairle Ceantar atá gníomhach i bhforbairt eacnamaíóch, sóisialta agus cultúrtha Ceantar na nOileán, i gConamara. Is eagraíocht eisceachtúil pobail é, a bunaíodh sa bhliain dhá mhíle, mar go bhfuil cúigéar déag ball ar an gComhairle atá tofa go díreach ag an bpobal le ionadaíocht a dhéanamh orthu, agus chuige sin atá an toghchán á ghairm. Bhí cuid mhaith iomaíocht ann an t-am deireanach a reachtáladh an toghchán agus meastar go gcuirfidh an pobal an-suim sa toghchán arís i mbliana.
An scéal iomlán
Máistir na Gaillimhe ar lár

29/8/2005: Tá ceann de na peileadóirí is fearr riamh i stair an Chumann Luthchleas Gael tar éis bháis. Bhain Seán Purcell a cháil amach mar thosach ar fhoireann na Gaillimhe sna caogaidí, nuair a baistíodh na Terrible Twins air féin agus ar Frank Stockwell.
Rós Thráilí as Muigheó
24/8/2005: Is as Muigheó í Aoibheann Ní Shuilleabháin a roghnaíodh aréir mar an 47ú Rós Thráilí. Is iarscolaire UCD í le céim i bhFisic Teoriciúil (1 Hons). Caith sí seal i 2004 ag CERN (Centre European de Research Nuclear) sa Ginéibh.
Dúil aici sa cheoil sean nós, nua agus claisiceach. Is ball de CCÉ í agus tá neart duaiseanna buaite aici ann.
Tá gaolta fós leithi i gCor na Móna.
Faoi lán seoil!
7/9/2005: Bhí na báid amuigh i Ros a'Mhíl ag an ndeireadh seachtaine ag na rásaí.
"An Hobad" as Gaeilge
7/9/2005: Biolbó Baigín, Gandalf draoi, na habhaic, Smóg an dragan -- ní fada go mbeifear in ann léamh fúthu uile as Gaeilge agus faoi na carachtair eile sa chlasaic do pháistí a scríobh J.R.R. Tolkien, "The Hobbit, or There and Back Again".
Tá leagan Gaeilge faoin teideal "An Hobad, nó Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís" á ullmhú i láthair na huaire. Is é Nicholas Williams an t-aistritheoir, an duine a chuir Gaeilge le gairid ar "Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas" agus ar "Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi" le Lewis Carroll, dhá aistriúchán a fuair ardmholadh ó phobal na Gaeilge.
Is é Evertype i gCathair na Mart, an foilsitheoir agus táthar ag súil go mbeidh an leabhar amuigh roimh dheireadh 2005
Ollmhargadh chrua earraí i gCasla
6/9/2005: Tá Údarás na Gaeltacht ag beartú ar áit a dhíol ag an eaståit tionscalaíochta i gCasla le siopa mór chrua earraí a bhunú ann. Is cosúil go bhfuil an fear gnó Nioclás Ó Conchubhair taobh thiar den fhorbairt seo. Tá siopa cheanna féing aige i Leitir Móir.
Diúltú d'fhorbairt i mBearna
23/8/2005: Tá sé diúltaithe ag An Bord Pleanála cead a thabhairt d'fhorbairt mhór 'Sea Point' i mBearna, Co. na Gaillimhe. Bhí tithe, árasáin, siopaí, bialanna agus áit siúil ar thaobh an chósta den tsráidbhaile le bheith mar chuid den fhorbairt. Tá fáilte curtha ag an ghrúpa Pobal Bhearna, a chur in éadan na forbartha le bliain anuas, roimh chinneadh an Bhoird.
Suíomh (I mBéarla).
Cabhair do Chumann Lúthchleas Gael anseo
23/8/2005: Tá deontas €84,500 in aghaidh na bliana thar tréimhse trí bliana ceadaithe ag an Aire Ó Cuív do Chomhairle Chonnachta den Chumann Lúthchleas Gael mar chúnamh dóibh chun mórfhorbairt a dhéanamh ar an Scéim Oiliúna atá i gGaeltacht Chonamara, Árainn agus Dúiche Sheoige. Tá i gceist ag an CLG oifig a bhunú sa Ghaeltacht agus ceathrar traenálaithe breise agus eagraí a fhostú faoin Scéim leasuithe. Beidh scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile sa Ghaeltacht ag fáil oiliúint i scileanna peile agus iománaíochta trí Ghaeilge agus beidh na traenálaithe céanna ar fáil do clubanna na Gaeltachta freisin.
Ón dTrá Bháin go Rath Chairn glas na Mí!
20/8/2005: Chauigh scór as Chonamara ag rothaíocht aniar as an Trá Bháin i gCeantair na nOileán go Rath Chairn glas na Mí.
Is ar son diallachtaí Medjugoirje a rinne siad an turas seo agus mar chomóradh 70 blian ó bhunú Rath Chairn nuair a chuigh daoine as ceantear na nOileán ann ar dtús sna triocadaí.
D'fhágadar Chonamara thart ar a seacht ar maidin Dé hAoine agus shroicheadar Rath Chairn ar a sé sa tráthnóna.
Soilse sábháilteachta ag gach scoil
20/8/2005: Inniu d'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil beart nua á thabhairt isteach chun maoiniú a sholáthar le haghaidh soilse sábháilteachta ómra gealánacha ag gach scoil sna limistéir CLÁR. Clár infheistíochta is ea CLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais/Clár chun Ceantair Tuaithe a Athbheochan) atá ceaptha chun dul i ngleic le fadhb an dídhaoinithe, an mheatha agus an easpa seirbhísí i gceantair tuaithe.
Seirbhís Lastais na nOileán Árann
18/8/2005: Tá sé curtha in iúl do sholáthraithe reatha na seirbhíse go mbeidh deireadh á chur leis an gconradh reatha ar 15 Meán Fómhair 2005 mar gheall ar nach raibh sé ar a gcumas barántas a thabhairt agus a thaispeáint chun sástacht an Aire faoi 15 Lúnasa 2005 go gcuirfí an tseirbhís lastais ar fáil faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chonartha.
Tá tairiscintí lorgtha ag an Aire ó pháirtithe a bhfuil spéis léirithe i soláthar na seirbhíse seo, an soláthraí reatha san áireamh, chun leanúnachas na seirbhísí a chinntiú ó 16 Meán Fómhair 2005 ar aghaidh.
Le léitheoireacht Ghaeilge a chur chun cinn
20/8/2006: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go dtabharfaidh sé deontas breise aon uaire €168,000 ó Chiste na Gaeilge do Bhord na Leabhar Gaeilge i mbliana. Déanfaidh an deontas maoiniú ar dhá thionscadal:
  • taighde margaidh agus plean margaíochta a dhíreoidh ar fheabhas a chur ar an éileamh atá ar leabhair Ghaeilge, agus
  • feachtas poiblíochta bunaithe ar an bplean margaíochta.
    Na cuspóirí a bheidh ag an taighde margaidh ná an méid leabhar Gaeilge atá á ndíol faoi láthair a mheas, a fháil amach cad iad na hábhair is mó a bhfuil spéis ag lucht léite leabhar Gaeilge iontu agus breathnú ar an dearcadh atá ag daoine a léann leabhair Ghaeilge agus ag daoine nach léann iad.
    Riachtanas Gaeilge na nGardai faoi bhagairt
    18/8/2005: Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt an riachtannas Gaeilge a choimeád d'earcaigh don nGárda Síochána.
    Seo litir shamplach ag míniú an scéal.

  • Saoradh cúigear Ros Dumhach