Iml 01: Eag 28


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Dátaí Phléaracha Chonamara 2005

30 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair


An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Cá bhfuil an 600 post nua a Aire?
15/8/2005: Tá scoileanna i gConamara ag cailleadh múinteoirí acmhainne leis an leagan amach nua atá ar an soláthar Oideachas Riachtanaisí Speisialta agus tá an pobal ag iarraidh fáil amach cá bhfuil an 600 post nua a gheall an tAire Oideachais don réimse seo ag dul?
Tá an Feachtas Oideachas Speisialta, a d'eagraigh cruinniú poiblí in Indreabhán an tseachtain seo caite faoin ábhar, an mhíshásta faoi na socruithe nua atá, dar leo, ag sú acmhainní riachtanach ó na scoileanna beaga tuaithe, i dtreo na scoileanna cathrach. Baineann na deacrachtaí leis an gcóras nua le múinteoirí a dháileadh, atá bunaithe ar líon na ndaltaí sna scoileanna seachas bunaithe ar thástálacha aonair ar dhaltaí le riachtanaisí speisialta. Tuigeann siad nach raibh an seanchóras gan locht, ach síleann siad go dtugann an chóras nua fábhar do scoileanna móra sna bailte agus mar thoradh ar sin go bhfuiltear tarraingt na h-acmhainní ó na scoileanna tuaithe. Tá siad den tuairim gur fadhb náisiúnta atá anseo nach dtuigfear i gceart nó go n-osclóidh na scoileanna arís an mhí seo chugainn.
An scéal iomlán
Treasa don bhórd?
11/8/2005: Tá ainm Threasa Uí Lorcáin curtha ar aghaidh ag na Daonlathaigh don suíochán deireannach ar Bhórd Údaráis na Gaeltachta le lán tachaíocht ó Mhary Harney (Ceannaire) agus Noel Grealish an TD sa Dáilcheantair don Pháirtí sin. Tá súil acu go n-aimneofaí ag an Aire Ó Cuív roimh an chéad chruinniú eile den bhórd.
Campaí Samhraidh
Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge a bhí ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe le deanaí.
Páistí cheantair Bhearna agus iad ag freastal ar an gCampa Samhraidh Gaeilge á reachtáil an Craobh. D'éirigh thar barr leis an gcampa agus é ina chéad bhliain.
Páistí ó cheantar Leacaigh agus Bhaile Chláir a d'fhreastail ar an gCampa Samhraidh a d'eagraigh Craobh na hAchréidhe i mBunscoil Leacaigh.
Páistí Champa Samhraidh Annach Cuain ar stáitse agus iad i mbun Ceolchoirm an Champa chun críoch a chur leis an gcampa a d'eagraigh Craobh Annach Cuain den gConradh.
Múinteoirí Sinéad Greally agus Dawn Ní Ghloinn lena páistí ó Chora Finne a d'fhreastail ar an gCampa Samhraidh a d'eagraigh Craobh na hAchréidhe i mBunscoil Bhaile an Doire, Cora Finne.
Páistí ó cheantar Mhaigh Cuilinn a d'fhreastail ar an gCampa Samhraidh a d'eagraigh Craobh Mhaigh Cuilinn.
Gantannas Uisce ag chuir isteach ar Inis Oírr
10/8/2005: Tá an ostán ar Inis Oírr le dúnadh ag an ndeireadh seachtaine muna dtagann feabhas ar chúrsaí sholathair uisce ar an oileann. Tá an Comhairle Chontae ag gearradh siar ar úsáid uisce ar an oileán. Níl uisce ar fail ón a dó go dtí sé trathnóna agus ón a naoi go dtí a hocht ar maidin.
Tá muintir an oileáin ag iarraidh ar an Comhairle Chontae an fadhb seo a réiteach le fada. Deireann an Chomhairle nach bhfuil ach solathar deich lá fagtha ar an oileán!
Bainisteoir Nua Áras Éanna
10/5/2005: Agus muid fós in Inis Oírr, tá bainisteoir nua ceaptha ar Áras Éanna, an tIonad Ealaíon agus Cultúir ann. Is é Aonghus Dwane atá ag teacht mar chomharba ar Val Balance an té a bhí i gceannas go dtí seo. Tá an-obair déanta ag Val chun an tIonad seo a fhorbairt agus chun ealaíon agus ealaíontóirí a mhealladh chuig Inis Oírr.
Is iomaí ócáid atá eagraithe ag Val le blianta beaga anuas chomh maith le forbairt an ionaid féin. Faoi láthair tá amharclann, dánlann, caife agus spas ceardlainne san ionad maraon le árasán d'ealaíontóir cónaitheach. Is as cathair Chorcaí ó dhúchas d'Aonghus agus is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Corcaigh é. Tá súil aige forbairt bhreise a dhéanamh ar an Ionad agus tógáil ar obair Val Balance.
Lár Sráide (pdf) san Galway Advertiser.
Maiméan 2005
8/8/2005: Pádraigh, Aoire Mhaiméan, ag breathnú ó dheas ar Chonamara le linn oilthreacht Lúnasa chuig an sliabh inné.
Tuairisc ó Údarás na Gaeltachta
10/8/2005: Tá an tuairisc le fáil anois i gCartlann an Údaráis.
6/8/2005: Tá ardú ar an líon daoine atá fostaithe go lánaimseartha i gcomhlachtaí a fhaigheann cúnamh ó Udarás na Gaeltachta den chéad uair ón mbliain 2000. Níor cruthaíodh aon phost nua i nGaeltacht na Mí ná i nGaeltacht Phort Láirge. Ba i nDún na nGall is mó a cruthaíodh postanna ag 357, sin beagnach ceithre oiread níos mó ná postanna a cruthaíodh in aon cheantar Gaeltachta eile Gaeltacht na Gaillimhe san áireamh.
Ait go leor ní fhachathas rian den tuairisc seo ar suíomh idirlíon an Údaráis inniú.
Leas-Uachtarán um Thaighde ceaptha ag OÉ, Gaillimh
6/8/2005: D'fhógair Údarás Ollscoil na háireann, Gaillimh ar an nDéardaoin, go bhfuil an tOllamh Roy Green ceaptha mar Leas-Uachtarán um Thaighde. Ceapadh an fear a bhí ina Dhéan ar Dhámh Tráchtála na hOllscoile ar feadh ceithre bliana ag cruinniú d'Údarás na hOllscoile.
Cuireann an post nuabhunaithe béim ar chomh dáiríre is atá Ollscoil na háireann, Gaillimh maidir le cáil taighde agus éiteas na hOllscoile a láidriú. Mar Leas-Uachtarán um Thaighde, cruthóidh an tOllamh Green na struchtúir chuí le cinntiú go bhfanfaidh Ollscoil na háireann, Gaillimh chun tosaigh i sárthaighde idirnáisiúnta.
An scéal iomlán
Méadú ar Scoil Chárna
5/8/2005: Tá cead pleanála á lorg ag Scoil Charna le méadú ar an scoil tar éis dóibh airgead fháil ón Roinn Oideachas.
Ionsaí Uí Chuív ar na meáin Bhéarla
5/8/2005: "Thar na mblianta scríobhadh altanna agus rinneadh cláracha ag tabhairt amach faoi Ghaeltachtaí nach raibh Gaeilge le cloisteáil nó le feiceáil iontu.  Rinneadh éileamh ar an Rialtas gníomhú ar an gceist agus dúradh gur scannall a bhí ann ceantrachaí a fhágáil sa nGaeltacht nach raibh rian an Ghaelachais orthu. Ach, bunaithe ar reachtaíocht a bhí pléite go mion agus aontaithe ag Oireachtas Éireann, agus tar éis tréimhse dul i gcomhairle poiblí, ar an bpointe gur ghníomhaigh Aire le céim an-bheag a thógáil le íomhá Gaelach na Gaeltachtaí a láidriú, thosaigh na meáin céanna ag cur ina leith go raibh se ag brú Gaeilge síos scórnach muintir na Gaeltachta."
Is mar seo a labhair Éamon Ó Cuív ag Dún Garbháin ag tús mí Iúil.
Léigh an scéal iomlán.
An Scéal mar atá sé i Lá
Is fiú mall ná riamh!
5/8/2005: Tá Tuarascáil Bhliantúil don bhlian 2000 éisithe ag An Foras Teanga

Saoradh cúigear Ros Dumhach