Iml 01: Eag 27


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Géarchéim Oideachais Speisialta i gConamara
10 Lúnasa 2005
Seanscoil Shailearna


An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Cé Go bhfuil gach scéim ceadaithe curtha in oiriúint don eagras poiblí ar leith, tá roinnt gnéithe comónta ag roinnt mhaith acu.
Orthu sin tá:

  • Suíomhanna Idirlín - Feabhsúcháin mhóra ó thaobh soláthar suíomhanna dátheangach;
  • Foirmeacha Iarratais agus Bileoga Eolais - méadú ar infhaighteacht foirmeacha agus bileoga eolais trí Ghaeilge, a thugann rogha iontach don chustaiméir;
  • Seirbhísí Idirghníomhaíochta agus Ar-Líne - gealltanais tugtha maidir le seirbhísí ar líne nua agus cinn reatha a bheith ar fáil trí Ghaeilge.
  • Oifigí sna ceantair Ghaeltachta - gealltanais tugtha ó thaobh na dátaí a mbeidh oifigí sa nGaeltacht ag úsáid na Gaeilge mar a dteanga inmheánaigh oibre
  • Cruinnithe Poiblí - áiseanna níos fearr chun cruinnithe a reachtáil trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta;

    Chomh maith le seo, tá gealltanais ar leith tugtha ag roinnt eagrais ó thaobh seachadadh dea-seirbhíse custaiméara duine ar dhuine. I measc na seirbhísí nua atá á dtairiscint, tá:

  • Seirbhísí custaiméara níos fearr ó na Coimisinéirí Ioncaim (IMAT agus Cáin Ioncaim) i réigiún an Oirthir agus Oirdheisceart, Iardheisceart agus réigiún An Teorainn, Lár Tíre agus Thiar - ar aon dul le
  • siúd a mbaineann úsáideoirí réigiún Aonad 88 taitneamh astu i mBaile Átha Cliath.
  • Seirbhísí níos fearr maidir le cúram othair in ospidéil Fheidhmeannacht Sheirbhísí Sláinte an Iarthair, trí fhoireann idirchaidrimh othar a cheapadh a mbeadh Gaeilge acu maraon le haonad Riaracháin Ghaeilge a bheadh ina chéad phointe teagmhála ag cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa réigiún.
  • Neart le fáil i Siopa Chló Iar-Chonnachta
    4/8/2005:Tá fáilte romhaibh bualadh isteach chuig oifigí Chló Iar-Chonnachta má bhíonn sibh sa cheantar. Tá réimse fairsing leabhar agus dlúthdhioscaí ar díol againn anseo, agus cead do chinn agat a bheith ag piocadh tríothu ar feadh uaireanta an chloig más é sin mian do chroí! Tá a chuid oifigí lonnaithe thart ar ceithre mhíle taobh thiar den Spidéal ar an bpríomhbhóthar ón Spidéal go dtí an Cheathrú Rua, i bPáirc Ghnó Shailearna. Beidh siad ag súil le bualadh libh.
    Moill ar ionad ag Teach an Phiarsaigh
    Teach na Phiarsaigh
    4/8/2005: Tá amhras anois an dtógfar ionad oidhreachta mar a bhí geallta ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara. Níl cinneadh críochnaitheach ar bith déanta faoin scéal a deir an tAire Gnóthaí Tuaithe agus Gaeltachta. Trí bliana ó shin tugadh le fios go raibh buiséad €1.2 milliún curtha ar leataobh don ionad oidhreachta.
    Aigneachtaí á lorg Ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    4/8/2005: Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe anois ó aon pháirtithe leasmhara.
    Sluaite ar an gCeathrún Ruaidh d'Fhéile an Dóilín
    3/8/2005: Tháinig na sluaite amach ar an gCeathrú Rua Dé hAoine seo caite chun an fathach mór a bhí ag déanamh scrios i gCuan an Fhir Mhóir a chur faoi thine i lár an bhaile! B'é seo an chéad bhliain ag an bparáid seo a bheith ar an mbaile agus chur sé tús le deireadh seachtaine den scoth mar chuid d'Fhéile an Dóilín.
    Dátaí Phléaracha Chonamara 2005

    30 Meán Fómhair - 9 Deireadh Fómhair
    Pléarácha i gConamara
    San alt Dúshraith na Gaeilge i mBeo na na míosa seo tá Meta Uí Mháille, ag caint faoí Pléaráca Chonamara.
    Bunaíodh Pléaráca Teoranta, an Scéim Ealaíon Phobail, i 1993 mar scéim phíolótach trí bliana faoi chlár de chuid na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta le maoiniú ón gClár Europach Horizon. Ó 1997 tá Pléaráca dhá mhaoiniú ag Clár Forbartha Pobail (CFP) na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Is iad an coiste a bhí i mbun eagrú Fhéile Phléaráca Chonamara a bhunagh Pléaráca Teoranta. Dream as ceantair éagsúla i nGaeltacht Chonamara a bhí i gceist.
    An agallamh iomlán agus Suíomh Phléaracha
    Suim mór i scéim Inis Meáin
    Tá speis ag 8 gComhluadar i scéim athlonnú in Inis Meáin. Bunaíodh an scéim seo chun chuir leis an méid páistí atá ag freastal ag an mbunscoil ann. Bhí baol ann go gcaillfear muinteoir amháin de bharr go raibh níos lú ná aon dalta déag le freastail ar an scoil sa mbliain scoile nua.
    Breis is €9,000 fógraithe do Scoil Chuimsitheach Chiaráin
    Tá deontas de €9,125 ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar chabhair do Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua chun oibreacha áirithe chothabhála agus uasghrádaithe a dhéanamh ar fhearais ríomhaireachta na scoile.
    "Tá sé riachtanach go mbeidh áiseanna den scoth bainteach le oideachas trí Ghaeilge agus tá an Scoil Cuimsitheach dílis don teanga i gcónaí" a deir an tAire.
    €310,000 ceadaithe faoin Scéim Athnuachan Baile 2005
    D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil deontais de €310,000 ceadaithe aige faoin Scéim Athnuachan Baile i nGaeltacht na Gaillimhe.
    Cá bhfuil an tairgead ag dul?
    Eitilt go hÁrainn
    29/7/2005: Tá an conradh chun seirbhís aeir a chur ar fáil d'Oileáin Árann don tréimhse trí bliana amach romhainn gnóthaithe ag Aer Arann, an comhlacht a sholathraíonn na seirbhísí seo faoi láthair. Is fiú €2.91m ina iomláine an conradh nua atá á chur ar fáil faoi réir rialacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le hOibleagáid Sheirbhís Phoiblí (PSO).
    Faoin gconradh nua seo cuirfidh Aer Arann sé thuras fillte in aghaidh an lae ar fáil ó Luan go hAoine agus trí thuras fillte Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
    Suíomh Aer Árann (Ait go leor sí an Bhéarla amháin teanga ar an suíomh seo!)
    Lá Sráide ón Galway Advertiser (pdf)

    Géarchéim Oideachais Speisialta i gConamara

    28/7/2005: Tá ollchruinniú á eagrú i gConamara ar an 10ú Lúnasa le plé a dhéanamh ar an ngéarchéim atá ann de bharr an leagan amach nua atá ar sholáthar seirbhísí oideachais speisialta sna bunscoileanna. Is iad an Feachtas Oideachas Speisialta atá ag eagrú an chruinnithe agus tá cuireadh dhá thabhairt don Aire Oideachais an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, na h-ionadaithe poiblí as Gaillimh, ionadaithe ón Roinn Oideachais, grúpaí pobail, tuismitheoirí agus aon duine eile atá imníoch faoin gcaoi a bhfuiltear ag brú na socruithe do dhaltaí le riachtanais speisialta anuas ar scoileanna i gConamara gan plé agus gan soiléiriú leis na scoileanna. Tá an cruinniú le bheith ar siúl i Scoil Sailearna in Indreabhán ag a naoi a chlog ar an 10ú Lúnasa.
    An scéal iomlán


    Dochtúireacht sa Ghaeltacht
    27/7/2005: Tá ag éirigh go maith le scéim nuálaíoch a d'eagraigh Roinn na Dochtúireachta Teaghlaigh, OÉ, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ina gcuirtear an cúrsa i gcrích trí thaithí chliniciúil a thabhairt do mhic léinn leighis mar dhochtúirí teaghlaigh sa Ghaeltacht.
    Ó 1997 i leith, tá beagnach 80 mac léinn as OÉ, Gaillimh curtha ar thaithí chliniciúil sa Ghaeltacht.
    "Is tús ré nua do chainteoirí Gaeilge ag iarraidh seirbhísí ina rogha teanga" - Ó Cuív
    Scéimeanna seirbhíse na teanga Gaelige foilsithe

    26/7/2005: D'fhógair Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, foilseachán na chéad 16 scéimeanna inniu a fheidhmeoidh eagrais phoiblí faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
    Le himeacht ama, beidh seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos airde ar fáil do chainteoirí Gaeilge mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Táthar ag feidhmiú na seirbhísí seo de réir a chéile ar bhealach comhleanúnach, pleanáilte agus aontaithe. Go fad-téarmach, ba cheart Go dtabharfadh sé seo deis do chainteoirí teacht ar an méid seirbhísí agus is féidir sa teanga a theastaíonn uathu, i slí atá ar fáil cheana féin do chainteoirí Béarla.
    I measc na heagrais a bhfuil scéimeanna foilsithe tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, an GMIT, Olscoill na Gaillimhe agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Iarthair.
    Is féidir na scéimeanna seo uilig a íoslódáil ag Suíomh an Choimisinéara Teanga.
    An scéal iomlán
    Taoide dearg i gCarna
    26/7/2005: Maraíodh cúpla míle trosc feirme, i saotharlann i gCarna i gCo. na Gaillimhe, de bharr taoide dhearg atá ag fás san fharraige leis an ardú i dteocht an uisce. Deir saineolaithe gur gá anois díriú ar chinéalacha eile éisc i bhfeirmeoireacht, cinéalacha a mbeadh níos mó taithí acu ar uiscí teo.