Iml 01: Eag 26


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
culeisteoir@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/



An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Seirbhísí i nGaeilge

Tá cúpla comhlacht poiblí tar éis fógraí a chur sna nuachtáin cheana féin ag cur in iúl go bhfuil a scéimeanna faoin Acht Teanga ullmhaithe acu. Tá cúpla comhlacht eile ag lorg aighneachtaí dá scéimeanna siúd.

Cuirfear an t-eolas ar fad ar Gaelport.com. Bígí ag faire amach do na fógraí seo.

Ar ndóigh ní gá go bhfanfadh daoine ar na fógraí seo ar fad le leas a bhaint as seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge cheana féin ón Stát agus ó chomhlachtaí eile.

Mar shampla má tá cáin ar do charr á athnuachan agat is féidir an gnó ar fad a dhéanamh i nGaeilge ar line agus beidh do dhiosca agat taobh istigh de chúpla lá.

Is féidir do bhillí a fháil i nGaeilge:
leictreachais (BSL 1850 372 372 agus roghnaigh Cúntais Uimh 4)
nó gáis (Bord Gáis: 1850 456 200. Roghnaigh Customer Service Enquiries Uimh. 5)
nó fóin (Eircom 1901 agus bíodh do uimhir chuntas agat).

Tá chóras iomlán Gaeilge le fail ó Rua Telecom ach glaoch ar 0818 300 782 agus tá siad néios saoire ná Eircom!

Tá tú ag íoc as, mar sin bain leas as. Ná bíodh na comhlachtaí ag rá nach bhfuil éinne ag lorg na seirbhísí seo. D'fhéadfaí a rá nach lorgaíonn éinne iad i mBéarla ach go bhfaigheann siad iad. Is fúinne an cultúr neamh-thuisceanach seo ag cuid de na comhlachtaí a athrú.

Ná bímis ag fanacht don chéad mhí eile. Cuirimis tús leis láithreach!

Rásaí na Gaillimhe ar RnaG
25/7/2005: Tá mórfhéile rásaíochta na Gaillimhe buailte linn arís agus beidh an clúdach is cuimsithí fós le cloisteáil i mbliana ar Raidió na Gaeltachta, beo ó ráschúrsa Bhaile an Bhriota.
Tá urraíocht déanta ag an gcomhlacht Taisteal na Cruinne sa Spidéal ar an gcraoladh agus dá réir táthar ag cur leis an ngnáthchraoladh dhá lá ó Rásaí na Gaillimhe a bhí á dhéanamh go dtí seo.
€8 ó Árainn go Chonamara
Uasteorann ar Tháillí Farantóireachta d'Oileánaigh fógartha

23/7/2005: Tá sé fógartha go bhfuil céimeanna tógtha ag Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, chun laghdú suntasach a dhéanamh ar na táillí a bhíonn le níoc ag oileánaigh ar sheirbhísí farantóireachta fordheonaithe Rialtais.
Faoi láthair, tá na hoileánaigh ag íoc suas go €15 do dhuine fásta, €13 do mhac léinn agus €7 do ghasúir faoi bhun chúig bhliana d'aois. As seo amach, sonrófar táille uasta d'oileánaigh i ngach conradh nua a aontóidh an Roinn i leith seirbhísí farantóireachta. Ní athróidh na táillí go dtí go ndéanfar athnuachan ar na conraithe éagsúla.
Is iad na rátaí a bheidh i gceist sna conraithe nua ná €8 do dhuine fásta, €5 do mhac léinn agus tada do ghasúir faoi bhun chúig bhliana d'aois.
Willie Corduff, Philip McGrath, Brendan Philbin, Vincent McGrath agus Micheál Ó Seighin
Tácaíocht do Chúigear Ros Dumhach san Údarás

23/7/2005: Chuir an comhalta tofa Seosamh Ó Cuaig rún ós comhair cruinniú d'Údarás na Gaeltacht poiblí ar an bhFál Carraig inné ag moladh Cúigear Ros Dumhach atá i ngéibhinn ar son a bpoball féin. Táid sa traidisiún fada Gaelach dóibh siúd atá sásta dul go priosúin ar son prionsabail a dúirt sé. Chuidigh Seán Ó Tuairisc agus Séamas Breathnach leis an rún i measc baill eile.

Masla i Maigh Chuileann
23/7/2005: Deineadh ronnt mhaith damáiste don séipéal i Maigh Chuileann i rith na seachtaine nuair a scríobhadh maslaí frith chreidmheach agus níos measa ar an bhfoirgnimh. Ceineadh an rud chéanna leis an scoil agus ar an halla.
John Beag ag "ainceareacht" in Indreabhán!
22/7/2005: Beidh choirm cheol i Seanscoil Shailearna ar an 30ú lá Iúil. Tá sé sa mbaile ó Chicago agus sé an oíche mór cheoil seo mar bhuaicphointe ar a thuras abhaile. Tá an oíche seo á eagrú ag TG4 agus is féidir ticéadaí fháil ó johnbeag@tg4.ie. Craolfar an clár a thaifeadadh ar an oíche ar TG4 um Nollaig.

Breis is €675,000 do chéibheanna beaga i gCo. na Gaillimhe
22/7/2005: Tá deontais de €675,125 ceadaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail,Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., chun oibreacha áirithe feabhsúcháin a chur i gcrích ar chéibheanna éagsúla i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá sé chin de na céibheanna faoi chúram an Chomhairle Chontae agus cúig chin faoi chúram na Roinne féin.
Ráiteas agus liosta na gcéibheanna
Tithe le thógáil i Ros Muc!
21/7/2005: Tá Thermal Timber Homes le haistriú ar an Turlough Beag i Ros Muc as Uachtar Árd. Tá an comhlucht seo ag méadú agus bhí níos mó spas dóibh ar ionad Údarás na Gaeltachta i Ros Muc dóibh. Táthar ag súil go mbeidh méadú ag an comhlucht GRP anmaach anseo leis sa cheantair chéanna.
Gardaí agus Oifigí Chustaim in Uachtar Árd
21/7/2005: Rinne Gardaí Uachtar Ard agus oifigí custaim as Gaillimh ruathar ar ionad campála lucht siúil ag reilig Uachtar Ard. Ní fios ar gabhadh aon nduine. Thóg na hoifigigh custaim gluaisrothar a bhí le díol ar an láthair. Ní mó ná sásta atá daoine áirithe in Uachtar Ard faoin lucht siúil a bheith tarraingthe suas taobh amuigh de gheata na reilige ar an mbaile. Sheirbheáil an Chomhairle Chontae fógra don lucht siúil ag ordú dóibh an áit a fhágáil.

21/7/2005: Lár Sráide (Galway Advertiser - pdf)

Earcaigh úra Ghlór na nGael fógartha
21/7/2005: Fógraíodh dhá cheapachán nua le Glór na nGael, an tseachtain seo, daoine a bheidh ag dul i mbun Leibhéal a hAon agus Leibhéal a Dó den Chomórtas Náisiúnta.
Is iad Daragh Ó Tuama a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath agus Eoghan Mac Cormaic, a bhfuil cónaí air i mBaile Locha Riach, baill nua fhoireann Ghlór na nGael.
An scéal iomlán ar shuíomh Glór na nGael
Breis is €535,000 d'Oibreacha ar Oileáin na Gaillimhe
20/7/2005: Tá curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., inniu go bhfuil deontais de €535,774 ceadaithe chun oibreacha éagsúla feabhsúcháin a dhéanamh ar na hoileáin amach ó chósta Chontae na Gaillimhe sa tréimhse 2005/06
An scéal iomlán agus liosta na noibreacha
Ann nó as? Cheist Dingle!
20/7/2005: An é príomhchathair na Gaeltachta nó dún daingean an Bhéarla a bheidh i mbaile an Daingin feasta?
An scéal seo i Lá
'Clinic' MFG i gCeantar na nOileán
19/7/2005: Beidh Oifigeach ó Mheitheal Forbartha na Gaeltachta i gCeantar na nOileán de Céadaoin beag seo, agus go rialta as seo go Nollaig, le labhairt le daoine a bheadh ag lorg tacaíocht ón eagraíocht do thograí atá in intinn acu.
Suíomh nua Gaeltachta
19/7/2005: Tá suíomh nua Gaeltachta ar an idirlíon inniú. Gaeltacht na nDéise an t-aon ceantar Gaeltachta atá suite in oir-dheisceart na h-Éireann. Suite idir an t-Aigéan Atlantach agus cnoic na nDroma, tá traidisiún laidir Gaeilge, Oidhreachta agus Cultúir inti. Dhá h-áit difriúla atá sa pharóiste, An Rinn agus An Sean Phobal. Cónaíonn thart ar 1,500 duine sa Ghaeltacht. Breathnaigh ar a suíomh nua anseo.
Beidh siad ag cur comhairle ar dhaoine faoi na bealaí éagsúla a chuireann siad cúnamh airgid agus phraicticiúil ar fáil agus míneoidh siad cén chaoi le cur isteach ar na deontais. Is i bhfoirm 'clinic' nó cruinnithe aonair leis an bpobal a dhéanfar seo agus beidh deis ag daoine tograí a phlé le MFG go príobháideach agus faoi rún, féachaint a mbéidís i dteideal maoiniú a fháil.
An scéal iomlán comh maith le dátaí na gclinicí
Deontas €146,000 do Chill Chiaráin
19/7/2005: Beidh an deontas €146,000 ó Roinn na Gaeltachta, le haghaidh obair sabháltachta ar chéibh Chill Chiaráin. Chuir muintir na háite fáilte roimh an deontas ach tá súil acu nach ndéanfar dearmad ar oibreacha atá de dhith ar an gcéibh ansin.
Duine in easnamh fós
19/7/2005: Níl duine ainmnithe ag an bPáirtí Daonlathach don folúntas ar bhórd Udaráis na Gaeltachta. Chuireadar ainm amháin faoi bhráid an Aire ach ar chúrsaí dlithiúil níorbh fhéidir leis glacadh leis an tainm sin.
Scoil drámaíochta idirnáisiúntaa i gConamara
19/7/2005: Reachtáilfear Scoil Drámaíochta Idirnáisiúnta i gConamara an Samhradh seo ón 28ú Lúnasa go dtí an 17ú Meán Fomhair. 'DÁNA' an t-ainm atá ar an scoil agus roghnófar aisteoirí óga as Éireann, Thuaidh agus Theas, agus Alban le bheith páirteach sa dianchúrsa aisteoireachta a mbeidh taispeántas árdán mar bhuaicphoinnte aige. Seo an triú uair a eagraíodh cúrsa dá leithéad agus an chéad uair dó a bheith ar bun i gConamara. Deir an comheagraí, Trevor Ó Clochartaigh ón gcomhlucht forbartha pobail, Comhairle Ceantar na nOileán, gur ' instealladh suntasach atá anseo don eacnamaíocht áitiúil i Leitir Mealláin. Tá áiseanna nuathógtha den chéad scoth anseo againn, a d'oscail anuraidh, agus tabharfaidh an chúrsa seo deis iontach dúinn a léiriú, an chumas atá againn le imeachtaí thábhachtacha den chineál seo a chur ar bun iontu'.
Breis faoin scoil