€25

Iml 01: Eag 31


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/



An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
An Spidéal a fhorbairt mar "shraidbhaile Ghaeilge!"
29/10/2005: D'fhéadfaí An Spidéal a fhorbairt mar shráidbhaile ina mbeadh an Ghaeilge in uachtar dar leis an gníomhaí teanga, Donncha Ó hÉallaithe. Ag labhairt dho le gairid in Oliscoil na hÉireann, Gaillimh ag cruinniu den Cumann Éigse agus Seanchas, dúirt sé go bhféadfai faoin Plean Áitiúil Forbartha atá a réiteach ag an gComhairle Chontae don Spidéal, talamh a zonáil a fhéadfaí a usáid le scéimeanna tithe a thogail do dhaoine le líofacht Ghaeilge.
Céim chun tosaigh!
29/10/2005: Tugadh aitheantas do bheirt ag Olscoil na Gaillimhe nuair a bronnadg céim oinigh MA do Ollie Jennings and Pádraic Breathnach sa an obair atá déanta acu ar son na healaíona sa cathair. I measc na oibreacha atá déanta acu tá an chomluchta Macnas a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu leis na blianta.
Feirmeoireachta Bradán
27/10/2005: Tá ag éirí go han-mhaith deirtear leis an tionscnamh nua a bunaíodh le cuidiú le comhlachtaí feirmeoireachta bradán ar an gcósta thiar. D'fhógair Coimisiún Forbartha an Iarthair go bhfuil sé i gceist acu a sciar féin den infheistíocht sa gcomhlacht Maoiniú Mara Teo., a dhúbailt i mbliana.
Conamara i gcló
26/10/2005:Tá dhá fhoilseacháin áitiúil ag theaspeáint an saol áitiúil mar a bhí agus mar atá curtha amach le déanaí.
I bPléaracha 2005 tá agallamh ag Donncha Ó hÉalaithe le Pádraig Ó hAoileán, priomh-fheidhmeanach Údaras na Gaeltachta* mar aon le alt ar shaol Paddy Phaitín Johnny as Chamas, mar maor uisce agis cigire iascaireachta sa cheantair. Mar aon leo seo tá altanna ar chapaillíní Chonamara, An Choláiste Tin agus saor bád, bádóirí agus saoir cloch Ros Muc agus Camus.
Níos faide soir foilsíodh Biseach 2005 ag Cumann Forbartha Chois Fhairraige. Istig ann tá comøradh ar Mháirtín Mór Ó Cadhain scríofa ag Gearóid Denvir. Tá cur síos ar "Fís Phóil", Tearmann Éanna sa Tulaigh inti leis. I measc na haltanna eile tá ceann faoin gCoimisinéir Teanga, ceiliúradh órga an Ath Colm Ó Ceanabháin, scríobhneoirí Chois Fhairrige agus go leor leor eile.
*Tá an agallamh le Pádraig Ó hAoileán, Gorbachev na Gaeltachta, le fáil anois ar suíomh CTG.

Gearr scéalta le Phádraic Breathnach
21/10/2005: Seolfar Ingne Dearga Dheaideo, cnuasach nua gearrscéalta le Pádraic Breathnach, in áit dúchais an údair, Maigh Cuilinn, i dtábhairne The Forge, Dé hAoine, 11 Samhain. An tAire Éamon Ó Cuív a sheolfaidh an leabhar ansin.
Deireadh le laethanta ar an bportach?
17/10/2005: Má tá a mhian ag an Aontas Eorpach is cosúil go mbeidh ar éinne atá ag iarraigh móin a bhaint go mbeidh gá le cead pleanála ón gcomhairle chontae. Dár len a lán beidh deireadh leis an sean-nós seo má cuirtear an riail seo i bhfeidhm. Cé go bhfuil tabhacht le chuid de na ceantaireachta in mbaintear móin níl gach áit mar an gcéanna.
€125,000 do Pháirc Imeartha na bhForbacha
15/1o/2005: Tá deontas €125,000 ceadaithe ag an Aire Éamon Ó Cuív do choiste Pháirc Imeartha na bhForbacha chun cur ar a gcumas forbairt breise a chur i gcrích ar an bpáirc.
Faoi láthair, tá páirc chaighdeánach peile ann agus páirc eile taobh léi atá níos lú, a úsáidtear i gcomhair sacair agus traenáil. An obair forbartha atá i gceist ná 70m den talamh atá lastuaidh den pháirc bheag a réiteach ionas go mbeidh dhá pháirc imeartha chaighdeánach ann.
Gaeilge ag an "gCeannródaí Earcaíochta" ar-líne!
25/10/2005: Sheol Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Rós Thrá Lí 2005, an suíomh gréasáin an cheannródaí earcaíochta dátheangach in Éirinn, IrishJobs.ie, tionscnamh de chuid Irishjobs.ie agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. tuilleadh . . .
"Ar aghaidh lán dóchais" - Tionól Tréadach Thuama
16/10/2005: I mí Meithimh seo caite d'fhógair Árdeaspaig Micheál Neary plean Tionól Tréadach Thuama a reachtáil i bhFómhar na bliana 2006. Tá suim mhaith oibre déanta cheana féin in eagrú práisis don Tionál. "'Sé mo mhian go gcuirfidh an próiseas seo ar ar gcumas - pobal, sagairt, lucht crábhadh agus easpag - plean comhordaithe tréadach a sholáthar don todhchaí." a dúirt an easpag i litir a bhí ar fáil i ngach séipéal sa deoise ar an nDomhnach.
"An chéad chéim a éilionn an préiseas, go scrúdódh muid cuid de na cúinsi a fheicfidh muid agus muid ag breathnú romhainn. De réir mar shonraionn muid cá bhfuil Dia dár dtreorú molaim dibh am a chaitheamh ag machnamh ar na ceisteanna seo leanas: Rannpháirtíocht i ministreacht, athnuachán an liotúirge, comhpháirtíocht leis an aos óg, forfhás agus misiniú pobaill agus ullmhú do athraithe."
I rith mí na Samhna tionólfar cruinnithe i ngach paróiste sa deoise chun deis a thabhaairt don poball a smaointe a léiriú agus páirt a glacadh sa próiséas seo.
Bóthar go Ros a'Mhíl ag dul ar aghaidh..
10/10/2005:D'fhógair Éamon Ó Cuív go bhfuiltear ag dul ar aghaidh le bóthar nua go Gaillimh as Chonamara. Tógadh sé cúig bliain ar a laghad an bóthar nua a thogáil. Is ó Ros a'Mhíl a bheidh seachas áit níos faide siar. Mar aon le sin cuirfear cuí ceart ar an N57 (an bóthar go dtí an Chlochán) agus uaidh sin ag an Teach Dóite go crosaire Scríob agus ón Sraith Salach ó dheas beidh feabhas ar bóthaire sin. Is ceart díriú ar seo agus cinntiú go dtárlódh seo seo amach dár leis an Chomhairleoir Seosamh Ó Cuaig atá mar cathaoirleach ar Coiste na Bóthaire sa Comhairle Chontae. Thárla seo tár éis an cruinniú a bhí ag Fred Barry ón NRA agus ionadaí tofa as Chonamara.

Forbairt ag Tearman Éanna
10/10/2005: Tá ionad sláinte nua le hoscailt ar Tearman Éanna ar an Tullach sa bhlian seo chugainn. Táthar ag lorg
Slánú phobal na Gaeilge!
10/10/2005: Tá sé fógraithe ag an údarás sláinte go bhfuil siad chun rannóg Gaeilge a bhunú sa Ghaeltacht chun freastal ar muintir Ghaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht na Mí. Is cuid dá phleananna faoin acht teanga an fhorbairt seo.
Coinneál oraibh!
9/10/2005: Bhí an Cúiléisteoir ag an dráma nua le Darach Ó Scolaí ar an Sathairn. Bhain sé an taitneamh as. Peadair Ó Treasaigh agus Donncha Mac an Iomaire
Dráma géarchúiseach, nua, grinn é Coinneáil Orainn ina gcuirimid aithne ar Sheáinín (Donncha Mac an Iomaire), fear óg atá ar bís chun troda agus An Caiptín (Peadair Ó Treasaigh), seanfhear atá ag éirí tuirseach de shíor-dheacrachtaí an tsaoil agus síor-chrá a chomrádaí óig. Faightear léargas ar chruatan shaol Ghaeltacht an lae amárach nuair a thagann An Roinn Gaeil, Gaeilge agus Gaelachais (Brídín Nic Dhonncha agus Morgan Cooke) ar thóir na beirte chun deontas speisialta a bhronnadh orthu. Is fánach mar a chailleann daoine an cloigeann! Bhí caighdeán an-árd aisteoireachta ann go mór mhór ó Pheadair Ó Treasaigh. Bhí an chuid den "suréalachas" ag baint leis agus greann den chineál a bhíon ag Beckett.
An rud a chuir isteach ar an gCúiléisteoir ná nach raibh ach idir tríocha agus dhá scór i láthair. B'fhéidir go raibh na daoine go léir ag breathnú ar an gcluiche socar san Chipir. Is ceart dúinn a bheit buíoch as an Taibhdhearc atá sásta léirithe mar é seo a chuir ós comhair poball na Gaeilge. Deirean sé leo, "Coinneáil oraibh!".
Suíomh Thaibhdhearc na Gaillimhe
Seannrannta na Gaeilge ar a seanléim arís!
Gug Currach 9/10/2005: Foilsíodh cnuasach de rannta traidisiúnta ó Ghaeltacht Chonamara i bhfoirm leabhair lándaite agus dlúthdhiosca a bhfuil léiriúchán maisiúil déanta air mar chuid de imeachtaí Phléarácha 2005. Tagann sé ó stábla Futa Fata, Thadg Mhic Mac Dhonnagáin i gCois Fhairrige.
Cearc nach bhfuil in ann socrú cá ndéanfaidh sí a nead. Froganna beaga glasa atá ag foghlaim cén chaoi le snámh. Fear aisteach darbh ainm dó Máirtín, ar maith leis bheith amuigh san oíche dhubh, is an bháisteach ag titim anuas go tiubh. Tá Gugalaí Gug lán de charachtar agus de radharcanna a bhéarfas greim ar do shamhlaíocht.
An t-eolas ar fad
Deireadh ré? Micheál D ag imeacht?
9/10/2005:Tá scéalta sa timpeall gur mhaith le Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte daoine faoi bhun trí scóir a chur san iomaíocht sa gcéad Olltoghchán eile. Céard faoi Mhicheál D. Ó hUiginn mar sin? Tá Michael D. 64 ach tá chuile chosúlacht ar an scéal gur mhaith leis iarraidh eile a thabhairt faoin Dáil.
Tá caint ann nach bhfuil Pat Rabbitte agus Michael D. an-cheanúil ar a chéile; ní raibh siad ar an téad céanna nuair a dúirt Michael D gur mhaith leis a dhul sa tóir ar phost Uachtaráin na hÉireann. Ach, pé ar bith rud atá i gcloigeann Phat Rabbitte is beag amhras atá i nGaillimh ach go gcaithfear Michael D. a chur san iomaíocht san Olltoghchán sa deireadh mar gur ar éigean atá aon duine eile ann a choinneodh suíochán an Lucht Oibre san iarthar. Ach, tharlódh sé go mbeadh roinnt díospóireachta ann sul a mbeadh chuile shórt ráite i nGaillimh.
An scéal i bhFoinse