€25

Iml 01: Eag 33


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADH ÓN IMEALL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Innéacs
Chonamara &
árann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Bronntanais na Nollag!
Má theastaíonn uait bronntanas spéisiúil Gaelach a cheannach do na daoine atá gar duit níl ort ach póirseáil trid leathanaigh an Spailpín. Fiú má tá tú thar lear tá am fós agat......ach ná fág ró-dheireanach é.
An Spailpín Fánach


Sladmhargadh Nollag
Chló Iar-Chonnachta


Bricíní
Féile Leabhar do Dhaoine Óga
Seanscoil Sailearna
10 Nollaig 2005

ÉireAn Aimsir

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Áille agus Allta sa chathair
6/12/2005: Is é Áille & Allta an gheamaireacht a bheidh ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe an Nollaig seo, a scríobhann Pól Ó Muirí. Is é an t-aisteoir Peadar Cox a scríobh agus Diarmuid de Faoite, aisteoir clúiteach eile, a stiúraíonn. Leagan nua den scéal atá ann ach é suite i nGaillimh tamall gairid i ndiaidh chluiche ceannais na hiomána.
An Taibhdhearc
Maysteel IndreabháinDeireadh le Maysteel in Indreabhán
5/12/2005: Fógraíodh go bhfuil Maysteel in Indreabhán le dúnadh. Tá breis is ochto fostaithe ann agus is mór an tubaist a dhúnadh do Chonamara ar fád. Tá Údarás na Gaeltachta le dul ag caint leis an gcomhlucht agus an iarracht a dhéanamh chun chúrsaí fostaíochta sa cheantair a fheabhsú
€987,000 Breise Ceadaithe ag Ó Cuív ar Bhóithre Stráiteiseacha Gaeltacht na Gaillimhe
3/12/2005: Tá €987,000 breise ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do Bhóithre Straitéiseacha Gaeltacht na Gaillimh. Féach an tábla ar dheis.
Moill ar chursaí uisce agus séarchas
30/11/2005: Deineadh gearán faoi chúrsaí uisce agus séaracas an Cheathrú Rua ag cruinniú ag an Coiste Phobal aréir. Ní raibh mórán i láthair agus ba léir ó na tuairiscí a bhí á thabhairt ann nach bhfuil mórán dull chun chin déanta. Dúirt an Comhleoir Seosamh Ó Cuaig, a bhí i láthair mar aon le Connie Ní Fhatharta agus Séamus Breathnach, gur féidir na comhleoirí méid áraithe a dhéanamh ach gur ceart an pobal féin leanúint ar aghaidh le brú a chuir ar an gComhairle leis.
Bás Easpaigh
28/11/2005: Cailleadh iar-easpag na Gaillimhe, An Dr Séamus Mac Lochlainn gan coinne i rith na deireadh seachtaine. D'éirigh sé as an deoise níos luaithe sa bhliain.
Árdú 5.5% do na Mná Tí
26/11/2005: Tá an deontas a íoctar le mná tí a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ina dtithe, méadaithe ó €9.00 go €9.50 in aghaidh an lae (€66.50 in aghaidh na seachtaine) don bhliain 2006. Seo é an séú ardú a rinneadh ar an ndeontas áirithe seo ó 1998.
De réir na comhthuisceana atá idir an Roinn agus na Coláistí Samhraidh Gaeilge, íocann na Coláistí íosmhéid de €1.20 in aghaidh gach €1 a íocann an Roinn faoin Scéim. Mar sin beidh buntáiste breise fós ann do na teaghlaigh Gaeltachta atá i gceist. Tá sé fíorthábhachtach go leanfar leis an Scéim seo agus go n-íocfaí ráta tarraingteach chun teaghlaigh a choinneáil páirteach sa Scéim agus teaghlaigh nua a mhealladh isteach innti.
Tí Pheacock ar lár?
Tí Pheacock
25/11/2005: Cuireadh glacadóirí isteach chuig Tí Pheacock ar an dTeach Dóite i rith na seachtaine. Baineadh geit as gach éinne, an úinéar, Basil Keogh san áireamh. Siad an Bannc (NIB) a shocraigh an glacadóir a chuir isteach agus tá an gnó á dhíol acu anois.
Íocadh deontais i leith 23,596 foghlaimeoirí faoin Scéim i mbliana go dtí seo, rud a léiríonn an tsuim mhór atá ag an aos óg taobh amuigh den Ghaeltacht i bhfoghlaim na Gaeilge.
Gaeilge i gcúrsaí gnó
26/11/2005: "Tá mé dóchasach go dtabharfaidh an Ciste seo spreagadh do Chumainn Tráchtála agus do na hÚdaráis áitiúla dul i gcomhpháirtíocht torthúil le grúpaí atá dírithe ar cur chun cinn na Gaeilge go háitiúil. Is léir go bhfuil dearcadh dearfach i leith na Gaeilge i measc go leor den lucht gnó cheana agus go bhfuil bunús maith ann don scéim seo dá réir. Tá deis anseo tógáil ar an mbunús sin." B'shin a dúirt Éamon Ó Cuív agus é ag fógairt go bhfuil milliún euro curtha ar fáil aige don Chiste Gnó chun maoiniú a sholáthar do ghrúpaí nó d'eagrais a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn san earnáil gnó i gcontaetha agus i gcathracha ar fud na tíre. Bhunaigh an tAire an Ciste Gnó in Aibreán na bliana seo.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
25/11/2005: Ghlac coiste an Bhuiséid i bParlaimint na hEorpa le hathcheapadh Mháire Geoghan Quinn mar chomhalta na hÉireann ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. D'fhógair an rialtas le gairid go raibh siad ag ainmniú an iar-Aire Dlí agus Cirt arís don phost.
Feachtas Fógraíochta Teilifíse dírithe ar aos óg na Gaeltachta
22/11/2005: D'fhógair An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta Éamon Ó Cuív T.D. go bhfuil cinneadh déanta aige tús a chur le feachtas nua chun na buntáistí a bhaineann le bheith inniúil sa Ghaeilge a chur ina luí go sonrach ar aos óg na Gaeltachta (san aoisghrúpa 13 go 25) agus iad a spreagadh dá réir chun í a labhairt tuilleadh. Tá conradh le tabhairt faoin bhFeachtas Fógraíochta Teilifíse thar ceann na Roinne bronnta ar an gcomhlacht cumarsáide QMP Publicis. Tá beartaithe go dtosóidh an sraith fógraíochta ag an Nollaig agus go mbeidh sé ag leanacht san athbhliain.
Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh
18/11/2005: Tá Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh á eagrú ag Gaillimh le Gaeilge le tacaíocht speisialta ón Galway Advertiser agus i gcomhar le Cumann Tráchtála agus Tionscail na Gaillimhe chun aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus d'eagraíochtaí a bhfuil an Ghaeilge in úsáid go laethúil ina ngnó agus atá, mar thoradh ar sin, rannpháirteach i gcur chun cinn na Gaillimhe mar Phríomhchathair Dhátheangach na hÉireann agus in inmharthanacht na hacmhainne cultúrtha agus eacnamaíochta is mó a bhaineann le Gaillimh.
Tá cuireadh oscailte tugtha ag Gaillimh le Gaeilge d'aon ghnólacht nó eagraíocht i gcathair na Gaillimhe, a bhfuil an Ghaeilge ina chuid (beag nó mór) dá ngnó, cur isteach ar an gcomórtas. Tá bróisiúir agus foirm iarrtais le fáil ó hoifigí Ghaillimh le Ghaeilge
Anailís Torthaí 'Scéim Labhairt na Gaeilge'
18/11/2005: Tá na figiúirí éisithe don bhlian 2004-2005 ag an Roinn inniú. Seo na figiúirí don na ceantracha éagsúla in gcúige Chonnacht .http://anghaeltacht.net/ctg/connachta0405.html
Cuireann Ó Cuív tús le h-oibreacha ar ghrúpscéim uisce Leamhchoill 14/11/2005: D'fhreastail Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag searmanas chun tús a chuir le h-oibreacha ar ghrúpscéim uisce Leamhchoill i nGaeltacht na Gaillimhe ar maidin.
Tá maoiniú déanta ar an scéim trí ghnáthdeontas de bhreis is &eur;550,000 ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus breis is &eur;250,000 ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Is í seo an chéad grúpscéim uisce a bhaineann leas as pholasaí nua na Roinne maoiniú a thabhairt do scéimeanna uisce i gceantair Ghaeltachta nach bhfuil i gceantair CLÁR.
Deireadh ré i N'Awlins
11/11/2005: De bharr an damáiste agus an méid airgead a thógadh sé an áit a coimead ar oscailt go dtosnaíonn na turasóirí ag teacht thar nais tá Danny Ó Flaithearta (ar dheis) chun a teach tabhairne ann a dhúnadh. Ní daomhaoin atá Danny afach mar leanfaidh sé leis ina chuid oibre, coirimeacha cheoil, turasanna in Éirinn. Tá súil aige tionscnamh nua a oscailt amach anseo - Ionad Oidhreachta na Tíortha Ceilteacha agus tá súil aige na pleannanna seo a léiriú i bhFomhair na bliana seo chugainn.
Suíomh Dhanny (Béarla)
Deontas €143,135 d'Acadamh na hOllscolaíochta
11/11/2005: Tá deontas €143,135 ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta d'Acadamh na hOllscolaíochta chun a chur ar a gcumas trealamh ríomhaireachta a cheannach. Leis an deontas seo beidh an t-Acadamh in ann bogearraí aistriúcháin mheaisínchuidithe a chur ar fáil sna fo-ionaid ollscoile ar an gCrannóg, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus sa Daingean, Co. Chiarraí. Tá i gceist acu chomh maith athchóiriú a dhéanamh ar Ríomhlanna in Áras Mhairtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.