Innéacs
Chonamara &
Árann

Iml 02: Eag 01


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADH ÓN IMEALL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

ÉireAn Aimsir

Líonra.com

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Caith do vóta!

29/9/2006: Tá an Comhairle Chontae ag tiompsú clár na dtoghóirí don bhlian 2007. Is féidir clárú anseo. Cé go bhfuil an leathannach in ainm is a bheith dhá theangach deireann siad i mBéarla amháin gur ceart ainmneacha áite sa Ghaeltacht a luadh sa bhfoirm Gaeilge!


Dráma nua Joe Steve
Joe Steve
25/9/2006: Is iondúil le Agallamh Beirte agus le Drámaí Joe Steve Uí Neachtain corr scairt mhaith gháire a bhaint as an lucht éisteachta. Ach ní i bhfad ó chéile a bhíonn an gol is an gáire mar a léiríodh sa dráma "Níor mhaith linn do thrioblóid". Geallann an t'údar go mbainfeadh an dráma nua seo corr scairt gháire as daoine ach go mbeadh sé chomh dóigh céanna de an deoir a bhogadh faoin tsúil ag daoine gur cás leo an éagóir, an cur i géill agus an sciúrsáil a fuair daoine óga in ainm an athair le blianta fada.
Tosnaíonn sé ar an 4 Mean Fomhair 2006 sa Taidhbhearc
Freagra tugtha ar cheisteanna Chonnie faoi Airdeail
30/9/2006: Ag labhairt dho ar RnaG ar an Máirt seo caite thug Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí Airdeail freagra ar na ceisteanna a bhí á chur le píosa ag an gComhairleoir Chonnie Ní Fhatharta (FF) faoin eagraíocht Airdeail, a bhíonn ag déanamh achomhairc ag an mBord Pleanála faoi scéimeanna tithiochta sa Ghaeltacht.
An scéal iomlán i nGlór Chonamara

An Leabhar Mór i gConamara
29/9/2006: Mar chuid d'Fhéile Phléaraca na bliana seo beidh An Leabhar Mór le feiscint sna láthair seo:
  • Áras Charna,
  • Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh - Rosmuc,
  • Leabharlann na Ceathrúin Ruaidh,
  • Comhar Chuigéil - Leitir Mealláin,
  • Leabharlann an Spidéil

Is cineál Leabhar Cheannais na 21ú aois atá sa leabhar ealaíona seo idir fhilíocht agus pictiúirí na Gaeilge agus na Gaidhlice.
Trevor ag éirí as!
Trevor Ó C28/9/2006: Dúirt Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé ag éirí as an bpolaitíocht ar chúaiseanna phearsanta. Sheas sé don Chomhairel Chontae ar son Páirtí an Lucht Oibre, agus don Údarás mar ionadaí phoball agsu d'éirigh leis vóta nach beag fháil sna toghcháin. Is cathaoirleach ar choiste phoball an Ceathrú Rua agus leanfaidh sé leis an obair sin ach ní bheidh comh gníomhach agus a bhí i gcúrsaí phoball. Caith sé na blianta mar stiurthóir ar Ros na Rún (Féach pic ar dheis!) agus ansin i gComhairchumann na n-Oileán. Tá sé anois le Cumas Teo, dream atá ag cumasú agus neartú pobail atá faoi mhíbhuntáiste tríd an chlár i bhforbairt áitiúla comháithe.
Mar a scríobh sé féin i Lá ar maidin
Clár Phlearacha éisithe -
28/9/2005: Oscloidh Féile Phléaráca Chonamara Niall Mac Eachmharcaigh ag Niall Mac Eachmharcaigh (John Joe i Ros na Rún ar chlé) ar an Aoine. Beidh an féile ar siúl ón Aoine 29 Meán Fómhair - 07 Deireadh Fómhair 2006. Bunaíodh Pléaráca Teo. mar Scéim Ealaíon Phobail i 1993 faoi chlár de chuid Áisíneacht Chomhraic na Bochtaine. Ó 1997, tá sé maoinithe ag Clár Forbartha Pobail na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cuireann an eagraíocht béim ar úsáid na n-ealaíon i gceantar tuaithe agus is í an Ghaeilge teanga oibre an tionscnaimh, mar gurbh í an Ghaeilge teanga an phobail. Reachtáileann Pléaráca clár leathan imeachtaí ealaíona i rith na bliana sa gceantar ó Charna go Bearna.
Seo an clár.


Ag feithimh! Ceangailte faoi dheireadh!
Nuair is leor 'nód' don eolach!
22/9/006: Mar is eol do chách bhí muid ag clamhsán le breis agus ceithre bliana anuas faoin easpa seirbhís leathanbhanda i nGaeltacht na Gaillimhe, go mór mhór sna ceantracha a deirtear atá "iargúlta." Bhí sé de nós agam a rá go raibh muid "le ceangal" le frustrachas!
Seo an scéal...
Suíomh deas nua ag
nuacht.com
22/9/2006: Bhíomar ag breabhsáil - tá sé easca é sin a dhéanamh anois leis an bhanda leathan! - agus thánamar ar an suíomh breá nua atá ag an nuachtán . Tá an fheabhas tagtha air an suíomh seo ná mar a bhí roimhe seo. Níl an obair críochnaither ar go fóill ach tá tús an-mhaith déanta acu. Go gcoimeadfaidh siad an caighdeán árd amach anseo.

Clár Raidio Ceannródaíoch i nGaeilge ar Chúrsaí Idirlín
22/9/2006: Agus ag caint faoin idirlíon...ag tosnú Dé Luain seo chugainn, beidh deis ag éisteoirí raidio ar fud na hÉireann, mar aon le lucht idirlín ar fud an domhain, éisteacht le sraith nua clár raidio a phléifidh gnéithe sóisialta an idirlín.
Tá an-chaint le déanaí ar "líonraí sóisialta an idirlín", cosúil leis an seirbhís Bebo. Is é seo an chéad sraith raidio in Éirinn chun díriú go h-uile agus go h-iomlán ar an ábhar seo, agus rud eile: beidh sé 100% i nGaeilge.
Tugtar An Líonra Sóisialta ar an gclár nua. Craolfar mír 12 nóimeád gach lá ó Luan go hAoine, ar feadh 12 seachtain.
Siad Conn Ó Muíneacháin (as Inis) agus Fiona Ní Chéirín ón Spidéal atá chun na cláracha a chuir i láthair.
Is iad na 7 stáisiún is túisce a ghlacfaidh páirt in An Líonra Sóisialta ná: Flirt FM i nGaillimh, Raidio na Life i mBaile Átha Cliath, Ocean FM (Sligeach, Liatroim Thuaidh, Dún na nGall), Clare FM (An Clár), KCLR (Cill Chainnigh agus Ceatharlach), Wired FM i Luimneach, and Raidio Fáilte, stáisiún nua-bhunaithe na nGael i mBéal Feirste a seoladh Dé hAoine seo chaite.
Clár óige Phléaráca
22/9/2006: Tá clár litríochta agus dramaíochta don óige faoi lán seoil ag Pléaráca Chonamara, le beirt ealaíontóirí cónaithe ceaptha i scoileanna Gaeltachta go dtí seo. Sí aidhm an chláir an óige a spreagadh agus suim a mhúscailt i litríocht agus i ndrámaíocht na Gaeilge, agus go mbainfidh siad taitneamh as chomh maith.
Beidh na healaíontóirí ag eagrú ceardlanna drámaíochta agus litríochta sna scoileanna chun "scríbhneoireacht chruthaíocht na Gaeilge a chothú don todhchaí agus misneach a thabhairt do na scoláirí ina gcuid cruthaíochta féin."
Ról don Údarás san Earnáil Iascach Sruthlíonta - Tuairisc Nua
17/9/2006: "De bharr tábhacht an iascach sruthlíonta do na hiascairí áitiúla ní mór d'Údarás na Gaeltachta, ainneoin go bhfuil freagracht reachtúil an Údaráis san earnáil seo teoranta, scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna chun an acmhainn iascaigh beo bríomhar seo a fhorbairt mar fhoinse leanúacute;nach ioncaim don cheantar Gaeltachta."
Teacht an Naomh Bairbre

Tháinig an Naomh Bairbre aniar as Chicago i rith an tSamhradh go céibh an Máimín.

€3 Mhilliún do Bhóithre Straitéiseacha i nGaeltachta na Gaillimhe
21/9/2006: Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D. Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil €3 mhilliún ceadaithe aige do bhóithre straitéiseacha i nGaeltacht na Gaillimhe.
An scéal iomlán
Fear óg as Cois Fharraige tagtha as sáinn i Laos
17 Meán Fómhair 2006: Bhí ar fhear óg as Cois Fharraige a bhealach a dhéanamh as ceann de na ceantair is iargúlta san Áise an tseachain seo gan pas agus gan aon mórán airgid tar éis gur dearnadh gadaíocht ar i Laos.
Cúrsaí Pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe

Bhí an-chuid díospóireachta i rith an tSamhradh faoin gcoinníol teanga i nGaeltacht na Gaillimhe. Bhailigh An Cúiléisteoir an-chuid a fhoilsíodh faoi agus tá sé foilsithe ar an líon.


Agallamh le Natasha Fennell
Ar an 8 Meán Fómhair anuraidh, seoladh an comhlacht Stillwater Productions le linn comhdhála a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. B'ainm nua é ach bhí aithne fhorleathan cheana féin ar dhuine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Natasha Fennell, ó na blianta a bhí caite aici le Carr Communications, RTÉ agus Fianna Fáil. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol ag éirí aníos i gConamara, agus faoin obair atá ar siúl aici anois mar chomhairleoir saoil agus foilsíodh a thuairisc i mBeo na míosa seo.