Innéacs
Chonamara &
Árann

Iml 02: Eag 02


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADH ÓN IMEALL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@read-out.net

anghaeltacht.net/ce/

ÉireAn Aimsir
An Spailpín Fánach
Bíodh do húicéir féin agat!


Líonra.com

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigheaach, Iorras Aithneach, Ceantair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Trí chéad post i mbaol

9/10/2006: Tá cosc curthat ag Roinn na Mara ar lion na ronnachaaí gur féidir a bheith landáilte i mbliana.
An-éileamh ar dhráma Joe Steve

6/10/2006: Bíonn an teach lán gach oíche don dráma nua "In naimn an athar" ag Jeo Steve a d'oscail ar an Máirt se caite sa Taidhbhearc. Tá an éileamh chomh mór san go bhfuil siad chun leanúint leis an léiriú so go deireadh na seachtaine seo. Bhí sé chun chríochnú ar an Máirt.

Is cosúil gur tógadh an iomarca den iasc sin as Éirinn in Albain anuireadh agus dá bhár son tá an lion gur féidir a thógáil imbliaina laghdaithe go mór. Is cosúil go bhfuil suas le 300 daoine ag brath ar an iasc seo i Ros a'Mhíl.


Éileamh mór ar straice phortaigh

9/10/2006: Dúirt Comharchumann Shailearna go raibh an-éileamh ar straice phortaigh i mbliana. Dár leis an Comharcumann tá an éileamh seo ann de bharr árdú phraghas ar ola I mbliana


Sean-Nós na nÓg

6/10/2006: Tá forbairt bhreise á dhéanamh an Fómhar seo ar an scéim Infheistíocht Chultúir de chuid Chomhairle Chathrach na Gaillimhe, ina dtugtar deis do pháistí a gcuid Gaeilge a fheabhsú tré smacht a fháil ar cheann de na healaíona traidisiúnta Gaeilge.(Galway Advertiser)


Siúracha na Toirbhirte imithe as Tír an Fhia

6/10/2006: Ins an mbliain 1935 tháinig triúr banrialta as Tuaim chun dul i mbun cúrsaí oideachais i gceanntar Tír an Fhia. Tógadh an Clochar sa mbliain 1942. Sa mbliain 1946 bhunaigh na Siuracha Scoil Tís do chailíní. D'fhreastal slua mór cailíní óna bailte timpeall ar an Scoil Tís gur dúnadh í sa mbliain 1955. Clochar Tír an Fhia
Cuardach gasta!

6/10/2006: Tá sé fógartha ag Iomhá GhastaGasta.ie an gréasán cuardaigh is mó fás san Eoraip, go bhfuil an t-inneall cuardaigh ar fail anois as Gaeilge.


Agallamh Beo!

5/10/2006: Beidh TG4 deich mbliana ar an aer oíche Shamhna. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, faoin chéad deich mbliana sin, agus faoina shaol féin mar chléireach agus mar scoláire i dtús a shaoil agus sna meáin chumarsáide ina dhiaidh sin in Agallamh i mBeo Le hÉamonn Ó Dónaill


Duaiseanna liteartha an Oireachtais bronnta

4/10/2006: Bhronn Oireachtas na Gaeilge duaiseanna liteartha ar bhuaiteoirí na bliana seo ag ócáid speisialta sa Guinness Store House i mBaile Átha Cliath, feasgar inné.
Ba é Beairtle Ó Conaire as an Spidéal lena leabhar An tAistear ar ais agus Scéalta Eile a thóg leis an duais don Chuasach Gearrscéalta agus d'éirigh le Tadhg Mac Dhonnagáin an duais don Script Teilfíse is fearr a thabhairt leis as Aifric - An Craiceann is a Luach.
An scéal i Lá


Connie don Seanad?
Connie
2/10/2006: Dúirt Connie Ní Fhatharta go raibh sí chun iarracht dul san iomaíocht i dtoghchán do Seanad san bhliain seo chugainn. Má éiríonn leithí bheadh uirthi éirí as an Comhairle Chontae ach bhead cead aici fanacht ina ball den údarás. Deireann sí go mbeidh sí fós ag tabhairt aire do mhuintir Chonamara mar Seanadóir.
Ní raibh ach beirt ban rialta fágtha le roinnt blianta anuas agus dúnadh an clochar don uair deireannach. Bhí Aifreann i séipéal Thír an Fhia ar maidin ag glachadh buíochas as an obair atá déanta sa ceantair ag na siúracha ó thánadar ann don chéad uair. Tá an tSiúr Máire imithe istig i nGaillimh agus an tSr Greta imithe go Tuaim. Baintir úsáid as an bhfoirgnimh le cúrsaí spioradálta do dhaoine óga.


Duais mór Eorpach faighte ag Aer Árann

6/10/2006: Bronnadh an duais an Palme d'Or ag Cumann Eorpaach na nAerlínte Réigiúnach (ERA), An Palme d'ORina bhfuil breis is 65 Aerlínte páirteacht ann, i mBracelona na Catalóine i rith na seachtaine seo chugainn ar Aer Árann. Bhí breis is 600 ag an searmanais. Is onóir speisialta é seo ag tabhairt aitheantas ar mhaitheas seirbhíse leanúnach agus ní fhuair ach dhá eagraíocht eile an duais seo roimhe, Aerphort Chathair Londain agus Air Nostrum na Spáine.
Tá breis is milliún paisnéirí ag baaint úsáid as Aer Árann sa bhlian ar níos mó ná 32míle eitilí ar beagnach 40 bealaí éagsúla..
An scéal (i mBéarla) ar shuíomh an ERA


Muintir Ros Dumhach ag cosaint a gcearta

5/10/2006: Tá sé ráite ag an ghrúpa Shell Chun Sáile go mbeidh ar an Rialtas fórsa mór Gardaí a choimeád i mBéal an Átha Buí go gceann trí bliana eile má theastaíonn uathu go mbeidh Shell E&P Ireland in ann scaglann gáis a thógáil sa cheantar.
Tá sé ina raic sa bhaile le dhá lá anuas tar éis gur tháinig suas le 170 Gardaí chun na háite chun ligean do chonraitheoirí de chuid Shell tús a chur in athuair le tógáil an ionaid atá beartaithe chun scagadh a dhéanamh ar ghás ó Ghort na Coiribe.
An scéal i Lá


Méadú ar deontas thíochta?

4/10/2006: D'iarr an Comhleoir Seosamh Ó Cuaig go mbeadh cothromaíocht idir Gaeltacht na hÉireann agus Gaeltacht na hAlbain. Faightear deontas tithíochta €32,600 sna hOileán agus Iarthar na hAlbain dá oiread and deontas a faightear anseo in Éirinn. "Is ceart go mbeadh an méid céanna airgid le fáil sna ceantreaacha Gaeltachta agus CLÁR anseo!" a dúirt sé ar Raidío na Gaeltachta ar maidin, "Deireann an rialtas i gcónaí go bhfuil airgead acu agus seo bealach chun an pobal a neartú sna ceaantreacha seo."


Malairt chumhachta

4/10/2006: Ta grúpa as Inis Mór agus Inis Meáin ar chuairt ar na h-oileán in Albain ag breathnú ar chórais fuinnimh a úsáidtear ann. Cumhacht gníomhach gréine, muilean gaoithe agus fuinneamh in-athnuaite eile a bheidh á scrudú acu.


Úsáid na Gaeilge ag comhlachtaí poiblí ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht
Tá an dréachrt le fáil ar láthaireáin an Comisinéisinéara Teanga
03.10.06: Tá dréacht rialachán foilsithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., atá le cur i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Baineann na rialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit, údaráis áitiúla srl san áireamh.
An tuairisc iomlán

Club Gan Ainm, An Cheathrú Rua ag tacú le Headford/Caherlistrane NNC

3/10/2006: Rinne 17 do Óstaigh Chlub Gan Ainm, An Cheathrú Rua an t-aistir chun tacú le Dioscó Headford/Caherlistrane No Name! Club ar an Aoine 22 Meán Fómhair 2006.
Bhain na déagóirí an taithneamh as an damhsa.


Iris Phléaraca 2006 seolta

2/10/2006: Foilsíodh Iris Phléaracha mar chuid den bhféile agus tá sé lán de eolas, scéalta, tuaairimí mar is gnath. Tá cuma an dheas proifisiúnta air.
Tá alt le Séamus Ó Cualáin ar "Chluiche dodhearmadta 1939", a scríobh sé, cé nach raibh sé ag aireachtáil ró-mhaith. Fuair sé bás cúpla seachtaine ó shin agus tá alt in ómós dó ag Maidhc P Ó Conaola ann. Ar dheis Dé go raibh sé.
I measc na h'altanna eile tá agallamh leis an Coimisinéir Teanga; tuairisc ar thuras an Naomh Bairbre; cúrsaí pleanála; agus mar comóradh ar 10 bhliain TG4 ar an aer tá agallamh le chuid de na daoine a rinne craoladh bradach teilifíse ó Chnoc Mordáin.
Is fiú go mór an €4.00 atá air.


Iarthar Chonamara fágtha gan seirbhísí leighis

1/10/2006: Tá trioblóid, agus taisteal lena chois sin, curtha ar chuid mhór daoine in iarthar Chonamara de bharr lagan atá tarlaithe sna seirbhísí in Ospidéal an Chlocháin le scaitheamh. Níl seirbhís bhuan fisiteiripe agus x-ghathaithe in Ospidéal an Chlocháin níos mó. D'fhág an saineolaí fisiteiripe an Clochán cúpla bliain ó shin. Bhí conspóid ann faoina cinneadh siúd san am mar nár éirigh léi cead pleanála a fháil sa gceantar.
An scéal i bhFoinse