Nuacht Chonamara
Ná bíodh muid...

Innéacs
Chonamara &
Árann

Iml 02: ág 05


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADH ÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

éireAn Aimsir
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge


Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh, Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Deireadh le íascaireacht le sruth líonta?
Bradán27/10/2060: Beidh deireadh le slí beatha íascairí sruth líonta Chonamara má shiníonn an Aire Noel Dempsey ordú chun cosc iomlán le híascaireacht sruth líonta. Tá an Aonta Eorpa agus lucht caomhnaithe bhradáin ag chur brú ar é sin a dhéanamh agus deontas a thabhairt do na hiascairí mar cúiteamh. Deireann na hiascairí nach gá ordú a shiniú ach deontas a thabhairt dóibh siúd atá sásta éirí as agus go gcuirfidh na daoine atá fagtha srian ar a gcuid iascaireacta féin.

28/10/2006: Cailleadh Johnny Chóil Mhaidhc aréir. Ar dheis Dé go raibh sé
Naíonra an Spidéal?

27/10/2006: Bhí léirsiú le dhá lá anuas taobh amuigh de Choláiste Chonnacht ar son Naíonra an Spidéil. Táid ag iarraidh foirgnimh nua a thógáil ar thalamh an Choláiste ach tá cinnte ortha léas a shiniú go dtí seo, Tá baol ann a gcaillfhaidís an deontas milliún Euro ón roinn muna bhfuil na socraithe go léir sínithe go luath.


Pobal breith eile

27/20/2006: Tá TG4 chun torthaí poball breith eile i nGaillimh Thiar a fhoilsiú trathnóna Dé Domhnaigh.
Tá torthaí pobalbhreith na seachtaine sa caite luaite san eagrán deireannach

Podcraoltóir
25/10/2006: Tá ainm Chonn Uí Mhuineacháin istigh i gcomhair 'Gradam na Podchraoltóireachta' ag Gradam Aisling an Idirlín le Cumann Idirlín na hÉireann. Tá vótáil phoiblí ar siúl ar liosta na n-ainmneacha faoi láthair, agus cuirfear críoch leis seo ar an Luan, 30ú Deireadh Fómhair. Is duine de na ceann ródaithe é Conn ar na meán idir craoltóireacht, podhraoltóireacht agus blagadóireacht. Sé atá ag craoladh An Líonra Soisialta ar seacht stáisiúin Radío thar timpeall na tíre.
Dá mba mhaith leat vóta a chaitheamh ar a son, so duit an foirm vótála.

Dora ar fáil anois ar DVD Dora

26/10/2006: Tá leagan Gaeilge den sraith cartúin Dora curtha ar fáil anois ar DVD. Ó bunaíodh TG4, tá cláracha do dhaoine óga i gcroílár sceideal an stáisiúin. Agus TG4, ag ceiliúradh 10 mbliana a bunaithe ar Oíche Shamhna, don chéad uair riamh tá DVD eisithe de chlár réamhscoile dá gcuid, Dora, i gcomhar le Paramount Home Entertainment UK.
Tá Dora ar cheann de na cláracha is ansa le lucht féachana Cúla4 ar TG4 - bíonn breis is leath de pháistí na tíre ag breathnú ar an gclár i gcaitheamh na bliana.
Tuilleadh ar shuíomh TG4


Cuar bhóthar na Gaillimhe ar dtús

24/10/2006: Dúirt Éamon Ó Cuív Aire Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta, nach mbeidh bóthar nua Chonamara roimh an cuar-bhóthar nua thar timpeall Cathair na Gaillimhe. Ní bheidh an bóthar sin críochnaithe go dtí 2011.
Tógadh an bóthar nua Chonamara ó Ghaillimh go Baile na hAbhann ar dtús ansin go Ros a'Mhíl agus uasgradú an bothar ó Ros a'Mhíl go Scríob.
Bó chois fhairrge Biseach 2006


Biseach 2006
23/10/2006: Tá Biseach 2006 ag céiliúradh 40 Bliain de Chumann Forbartha Chois Fharraige ar an bhfód. Ins na haltanna san iris bliantúil seo tá an-chuid faoi fhobairt pharóiste an Cnoic, Coláiste Lurgáin, Tearman Éanna, Tá an alt ag Brian Ó Baoill ar an agóid ar son Gaeilge a bheith ar Theilifís RTÉ agus a threimhse i ngéibhinn léirithe i bpictiúirí a rinne sé fhéin. Thárla sé seo i 1985. Is mór is fiú an iris seo a fháil.
Lánúinéireacht Arramara Teoranta ag Údarás na Gaeltachta

23/10/2006:Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil scairshealbhaíocht an Stáit in Arramara Teoranta díolta ar luach ainmniúil le hÚdarás na Gaeltachta an tseachtain seo. Bunaíodh Alginate Industries (Ireland) Limited sa bhliain 1947 mar chomhlacht teoranta trí scaireanna agus athraíodh a ainm go Arramara Teoranta trí theastas i 1955. Is í príomhghníomhaíocht an chomhlachta ná mín feamainne a chur ar fáil don tionscail ailgionáite. Eascraíonn ról an Stáit as scaireanna a ghlacadh sa chomhlacht i gcomhréir leis na hAchtanna um Arramara Teoranta (Scaireanna a Ghnóthú) 1949 go 2002.
Tá laghdú sontasach ar líon na bainteoirí feamaine ag cur isteach ar Aramara i gCill Chiaráin. Faigheann an chomlucht 22 míle tonna anois seachas an 65míle tonna a bhí ann fadó.


Conradh le hostán ó Chanada le Fintrax

23/10/2006: Tá Fintrax ar an Tullach tar éis conradh a fháil le coras nua bogearraí "Syncro" cun sonrasc a chur amach go leictreónach don Intercontinental Hotel i Montréal Canada a fháil.
Suíomh Fintrax (Béarla amháin)


Conamara ag seasamh le muintir Ros Dumhach
Ag súil do Ros Dumhach
23/10/2006:Bhailigh thart ar 70 ag crosbhóthar Doire nFhéidh ag am lón inné. Bhí sé eagraithe ag an Comhleoir agus ball tofa Údarás na Gaeltachta Seosamh Ó Cuaig. Shiúladar soir chomh fada le crosbhóthar na Doireadha áit ar labhair an Comhairleoir Ó Cuaig (clé) leis an slua. Dúirt sé gur ceart na Teachtaí Dála áitiúla Ó Cuív agus Fahey a léiriú cén dearcadh atá acu ar phleananna Shell i dtuaisceart Mhuigheo. Labhair Seán Ó Coisdealbha (deas) leis an slua comh maith.