Nuacht Chonamara
Ná bíodh muid...

Innéacs
Chonamara&
Árann

Iml 02:ág 06


Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

éireAn Aimsir
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge


Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Oíche Spraoi na bhFoghlaimeoirí

Pádraig ar an bhFóras
8/11/2006: Tá Pádraig Ó Biadha ainmnithe mar ball ar Fhóras na Gaeilge. Iar bhall den Údarás é Pádraig.
7/11/2006: Tá Oíche na bhFoghlaimeoirí ar ais i mbun oibre i gClub Áras na nGael. Cuireadh tús leis an ócáid sheachtainiúil seo anuraidh do dhaoine atá ag foghlaim na teanga nó atá ag iarraidh cur lena leibhéal líofachta sa teanga.
An scéal san nGalway Advertiser


Stíofán Ó CualáinSean-nós Chonamara cun chinn!

6/11/2006: Bhí an bua ag Stíofán Ó Cualáin as baile na Cille i gCeantair na nOileán sa chomortas, buachomortas an Oireachtais, Corn Sheáin Uí Riada, ar oíche Shathairn.
Bua eile ag Chonamara ab ea Nasairín El Safty a fuair Corn Sheáin Uí Thuama, amhránaíocht na mbán ar an Sean Nós.

Pic: Lá 6/11/2006


Earnáil an Oideachais chun tairbhe a bhaint as beagnach €1.8 milliún de mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge

6/11/2006: D'fhógair Foras na Gaeilge, an comhlacht trasteorann atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge, maoiniú inniu de bheagnach €1.8 milliún chun tairbhe earnáil an oideachais ar fud na hÉireann. Déanfar an bunmhaoiniú bliantúil, a fógraíodh i ndiaidh cruinnithe de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge, a roinnt idir trí eagraíocht oideachais - Forbairt Naíonraí Teoranta, Gaelscoileanna Teoranta agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge.
Ráiteas ón bhForas


Phylis Bean Browne
3/1/2006: Cailleadh Phylis, bean an Dr Noel Brown i mBaile Átha Cliath aréir. Bhí cónaí ar muintir Brown le fada ar an gCloch Mór le fada. Cuirfar í lena fear chéile ik Reilig Mhaorais ar an Sathairn.
Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha
1930-2006
File, scríobhnóir, dramadóir, aisteoir, craoltóir, gabha

29/10/2006: Cailleadh Johnny Chóil Mhaidhc ar Aoine. Bhí cáil air i measc lucht na Gailge agus ar fúd Chonamara.
Bronnadh céim Máistreachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh air timpeall an ama seo i Sean Scoil Sailearna agus seo pictiúr a tógadh ann le Máirtín JaimsieÓ Flathartaigh agus Danny de Bhailís.
Cailleadh a dheirfiúir Cáit dhá seachtainó shin.
Fagann sé a bhean Bríd agus triúir mac Aongus, Seán agus Colm, agus oidhreacht chultúrtha ina dhiaidh dúinn ar fad!.
Príomhpháirt go raibh aige ar stáitse na bhflaitheas!

Pic: Biseach 2006

Ceantreacha Gaeltachta chathair na Gaillimhe faoi scrúdú!

6/11/2006: D'iarr Aire na Gaeltachta ar bhórd Údarás na Gaeltachta go ndéanfar plé ar an mbarúil go mbeadh feidhm reachtúil ag an Údarás i leith cur chun cinn gnóthaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, agus ar cheart go mbeadh ceantar Gaeltachta chathair na Gaillimhe i limistéar an Údaráis ó tharla go bhfuil na cúraimí tionsclaíochta sa chathair faoi Enterprise Ireland agus an AFT cheanna féin. Dúirt an tAire nach bhfuil sé ag súil le freagraí láithreach, ach gur mhaith leis tuairim an Bhoird a fháil ar na ceisteanna seo agus ar aon ábhar eile ar mian leo a ardú as seo go ceann dhá mhí.
An scéal iomlán i Lá (6/11/2006)
Ráiteas ón Roinn Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta (3/11/2006)


Gradam Dhonachadha Uí Shúilleabháin ag Fontenoy!

Caomhán Ó Scolaí, dearthóir, Liam Mac Cóil, údar agus Darach Ó Scolaí, foilsitheoir, ag ceiliúradh an duais Oireachtais do Leabhar na Bliana a bhain Fontenoy. (pic: Lá 8/11/2006)

3/11/2006: Sé Fontenoy le Liam Mac Cóil agus foilsithe ag Leabhar Breac a bhuaidh Gradam Dhonnchadha Uí Shúilleabháin i mbliana.
Úrscéal bunaithe ar phrofaí leabhair, i gcló Gaelach ón 18ú haois, a fuarthas i gcartlann in Chartres na Fraince - cur síos ar bhua is ar dhíomua, ar thine ghealáin, ar phaisean is ar ghlór na cogaíochta.

Fuair An Táin le Colmán Ó Raghallaigh, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo an gradam Leabhar na bliana do dhaoine óga 2006.
Insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, an Táin, nó Táin Bó Cuailgne. Áirítear í ar cheann de mhórscéalta an domhain. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil fite fuaite go healaíonta san úrscéal grafach seo.


Oireachtas na Gaeilge 2006
Doire Cholmcille
2/11/2006: Tá Oireachtas na Gaeilge ar siúl i nDoire Cholmcille i rith na seachtaine seo.
Beidh seastán ag An Spailpín Fánach ag Oireachtas na Gaeilge, i nDoire ón Déardaoin go dtí an Satharn Beidh neart t-léinte, Geansaithe Cochaill, greamaitheoirí, dlúthdhioscaí ar thaispeáint. I measc an stuif nua a bhéas acu beidh Cré na Cille (sraith dlúthdhioscaí), The Gaelic Hit Factory le John Spillane agus Louis de Paor, Hoodies Cailín Dána, Guinness, agus Déanta in Éirinn, Clúdaigh álainn cuisíní Ceilteacha, T-léinte do pháistí ó 3 mhí go 300 bliain.
Freisin beidh léinte speisialta acu le tacaíocht a thabhairt don bhFeachtas Shell chun Sáile.
Beidh siad lonnaithe sa Millennium Forum, (agus freisin ag SLÉIP NA HÓIGE, tráthnóna Dhéardaoin.)
Pic i Lá 8/11/2006.
Gramadach na Gaeilge le Conradh na Gaeilge!

1/11/2006: Beidh Dianchúrsa Gramadaíá eagrú ag Conradh na Gaeilge i rith mhí na Samhna. Is dianchúrsa speisialtaé seo atá dírithe ar dhaoine ar spéis leo eolas agus cur amach níos fearr a bheith acu ar ghramadach na Gaeilge. Beidh an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach atá ag iarraidh saineolas a fháil ar chruinneas agus ar scríobh na Gaeilge. Níl ach 12áit ar an gcúrsa agus beidh an múinteoir,ÉamonnÓ Loingsigh ag díriú ar riachtanais speisialta na rannpháirtithe. Beidh an cúrsa ar siúl i rith deiridh seachtaine amháin, ar an Aoine 17 Samhainó 7- 9i.n. agus ar an Satharn 18 Samhainó 10r.n.- 5i.n. Beidh costas€90 ar an gcúrsa. Tá foirmeacha clárúcháin agus tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Chonradh na Gaeilge, Arus na nGael 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó ríomhphost conradh@bradan.iol.ie.